History, Literature, Teangacha, FinlandiaJanuary 24, 2010 8:33 pm

Ceann de na leabhair a theastaigh uaim a aistriú go Gaeilge ab ea an t-úrscéal le Juan Rulfo, Pedro Páramo. Ó cuireadh Gaeilge air cheana féin, is dócha go gcaithfidh mé éirí as an obair sin. Tháinig mé ar an tseansceits seo i measc mo chuid páipéar, áfach, agus sílim nach miste dom í a chur ar fáil daoibh. Seo tús an úrscéil.

Tháinig mé go Comala ó chuala mé gurb anseo a bhí cónaí ar m’athair, fear darbh ainm Pedro Páramo. Sin é an rud a dúirt mo mháthair liom, agus gheall mé di go rachainn ar a lorgsan a thúisce is a bheadh sise tar éis bháis. Chroith me a lámhasa mar chomhartha go ndéanfainn, nó bhí sí ag saothrú an bháis, agus gheallfainn a rogha rud di. “Déan deimhin go dtabharfaidh tú cuairt air”, ar sise. “Tá a leithéid seo agus a leithéid siúd eile d’ainm air. Tá mé cinnte go mbeidh sé breá sásta aithne a fháil ort.” Ansin ní fhéadfainn ach a rá léi gurbh amhlaidh a dhéanfainn, agus ina dhiaidh sin fuair mé deacair mo lámha a shaoradh ó ghreim na mná mairbhe.

Bhí an méid seo ráite aici liom roimhe sin:

“Ná bí ag impí air. Éiligh ár gceartne air. An rud a dhlitear uaidh, an rud nár thug sé dúinn. An dóigh ar lig sé i ndearmad sinn, a mhic, gearr a dheachú sin air.”

“Déanfaidh mé, a Mhaim.”

Ach níor shamhlaigh mé an gealltanas sin a chomhlíonadh. Anois, áfach, mhothaigh mé na brionglóidí ag borradh taobh istigh díom, agus na haislingí do m’iompar leo. Ar an dóigh seo a chruthaigh mé domhan beag dom féin thart timpeall ar an dóchas a bhí agam as an bhfear seo darbh ainm Pedro Páramo, fear céile mo mháthar. Sin é an tuige gur tháinig mé go Comala.

An Fhionlainn, Finland, Pearsanta, Personal Matters, Literature, Finlandia, SciorrfhocailJanuary 23, 2010 1:56 pm

Is beag focal moltach a thig liom a rá i dtaobh Varkaus, mo chathair dhúchais a bhfuil imeachtaí an úrscéil Tachtaimis an Grá Sin suite inti (cé gur athbhaist mé an áit mar “Narkkaus”). Dá mbeinn i m’ógánach sa chathair inniu, bheadh saol i bhfad ní b’fhearr agam ná mar a bhí, nó tá an tIdirlíon ann anois, agus chuirfeadh sé ar mo chumas teacht slán ón uaigneas ba dual do mo leithéid ansin. San am sin, ba é an t-aon bhealach éalaithe a bhí ar fáil ná an leabharlann agus an léitheoireacht, ach ar ndóigh, ní féidir leis na leabhair gnó an chaidrimh dhaonna a dheanamh. Ar an Idirlíon, ar a laghad, is féidir leat aithne a fháil ar chairde nua.

Mar sin, samhlaígí daoibh cathair bheag in Oirthear na Fionlainne tá fiche éigin bliain ó shin. Is é an t-aon rud is cuid súl ansin ná an dóigh a gcuireann solas na gréine an sneachta ar bharr lasrach le teacht an tráthnóna sa gheimhreadh, nó an deirge a fhágann sé ar na ballaí bána san fhómhar agus san earrach. Le fírinne, agus mé ag dul siar ar bhóthar na smaointe inniu, is é an rud a chronaím uaim ó Varkaus ná an solas agus na crainn arda phéine. Níl mé cinnte faoin gcosúlacht atá ar an áit inniu, ach nuair a bhí mé óg, bhí sí ní ba spásúla, ní b’oscailte ná Turku, an chathair scothmhór in Iar-Dheisceart na Fionlainne ina bhfuil cónaí orm inniu. Ní raibh na tithe chomh tiubh in aice le chéile ansin, ach ón taobh eile de, bhí na crainn flúirseach go maith, agus is é an cineál crann a bhí iontu ná crainn phéine.

Ní bitheolaí mé, ach is é an chéad rud a d’fhoghlaim mé faoin difríocht idir an dá chineál crann spíonlaigh sa tír seo ná go mbíonn na sprúis ag seachaint an tsolais agus na crainn phéine ag tarraingt air. Mar sin, de réir mar a bhíonn na crainn phéine ag fás, bíonn na craobhacha is ísle thíos ag dreo, ag feo is ag meath de cheal solais. Sa deireadh, is é an rud a gheobhaidh tú ná bile atá níos airde ná an crann brataí, agus beagnach chomh lom leis, amach ó na craobhacha in airde thuas, san áit is mó solais. Bíonn na crainn phéine seo scaipthe ar fud na háite, cuid acu ina seasamh sna garranta timpeall na mbloc árasán féin.

Mar sin, i ndiaidh an iomláin ba áit cuibheasach álainn í Varkaus i mblianta mo chéad óige, chomh soilseach, chomh hoscailte, chomh saibhir i gcrainn léi. Scéal eile, áfach, go raibh boladh bréan na broime san aer. Na crainn a raibh an dúrud sin acu ag fás sa cheantar, bhí siad á leagan agus á mbeiriú go páipéar sa mhonarcha. An modh oibre a bhí in úsáid acu leis an gceallalós a aonrú le haghaidh páipéir, tugtar beiriú sulfáite air, agus is seachthoradh don phróis seo an meitilmearcaptan CH3SH - díorthach ceimiceach orgánach de chuid na suilfíde hidrigine H2S. Is é an mearcaptan céanna is cúis leis an mboladh ar a n-aithnítear briseadh gaoithe an duine fosta. Ó bhí muintir na háite i dtuilleamaí na monarchan sin le haghaidh jabanna agus tuarastail, ba léir nach raibh mórán le déanamh faoin mboladh.

Ní hionann, ar ndóigh, Varkaus agus Narkkaus. Mar shampla, nuair a bhí mise ag freastal ar an meánscoil, ní raibh an leabharlann nua tógtha go fóill. San am sin, chaithfimis leor a ghabháil leis an tseanleabharlann a bhí suite chois shráid na siopaí. Sílim gur teach tábhairne a bhí sa chéad urlár, díreach taobh thíos den leabharlann, agus gur shealbhaigh an teach ólacháin sin áitreabh na leabharlainne nuair a haistríodh na leabhair go dtí an t-áitreabh nua chois Phlás Taulumäki (Plás Tollomäki sa leabhar).

Bhí caifitéire sa leabharlann úr ceart go leor, an caifitéire inar casadh Somhairle agus Máire Gráinne sa leabhar ar a chéile, agus nuair a thagainn ó Turku go Varkaus le cúpla lá scíthe a fháil, ba mhinic a shnáthainn féin cupán caife ansin le dónat (taoschnó) nó le brioscaí, díreach cosúil le Somhairle. Le fírinne san am sin bhí cuma dheas fháilteach ar Varkaus. B’fhearr i bhfad í mar áit ná mar a bhí sí nuair a bhí mé féin ag dul ar scoil. Bhí an leabharlann thar a bheith deas, agus bhí beogacht agus bíogúlacht ag baint leis an áit nach raibh ann roimhe sin. Bhí, fiú, muintir na háite ag teacht le chéile go tráthrialta i bpanc aonaigh Päiviönsaari le clapsholas na hoíche a fháiltiú le cantaireacht phobail nó le hairneán ceoil de shórt éigin, gach Máirt i rith an tsamhraidh. Samhlaigh duit é, muintir Varkaus ag canadh amhrán in éineacht i bpanc an aonaigh díreach mar a bheadh Gaeil iontu! Le fírinne chuaigh sé rite liom é a chreidiúint nuair a chuala mé an chéad iomrá air seo. Ach de réir mar a léigh mé ar an Idirlíon, bhí traidisiún seo an “mhargaidh thráthnóna”, iltatori as Fionlainnis, díreach ag slánú cúig bliana fichead sa bhliain 2009. Muise, chuir na bastairt sin tús leis an traidisiún faoin am chéanna is a ghread mé féin liom as an áit le cur fúm i dTurku! Shílfeá go ndúirt muintir Varkaus le chéile ansin: “Tá Panu imithe leis faoi dheireadh. Anois, is féidir linn cuma agus caoi a chur ar an gcathair agus spiorad an chomhair is an chomhphobail is an chomhdhaonnachais a chur chun cinn, ó nach mbeidh seisean ann le sult a bhaint as an saol nua.”

Learning and Teaching Irish, Gaeilge, Téarmaíocht, Teangeolaíocht, Irish language, Literature, TeangachaJanuary 17, 2010 5:19 am

For some time now, I have been reading Breandán Ó Doibhlin’s translations from French. Although I don’t say all his writings are bad Irish, nor do I think he is a particularly bad example, I think he could do better. Here are some examples of dubious Irish I would like to criticize:

In Smaointe le Blaise Pascal, on Page (ii), we found an example of that old abomination:

“Mhair sé ó 1623 go 1662, tréimhse inar stróiceadh Éire ó chéile ag cogadh agus fuath a shíolraigh ón athrú mór creidimh a d’fhág críostaithe roinnte ina gCaitlicigh agus ina bProtastúnaigh.”

I think I have pointed it out a million of times that the autonomous forms are no passives, but rather active voice forms with no subject mentioned. The whole reason why you use autonomous forms is, that you want to avoid to mention the subject, the “doer”. You can say bhí Éire á stróiceadh ó chéile ag cogadh (continuous passive: “Ireland was being torn apart by war”) or bhí Éire stróicthe ó chéile ag cogadh (situational passive, or as Germans say, zustand passive: “Ireland had been torn apart by war”). But when you use autonomous forms (stróictear, stróicfear, stróiceadh, stróicfí, stróictí), do not use the agent “ag”. If you need to mention the subject, then do please mention it.

I would rewrite this sentence thus: “Mhair sé ó 1623 go 1663. Sa tréimhse chéanna, bhí Éire á stroiceadh ó chéile ag an gcogadh agus ag an bhfuath a shíolraigh ón athrú mór creidimh a d’fhág na Críostaithe roinnte ina gCaitlicigh agus ina bProtastúnaigh.” Note that I made two sentences out of it, that I made a progressive, continuous passive out of it - the Irish simple past has a stronger sense of perfectivity, a goal attained, than the English past tense, but I don’t think there is a goal achieved here, the idea is rather that of Ireland being continously in the process of being torn apart - and that I inserted some definite articles there which weren’t there to start with.

The latter is because in Irish the definite article is not only definite, but also generic. “A cat is an animal” must in Irish be expressed as “is ainmhí é an cat”. “Irish is a Celtic language” is in Irish “Is teanga Cheilteach í an Ghaeilge”, because we are speaking about Irish as a whole. If we say that Reformation (in Irish, of course, an Reifirméisean or an t-athrú mór creidimh) left Christians divided, in Irish we must call them na Críostaithe.

On Page 2, we see

“Tosaigh leis na díchreidmhigh a chásamh”.

This can, if read as Gaeltacht Irish, only mean “Begin in order to express concern for the unbelievers”, but I think the message he, or Blaise Pascal, wanted to convey was “Begin by/with expressing concern for the unbelievers”. The construction “le rud a dhéanamh” means in Irish “in order to do something”, “supposed to do something”, “obliged to do something”. I guess the guy wanted to say Ar dtús, bí ag cásamh na ndíchreidmheach.

On Page 28, he uses “ó aois ár leanbaíochta” = since our childhood, “since the age of our childhood”. This is not explicitly wrong, but personally, I would prefer ónár gcéad óige, because “aois leanbaíochta” and “leanbaíocht” are very often in the sense of “an dara leanbaíocht”, i.e. senility and dotage.

On Page 47, we see “an coinníoll daonna” in the sense of “human condition”. Coinníoll, though, in Irish only means condition in the sense of stipulation, not in the sense of state, situation, or circumstances. That sense is better translated with “cás”, as in “tuigim do chás”, which basically means “I understand the condition you are in”. To give Ó Doibhlin his due, he does in some other context use “cás an duine ar an saol seo”, which is an exact and correct translation of “the human condition”. (I’m not sure, but he might have used “ar an tsaol seo” instead, because he tends to adhere to the Ulster rules of lenition.) On Page 48, there is another instance of “coinníoll” used in this sense: “ár gcoinníoll fannlag básmhar” (”our feeble, mortal condition”). I guess “cás” wouldn’t do here, but there are other alternatives, such as “ár staid fhannlag bhásmhar” or even “staid seo ár bhfannlaige is ár mbásmhaireachta”.

On Page 58, there is made use of “bunaithe” in the sense of “established”: “is é is ceart ann an rud atá bunaithe”. I would prefer “seanbhunaithe”, which is indeed used in the same paragraph.

An FhionlainnJanuary 13, 2010 4:57 am

RÓDACH MÓR IN ESPOO - Ar an lá deireanach de Mhí na Nollag 2009, chuaigh Ibrahim Shkupolli, Cosavach a bhí ina chónaí san Fhionlainn ó thús na nóchaidí anuas, ar an daoraí in Ionad Siopadóireachta Sello in Espoo, in aice le Heilsincí. Mharaigh Shkupolli a iar-bhean luí sa bhaile aici ar dtús, agus ansin thug sé aghaidh ar Sello le ceathrar eile a lámhach a bhí ag obair san ionad siopadóireachta chomh maith leis an mbean. Éad ba chúis leis an ródach, nó shíl an dúnmharfóir go raibh cumann grá ag an mbean le fear acu siúd a mharaigh sé.

Bhí iaróg fhadaraíonach ag Shkupolli leis an mbean, agus cumann grá de shórt éigin aige léi ó tháinig sé go dtí an Fhionlainn i dtús na nóchaidí. Bhí taifead coiriúil ag Shkupolli nár cheadaigh dó saoránacht na Fionlainne a bhaint amach, cé nach raibh coirpeacht thromchúiseach i gceist. Scéal eile é áfach gurb iomaí uair a d’éirigh sé bagrach ar an mbean roimhe seo, ionas go raibh sí tar éis ordú sábháilteachta a bhaint amach ón gcúirt.


SCANNAL FAOI PHÉIDIFILIA I bPOBAL LAESTAIDIANACH SAN OSTRABÓITNE
- Tháinig sé chun solais go raibh seanmóirí tar éis buntáiste collaí a ghlacadh ar bhuachaillí beaga i bpobal Laestaidianach i dtimpeallacht Pietarsaari (Jakobstad), an chuid is mó Sualainnise de chúige na hOstrabóitne in iarthar na Fionlainne. Lucht labhartha Sualainnise iad baill an phobail.

Gluaiseacht athbheochana creidimh is ea gluaiseacht na Laestaidianach a fuair a hainm ó Lars Levi Laestadius (1800-1861), ministir clúiteach a chaith a shaol i dTuaisceart na Fionlainne agus na Sualainne ag iarraidh cur in aghaidh an ólacháin i measc na bhFionlannach is na Laplannach agus ag craobhscaoileadh soiscéal Dé ina measc. Bhí Laplainnis (Sámais) ag Laestadius féin agus an chuma ar an scéal go raibh pór Sámach ann fosta. Cé go mbítear ag caitheamh anuas ar na Laestaidianaigh mar “sheict”, roghnaigh siad fanacht taobh istigh den Eaglais Liútarach, ach is ábhar conspóide a stádas taobh istigh den eaglais i gcónaí, ós rud é nach mó ná sásta a bhíonn siad comhoibriú leis na Liútaraigh eile. Tá na Laestaidianaigh féin scoilte ina lán craobhacha éagsúla. Fionlainniseoirí nó Laplainniseoirí ó dhúchas iad mórchuid na Laestaidianach san Fhionlainn; an chuid acu a labhraíonn Sualainnis sa tír seo, baineann siad leis an gcraobh a dtugtar Lucht Bhriathar na Síochána uirthi.

An seanmóirí a bhíodh ag tabhairt íde do na páistí, fuair sé bás sa bhliain 1988. Na páistí ar chuir sé saint iontu, daoine de shliocht a shleachta féin a bhí iontu. Daoine meánaosta iad inniu. Ba é Rolf Lampa, ball den phobal Laestaidianach a shocraigh síos sa tSualainn, a chuir an scéal i mbéal an phobail, nó tá iris idirlín ag Lampa do na Laestaidianaigh a labhraíonn Sualainnis.

Fear de na páistí a bhí á n-ídiú ag an seanmóirí ba túisce a d’inis a scéal do Rolf Lampa. Dealraíonn sé gur rugadh ar an seanfhear i mbun a dhrochoibre níos mó ná aon uair amháin, ach ós rud é gur fear tábhachtach a bhí ann sa ghluaiseacht, ní raibh de chroí ag tuismitheoirí na bpáistí na coireanna a chur faoi bhráid na bpóilíní - ba rogha leo an náire a choinneáil i bhfolach. Sin é an rud is mó a ghoilleann ar fhear inste an scéil. “An Diabhal féin a chuir ar strae ón gceart is ón gcóir iad”, a deir sé, agus is iad a thuismitheoirí féin atá i gceist aige.

“Focal ní labhróidh mé le mo thuismitheoirí ach iad a milleán féin a admháil”, arsa an fear le Helsingin Sanomat, an nuachtán is mó san Fhionlainn. “Ní deacair liom maithiúnas a thabhairt dóibh, ach ar dtús caithfidh siad a thuiscint go bhfuil an rud mícheart déanta acu.”


FÓGRA SCOIR DO MHINISTIR STAILÍNEACH?
- Tá lucht ceannais na hEaglaise Liútaraí ag cardáil scéal an mhinistir Juha Molari, a bhfuiltear ag cur ina leith go dtagann sé níos mó urraim don Rúis ná do Dhia. Tá Molari pósta ar bhean Rúiseach le cúig bliana déag anuas, agus é ag cáineadh “fhrith-Rúiseachas” agus “Fhaisisteachas” na bhFionlannach go tréan. Is é a dhearcadh gur “stáit bhréige Fhaisisteacha” iad na stáit a bhain amach a neamhspleáchas ón Rúis nuair a tháinig deireadh leis an ré Shóivéadach. Caitheann sé anuas ar na hEastónaigh mar “Fhaisistithe”, ach go háirithe. Ón taobh eile de, ní cheadaíonn sé d’aon duine locht a fháil ar an Rúis, agus is é an breithiúnas a thug sé ar Vladimir Putin gurbh é siúd “an státaire is mó lenár linn-ne”.

Tá an chuma ar an scéal go dtiocfaidh deireadh le gairmréim Molari in eaglais Liútarach na Fionlainne. Is é tuiscint mo dhuine féin air seo gurb é Faisisteachas na bhFionlannach is cúis leis, agus tá sé ag bagairt lucht a thacaíochta a iarraidh isteach ón Rúis le haghaidh léirsithe agus sluachorraíola in aghaidh an “Fhaisisteachais”.