An Ghaeilge i dTuaisceart na hÉireann
Athinsint Chriticiúil ar an Leabhar The Irish Language in Northern Ireland
An Leabhar agus a Scríbhneoirí
Iontaobhas ULTACH a d’fhoilsigh an leabhar áithrid seo a bheas faoi chaibidil thíos anseo thiar ins an bhliain 1997, agus Aodán Mac Póilín ina eagarthóir uirthi. Amach ó Aodán féin tá altanna leis na húdair seo leanas le fáil ins an leabhar:
Béal Feirsteach é Liam ANDREWS a bhfuil baint aige le pobal Gaeilge Bhóthar Shaw, agus é i ndiaidh múinteoireacht a staidéar ins an Bhreatain Bhig, rud a fhágas go bhfuil Breatnais líofa aige comh maith leis an Ghaeilge. Is é is ábhar spéise dó ná an pháirt atá agus a bhí ag an Ghaeilge i gcuraclam na scoile i dTuaisceart na hÉireann, agus é ag ríomh stair na Gaeilge i scoltacha an Tuaiscirt ins an aiste a scríobh sé don leabhar.
Maidir le Gordon McCOY, is as Dún Pádraig dó, agus é ag cardáil cheist na Gaeilge mar cheist antraipeolaíochta. Is iad na Gaeilgeoirí Prodasnacha an chloch is mó ar a phaidrín.
Duine acu siúd atá in Ian MALCOLM, nó Eoghan Mac Giolla Choilm, mar a bheir sé air féin uaireanta; ar mhí-ámharaí an tsaoil cloíonn sé lena sheanainm phrósúil ag cumadh aistí beaga do Lá. Is é Belfast News Letter a phríomhfhostóir, áfach.
Is drámadóir Gaeilge é Antaine Ó DONNAILE a bhfuil taighde déanta aige d’Institiúid Teangeolaíochta na hÉireann ar thoscaí sochtheangeolaíochta Ghaeltacht Ghaoth Dhobhair.
Agus, ar ndóighe, chuala an saol - saol mór an Gaeilge ar a laghad - iomrá ar Chamille O’REILLY. Is Meiriceánach í a bhfuil mórshaothar dá cuid féin foilsithe aici fán Ghaeilge ins an Tuaisceart.
FAINIC! Chan athinsint lom atá anseo ach athinsint chriticiúil a bhfuil tráchtaireacht de mo chuid féin measctha fríthi. Má tá léargas cuimsitheach ar an leabhar seo uait, caithfidh tú a ceannacht tú féin agus do bhreithiúnas a thabhairt uirthi. Chan fhuil mé go bunúsach ach ag iarraidh na torthaí taighde atá ins an leabhar a chur ar fáil fríd mheán na Gaeilge. Agus a fhad is atá an leathanach seo i gceist, is ionann “toradh taighde” agus “an rud a fuair Mo Mhórgacht Uasal tábhachtach ins an leabhar”, agus is féidir go gcuirfeá féin spéis i ngnéithe eile ar fad de staid na Gaeilge ins na Sé Contaetha..
Ian Malcolm
Is é alt Ian Malcolm an chéad aiste ins an leabhar. Ar dtús aidmhíonn sé gur leasc leis i gcónaí barraíocht trácht a dhéanamh ar a chuid Gaeilgeoireachta le Prodasnaigh eile, agus an drochamhras nó an t-aineolas i dtaobh na teangtha comh leitheadach sin ina measc.
Cuireann Malcolm an-bhéim ar an Ghaeilge mar theanga bheo bhíogúil - gach seans nach rabh ach meas na teangtha mairbhe ag mo dhuine uirthi sula bhfuair sé blas uirthi dáiríribh, agus caithfidh sé gur baineadh geit as ansin, ag fáil amach dó comh beoga agus a bhí sí i gcónaí. Fágann sé cuid mhaith den mhilleán i bpatuaire nó naimhdeas na bProdasnach i dtaobh na teangtha ar na Poblachtánaigh, a bhfuil an oiread sin mí-úsáide bainte acu aisti lena gcuspóirí féin a chur chun cinn.
Deir Ian Malcolm nach bhfuil sé féin ag goil a thiontó ina Phoblachtánach agus é ag foghlaim Gaeilge; creidimis uaidh an méid sin ar a laghad. Is gádh a chuimhneamh, ins an am chéadna, go míníonn sé an chuid eile de dhrogall a mhuintire féin i dtaobh na teangtha i dtéarmaí ba mhó a shamhlófá leis na náisiúntóirí. Nó deir Malcolm go bhfuil géarchéim féiniúlachta - amhras i leith a ndúchais féin - ag crádh na bProdasnach, agus iad in éad leis na Caitlicigh fán Ghaeilge. Míniú é sin a chluinfeá go réidh ó na Poblachtánaigh (ach mar a léirigh Stiofán de Brús ina leabhar Faobhar na hAontachta: Aisling Pholaitiúil na nDílseoirí Ultacha, cha ghlacfadh mórán Dílseoirí leis ar scor ar bith): bheir Malcolm le fios go n-aithníonn a mhuintir iad féin i ndubhfhaopach i gcomhrac an dá thír nach bhfuil acusan ach breacbhaint le ceachtar acu.
Tá Malcolm inbharúla, áfach, go dtig leis na Prodasnaigh a mhór a dhéanamh dá gcás, agus é ag moladh dófa an chuid is fearr a roghnú ón dá thaoibh. Áiríonn sé an Ghaeilge ar an chuid seo, agus é ag cur béim air ins an am chéadna nach gcaithfidh sé glacadh le gnéithe den chultúr Ghaelach nach dtaitníonn leis - ar nós an IRA nó an damhsa tíre - fiú más ionúin leis an Ghaeilge. Lochtaíonn sé Cumann Lúthchleas Gael fosta, agus meas an tseicteachais aige ar an eagraíocht. Is dóigh leis nach cuid de sheandúchas na hÉireann iad na cluichí Gaelacha, an seandúchas a bhfuil an Ghaeilge fite fuaite fríd - chan fhuil iontu ach traidisiún tobchumtha, dar leisean. B’fhearr le mo dhuine tús áite a thabhairt don Ghaeilge, thar na lúthchleasa, mar phríomhghné den chultúr Ghaelach.
Aidmhíonn Malcolm go réidh go bhfuil sé iontach doirte don Ghaeilge, agus é ag cur fanaiceachas teangtha ina leith féin. Caitheann sé cuid mhór dá am ag cur snas ar a chuid Gaeilge, agus é ag diúltú dófa siúd nach gcreideann go dtig cúrsaí an lae inniu a phlé as Gaeilge. Ina dhiaidh sin, aithníonn sé é féin ina Phrotastúnach Ultach i gcónaí.
Tráchtann Malcolm ar a athair a rabh breacaireacht ínteacht Gaeilge aige riamh agus a mba mhinic dó dinnsheanchas Gaeilge Chúige Uladh a mhíniú dá mhac fadó. D’éirigh an t-athair as an teanga, áfach, nuair a chuir an tIRA dlús lena bhfeachtas teorann thiar i ndeireadh na gcaogaidí, rud a d’fhág faitíos ar athair Mhalcolm roimh an chuid den chathair ina rabh na ceachtanna Gaeilge ar fáil. Is dóigh leis an mhac anois gur léiriú é seo ar an chaoi a bhfuil foréigean an IRA ag cur ginge eadar na daoiní seachas rud ar bith a “aontú”.
I ndiaidh dó a stair phearsanta a ríomh, cromann Malcolm ar chur síos a thabhairt ar an dóigh a ndearcann na Protastúnaigh ar an Ghaeilge inniu. Aithníonn sé trí chineál Gaeilgeoirí Protastúnacha: an chéad ghrúpa, is cuma leofa fá chúrsaí polaitíochta; an darna grúpa, is sliocht sleachta iad do na Protastúnaigh a ghlac páirt in éirí amach na bliana 1798, agus dearcadh náisiúnaíoch acu dá thoradh sin, siúd is gur Protastúnaigh iad; an tríú grúpa, tá dearcadh Aontachtach acu, ar nós Malcolm féin.
Deir Malcolm nach dual do na Gaeilgeoirí Protastúnacha a spéis ins an teanga a phoibliú go fairsing i measc a muintire féin. Mar sin, tarlaíonn sé ó am go ham go síleann Gaeilgeoirí aneas, agus iad ag fáil an chéad aithne ar mo dhuine, gur Poblachtánach atá ann a d’fhoghlaim a chuid Gaeilge ar an Cheis Fhada!
An chuid is mó de na Poblachtánaigh féin a bhfuil an teanga acu, bíonn siad iontach laghach don Ghaeilgeoir Phrotastúnach, a deir Malcolm; ar mhí-ámharaí an tsaoil, is féidir an tátal a bhaint as seo, ná nach bhfuil siad ag fáiltiú roimh an éagsúlacht de dhearcaíocha polaitiúla ag teacht isteach i saol na Gaeilge leis na Gaeilgeoirí Protastúnacha, ach go bhfuil siad ag déanamh go bhfuil an tAlbanach áithrid seo ar tí iompó i leith an Phoblachtánachais comh maith le bheith ag cur suime sa teanga. Mar sin, tá cineál mímhuinín ag Malcolm as ionraiceas na náisiúntóirí a fhearas fáilte roimhe chun na gluaiseachta Gaeilge.
Ina dhiaidh sin, nuair a mhaíos sé nach bhfuil sé ag éirí as an Aontachtóireacht siúd is go bhfuil cúis na Gaeilge á cur chun cinn aige, ní bhaineann sin de chineáltacht na nGaeilgeoirí Caitliceacha. Is léir don léitheoir, áfach, gur ball goillsteanach é an t-ábhar seo do mo dhuine.
Maidir leis na haontachtóirí agus na dílseoirí, ní bhíonn siad leath comh soicheallach sin, siúd is nach bhfuil siad comh dúdhiúltach agus a chreidfeá, ach oiread. Bíonn iontas ar roinnt acu, agus cuid de na daoiní, fiú, ag léiriú tuigse do phoitéinseal na Gaeilge le headraiscín a dhéanamh eadar an dá phobal agus a gcultúr - nó iarrann siad ar mo dhuine Gaeilge a chur ar an amhrán An tSais a Chaitheadh m’Athair! Tá na dílseoirí dochloíte dochomhairleacha doleigheasta ann ar ndóighe, agus iad ag bagairt an míle murdar ar an Lundy a bhfuil d’anuabhar ann teanga na namhad a tharraingt air féin, ach ní minic a éiríos a leithéid do Mhalcolm, de réir dealraimh.
Is cosúil go bhfuil scáth eagla ar go leor Protastúnaigh roimh an teanga, nó is i manaí Poblachtánacha ar na ballaí is minicí a tchí siad í - Sinn Féin! Tiocfaidh ár Lá! agus a leithéid sin. Ón taoibh eile de, is féidir iarsmai na seanGhaeltachta a aithne i gcónaí i measc na bProtastúnach Ultach, nó tráchtann Malcolm ar dhuine a d’aidmhigh, cúpla lá i ndiaidh dó caitheamh anuas ar Mhalcolm ar son a chuid Gaeilgeoireachta, go rabh an teanga ó dhúchas ag a sheanathair féin.
Ansin tarraingíonn Malcolm staid shochúil na Gaeilge air, agus é as pabhar dóchasach as todhchaí na teanga. Tá sé go láidir i bhfách le Gaeilge Bhéal Feirste, cibé locht a gheobhfadh lucht an ghlanteangachais uirthi, nó is teanga bheo bhreabhsánta í i ndiaidh an iomláin. Chan fhuil mo dhuine róthuigseach ina dtaoibh siúd nach bhfuil sásta leis an chineál Gaeilge a chluinfeá ins an Tuaisceart, ná ina dtaoibh siúd a chuireanns in éadan na gcanúintí eile.
Ceist lárnach atá ann fosta, an bhfuil teacht ag na Protastúnaigh ar ranganna Gaeilge: cá háit a dtiocfadh leofa an teanga a phiocadh suas? Tá an fhadhb seo fite fuaite le cothú na spéise ins an Ghaeilge i measc na bProtastúnach. Molann Malcolm Now You’re Talking, an tsraith teilifíse, a chuir an chéad léargas ar an teanga ar fáil do na Prodasnaigh.
Chuir sé eadar iontas agus rímhéad air nach rabh cláracha an chúrsa seo dírithe ar na Caitlicigh amháin: bhí an locht sin go minic ar na sean-téacsleabharthaí, dar le Malcolm, agus iad ag cur thar maoil le manaigh is mná rialta.
Amach ón teilifís agus ó na cúrsaí téipthaifeadáin, áfach, tá áiseanna foghlama na Gaeilge an-ghann ar na Prodasnaigh. Ní mórán duine acu a gheibh óna mhisnigh cuairt a thabhairt ar bhruachbhaile Chaitliceach ar lorg na teanga, a deir Malcolm.
Molann Malcolm Oideas Gael i nGleann Cholm Cille cionn is an dóigh a soláthraíonn an scoil seo áis foghlama na teanga don Phrodasnach comh maith leis an Chaitliceach i bhfad ó pháirc an áir i stáitín an Tuaiscirt.
Níl Malcolm i bhfách leis an Ghaeilge mar chuid de churaclam na scoltach stáit, áfach. Bheir mo dhuine le fios go mbainfeadh na biogóidí a leas féin as lena chur in iúl go bhfuiltear ag cur d’fhiachaibh ar bhunadh dílis Uladh teanga na reibiliúnach a fhoghlaim. Is é an rud is mó atá d’fheidhm ar mo dhuine ná meabhraíocht a mhúscailt is a chothú i measc na bProdasnach ins an pháirt a bhí ag an Ghaeilge i saol a sinsear féin.
Aodán Mac Póilín
An darna haiste a cuireadh i gcló sa leabhar atá faoi chaibidil agam, ba ó pheann Aodáin Mhic Phóilín a tháinig sí, agus eisean ag cur fríd chéile an bhaint atá ag an Ghaeilge agus ag gluaiseacht a hathbheochana leis an pholaitíocht.
Ar dtús, caitheann sé corrshúil ar phacaistiú na féiniúlachta saindúchais ins an Tuaisceart. Is minic do Chaitliceach a bhfuil pór na Sasana le haithne ar a shloinneadh i gcónaí seasamh a ghlacadh i bhfách leis an Ghaeilge nó leis an Phoblachtánachas, in éadan Prodasnaigh a bhfuil sloinneadh Gaeilge air, agus lucht an dá thaobh gan a bheith in ann a thuigbheáilt comh háiféiseach agus a tchítear a leathbhreac sin don choimhthíoch.
Is Caitlicigh iad formhór na nGaeilgeoirí ins an Tuaisceart, siúd is go mbíonn na Poblachtánaigh féin ag áitiú, ar leibhéal na bolscaireachta ar a laghad, gur le cách in Éirinn í an Ghaeilge, cuma cé acu Caitliceach, Protastúnach nó Easaontóir atá i gceist, mar is nós leofasan a rádh. (Ach ar ndóighe, bíonn siad ar an deilín chéadna fá dtaobh den idé-eolaíocht Phoblachtánach fosta, ag áitiú nach seicteachas atá ann ach idé-eolaíocht uileghabhálach, rud nach léir don Phrodasnach a bhfuair gaol dá chuid bás i bpléascadh buama de chuid na bPoblachtánach.) Mar sin, is iomaí Protastúnach a shíleanns gur leis na “Fíníní” amháin í mar theanga. Chan mar sin a bhí ar tús, a chuimhníonns Mac Póilín, agus é ag tagairt don Bhainríon Victeoiria féin le sin a chruthú. Ar an chéad chuairt a thug sise ar Bhéal Feirste chuala sí bunadh na háite - na Prodasnaigh - ag fearadh na fáilte roimpi as Gaeilge. Cha dtáinig cuma an náisiúnachais ar an teanga ach ó na míle ocht gcéad nóchaidí i leith - nuair a cuireadh Conradh na Gaeilge ar bun, mar is eol dúinn. Siúd is go dtearn fear a bhunaithe, Dubhghlas de hÍde, a dhicheall dearg leis an pholaitíocht a choinneáil amuigh, tháinig sí isteach ar an chúldoras nuair a chomhairligh radacaigh náisiúnaíocha Bhráithreachas na Poblachta (IRB) gabháltas a dhéanamh ar an Chonradh lena n-úsáid féin a bhaint as.
Tá Mac Póilín barúlach go rabh polaitiú seo an Chonartha i ndúchas idé-eolaíoch na heagraíochta ó thús báire, siúd is nach n-aidmheochadh de hÍde féin é. Theastaigh uaidhsean fuinneamh an náisiúnachais, a rabh aithne aige air, ó chaith sé féin seal ina Fhíníneach ina fhear óg dó - theastaigh uaidh an fuinneamh seo a chur ag obair don teanga fríd lucht an náisiúnachais a earcú fá choinne chúis na Gaeilge. A mhalairt a tharla, áfach, nó ba é an náisiúnachas a rinne a chuid féin den teanga.
Cuireann Mac Póilín sonrú ins an dóigh a rabh an reitric neamhpholaitiúil ag teacht crosach ar an idé-eolaíocht náisiúnaíoch. Bheir an t-údar le fios go mba é buaidh reacaireachta agus doiléireachta Dhubhghlais de hÍde thar aon rud eile a stop na daoiní ó impleachtaí náisiúnaíocha na Gaeilgeoireachta a aithne nó a thuigbheáilt: go gairid roimh chasadh an chéid tharraingíodh aontachtóirí agus bráithre buí féin ar an Chonradh. Tháinig deifre orthu ina dhiaidh sin an eagraíocht a thréigbheáilt, nuair a d’fhuadaigh lucht an Phoblachtánachais í.
Inniu féin, níor éirigh ach go lagmheasartha le lucht na neamhpholaitiúlachta smál an Phoblachtánachais mhíleata a ghlanadh den teanga. Luann Mac Póilín cúiseanna praiticiúla le seo: má chromann an Prodasnach ar an teanga a fhoghlaim, níl de roghain aige ach a dhul i dteagmháil le Gaeilgeoirí Caitliceacha, lag is uile mar atá an teanga ins na ceantair Phrotastúnacha i gcónaí; agus má chastar Gaeilgeoirí Caitliceacha ar mo dhuine, is dóchúla ná a mhalairt go mbeidh corrPhoblachtánach ina measc, rud a chuirfeas an-bhuairt ar an Phrodasnach, fiú mar smaoitiú. Ní thig a chrosadh ar na Poblachtánaigh a dhul a dh’fhoghlaim na teanga ach an oiread, ar ndóighe!
Liam Andrews
Liam Andrews a chum an tríú haiste ins an leabhar, agus is é an teideal iontach dóchasach atá air ná The very dogs in Belfast will bark in Irish - “beidh madraí an bhaile féin ag tafann as Gaeilge”. Ar ball beag a tchífear cé a d’úirt an méid seo. Táimid uilig ar bís ag fanúint leis an lá a thiocfas tuar faoin tairngreacht seo, le cuidiú an Rí!
Is é is ábhar d’aiste Andrews ná an dóigh ar chaith an Rialtas leis an Ghaeilge agus lena teagasc i scoltacha na Sé gContae ó chruthú an stáitín go blianta an Darna Cogadh Domhanda, tréimhse a d’athraigh na himthoscaí ó bhun.
Is eol dúinn gur bunaíodh stáitín an Tuaiscirt le tréan diúnais ar an tSaorstát, fiú mar mhalairt idé-eolaíoch air, cosúil leis an dóigh ar bunaíodh an tAontas Sóivéadach lena lá mar mhalairt idé-eolaíoch ar an chaipitlíochas. Ba é dearcadh oifigiúil na nAontachtóirí nach rabh siad le rialtas a chur ar bun a ghéillfeadh an cead cainte céadna do lucht an dá thaobh, ach rialtas a chuirfeadh faoi chois gach ceannairceoir a bheadh ag iarraidh Poblacht Éireannach a chur ar bun: ba é an “pointe úimléideach le coinneáil i gcuimhne” nach mba chóir meas an ghnáthfhreasúra pholaitiúil a bheith ar na “reibiliúnaigh”.
Leis na deargdhílseoirí a ghiúmaráil, b’éigean do rialtas na nAontachtóirí measartha caol a chur orthu tionchar na “bhfealltóirí” ar an tsochaí a chosc go hiomlán. Agus ós rud é go rabh teacht i gcónaí ar an dílseoir dhian a d’aithneochadh lámh na Róimhe ar an mhireoig chultúrtha ba neamhchiontaí de chuid na gCaitliceach, cha rabh de rogha ag an rialtas ach an cineál seo mireoga a aithne agus a thoirmeasc roimh ré. Ar ndóighe bhí an Ghaeilge ar ceann de na “mireoga” ba mhó a tharraing súil na nAontachtóirí uirthi féin.
Siúd is gur chaith cuid ínteacht d’Aontachtóirí a seal i gConradh na Gaeilge roimh a pholaitiú, agus traidisiún áithrid ag an Ghaeilge i measc na bProdasnach, bhí an dearcadh frithGhaeilge ag dul chun cinn ar an taoibh Phrodasnaigh. Ar lá bunaithe an stáitín bhí dornáin seanchainteoirí dúchais fágtha ansin in áiteanna, ar nós Oileán Reachlann nó Gleannta Aontroma, agus cuid acu seo, fiú, ina bProdasnaigh. Ó bhí cliú an Chaitliceachais ar an Ghaeilge fán taca seo, áfach, bhí na Gaeil Phrodasnacha ag éirí as a dteanga dhúchais go géar gasta, agus má bhí, níor bhac rialtas an Stormont le haon iarrachtaí tacaíochta ach oiread.
Deir Liam Andrews nach dtug an tAcht um Rialtas na hÉireann (ón bhliain 1920) aon fhíor-aitheantas do chearta daonna na gCaitliceach ins an Tuaisceart, siúd is go rabh forálacha ínteacht ann le féacháilt chuige nach gcuirfí rialtas aon chreidimh ar bun. Ós rud é, áfach, go rabh na hAontachtóirí in áit a mhaíte go hinchreidte gur priacail mhíleata don stát a bhí ins na Poblachtánaigh, reachtaigh siad péindlíthe a chuirfeadh ar a gcumas gach rud faoi rothaí na gréine, beagnach, a chosc, dá rithfeadh le biogóid ínteacht blas an Phoblachtánachais a fháil air. Thar aon rud eile, ba é an tAcht um Chumhachtaí Speisialta na nÚdarás Sibhialta a cuireadh i bhfeidhm ar na Caitlicigh: ba é seo an dlí míchliúiteach ar ‘úirt rialtas cinedheighilte na hAfraice Theas faoi go mbeidís féin sásta na dlíthe apairtéide uilig a mhalartú ar alt amháin as an Acht áithrid seo.
Le comhdhlúthú an chórais úir rialtais ins an Tuaisceart thoisigh an polasaí i leith na Gaeilge á mhúnlú. Cibé sotal a ghéill rialtas na Ríochta Aontaithe do lucht na Gaeilge roimh Chogadh na Saoirse, bhí na hAontachtóirí barúlach anois go mba chóir na Caitlicigh a dhiúltú faoi aríst agus na forálacha a chur ar ceal a bhí ann roimhe sin le teagasc na teanga a thacú i scoltacha an Tuaiscirt. Bhí na deargdhílseoirí ag bagairt báis ar theagasc na Gaeilge, agus bhí sé ar na tascanna ba túisce a dtug an Tiarna Londonderry, an chéad Aire Oideachais sa Tuaisceart, fúthu, ná stádas na Gaeilge sna scoltacha a theorannú is a lagú. Ghair sé ábhar roghnach daoithi nach gceadófaí a mhúineadh do na scoláirí in aghaidh a dtola féin in aon scoil sa stáitín, agus nach mba chóir a chleachtadh taobh amuigh de na ranganna Gaeilge féin. Bheadh sé ceart go leor Gaeilge a theagasc as Gaeilge, a fhad is nach múinfí, cuir i gcás, an reiligiún nó an uimhríocht fríd mheán na teanga.
Má shíl an Tiarna Londonderry go gcuideochadh a chuid smaoitíoch leis an bhunadh Chaitliceach a thabhairt chun suaimhnis, bhí fuar aige, nó ba é ba toradh dá chuid pleananna ná gur chuir na múinteoirí Gaeilge cath agóide ar bun. Dhiúltaigh siad an rialtas fána ndílseacht le cabhair airgid ón Roinn Oideachais i mBaile Átha Cliath. Coinníodh an baghcat ar obair go ceann deich mí, agus scoil Chaitliceach as achan triúr ag glacadh páirte ann an t-am ar fad.
Níor mhaolaigh an feachtas seo ar fhonn an rialtais an Ghaeilge a chur faoi chois, áfach. I Lúnasa na bliana 1922 a cromadh dáiríribh ar pholasaí Gaeilge an Tuaiscirt a leagan amach. Bhí na coláistí neamhspleácha Gaeilge do mhúinteoirí lena n-aitheantas agus a gcuid deontas a chailleadh, ach ní rabh an Ghaeilge le himeacht scun scan; ábhar breise a bheadh inti feasta, go prionsabalta. Go n-uige sin, bhí cineál timire á mhaoiniú ag an stát le teagasc na Gaeilge a eagrú, ach fuair seisean bata is bóthar anois. Cha rabh na deargdhílseoirí sásta leis an bheagán seo, áfach. Ba dóigh leofa go rabhthar ag fabhrú don Ghaeilge thar theangacha iasachta eile, agus ba é an chéad toradh a tháinig ar a gcuid iarrachtaí ruaigeadh a chur ar an teanga ná gur fágadh ar imeall an churaclaim í in éineacht leis an Fhraincis - dealraíonn sé nach rabh na húdaráis ró-dhoirte d’aon teanga seachas an Béarla ins an am sin.
Bhí sé de cheart ag na Caitlicigh, áfach, deontas a lorg leis an teanga a mhúineadh mar ábhar breise, agus cha rabh aon mhoill orthu úsáid a bhaint as an rogha seo. Chuir an ráchairt sin imní agus fearg ar na húdaráis, áfach, agus chrom siad in áit na mbonn ar an bhearna a bhaint de na Gaeilgeoirí, nuair a chualathas an chéad iomrá go rabh teagasc na teanga ag dul chun cinn aríst.
Sa bhliain 1926, áfach, agus na “leasuithe” seo á bhfógairt ag na húdaráis, chuir Comhaltas Uladh, fo-eagraíocht leath-neamhspleách an Chonartha in Ultaibh, chuir siad troid suas chun a seanstádas a bhaint amach don teanga in athuair. Fuair toscaireacht de chuid an Chomhaltais cead isteach chuig an Tiarna Charlemont a bhí ina Aire Oideachais fán am seo, agus mura rabh seisean sásta an seanstádas - ón am roimh bhunú an stáitín ó thuaidh - a ghealladh, níor chloígh sé lena ndearcadh siúd a bhí ag cur in éadan na teanga ar chúiseanna prionsabálta.
Ó nár chloígh, fuair sé é féin go géar gasta i ndubhfhaopach ag na deargdhílseoirí: chuir na Fir Bhuí ina leith go rabh sé i ndiaidh an stát agus an rí a reic ar saorchonradh leis na Gaeilgeoirí, nó geall leis. Má bhí sé sásta cuireadh isteach a thabhairt dá leathbhreac de dhroing agus greas comhráidh a dhéanamh leofa go múinte, cha rabh aon mhuinín as a thuilleadh ag bunadh dílis Uladh. B’éigean dó, anois, a chuid dintiúirí mar Aontachtóir a tharrtháil, agus d’iarr sé, mar sin, ar rúnaí Chomhairle Aontachtach Uladh, Wilson Hungerford, maolú ar an chorraí i measc na ndílseoirí. Ba é an fhuascailt a rith le Hungerford, ansin, ná gur fhoilsigh sé litir gan ainm ar iris na nAontachtóirí, agus é ag móradh siosmaid an Aire i leith cheist na Gaeilge ins na scoltacha. San am chéadna bhí an litir comh breac le dímheas ar an teangain is nach bhféadfadh aon duine a chur síos don scríbhneoir go mbeadh sé i bhfách leis an teanga nó lena cúis:
Cha dtig le haon Phrotastúnach ná Dílseoir obair an Chonartha udaí - Conradh na Gaeilge a bhí i gceist aige, ar ndóighe - a chosaint, agus é i ndiaidh teagasc na Gaeilge a chur le láimh láidir an tíoránaigh d’fhiachaibh ar dhaoiní nach rabh fonn a foghlama orthu ná cead a diúltaithe acu. (Shílfeá go mba é an céasadh ba chruálaí ar domhan Gaeilge a fhoghlaim, dar le Hungerford!) Ach is Aire é an Tiarna Charlemont a bhfuil sracadh agus spionnadh ann, agus fuair lucht Chonradh na Gaeilge amach nach féidir é a bhladar ná a imeaglú chun rud ar bith a dhéanamh nach mbeadh ag teacht le fíor-leas an oideachais i dTuaisceart na hÉireann.
Mhínigh Hungerford nach rabh aon pháiste le Gaeilge a fhoghlaim ina ainneoin féin, ach má bhí tuistí na bpáistí Caitliceacha comh hamaideach le teagasc na Gaeilge a éileamh dá gcuid clainne, nach rabh an rialtas le haon iarracht a dhéanamh chun na diabhail bhochta a chur ar bhealach a leasa.
Ar ndóighe, ba Aontachtóir agus frithGhaeilgeoir é Charlemont, ach ó ba rud é go mb’éigean rud ínteacht, dá laghad é, a dhéanamh leis na Gaeilgeoirí a shuaimhniú - nó i ndiaidh an iomláin cha rabh lucht rialtais an Tuaiscirt féin in ann a dhiúltú go rabh na Caitligh ann mar dhaoiní - ní rabh an darna rogha ag na státseirbhísigh, mar státseirbhísigh, ach a dhul i gcomhairle le chéile le breithiúnas a thabhairt ar an cheist. Mar sin, scríobh siad meamraim, agus comh túisce is a chaith an chuid is binbí de na dílseoirí an chead chorrshúil ar cheann de na meamraim seo, tháinig tallann feirge orthu, agus iad ag déanamh go rabh uisce faoi thalamh uafásach ar obair leis an Ghaeilge a chur chun cinn ins an chóras scolaíochta. Ní rabh bunús na nAontachtóirí comh buartha sin, ach dealraíonn sé go rabh tionchar ag na cancráin is na leathghealta féin má bhí siad ag cleachtadh a ngealtachta faoi bhrat na Dílseachta. Thar aon dream eile, bhí eagraíocht ínteacht a thugadh “Conradh na Dílseachta” uirthi féin ag ciapadh an Aire leis an tsiabhrán pharanóiach a bhí ar bhaill na heagraíochta fán Ghaeilge, agus iad ag creidbheáilt gur cineál gríosóir rúnda achrainn a bhí ins achan mhúinteoir Gaeilge.
Rinne na húdaráis a ndicheall Conradh na Dílseachta a ghiúmaráil, nó d’eisigh siad meamram eile fós inar leag siad amach suíomh na Gaeilge ins an chóras oideachais: bhí líon na ndaltaí le Gaeilge ag titim, agus dá gcoiscfí scun scan í, dheánfadh na Caitlicigh cnámh spairne agus tucaid trioblóidí daoithi: b’fhearr, mar sin, stádas ínteacht a ghéilleadh don Ghaeilge sna scoltacha - ar an chuantar nádúrtha, ar ndóighe, nach rachfadh sé thar an stádas a bhíodh aici roimh bhunú an stáitín.
Cha rabh Conradh na Dílseachta sásta leis an mhíniú, nó bhí siad barúlach nach mba chóir oiread agus sciúrtóg amháin d’airgead an Stáit a chaitheamh leis an Ghaeilgeoireacht a mhaoiniú. Bhí gá le litir fhada ón Tiarna Craigavon féin leis an dream seo a shásamh: ríomh sé fios fátha an pholasaí oifigiúil go mionchruinn ó thús go deireadh, agus ó ghlac sé an strus air féin, d’éirigh leis fá dheoidh an Conradh seo a shuaimhniú agus a chinntiú dófa nach ag géilleadh d’aon bhrú Phoblachtánach a bhíothar.
Cha dtearn na hAontachtóirí dearmad de cheist na Gaeilge, áfach. Ins an bhliain 1933 d’ionsaigh Feisire de chuid na ndílseoirí an Ghaeilge, agus é ag éileamh míniú ar an dóigh a mbítí ag íoc airgid le múinteoirí Gaeilge as sparán an stáit. An turas seo cha rabh fear tarraingthe an challáin sásta leis an chéad chur ó dhoras a fuair sé ó na húdaráis, agus é ag tabhairt le fios go rabh sé ag cur mídhílseacht i leith an rialtais. Bhain sé gach cineál fad is fairsinge as an scéal, agus é den bharúil nach rabh fiúntas trádála ná gnoithe ar bith ag roinnt leis an Ghaeilge a thabhóchadh údar a teagaisc daoithi. Ina dhiaidh sin féin, d’fhan an Rialtas dian daingean dásachtach ag cur ar son a bpolasaí féin, agus iad ag áitiú go rabh spéis ghinearálta chultúrtha oideachasúil ins an Ghaeilge ag codán nach beag de bhunadh Thuaisceart na hÉireann.
Dhealraigh sé go rabh fronta ní ba fhairsinge á thiomsú in aghaidh na teangan ag na deargdhílseoirí, nó go gairid i ndiaidh na hionsaí ins an Phairlimint tháinig ráig eile ón Stormont. Aontachtóir neamhspleách a bhí ar obair an iarracht seo, beag beann ar an Aontachtachas oifigiúil. Chuir an tuathghríosóir seo i leith Rialtas an Tuaiscirt go rabh siad ag cur amú airgid ar an Ghaeilge - teanga nach rabh inti, dar leis, ach “gléas saigheadta chun fealltóireachta”. Ba é an t-aon leas amháin a thiocfadh a bhaint as an teanga, dar leis, ná jab rialtais a fháil ins an tSaorstát - níor theastaigh ó mo dhuine go maoineofaí a leithéid sin as pócaí an stáitín Thuaisceartaigh: má bhí Gaeilgeoirí de dhíth ar na naimhde ó dheas, níorbh é dualgas an tuaiscirt dhílis a n-oiliúint fána gcoinnesean.
Nuair a bhí feachtas comh fairsing seo ar siúl ag na deargdhílseoirí in éadan na teanga, cha rabh de rogha ag na húdaráis ach tabhairt isteach, nó ar a laghad aisfhreagra ínteacht a thabhairt. Chrom an Tiarna Charlemont ar mheamram a dhréachtáil le haghaidh Chraigavon, agus é ag cíoradh dearcadh agus tucaidí an dá thaobh i gcointinn na Gaeilge. Ghlac sé leis nach rabh fiúntas gnoithe nó tráchtála ag baint leis an teanga, ach ins an am chéadna d’aidmhigh sé go rabh páirt ag seanteanga thraidisiúnta na tíre i gcóras na scoile ar chúiseanna cultúir, díreach cosúil leis an stair féin. Agus na deargdhílseoirí ag breabhsú orthu mar sin in aghaidh na teangan, ní fhaca Charlemont i ndiaidh na iomláin aon rogha eile ach an deontas a chur ar ceal a bhí le fáil fá láthair le teagasc na Gaeilge a mhaoiniú. Ina dhiaidh sin féin, chuir mo dhuine in iúl go lom nach rabh sé i bhfabhar le frithGhaeilgeoireacht challánach, agus é suite siúráilte go rabh éirithe cuibheasach maith leis an Roinn an faobhar a bhaint de mhíshástacht an phobail Náisiúnaígh a bhí ag éileamh an Ghaeilge a choinneáil á teagasc ins na scoltacha.
Ní rabh Charlemont ag iarraidh an teanga a chur chun cinn ar aon nós, ach bhí sé barúlach go gcaithfí sop ínteacht a thairgsint do na Caitlicigh le maolú ar a gclaonadh chun mídhílseachta; thairis sin, ní chothóchadh feachtas callánach cársánach in aghaidh na teangan ach tuilleadh diúnais i measc na Náisiúntóirí, agus ba dóchúla dófa ina dhiaidh cromadh ar an teanga a fhoghlaim ná a bhí roimhe:
Is dual don Éireannach an rud toirmeasctha a dhéanamh, agus más drochrud ann féin é Gaeilge a fhoghlaim - níl mé cinnte gurb eadh, nó caithfidh sé gur aclú maith inchinne duit a fhios a bheith agat gurb é Eoin Robbhch an Ghaeilge ar John Robb - más drochrud ann féin é, is é gach a dtig liom a rádh, má chuirtear lánchosc léithi, go dtabharfaidh sé spreagadh comh mór sin don Ghaeilgeoireacht is go mbeidh madraí an bhaile féin ag tafann as Gaeilge, i mBóthar na bhFál ar a laghad.
B’é an comhréitiú ab fhearr eadar na pragmataigh is na deargdhílseoirí (ar ndóigh, ní rithfeadh le haon duine ceist a chur ar na náisiúntóirí) gur chaill na múinteoirí Gaeilge a ndeontas. Bhain na náisiúntóirí a n-úsáid féin as an éagóir seo ina gcuid bolscaireachta, ní nach ionadh; agus ar ndóighe, is é an freagra a dheonaigh na hAontachtóirí a thabhairt i nglór uasal go híseal ná nach rabh call ar bith leis an Ghaeilge ins an pháirt ghnoitheach fhorásach seo den Impireacht.
Fán am chéadna bhí na triochaidí ag druidim chun deireanais, agus Hitler ar bís ag fanúint leis an chéad chionsiocair le toiseacht ar an chogadh. Bhí an chuma ag teacht ar na cúrsaí go rabh riachtanas géar ann le tacaíocht gach dream ar leith a earcú ar mhaith le cúis na Breataine, fiú má bhí scód nua le ligean le lucht labhartha na mionteangacha. hAithníodh athrú na gaoithe ins an Bhreatain Bhig ach go háirithe, nó ghabh na húdaráis leithscéal go poiblí le bunadh na tíre sin ar son an leatrom a bhí á imirt ar an Bhreatnais le fada, agus cuireadh áiseanna úra ar fáil leis an teanga a choinneáil beo agus a theagasc do na páistí.
Ansin, tháinig sé chun solais de réir a chéile nárbh ionann leas na Breataine Móire agus aimhleas na Gaeilge. Déanta na fírinne, dá mairfeadh na deargdhílseoirí ag cur in éadan na Gaeilge faoi na toscaí seo, thiocfadh le gluaiseacht na Gaeilge a chur ina leith go mb’iadsan na fíor-fhealltóirí, ó ba tábhachtaí leofa a n-éisealacht féin i dtaoibh na teanga ná cúis na Breataine Móire sa chogadh. Le linn do Hitler a bheith ag teannadh ar an tír go bagrach i dtús an chogaidh, bhí uachtaráin an stáitín scanraithe as a meabhair, agus Craigavon féin ag scrúdú a choinsiasa: dá n-éilítí air Tuaisceart na hÉireann a ghéilleadh do Bhaile Átha Cliath le Dev a bhlandar chun cogaidh in aghaidh na Gearmáine, an dtoileochadh sé leis? Bhí Craigavon suite siúráilte go rabh Hitler ag iarraidh daonlathas, sibhialtacht agus Críostúlacht a chur de dhroim an tsaoil go deo, agus tháinig sé ar an chomhairle i ndeireadh na dála go gcaithfeadh sé a vóta i bhfách le hathaontú na hÉireann dá rachadh an scéal go cnámh na huilinne.
Cha dteachaidh, áfach; ach, ar a laghad ar bith, ní rabh de roghain ag an lucht rialtais ach leor a ghabháil leis na toscaí nua de gheall ar cheist na Gaeilge. Sa bhliain 1942 a tháinig an briseadh mór. I samhradh na bliana sin fuair Coiste Réagúnda Oideachais Chaisleán na Deirge agus an tSratha Bháin achainí ó bhulc mhór scoláirí rang Gaeilge a chur ar bun i Scoil Teicneolaíochta an tSratha Bháin, agus ar ndóighe, d’eitigh an Coiste iad. Na rialacháin a bhí i bhfeidhm san am, áfach, d’fhág siad na daltaí i dteideal a n-achainí a fháil, agus nuair nach rabh siad sásta glacadh leis an diúltú, chrom PríomhAire úrcheaptha an Tuaiscirt, J.M. Andrews, ar a fháil amach goidé a thiocfadh leis a dhéanamh le cosc a chur le teagasc na Gaeilge amach is amach le fáil réitithe den tsíorbhrilsce. Chuaigh foireann an Aire Oideachais John Robb a chíoradh na ndoiciméad, ach má chuaigh, ba bheag an cuidiú lena gcás a bhí iontu. Ó bhí an Bhreatnais in éis aitheantas oifigiúil a fháil anois sa chóras oideachais, agus an chuma ar an scéal go rabh údaráis Londan ag súil le fuascailt den chineál chéadna i gcúrsaí na Gaeilge is na Gàidhlig, b’é an t-aon tátal amháin a bhí inbhainte as an iomlán dhearg go gcaithfeadh lucht rialtais an Tuaiscirt a dtoil a ligint leis na Gaeilgeoirí.
B’ar chrann John Robb a thit sé achoimre a thabhairt ar na cúrsaí i litir a scríobh sé don PhríomhAire. D’aidmhigh sé go rabh an-ghail ar an Ghaeilge i measc na gCaitliceach, agus an teanga á teagasc agus á staidéar in ollscoltacha ar an dá thaoibh den Teorainn, eadar Ollscoil na Ríona, Choláiste na Tríonóide agus choláistí Ollscoil Náisiúnta na hÉireann. Agus an Bhreatnais is an Ghàidhlig ag dul chun cinn sa chóras oideachais go géar gasta, ba chiotach an mhaise dúinn an Ghaeilge a chaitheamh amach as ár gcuid scoltach anois, agus an ráchairt atá uirthi de réir gach dealramh. D’aidmhigh mo dhuine fosta go mb’fhéidir go rabh cúiseanna polaitíochta leis an éileamh mhór ar an teanga, ach bhí sé barúlach go mb’fhearr na téacsleabharthaí a choinneáil faoi shúil cigirí oifigiúla agus faoi smacht an Rialtais, ná an cheist a fhágáilt faoi scoltacha scairte a dheánfadh a seacht ndicheall mídhílseacht, diúnas agus gach cineál mioscais Fhíníneach a chothú fríd mheán na Gaeilge.
Ba mar sin a sroicheadh an “leamhsháinn”, mar a deir Liam Andrews, i gceist theagasc na Gaeilge agus dheontais oifigiúla a mhaoinithe sa Tuaisceart. Is é an tátal a bhaineanns mo dhuine as an stair seo atá ríofa aige ná:
Tá daoiní de na hAontachtóirí inniu ag cosaint naimhdeas a bpobail féin i leith na Gaeilge fríd an locht a iompairc ar na Náisiúntóirí. Maíonn siad go rabh féiniúlacht chomhshaoránachais ag roinnt leis an Ghaeilge i dtús báire, ionas go rabh sí ar fáil do na Protastúnaigh comh maith; agus go mb’iad na náisiúntóirí Caitliceacha, ina dhiaidh sin, a chuir féiniúlacht polaitíochta in áit an chomhdhaonnachais i gcruth is gur h-eitíodh na hAontachtóirí fán teanga. B’fhéidir, áfach, nach bhfuil an scéal comh simplí sin. […] Sna bliantaibh go gairid in éis na Críochdheighilte bhí daoiní de mhaithe is de mhóruaisle na nAontachtóirí sásta a h-áit féin a dheonú don Ghaeilge, mar sheanteanga dhúchais na tíre, i gcóras oideachais an stáit úrbhunaithe ins an Tuaisceart, cibé fá dtaoibh de bhaint na teanga le náisiúnachas míleata na gCaitliceach. Ní díol amhrais é go dtearn an Náisiúnachas Caitliceach, an dóigh a dteachaidh sé i bhfeidhm ar na hAontachtóirí, a chuid féin lena gcur ag tréigbheáilt an tseasaimh mheasartha seo i dtaobh na teanga; ach bhí níos mó tionchair ag forbairt inmheánach an Aontachtachais féin [mar córas smaoiteachais is mar idé-eolaíocht] ar an athrú barúla seo ná mar atá na hAontachtóirí sásta a aidmheáil inniu. B’fhéidir, ach le tuilleadh cruthúnais a fháil ar an méid seo, chrothnaigh mé cur síos níos cruinne ar an dóigh a dtáinig athrú barúla ar na Protastúnaigh maidir leis an Ghaeilge. Tá cuma ghiorraisc thobann ar an athrú sin mar a chuireanns an t-údar inár láthair anseo é: ghníthear talamh slán de ar tús go rabh dream mór Protastúnaigh ag gabháil den Ghaeilgeoireacht, ach ansin, i ndiaidh bhunú an stáitín, ní bhfaigheann muid le léamh mar léiriú ar mheon comhaimseartha na bProtastúnach ach seanmóiríocht frithGhaeilgeoirí ar nós Dehra Chichester-Parker. Cá háit ar imigh na Gaeilgeoirí Protastúnacha sin ar fad? Nár fhág siad lorg ná leanúnachas ar bith ina ndiaidh? An amhlaidh nach rabh fáil ar chuimhní cinn, litreacha ná doiciméadú cuimsitheach eile ar smaoitíocha duine de na Protastúnaigh Ultacha a rabh suim sa Ghaeilge acu? Sílim go mb’é a leithéid an cur síos ab fhearr chun an caochló intinne comhchoitianta seo a scrúdú.
Camille O’Reilly
Is follasach gurb í aiste O’Reilly an ceann is mó teoirice acu seo. Mar a d’úirt mé cheana, tá aithne agus gnaoi ag an tsaol mhór Ghaelach uirthi cheana féin mar gheall ar an leabhar udaí An Ghaeilge i dTuaisceart na hÉireann - Polaitíocht na Teangan is an Dúchais (”The Irish Language in the Northern Ireland - The Politics of Language and Identity”), ina gcaitheann sí súil an antraipeolaí ar cheist na teanga sna Sé Chontae - nó i mBéal Feirste, le bheith cruinn, ó is fánach má ghní sí aon phlé ar leith ar na háiteanna eile sa stáitín. An aiste a chum sí fá choinne an leabhair atá faoi chaibidil agam anseo, is achoimre ar an leabhar udaí eile í, go bunúsach.
I dtús báire cromann sí ar chur síos ínteacht a thabhairt ar shuíomh na Gaeilge in Éirinn inniu. Tagraíonn sí don úsáid shiombaileach is gnách a bhaint as an teanga, agus í barúlach gurb é Tuaisceart na hÉireann an áit is mó agus is fairsinge Gaeilgeoireachta ar na saoltaibh seo. (Is iomaí duine a shíleanns, dáiríribh, gurb amhlaidh atá, ach tá mé féin den bharúil go mba chóir gan barraíocht creidiúna a thabhairt don nóisean seo, leitheadach is uile agus a ghlactar leis.) Tráchtann O’Reilly ar an dearcadh fhorleathan ar an Ghaeilge mar acra pholaitíochta agus ar an Ghaeilgeoireacht mar ghníomh polaitíochta fosta.
Tarraingíonn sí uirthi an coincheap sin a bhfuil sí comh doirte dó: an díoscúrsa. Ag trácht ar chúrsaí na teanga dófa, is minic do na Gaeilgeoirí úsáid a bhaint as focail agus cora cainte ar leith, de réir an chineál dearcaidh atá acu ar an Ghaeilge agus ar an tsainbhaint atá aici le córas na cumhachta ins na Sé Chontae. Má ghlacaimid leis nach bhfuil cuid mhór de réaltacht na sochaí ann taobh amuigh d’intinn an duine, is é an díoscúrsa an cineál ar leith cainte a bíos ag na daoiní lena áitiú ar a chéile gurb ann do réaltacht na sochaí, nó gurb ann do rud ar leith mar chuid den réaltacht. (Mar shampla, ní bheadh ins an airgead féin ach miotal teilgthe is páipéar daite, ach go bé go gcreideann na daoiní ann mar airgead, agus iad ag tarraingt orthu focail nó leaganacha cainte ar leith - “praghas”, “luach”, “báite i bhfiacha”, “tá seacht bpunt agam ort” - lena áitiú ar a chéile go bhfuil fiúntas ag baint leis an airgead dáiríribh. Díoscúrsa atá i gceist leis na focail agus na cora cainte seo fosta - díoscúrsa an gheilleagair, na heacnamaíochta agus an airgeadais.)
Is é is brí le díoscúrsa ceannasach ná an díoscúrsa a úsáidtear leis an bhaint a athchruthú is a atógáil is a athneartú atá ag na cumhachtaí le chéile ins an tsochaí cheana féin - is é díoscúrsa an choimeádachais é, mar sin. Thig le dreamanna ceannairceacha forlámhas an díoscúrsa seo a chur ag guagaíl fríd úsáid a bhaint as seoraí cainte na cumhachta féin ar bhealach nuálach, chruthaitheach, nó fríd mhalairt díoscúrsa a chur ar bun. Aithníonn O’Reilly an dá chleas á n-úsáid ag Gaeilgeoirí an Tuaiscirt.
Tá O’Reilly den bharúil gur féidir tri dhioscúrsa a shainaithint i measc Ghaeilgeoirí an Tuaiscirt, mar atá: an díoscúrsa díchóilínitheach, an díoscúrsa cultúrtha agus díoscúrsa na gceart sibhialta.
Is é an díoscúrsa díchóilínitheach an ceann is mó a shamhlaítear le Sinn Féin agus leis na Poblachtánaigh. Chuaidh an díoscúrsa seo go mór mór chun tábhachta thiar ins na hochtóidí, nuair a chuala an saol iomrá ar an Ghaeilge mar teanga rúnda ag lucht an chéalacain ar an Cheis Fhada. Tá O’Reilly den tuairim, áfach, nach miste súil a chaitheamh ar luathbhlianta Chonradh na Gaeilge le bunrúta an díoscúrsa dhíchóilínithigh a fháil. Is é an sampla is sine dá luann sí den chineál seo cainte ná focail an ainm chleite Fergus Mac Lede ón Irish Freedom sa bhliain 1913:
Is fada ó dhílsigh na Sasanaigh a gcuid fuinnimh do choncas na hÉireann […] B’í an teanga, mar mhúnla dár sainsibhialtacht, ba tubaistí a d’ionsaigh siad […] Is í an obair is dual do Chonradh na Gaeilge ná náisiún na hÉireann a stopadh ó chomhshamhlú le náisiún na Sasana […] Arm polaitiúil den chéad scoth is eadh í an Ghaeilge in aghaidh chúngú na Sasana ar Éirinn.
Na focail udai arm polaitiúil […] in aghaidh chúngú na Sasana ar Éirinn is croíleacán do dhíoscúrsa an díchóilíneachais ins an tsliocht seo, más fíor d’O'Reilly. Níor athraigh an díoscúrsa seo mórán, dar léithi, siúd is go dtáinig cuma eile ar fad ar na himthoscaí polaitíochta ó na blianta sin ar aghaidh. Déanta na fírinne, bheir sí le fios gurb iarracht atá ins an díoscúrsa seo - agus i ndíoscúrsa polaitiúil an Phoblachtánachais go hiomlán - suíomh polaitiúil na hÉireann i dtús an chéid a athchruthú agus seachmall an leanúnachais a choinneáil beo breabhsánta in intinn lucht a leanstana.
Ar ndóighe, tá an díoscúrsa féin ag athrú anois de réir mar atá an t-am ag imeacht agus bun ínteacht ag teacht ar aimsir na polaitíochta sna Sé Chontae. Ghní O’Reilly tagairt don chineál seo ráitis ó dhuine de lucht leanstana an Phoblachtánachais:
Is ionann é mar ghníomh focal Gaeilge a labhairt amach agus urchar a scaoileadh ins an troid atá á cur ar mhaithe le saoirse na hÉireann. (lch. 100 ins an leabhar)
De ghrádh na polaitíochta a chuir mé an chéad suim ins an Ghaeilge. Cha dteánfainn a dhath ar bith ach spreagadh polaitíochta a bheith agam chuige. B’í an pholaitíocht ar dtús a chuir i dtreo aon rud chultúrtha mé. […] Is féidir leat an cath a shainmhíniú ar bhealtaí éagsúla, agus b’iad Bobby Sands agus na Gaeltachtaí ins an phríosún a chuir an Ghaeilge i dtús cadhnaíochta […] Na daoiní a tháinig ón phríosún, ba daoiní de do chuid féin iad […] B’fhéidir gur deartháir leat a caitheadh i dtóin phríosúin agus a phill ´na bhaile leis an Ghaeilge ina phluic, agus d’imeorfadh a leithéid sin a thionchar féin ort, an dtuigeann tú? (lch. 101 ins an leabhar; fear óg atá ag caint anseo)
D’fhógair lucht Sinn Féin in ard a ngutha gur ceist pholaitiúil í ceist na teangan, is é sin, gur cinneadh polaitiúil ab eadh é an cinneadh a bhain an Ghaeilge de bhéal an phobail an chéad lá riamh.
Caithfidh na daoiní a thuigbheáilt go bhfuil an fhrithGhailgeoireacht fite fuaite le láithreacht na ndíormaí Briotanacha in Éirinn mar rud. Cathfidh bunadh na hÉireann a aithne nach dtiocfaidh an Ghaeilge ar ais ar bhealach na draíochta nuair a thréigfeas na Briotanaigh an tír seo. Nuair a tháinig siad isteach an chéad uair riamh, bhí an teanga thíos leis, agus caithfidh sí biseach a fháil sula n-imí na Briotanaigh. Thairis sin, caithfidh muid glacadh leis go gcuideochaidh athshlánú na teanga linn deireadh a chur le gabháltas Gall ar Éirinn. Agus an Ghaeilge ag teacht chuici aríst, rachaidh an Galldachas in éag. (Lch. 101 sa leabhar. Paimfléad de chuid Shinn Féin atá againn anseo. Mé féin a chuir Gaeilge ar an tsliocht Béarla a bhí ag O’Reilly.)
Mar a chonaic muid thuas, ceanglaíonn an díoscúrsa díchóilínitheach an Ghaeilge is an Ghaeilgeoireacht go daingean den chath atá na Poblachtánaigh a chur leis an tír a athaontú. Dearctar ar an Ghaeilge mar dhlúthchuid den chath seo, agus is “arm cogaidh” í an Ghaeilge féin, dar leis na díchóilínitheoirí.
“Ar an taoibh eile de chlaí na hidé-eolaíochta”, mar a deir O’Reilly féin, tá díoscúrsa an chultúir ar fáil. Díoscúrsa is eadh é a shéananns go prionsabalta aon chiall pholaitiúil a bheith leis an Ghaeilgeoireacht nó le hAthbheochan na Gaeilge inti féin. Is ionann “polaitiúil” agus “Poblachtánach” ins an choimhthéacs seo go minic, de réir O’Reilly, ach is féidir go bhfuil a leithéid dosheachanta: má ghníthear iarracht d’aon tsiúl an teanga a choinneáil slán scoite scartha ó pholaitíocht an tseicteachais, nó fiú, a chur ar tairgsint mar mhalairt ar an tseicteachas, is é an Poblachtánachas an príomhchineál “seicteachais” a bhéas i gceist, ós rud é gurb é an príomhchineál seicteachais a chasfar ar na Gaeilgeoirí i measc a muintire féin, a fhad is a bhéas na Caitlicigh ar an t-aon phobal amháin den bheirt ar féidir aon sluachultúr Gaeilgeoireachta a shamhlú leis, agus na Gaeilgeoirí Prostastúnacha ina n-éanacha corra i measc a mhuintire féin, ag léamh Sheathrún Céitinn cois tine sa bhaile acu féin.
Théid díoscúrsa an chultúir siar a fhad le Dubhghlas de hÍde féin, a deir O’Reilly, agus an chéad léacht a thug sé uaidh fá dtaobh de comh riachtanach a bhí sé Éire a dhíghalldú, is sampla sármhaith é den díoscúrsa áithrid seo. Mar is eol dúinn, b’é ba toradh don aitheasc seo gur cuireadh Conradh na Gaeilge ar bun, agus de hÍde ar a sheacht ndicheall fíchead leis an eagraíocht a stiúradh glan ar chúrsaí polaitíochta - iarracht nach bhféadfadh rath a bheith uirthi ach seal, ó bhí an scailp eadar na hAontachtóirí agus lucht iarrtha an Rialtas Dúchais (home rule) ag dul chun leithne in aghaidh an lae, ó thús na fíchiú haoise i leith.
Deir O’Reilly go bhfuil dhá riocht ann inar féidir don díoscúrsa seo a dhul. (Siúd is nach bhfuil mórán lochta agam ar sn dóigh a n-úsáideann sí an focal mór udaí díoscúrsa - agus caithfidh mé béim ar leith a chur air nach mise an fear ceart le locht a fháil ar a cuid taighde, ós rud é nach bhfuil aon chur amach agam ar an antraipeolaíocht - ní mór domh a rádh go gcuireann an chaint seo aici ar dhá riocht as domh, ar bhealach. Uaireanta, ghní mé iontas an amhlaidh go dteachaidh sí beagáinín beag thar fóir ag simpliú cúrsaí casta crosta fríd aon díoscúrsa amháin a aithne áit a bhféadfaí dhá cheann a aithne. Ón taoibh eile de, éacht is eadh é an taighde a rinne sí ar chúrsaí na Gaeilge ins an Tuaisceart cibé scéal é, agus dúshraith dhaingean curtha aici faoi thuilleadh oibre.)
Mar sin, is iad an dá riocht seo ná an riocht glanchultúrtha agus an riocht ar a dtabharfainn féin “an riocht frithPhoblachtánach”. Cuireann díoscúrsa an chultúir i riocht ghlanchultúrtha béim ar an Ghaeilge mar sheoid luachmhar - más ceadmhach domh an seanchliché smolchaite seo a tharraingt anuas ó sheilf an stórais - is é sin, is luach ann féin an teanga. Deir múinteoir ó Bhéal Feirste, agus é faoi agallamh ag O’Reilly (lch. 103) gurb iad an áilleacht is dual don teanga agus an t-athrú dearcaidh ar an tsaol a théid leis an Ghaeilge a mheall i dtaoibh na teanga é an chéad lá riamh - súil eile, mar a deir lucht TnaG.
Is minic, áfach, a théitear i muinín dhíoscúrsa an chultúir mar chuid den iompairc fá cheartúinéireacht na Gaeilge eadar na Poblachtánaigh agus na Gaeilgeoirí neamh- nó frithPhoblachtánacha. Chuala muid go minic an focal fuadach ag cuid mhór acu siúd a bhaineanns leis an chéad dream acu, agus iad ag áitiú go bhfuil lucht leanstana an Phoblachtánachais ag déanamh a ngaisneasa as an Ghaeilge lena gclár oibre féin a chur i gcrích - go bhfuil siad in éis an teanga a fhuadach.
Is féidir a rádh gurb é Iontaobhas ULTACH guth “oifigiúil” an díoscúrsa seo i gceachtar den dá riocht thuasluaite, in éineacht le Grúpa na dTraidisiún Cultúrtha (Cultural Traditions Group). Mar a deir Muiris Ó hAodha ón Ghrúpa: (lch. 105): Is é is príomhchuspóir don Ghrúpa ná na daoiní a chur ag cardáil is ag caibidil na dtraidisiún cultúrtha éagsúla i dTuaisceart na hÉireann in atmaisféar síochánta neamhchointinneach. Mar shampla chuidigh muid le Protastúnaigh a marana a dhéanamh ar an Ghaeilge gan col a ghlacadh léithi, nó le Caitlicigh amharc ar mhórshiúl Oráisteach gan ábhar imeagla a aithne ann. Ar ndóighe is féidir an cheist a chur nach amhlaidh gurb é is príomhchuspóir le mórshiúlta áithride Oráisteacha ná úinéireacht agus forlámhas a éileamh ar thalamh an Tuaiscirt nó fiú imeagla a chur ar na Caitlicigh, agus nach amhlaidh go n-úsáidtear an teanga Ghaeilge féin uaireanta le goillstint ar na hAontachtóirí comh mór agus is féidir. (Foilsíodh an sliocht seo an chéad uair i leabhrán faoin teideal Giving Voices a tháinig amach ó Ghrúpa na dTraidisiún Cultúrtha sa bhliain 1994. Lch. 105 sa leabhar.)
Cuireann O’Reilly sonrú ar leith ann ins an tsliocht seo nach samhlaíonn Muiris Ó hAodha an Ghaeilge ach leis na Caitlicigh, rud nach bhfuil ag teacht lena bhfuil le rádh ag an Dochtúir James Hawthorne ins an leabhar chéadna, agus eisean ag tairiscint na Gaeilge mar chuid de chultúr trasphobail an Tuaiscirt. Mar sin, níltear go hiomlán ar aon fhocal fá shuíomh na Gaeilge eadar an dá phobal: tá siad ann a áitíonns gur leis an dá phobal í mar theanga, agus an chuid eile á cur chun cinn i measc na bProtastúnach mar aichearra go dtí an cultúr Caitliceach.
Cibé scéal é, is ionann go minic an Ghaeilge a chardáil is a úsáid de réir dhíoscúrsa an chultúir agus a bheith ag iarraidh an teanga a dhípholaitiú. Ní chun sochair amháin a théid seo don Ghaeilge, b’fhéidir. Nó an té atá ag iarraidh an teanga a “dhípholaitiú”, is féidir a chur ina leith nach bhfuil sé ach ag iarraidh cosc agus cinsireacht a chur le h-úsáid na teanga i gcoimhthéacs na polaitíochta - go h-áithrid, lena húsáid i gcoimhthéacs na polaitíochta Poblachtánaí. Mar a deir duine acu siúd atá faoi agallamh ag O’Reilly ina leabhar féin, tá sé cosúil leis an léitheoireacht i Meiriceá Theas: má fhoghlaimíonn sibh léamh, is maith an rud é, ach má léann sibh na leabhartha toirmiscthe, níl ionaibh ach drong de Chumannaigh. Is dóigh lena lán Caitlicigh gurb é is impleacht don díoscúrsa chultúrtha ná nach bhfuil ins an Ghaeilge ach mireog chultúrtha a chuideochas leat na logainmneacha a chiallú - agus nach bhfuil sé go hiomlán ceadaithe nó inmholta an teanga a úsáid le cúrsaí tromchúiseacha a chardáil.
Is é díoscúrsa na gceart sibhialta an bealach éalóidh as an chruachás seo go léir, dar lena lán. Má rinne na Poblachtánaigh an teanga a “pholaitiú”, a thabhairt chun polaitiúlachta ar mhaithe leofa féin, agus lucht an díoscúrsa chultúrtha ag iarraidh an teanga a dhípholaitiú, is é is dual do lucht dhíoscúrsa na gceart sibhialta ná an teanga a ilpholaitiú, is é sin, béim a chur ar an Ghaeilge mar theanga a bhfuil gach duine agus gach dream polaitíochta nó saindúchais ins an Tuaisceart ina teideal, má thoilíonn sé a foghlaim agus úsáid a bhaint aisti ina ghnáthshaol. Mar a deir duine d’agallaithe O’Reilly:
Tá mé tinn tuirseach díofa siúd NACH bhfuil ag cur na Gaeilge chun cinn. Iad siúd a deir go bhfuil an teanga fuadaithe ag Sinn Féin, deirim leofa go mba chóir dófa féin an teanga a fhuadach. Mar sin, tá an Ghaeilge ar fáil d’achan duine - ach í a fhuadach!
Ós rud é go bhfuil torthaí taighde O’Reilly ar fáil ina leagan iomlán ina leabhar féin (The Irish Language in Northern Ireland - The Politics of Culture and Identity - molaim daoibh uilig an saothar seo a léamh go barainneach), cha dteánaim tuilleadh cardála ar a halt anseo. Thig alt
Ghordon McCoy
fá dtaobh d’fhoghlaimeoirí Protastúnacha na Gaeilge ar lorg an chinn a scríobh O’Reilly, agus is dream iad seo a gcuirfidh muid uilig suim iontu, agus an íomhá láidir Chaitliceach atá ag dul leis an teanga i gcónaí.
Deir McCoy go bhfuil spéis ag na meáin chumarsáide féin iontu, nó séanann siad a lán réamhbhreithiúnas reatha ar an t-aon ábhar amháin gurb ann dófa ar scor ar bith. Cuid de na Protastúnaigh seo, tá dearcadh náisiúnaíoch acu. Is minic a shíltear nach féidir do Phrotastúnach bheith ina náisiúntóir ach traidisiún an teaghlaigh a bheith mar chúltaca aige le sin - traidisiún na bliana 1798, ar ndóighe. Mar a aithnítear ar an tsliocht seo as agallamh a chuir McCoy ar dhuine de na náisiúntóirí Protastúnacha, is féidir cúiseanna pearsanta a lua leis an chineál seo dearcaidh freisin:
Bhí col ar leith agam le teaghlach ríoga na Breataine Móire; mar sin, bhí mé […] ag déanamh mo mharana ar an dóigh ar mhothaigh mé mé féin i dtaoibh chríochdheighilt na hÉireann, ag déanamh m’iontais cad fáth a dtáinig an chríochdheighilt ar an tír seo an chéad uair riamh, agus sílim nuair a bhí mé ag freastal ar scoil na gramadaí gur thoisigh mé a theacht ar an chonclúid nach mba chóir don chríochdheighilt a bheith ann ar aon nós […] Ansin, cad iad na tréithre is bunúsaí, na gnéithe is dúchasaí de chultúr na hÉireann […] nach mbeadh leatromach ar aon taoibh, nach mbainfeadh ar aon bhealach phrionsabalta le haon dream amháin thar an phobal eile? B’í an Ghaeilge an ghné ba mhó acu, agus ní dual daoithi a bheith ag aon phobal thar an chuid eile. (lch. 132)
Ar nós go leor náisiúntóirí Caitliceacha, níl na náisiúntóirí Protastúnacha in ann a thuigbheáilt cad fáth a bhfoghlaimeochadh aon duine de bhunadh Phrotastúnach an teanga ach dearcadh náisiúnaíoch a bheith aige ar cheist na críochdheighilte, nó é a bheith ar tí an dearcadh seo a ghlacadh chuige. Ní chreideann siad, mar sin, go bhféadfadh aon Aontachtóir doleigheasta dochomhairleach an Ghaeilge a thógáilt leis agus a chuid dearcaíocha polaitiúla a choinneáilt slán sa tiothbháil.
Is fíor, a deir McCoy, gur dóchúla don Ghaeilgeoir Phrotastúnach dearcadh náisiúnaíoch a bheith aige ná don ghnáthPhrotastúnach. Ón taoibh eile, áfach, cha rabh a seans, ná a seal, ag an Ghaeilge go fóill éirí faiseanta i measc na bProtastúnach; agus cibé scéal é, na náisiúntóirí Protastúnacha ar labhair mo dhuine leofa, ba náisiúntóirí iad sular chrom siad ar an teanga a fhoghlaim.
Dealraíonn sé nach deacair ach an oiread a theacht ar Aontachtóirí le Gaeilge i measc na nGaeilgeoirí Protastúnacha, agus iad meáite ar íomhá an Phoblachtánachais a bhaint den teanga, cf. an t-athfhriotal áithrid seo:
Is é atá eadar lámhaibh agam ná an tseoid luachmhar seo a tharraingt amach as an tinidh, seachas a dhul isteach ins an tinidh mé féin. Tá mé ag athshainiú na Gaeilge mar rud a gheibh mé tábhachtach cionn is gur Ultach atá ionam. Tá sé de dhíth orm Gaeilge Uladh a fhoghlaim, agus níl baint ar bith aige sin le haon náisiúnachas. (lch. 135)
Ós rud é go bhfuil spéis ionraic ag go leor Aontachtóirí i stair a dtírín féin, agus an Ghaeilge fite fuaite leis an stair sin, chan díol iontais é go mothaíonn is go n-aithníonn siad tarraingt na Gaeilge. Ón taoibh eile de, rachfadh sé rite le hAontachtóir ar bith dearmad a dhéanamh dá chuid réamhbhreithiúnas i dtaoibh na teanga de, ag cur san áireamh an dóigh a bhfuil na meáin chumarsáide ag cuidiú le hiarrachtaí Shinn Féin gothaí na Gaeilge a chur orthu féin leis an phoiblíocht. Mar a deir foghlaimeoir ó thuaisceart Chontae an Dúin (lch. 135):
Is staraí mise, agus aistriúcháin de dhíth orm go minic ag teacht trasna ar an Ghaeilge i bhfoinsí staire domh. Mar sin, bhí mé riamh meabhrach ar an áit a bhí ag an teanga i gcúrsaí stair is litríocht Uladh. Theastaigh uaim riamh bheith in ann filíocht Ghaeilge a léamh […] Go géar ar fad a shantaigh mé í a fhoghlaim, ach san am chéadna bhí traidisiún Poblachtánach na Gaeilge ag drannadh leithne a chraois liom […]
Ón taoibh eile, ceist chrosta is eadh í ceist an dúchais is na féiniúlachta náisiúnta i measc na bProtastúnach cibé. Taobhaíonn cuid mhaith acu le féiniúlacht à la carte, ag roghnú an chuid is fearr ón dá dhomhnán, ag baint an tsuilt chéadna as an Ghaeilge agus as ceol na bProms, mar a chonaic muid cheana ar achoimre an ailt le hIan Malcolm.
Is iad na hAontachtóirí meánaicmeacha is mó a bíos in áit na caoinfhulaingthe agus an liobráöachais seo, áfach. Níl na saoráidí céadna ag na Dílseoirí ó chúlra an lucht oibre, nó tá cuid mhaith acu sáite ins na trioblóidí, agus na paraimhíleataigh ag coinneáilt diansúil ar a bpobal féin, i gcruth is nach bhfuil mórán scóid á ligean le h-éanacha corra.
Is iomaí Gaeilgeoir Protastúnach as measc an lucht oibre a thaobhaíonns leis an fhéiniúlacht náisiúnta “Ultach” thar an fhéiniúlacht Bhriotanach, dar le McCoy, agus an oiread mealladh a bhain polasaithe na Breataine Móire astu.
(Caithfidh mé a chuimhneamh air anseo go dtaispeánann na staitisticí ins an leabhar Faobhar na hAontachta le Stiofán de Brús, socheolaí as Albain, go dteán an chuid is mó de na Protastúnaigh ins an Tuaisceart a gcomhionannú leis an Bhreatain Mhóir, seachas Éire nó Ulaidh. Glacann siad le neamhspleáchas Uladh mar scéim éigeandála, ar eagla go ligfidh an Bhreatain Mhór síos iad; ach sin a bhfuil ann dáiríribh. An té a chreideanns gur féidir do lucht na Gaeilge a ngaisneas a bhaint as “féiniúlacht Ultach” na nDílseoirí lena gcur i dtreo na Gaeilgeoireachta, ba chóir dó srianta a choinneáil lena dhíograis, agus an scéal mar atá sé.)
Mar sin, más féidir le hAontachtóir meánaicmeach féiniúlacht áithrid “Éireannach” a tharraingt air, ach amháin í a bheith insocraithe lena dhearcadh Aontachtach, is minicí don Aontachtóir de chúlra an lucht oibre a dhul leis an Ghaeilge ar chúiseanna an Ultachais, agus é tugtha do chanúint Uladh thar aon chineál Gaeilge eile, ar ndóighe.
Tá go leor náisiúntóirí dóchasach as an Ghaeilge mar ghléas leis na hAontachtóirí a iompó i leith an Náisiúnachais, ach níl an chuma ar an scéal, i bhformhór mór na gcásanna, go bhaighfidh siad a mian. Tá a ndearcadh féin ag na hAontachtóirí ar shuíomh na Gaeilge i mbaint na hÉireann leis an Bhreatain Mhóir, agus iad go mion minic ag cur béim ar an dóigh a gceanglaíonn an Ghaeilge Éire de na pobail Cheilteacha eile ins na hOileáin Bhriotanacha, ar nós na nGael in Albain thar aon dream eile.
Cuireann McCoy sonrú in analach spéisiúil eadar na hAontachtóirí liobrálacha agus na Caitlicigh ina ndearcadh ar an lucht oibre Protastúnach: má chreideann na Caitlicigh gur féidir do na Protastúnaigh iompó i leith an Náisiúnachais ach iad a dhul leis an Ghaeilgeoireacht, is dóigh leis na Protastúnaigh mheánaicmeacha go nglacfaidh na dílseoirí prólatáireacha chucu an leagan meánaicmeach liobrálach den Aontachtachas ach iad an Ghaeilge a fhoghlaim. Is féidir a theacht ar Ghaeilgeoirí meánaicmeacha Protastúnacha agus dóchas acu as an Ghaeilge mar ghléas le “cultúr Éireannach” a chur in áit chultúr na ndílseoirí atá comh h-”éadomhain” sin.
Bhí an teanga anseo i bhfad roimh na Trioblóidí.Sílim go rachfadh an caidreamh eadarphobail go mór chun feabhais ach na Protastúnaigh a éirí níos meabhraí i dtaoibh na hoidhríochta cultúrtha seo atá i bpáirt acu lena gcomharsanaigh Chaitliceacha. Agus tá oidhríocht chultúrtha de dhíobháil orthu dáiríribh, an tseafóid seo leis na drumaí móra ar an Dóú Lá Déag, bhail, tá sé cineál éadomhain. Tá rud i bhfad níos saibhre acu ná sin.[…] Ba mhaith liom iarracht ínteacht a fheiceáilt leis an mheabhraíocht a chothú i measc na bProtastúnach go bhfuil rud ínteacht i bpáirt acu le cách ins an oileán seo, níos fearr ná a bheith ag tabhairt droim láimhe le gach rud is gach duine nach gcaitheann an tsais fhlannbhuí. (lch. 139)
Tá McCoy den bharúil, de réir dealraimh, gur baothdhóchas é bheith ag dréim le hiompó na nDílseoirí i leith an Aontachtachais liobrálaigh, gan aon trácht a dhéanamh ar an Náisiúnachas Éireannach, fríd an Ghaeilge a tharraingt orthu. Ina dhiaidh sin féin, is léir go saibhríonn an Ghaeilge go mór saol pearsanta lucht a foghlama fiú ar an taoibh Phrotastúnaigh den chlaí, agus iad ag fáil súil eile ar a dtír is ar a tírdhreach. Ón taoibh eile de, tá míchompord ínteacht ag luí orthu fán dóigh a bhfuil an teanga monaplaithe nó “fuadaithe” ag na Náisiúntóirí fá láthair, dar leofa, agus saothar mór ag go leor Gaeilgeoirí Protastúnacha an teanga a chomhionannú lena bhféiniúlacht is lena gcúlra féin, in éagmhais eolais ar éacht na nglúinte a d’imigh rompu de Phrotastúnaigh a chaith dúthracht a saoil ar son na Gaeilge - cuir i gcás, Roibeard Shipboy Mac Ádhaimh nó Uilliam Mac Néill.
Léaró dóchais is eadh é go bhfuil Risteard Ó Glaisne, an Gaeilgeoir Meitidisteach, in éis monagraf mór millteach a scríobh fá dtaobh de Phrotastúnaigh na Gaeilge, De bhunadh Protastúnach. Dealraíonn sé nár bhac aon dream sa Tuaisceart - ná sna Sé Chontae Fichead féin - go dtí le déanaí le páirt na bProtastúnach in athbheochan na Gaeilge agus i stair Chonradh na Gaeilge a chraobhscaoileadh go forleathan; má rinneadh aon tagairt do na hiarrachtaí Protastúnacha leis an Ghaeilge a úsáid i scríbhinní cráifeacha, ba nós a bheag a dhéanamh díofa ar an ábhar nach rabh i gceist leofa ach Gaill a bheith ag baint a ngaisneasa féin as an Ghaeilge ina dtroid in aghaidh an “Phápachais” gan a gcloigneacha a bhuaireamh le todhchaí ná le hathbheochan na teanga. Mar sin, sheachnaítí an cheist mhíchompordach, an rachfadh sé chun leasa na Gaeilge dá nglacfadh na hÉireannaigh an creideamh Protastúnach chucu, fadó. Ar ndóighe, tá an ceart acu siúd a deir nach rabh ó na GaelPhrotastúnaigh lena lá ach a gcreideamh féin a chur os comhair na nGael fríd mheán a dteanga-san. Ach tús ínteacht a bheadh ann, ar a laghad, agus thiocfadh leis na glúnta ina dhiaidh tuilleadh a thógáil air, mar dhúshraith.
Ar ndóighe, ní hé an Protastúnachas ná an tAontachtachas an t-aon fhéiniúlacht amháin atá ag na Gaeilgeoirí Protastúnacha. Cuireann go leor daoiní suim ins an stair áitiúil mar bhaill dá bpobal féin, agus iad go minic faoi dhraíocht ag an Ghaeilge mar fhoinse staire is mar bhunús le logainmneacha a mbólaí dúchais. Thairis sin, maireann iarsmaí de chineál ínteacht i gcónaí i ndiaidh na nGaeltachtaí deireanacha Protastúnacha ins an Dún - in intinn na ndaoiní ar a laghad.
Ní féidir, ar mhí-ámharaí an tsaoil, a rádh go fóill go mbeadh gluaiseacht Ghaeilge, nó ciorcail Ghaeilgeoireachta, dá gcuid féin ag na Protastúnaigh. Mar sin, nuair a chromfas an Protastúnach ar an teanga a fhoghlaim, caithfidh sé ag am ínteacht teagmháil a lorg leis an domhan mhór Gaeilgeoireachta atá sách aonchineálach ina Chaitliceachas i gcónaí. Dá réir sin, is minic a chastar gnéithe den chultúr “sheicteach” Chaitliceach ar an Phrotastúnach i saol na Gaeilge, fiú gnéithe nach bhfuil sé féin róshásta leofa ná róchompordach fúthu, ar nós amhráin reibiliúnacha Bhéarla nó fiú Ghaeilge - ghní McCoy tagairt don dóigh a dteachaidh an t-amhrán udaí Óró, sé do bheatha abhaile i bhfeidhm ar dhuine de na foghlaimeoirí Protastúnacha a bhí faoi agallamh aige.
Tá rialacha neamhoifigiúla dea-bhéasaíochta ag bunadh na Sé gContae dá gcuid féin le haghaidh caidreamh trasphobail, ach ós rud é gur gnách leis na Gaeilgeoirí Caitliceacha a shílstint gurb i measc a gcuid comhreiligiúnach féin amháin atá siad ag freastal ar chúrsa Gaeilge dófa, ionas nach gcaithfidh siad mothúcháin na bProtastúnach a chur san áireamh agus iad ag bualadh bleide ar a gcuid comhdhaltaí nó ag baint foideoga leofa, is minic a thig uaigneas ar an Ghaeilgeoir Phrotastúnach ar chúrsa teanga, agus é ag iarraidh a dhúchas a choinneáilt faoi cheilt ins an chomhluadar seo. Ciallaíonn sin gur féidir do mhionlach láidr Prodasnaigh a bheith ag freastal ar an chúrsa chéadna i nganfhios dá chéile: ní thig leofa, dá réir sin, a theacht le chéile chun gréasán nó ciorcal Gaeilgeoirí Protasúnacha a chur ar bun ina measc féin.
Fágann sé freisin go dteastaíonn ó na Protastúnaigh an teanga a fhoghlaim i measc a muintire féin, ach tá an chuma ar an scéal nach bhfuil mórán teagasc Gaeilge ar fáil ins na ceantair Phrotastúnacha go fóill. Mar sin, caitheann na GaelPhrotastúnaigh cuid mhaith ama ag cuartú is ag roghnú áit fhóirsteanach foghlama.
Ar ndóighe, ó tá muintir na Sé gContae Fichead níos neodraí inniu i leith an Tuaiscirt ná mar a bhíodh fadó (nó, mar a déarfadh an Poblachtánach, is dócha: ó tá an oiread sin dallamullóg curtha ag an namhaid orthu), is fearr leis na GaelPhrotastúnaigh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge thall ansin, seachas in aon bhall de na Sé Chontae:
Ag dul trasna na teorann domh mothaím an smúit ag glanadh díom, mar a bheadh ualach trom fágtha i mo dhiaidh agam, tá gach duine ansin ar a sháimhín só gan na fadhbanna céadna acu. (lch. 153)
De réir dealraimh, ní bhíonn mórán eagla ar na Protastúnaigh roimh na Gaeilgeoirí, nó cibé eagla a bíos, is dual daoithi tréigbheáilt de réir a chéile, agus an GaelPhrotastúnach ag fáil aithne ar na daoiní agus ag ceangailt isteach sa dream. Déanta na fírinne, is cosúil go bhfuil níos mó faitíos ar chuid acu roimh Phrotastúnaigh eile, go h-áithrid más as ceantair phrólatáireacha dófa, ina bhfuil na Dílseoirí ag rith damhsa. Is minic a chaithfeas siad béim ar leith a chur ar a ndearcadh Aontachtach i measc lucht a gcomhchreidimh féin le gach drochamhras a scabadh.
Tá íomhá Phoblachtánach na Gaeilge an-láidir agus í préamhaithe go domhain daingean dobhogtha in intinn na bhfoghlaimeoirí féin. Mar sin, is féidir leMcCoy trácht a dhéanamh ar chuid mhaith foghlaimeoirí Protastúnacha a d’éirigh as an teanga nó a bhí ar sheala droim láimhe a thabhairt léithi nuair a tháinig géarú ar na trioblóidí, go h-áithrid má fuair duine de lucht a n-aitheantais féin bás i bpléasc buama nó bobghaiste.
Deir McCoy gur féidir le foghlaimeoirí meánaicmeacha a aidmheáil i measc a gcuid carad go bhfuil an teanga acu, ach ar ndóighe, tá timpeallachtaí agus comhluadair ann ina seachantar gach tagairt do na Trioblóidí - nó d’ábhair “íogaire” chainte, ar nós na Gaeilge.
Bíonn Gaeilgeoirí Protastúnacha go minic scoite scartha ó phríomhshruth na gluaiseachta Gaeilge, an oiread sin ar a laghad is nach bhfuil tuigse cheart acu ar éilimh agus ar chuspóirí athbheochana na gluaiseachta, ar nós úsáid na Gaeilge i gcúrsaí poiblí nó bunú rannóga ar leith le Gaeilge taobh istigh den státseirbhís. Cuireann siad, fosta, aidhmeanna folaithe i leith na ndaoiní atá ag iarraidh an Ghaeilge a athbheochan in Iarthar Bhéal Feirste: is é a manadh, go minic, ná “mise a d’fhoghlaim ar chúiseanna cultúrtha í, agus iadsan a chrom uirthi ar chúiseanna polaitíochta.” Greannmhar go leor, tá a scáile scátháin de dhearcadh ag na Prodasnaigh Náisiúnaíocha a bhí faoi agallamh ag McCoy. Ghní siadsan iontas cén fáth a bhfoghlaimeochadh Dílseoir nó Aontachtóir oiread is leathfhocal Gaeilge, agus é tiomnaithe dílsithe ar fad do chúis na ríochta a rinne, tráth, a seacht ndicheall is fiche leis an teanga a chur de dhroim an domhain.
Is é an tátal is féidir a bhaint as an iomlán ná go dtig leis an Ghaeilge bheith ina cuidiú leis an dá phobal a thabhairt le chéile, ach caithfear aird a thabhairt ar an fholáireamh a fuair muid ó Phól Ó Muirí, agus é ag scríobh ar an tseachtaineán udaí Anois, nach maireann - sa bhliain 1993, más buan mo chuimhne. Fuair sé locht ar an dearcadh a bhí sách forleathan i measc lucht na Gaeilge, gur “cineál haisis”, mar a chuir sé i bhfoclaibh é, - an dearcadh gur “cineál haisis” í an Ghaeilge a bhéarfadh an saol mór agus trioblóidí an Tuaiscirt chun síochána ach muid uilig, eadar Phrodasnach agus Chaitliceach, ár ngal a bhaint as “toitín draíochta” na Gaeilge. Chan fhuil an druagántacht sa Ghaeilge féin a chneasóchadh an scoilt trasphobail sa Tuaisceart, ach ba chóir, ar ndóighe, go bhféachfadh gluaiseacht na Gaeilge chuige nach mbeadh an teanga ina cuid den fhadhb ach ina cuid den leigheas. Is léir go bhfuil ráchairt ag Prodasnaigh ar an Ghaeilge, agus tuilleadh oibre de dhíth leis an teanga a chur in aice láimhe dófa.
Aodán Mac Póilín
is údar don chéad alt eile fá “ghnéithe de ghluaiseacht na Gaeilge”.
Ar nós an chuid is mó againn, tá Aodán inbharúla go mb’é Conradh na Gaeilge an chéad shlua-ghluaiseacht a bhí in ann a dhath a chur i gcrích le meath na Gaeilge a mhoilliú. Ní ar bhunadh na Gaeltachta a dhírigh an ghluaiseacht ó thaobh na hidé-eolaíochta de, ach ar mhuintir na Galltachta. Tá mé féin den tuairim go bhfuil an seacht gceart ag Aodán agus é ag cur béime ar an difríocht eadar an dá thrá a bhí an Conradh ag iarraidh a fhreastal: 1) an teanga a choinneáil beo i mbéal an phobail sa Ghaeltacht féin (obair chaomhnaithe na teanga) agus 2) an teanga a chur i mbéal an phobail taobh amuigh den Ghaeltacht (obair athbheochana na teanga).
Níor rith an méid seo le hAodán - ar a laghad, níor chuir sé i bhfoclaibh comh láidir sin é - ach sílim féin nach mba mhiste é a rádh sa chomhthéacs seo: chan ionann na sainleasanna atá á gcur chun cinn ag gluaiseacht na hathbheochana agus ag gluaiseacht caomhnaithe na teanga.
Bheir Aodán “móiminteam teanga” ar na fórsaí sóisialta a choinníonns an teanga ag imeacht ar aghaidh ó ghlúin go glúin. An teanga a bhfuil lucht a labhartha i gceannas ar an tsochaí, tá stádas aici atá ag dul leis an chomandracht seo, agus is é an stádas seo atá ag tiomáint an mhóimintim. An dream atá i gceannas ar an tsochaí, tá siad in ann a dteanga féin a chur i bhfeidhm uirthi, i gcruth is go gcaithfidh achan duine a ghnoithí a dhéanamh fríd mheán na teanga sin.
An teanga mhionlaigh, áfach, a mhaireanns beo, deir Aodán gurb é an phríomhchúis lena beogacht, sa chuid is mó de na cásanna, ná í a bheith lonnaithe préamhaithe i bpobal traidisiúnta áitiúil, áit a bhfuil an teanga comh scoite scartha ó lucht labhartha na príomhtheanga le bheith cuibheasach sábháilte; thairis sin, caithfidh sé go bhfuil lucht a labhartha ag dearcadh orthu féin mar dhream ar leith - ó thaobh an tsaindúchais de. Bíonn lucht na sochtheangeolaíochta ag labhairt fá dtaobh den “chéimíocht cheilte” (covert prestige) fosta: is é sin, siúd is go bhfuil meas foscailte ag an tsochaí ar fad (an mionlach san áireamh) ar an teanga mhór, is féidir go bhfuil meas ceilte ag daoiní den mhionlach ar a dteanga féin. Mar shampla, an té a tharraingíos air féin teanga na príomhchathrach i measc a mhuintire féin fán tuaith, is féidir go ndearcann an chuid eile air mar a bheadh cúl le cine nó seoinín ann, duine atá ag iarraidh “na nósanna galánta a d’fhoghlaim sé sa chathair mhór a chur i bhfeidhm orainn féin”. An seoinín a fhéachanns leis an teanga “ghalánta” a úsáid le daoiní nach labhraíonn ó dhúchas í, cuireann sé amach é féin as measc a mhuintire, rud nach mbíonn aon mhoill orthu siúd a chur ar a shúile dó. “Is seoinín thú, agus ní maith linn seoiníní sna críocha cúil seo.” Má chailleann an teanga na frapaí sochtheangeolaíocha seo - an iargúltacht, an “chéimíocht cheilte”, an fhéiniúlacht eitneach (nó an “saindúchas”, mar is fearr liom féin a rádh) agus feasbhaidh áiseanna foghlama na mórtheanga - imeochaidh an sracadh aisti.
Nuair a bunaíodh an Saorstát, cuireadh polasaithe caomhnaithe Gaeilge i bhfeidhm, ach má cuireadh, - a deir Aodán, - bhí dinimic agus claonadh na forbartha ann cheana féin nár cheadaigh do na polasaithe mórán toradh a thabhairt. Mar shampla, má thoisigh an Stát a dh’adhmholadh na Gaeilge, níor mhaolaigh sin ar an dímheas beagnach traidisiúnta, beagnach instinneach fiú, a bhí ag lucht Béarla na hÉireann le fada an lá ar mhuintir na Gaeltachta. In áit an Ghaeltacht a fhairsingiú, níor cuireadh ach moill bheag ar an dóigh a rabh sí ag cúlú is ag titim as a chéile. Sa Ghaeltacht féin, tá an Ghaeilge ag imeacht go tiubh téirimeach mar ghnáthurlabhra phobail, siúd is go bhfuil cuid de na teaghlaigh ag cloí léithi ar chúiseanna idé-eolaíochta - cosúil le Gaeilgeoirí na Galltachta.
Maidir le hathbheochan na teanga sa Ghalltacht, tá Aodán den bharúil nach obair amú a bhí ann, nó ar a laghad d’éirigh leis an ghluaiseacht cuid mhór de bhunadh na hÉireann a mhealladh i dtreo na Gaeilge. Thar aon rud eile, maolaíodh ar an díspeagadh a bhí ag go leor Éireannaigh don teanga go dtí sin, comh maith leis an teanga féin a chur chun cinn i measc na meánaicme agus a athintleachtú le freastal ar riachtanaisí úsáide teanga na haimsire seo.
Scéal eile, áfach, nár éirigh leis an fheachtas seo Poblacht na hÉireann a thabhairt chun díGhalldachais dáiríribh, nó fanann an Béarla i mbéal an phobail i gcónaí, rud a bheir ar go leor daoiní a shílstint nach bhfuil i gceist leis an Ghaeilge ná leis an Ghaeilgeoireacht ach airgead amú. Cuireann Aodán béim ar an fhíric thábhachtach go rabh cuid mhaith náisiúntóirí sásta a mbuntáiste féin a ghlacadh ar an Ghaeilge mar ghléas troda, slógtha agus earcaithe, ach i ndiaidh chogadh na saoirse chaith siad i leataoibh í.
An chuma atá ar an scéal ar na leabhartha staire, shílfeá go rabh gach mac máthar agus nighean athar ag spalpadh leofa as Gaeilge mar a bheadh sí ó dhúchas acu i laetha luatha Chonradh na Gaeilge. Ní mar seo a bhí, áfach. Is dóchúla ná a mhalairt go bhfuil i bhfad Éireann níos mó Gaeilge á labhairt ar fud na tíre ar na saoltaibh seo. Cuid mhaith de na luathNáisiúntóirí, níor fhoghlaim siad mórán thar na gnáthbheannachtaí riamh.
Nuair a bhí an tír saor ó bhráca na Sasana, cha rabh gá leis an Ghaeilge a thuilleadh mar shiombail freasúra agus frithGhalldachais. Thairis sin, agus an athbheochan ah iompó amach comh deacair is a bhí sí, chaill an teanga cuid den ghradam nua a fuair sí mar sheoid náisiúnta, agus chualathas an bharuil nach rabh aon mhaith san fheachtas athbheochana ar aon nós. In áit a gcuid cumarsáide a dhéanamh fríd mheán na Gaeilge, roghnaigh muintir na hÉireann bheith “cairdiúil” i leith na teanga agus iad ag déanamh a gcuid comhrá is caidrimh fríd mheán an Bhéarla.
Tráchtann Aodán ar an fheasbhaidh fíorúsáide i measc na ndaoiní a bhfuil an teanga acu: má tá siad in ann í a labhairt, ní labhraíonn siad í ach go hannamh. Cuireann sé béim air nach é líon na gcainteoirí an rud is tábhachtaí: tá sé i bhfad níos úimléidí cé a labhraíonns an teanga, cén stádas atá aige sa tsochaí.
Tá Aodán barúlach gurb é an diomuaidh is mó a bhain do ghluaiseacht na Gaeilge ná nár éirigh léithi pobail úra Ghaeilge a chur ar bun in aon áit. Na Gaeltachtaí is lú, is ísle mórtais féin, tá níos mó marthana iontu ná in aon rud dá bhfuil cruthaithe ag an ghluaiseacht athbheochana le céad bliain anuas. Tagraíonn sé do Joshua Fishman, clasaiceach na sochtheangeolaíochta, agus an dóigh ar chardáil seisean cúrsaí teanga na hÉireann ins an leabhar a scríobh sé fá na hiarrachtaí chun malartú na teanga a chasadh ar ais in áiteanna mar Éire.
Deir Fishman gur éirigh le hÉirinn meath na Gaeilge a stopadh, ach san am chéadna chlis uirthi malartú na teanga a chur ag obair sa treo chontrártha. Is é an rud atá ag tarlú ná go bhfuil gach glúin ag múineadh Gaeilge don chéad ghlúin eile - ar scoil; agus an chéad ghlúin eile aríst, múinfidh sí an teanga ar scoil do ghlúin níos óige aríst. An rud nach bhfuil ag titim amach, áfach, ná an teanga a bheith ag dul ar aghaigh ó ghlúin go glúin go nádúrtha ó na tuistí go dtí an chlann. Mar sin, caithfidh achan ghlúin an t-arrachtach céadna a leagan as an nua, seachas rudaí úra a thógáilt ar an tseandúshraith. Mar is eol dúinn, níl an teanga ag dul ó ghlúin go glúin mar ghnáth-theanga thinteáin ach ins an Ghaeltacht agus ins na teaghlaigh Ghaelacha sa Ghalltacht. Eisceacht iomlán atá i bpobal nuaGhaeltachta Bhóthar Shaw i mBéal Feirsde.
Tá Aodán inbharúla gurb é an móiminteam céadna a choinnigh anGhaeilge beo sa Ghaeltacht - gurb é atá ag coinneáil an Bhéarla beo a Ghalltacht anois, beag beann ar iarrachtaí na gluaiseachta, na scoltach is na n-athbheochantóirí aonair. Deir sé, fosta, ná nár thuig lucht na Gaeilge riamh comh deacair agus atá sé pobail úra theanga a chur ar bun taobh istigh de shochaí sách aonteangach, agus ceann de mhórtheangacha an domhain á labhairt inti. Chreid na chéad athbheochantóirí nach mbeadh de dhíth, go bunúsach, ach an teanga a mhúineadh do na daoiní le hiad a chur á labhairt, ach d’iompaigh an scéal amach a bheith i bhfad níos casta. Níor leor iad idé-eolaíocht na hathbheochana agus múineadh na teanga amháin.
Le pobal ceart Gaeilge a chur ar bun, a deir Aodán, ní leor an idé-eolaíocht: tá dinimic inmheánach shóisialta, mar a deir sé, cineál inneall teanga, ag teastáil leis an phobal a choinneáilt le chéile ag labhairt Gaeilge: an tucaid a bhí agat le pósadh, ní hí an tucaid chéadna a choinníonns pósta ceangailte thú.
Ar ndóighe, tá Gaeilgeoirí idé-eolaíocha, dúthrachtacha de dhíobháil leis an chineál sin pobal a bhunú, ach tá an bhéim ar an fhocal udaí bunú. Nuair atá an pobal bunaithe, tá rudaí eile ag teastáil: fórsaí sochtheangeolaíochta a choinníonns an lasair sa bharrach. Caithfear timpeallachtaí sóisialta nó réimsí, leis an téarma sochtheangeolaíochta a tharraingt orm, a chur ar bun nach gceadaíonn aon teanga eile seachas an Ghaeilge a úsáid. Le sin a dhéanamh, caithfidh daoiní a theacht le chéile chun rud éigin a dhéanamh in éineacht fríd mheán na Gaeilge nach bhfuil déanta acu as Béarla go fóill, i gcruth is nach bhfuil réamhthaithí acu a chuirfeadh i dtreo an Bhéarla ina n-ainneoin féin iad. Tá sé creathach deacair a leithéid seo a dhéanamh, áfach. Tá sé furasta go leor titim i ngrádh leis an Ghaeilge, ach is deacra pósadh suaimhneach a bheith agat léithi go lá do bháis, ó tá an tsochaí go léir do d’agairt adhaltranas a dhéanamh leis an Bhéarla - más ceadmhach domh tuilleadh faid is fairsinge a bhaith as meafar Aodáin.
Ar ndóighe, bhí na Gaill brúidiúil míthrócaireach ag baint na Gaeilge de bhéal na nGael, agus níl sé indéanta an Ghaeilge a thabhairt ar ais ar an bhealach chéadna, le láimh láidir. Ní féidir, fiú, an Ghaeilge a bhrú ar na daoiní ar bheagán Gaeilge in éadan a dtola. Go praiticiúil, is é an Gaeilgeoir atá dátheangach agus atá in ann Béarla a tharraingt air i gcuideachta an Bhéarlóra: ní féidir leis úsáid na Gaeilge a éileamh ar an Bhéarlóir.
Thairis sin, is millteanach an íobairt é an Béarla a thréigbheáilt ar mhaithe leis an Ghaeilge. I ndiaidh an iomláin, is é an Béarla an teanga lenar tógadh an Gaeilgeoir ón Ghalltacht, agus is é an teanga is dual dó a labhairt, an teanga a labhraíodh sé riamh lena mhuintir. Is é an teanga a thig leis a labhairt le achan duine ina thimpeall. Is é an teanga inar lorg sé riamh an focal ceart lena chroí is lena intinn a chur in iúl. Cad fáth a dtréigfeadh sé é ar mhaithe leis an Ghaeilge - teanga nach bhfuil mórán taca aici sa tsochaí?
Is follasach gurb iomaí Gaeilgeoir a éireochas as an Ghaeilge sa deireadh thiar thall. Deir Aodán, fiú, go bhfuil an tír foirgthe le Gaeilgeoirí teipthe.
Maidir leis na difríochtaí eadar cás na Gaeilge sa Tuaisceart agus staid na teanga ins na Sé Chontae Fichead, is í an chéad phointe a tharraingíonns Aodán anuas ná an stádas oifigiúil (mar dhea) atá ag an Ghaeilge sa Deisceart. Ach ós rud é nach ionann polasaí na hathbheochana agus polaaí caomhnaithe na teanga, agus nach ionann riachtanaisí a saoil do Ghaeilgeoirí na Galltachta agus do chainteoirí dúchais na Gaeltachta, is féidir go bhfuil sainleas an dá dhream seo ag teacht crosach ar a chéile, agus san am chéadna is féidir nach dtugtar a sháth aitheantais don teacht crosach seo.
Go háithrid, is féidir go dtearn cuspóirí neamhréadúla na nGaeilgeoirí idé-eolaíocha dochar do shainleas na gcainteoirí dúchais mar mhionlach saindúchais. Nuair a tháinig maolú ar náisiúnachas an stáit i ré Lemass, tharraing an stát siar as na cuspóirí seo, rud a chiallaigh go dtearnadh dearmad de chearta teanga na Gaeltachta féin. Chuideachtaigh an Stát cearta teanga na Gaeltachta le cuspóirí míréasúnta na nGaeilgeoirí; is iomaí cuspóir réasúnta de chuid na Gaeltachta a caitheadh i dtraipisí de thoradh an chomhcheangail smaoitíocha seo.
Sa Tuaisceart, áfach, bhí iarsmaí na bpobal áitiúil Gaeltachta ag dul in éag cheana nuair a tháinig an stáitín ar an fhód. Bhí seanchainteoirí ar fáil a tógadh le canúintí Thír Eoghain, Ghleannta Aontroma agus Oileán Rachrann, ach má bhí, ní pobail a bhí iontu ach cainteoirí aonair nach rabh céile comhráidh fágtha acu. Mar sin féin, bhí Gaeilgeoirí neamhdhúchais á n-oiliúint ar fud an stáitín, anseo agus ansiúd, i ndiúnas ar an stáitín nach rabh ag bacadh leis an teanga a chosaint, ná fiú á chur i gcéill go rabh. Ciallaíonn sin go rabh imthoscaí an chatha ar son na Gaeilge i bhfad ní ba shimplí sa Tuaisceart. Cha rabh an stát ag iarraidh geáitsí na cairdiúlachta a chur air féin.
B’é an Daonáireamh sa bhliain 1991 an chéad iarracht, dar le hAodán, líon na nGaeilgeoirí sa Tuaisceart a mheasúnú ar bhealach staitisticiúil. B’é an toradh a thug sé ná go rabh Gaeilge ag céad agus dhá scór míle duine, agus ba Chaitlicigh iad a bhformhór, ar ndóighe, siúd is go rabh corradh is cúig mhíle Protastúnach eolach ar an teanga. Níl a fhios ag aon duine, áfach, cá mhéad de na daoiní seo atá in ann Gaeilge líofa a labhairt.
Bhí an Ghaeilge go dona as i stáitín an Tuaiscirt, nó bhí aon pháirtí amháin i réim sa stát seo, cosúil leis an Rúis Shóibhéadach, go dtí gur chuir Londain féinrialtas an chúige ar ceal; agus bhí an stáitín bunaithe ar chertchreidmheachas idé-eolaíoch nach rabh comh héagsúil sin le hortadocsachas Cumannach an Aontais Shóibhéadaigh ach an oiread. Thiocfadh a rádh go mb’é an frithÉireannachas, an frithPhoblachtánachas nó fiú an frithShaorstátachas an idé-eolaíocht oifigiúil, agus ba chuid den idé-eolaíocht seo an frithGhaelachas is an fhrithGhaeilgeoireacht fosta. Mar a chuala muid in amanna, agus mar a léigh muid thuas ag Ian Malcolm, ní rabh aon chiall dhearfach leis an idé-eolaíocht seo riamh: ní rabh i gceist léithi ach dubheitiú d’Éirinn agus “dílseoireacht go héag”, gan marana a dhéanamh riamh ar an chineál Breataine Móire a mbítí ag tabhairt na hurraime dílise seo daoithi.
Mar sin, thiomnaigh stáitín an Tuaiscirt an-fhuinneamh don Ghaeilge a choinneáil siar, agus cha rabh stádas oifigiúil ar bith aici. Mar shampla, fágadh an Ghaeilge faoi chosc a craolta i bhfad i ndiaidh bhunú córas craolacháin don Bhreatnais agus don Ghàidhlig. Cha rabh naimhdeas na nAontachtóirí in ann ag gluaiseacht na Gaeilge, áfach, nó is ins an Tuaisceart, thar aon áit eile, a d’éirigh le Gaeilgeoirí pobal úr “Gaeltachta” a bhunú. An dóigh a bhfuil an teanga ag dul chun cinn ins na Sé Chontae inniu, bheir sé ar chuid de na Gaeilgeoirí i bPoblacht na hÉireann a shílstint go bhfuil an Ghaeilge níos sábháilte taobh thuaidh den Teorainn. Tá Aodán Mac Póilín barúlach, áfach, nach bhfuil aon chúis cheart ann lena leithéid a chreidbheáilt.
Ar ndóighe, is féidir nach bhfuil i gceist leis na Deisceartaigh a déarfadh a leithéid ach cineál cumha nó caitheamh i ndiaidh na laetha a bhí, nuair a bhí cath na Gaeilge agus cath na hÉireann comh fite fuaite le chéile is go dtiocfadh leat, go teoiriciúil ar a laghad, leas a bhaint as an náisiúnachas le cuspóirí teanga a bhaint amach. (Scéal eile ar fad go mb’í gluaiseacht na saoirse ba mhinící a tháinig i dtír ar ghluaiseacht na teanga, seachas a mhalairt.) Is maith liom, anseo, sliocht iomlán athfhriotail a tharraingt orm: Mar a cuimhníodh roimhe seo - tá Aodán ag tagairt d’alt eile sa leabhar - b’iomaí Gaeilgeoir a chuaigh leis an teanga in Éirinn roimh an neamhspleáchas le cur in aghaidh an stáit Bhriotanaigh. Le teacht na saoirse, cailleadh an tucaid seo i nDeisceart na hÉireann. Tá sé ardtábhachtach, go háithrid, sonrú a chur ins an ráiteas seo: An rud céadna a bíos ag gealladh fuascailt is saoirse ó bhráca mar chuid d’idé-eolaíocht fhreasúrach frith-sheanbhunaitheachta, is minic a thiocfas blas an ansmachta air má ghlactar leis mar chuid den cheartchreidmheachas oifigiúil.
Mar sin, chan chun sochair amháin atá an ceangal leis an náisiúnachas ag dul do chúis na Gaeilge inniu. Is féidir a rádh, fiú, go bhfuil “blas an cheartchreidmheachais oifigiúil” ar an cheangal seo féin, ós rud é go mbíonn cuid de na polaiteoirí ins an deisceart féin ag dul i dtuilleamaí reitric an náisiúnachais ina gcuid bolscaireachta. Má shamhlaítear an Ghaeilge leis an chineál seo béalchráifeachta agus cur i gcéill, is follasach nach é leas na teanga é. Tá sainmhíniú úr de dhíth ar chúis na Gaeilge, agus idé-eolaíocht na gluaiseachta á hathrú de réir an riachtanais seo.
Siúd is gur léir go bhfuil an náisiúnachas mar bhunghluaisne ag go leor Gaeilgeoirí i gcónaí, tá tuigthe ag an chuid is mó de lucht na teanga ins an Deisceart nach dtig leofa an coimeadar a chur ar mhórán nua-earcaigh le hargóintí náisiúnaíocha amháin.
Ins an am chéadna, tá gluaiseacht na teanga ins an Tuaisceart suite i gcineál freangadh ama, mar a deir Aodán, i gcúrsaí idé-eolaíochta. Is é an náisiúnachas den tseanchineál a sholáthraíonns cuid mhór den bhreosla d’inneall na gluaiseachta Gaeilge eadar Paiteagó agus Latharna. Is iomaí Gaeilgeoir ins an Tuaisceart, an mhórchuid acu is dócha, a chuaigh leis an teanga an chéad uair riamh le teann diúnais ar an stát, cosúil leis na Gaeilgeoirí i dtúsbhlianta Chonradh na Gaeilge, b’fhéidir.
Ina dhiaidh sin féin, ní féidir leis na Gaeilgeoirí ins an Tuaisceart fanúint i dtuilleamaí an náisiúnachais mar phríomhspreagadh do na nua-earcaigh, ós rud é go bhfuil amhras ar na hAontachtóirí fá dtaobh den tucaid áithrid seo. Má táthar dáiríribh ag iarraidh aitheantas cuimsitheach oifigiúil a bhaint amach don Ghaeilge agus aontachtóirí a bhréagadh i leith na teanga, caithfear spreagadh de chineál eile seachas an náisiúnachas a sholáthar don Ghaeilgeoireacht.
Creideann Aodán gurb é an gléas is fearr le sin a dhéanamh ná a dhul i dteagmháil le gluaiseachtaí mionteangacha eile le smaoitíocha úra a fhoghlaim uathu siúd. Tagraíonn sé do ghluaiseacht Ghàidhlig na hAlban ach go h-áithrid, ós rud é go bhfuil Gaeil na hAlban in ann an Protastúnachas agus an teanga Ghaeilge, agus an Caitliceachas is an dílseacht do choróin na Breataine Móire, a chur in oiriúint dá chéile.
Antaine Ó Donnaile
a scríobh an aiste dheireanach ar an leabhar, mar atá, An féidir le mionlach teanga réitiú le móramh atá fabhrach dó? Ceist cineál barrúil atá ann, mar a aidmhíonns mo dhuine féin, nó shílfeá gur fearr i bhfad an móramh a bheith cairdiúil ná naimhdeach i dtaobh na mionteanga. Bíonn cúrsaí na sochtheangeolaíochta níos casta ná mar sin, áfach.
Ar tús, tráchtann Antaine ar an dóigh a bhfuiltear ag cur na teanga chun cinn thuaidh agus theas. Tá an stát in ainm a bheith fabhrach ins na Sé Chontae Fichead; maidir leis an stáitín thuaidh, ní mór a aidmheáilt go bhfuil an státmhaoiniú do na scoltacha lánGhaeilge á fhorbairt agus á fheahsú ansin féin, siúd is go bhfuil cuid mhór deargdhílseoirí ag léiriú fuath doleigheasta don teanga.
(Mar a tchí sibh, scéim eile a bhí anseo nár chríochnaigh mé riamh, faraor…)