Seo Panu ag labhairt

September 26, 2009

Voces Uladh - mo sheanfhoclóirín do Ghaeilge Uladh

in abar i bhfostó (sa chlábar), dobhogtha

achan [ahan] gach aon

achasán íde béil, dreas sciolladóireachta

ach go bé murach

acraacaire (baininscneach) uirlis

agair/agairt, agar: duine a agar/agairt impí ar dhuine

áibhéar aeraíocht, pléaráca

in aichearracht roimh i bhfad, sul i bhfad, sara fada

áiméar seans, faill, deis

aimirneach cíocrach, stiúgtha leis an ocras

aimleadh fliuchadh mór mífholláin, ulpóg a tholgtar as fliuchadh nó a leithéid; aimlithe fliuch (oíche aimlithe, cuir i gcás)

aimsiú aige tá sé in ann an aimsir a thuar nó a aithne roimh ré

ainbheathaíoch, ainbheithíoch, ainbheathach (an treas litriú acu is fearr a fhreagranns d’fhíorfhuaimniú an fhocail in Ultaibh, is dóigh liom) arrachtach

ainbhiosachán duine nach bhfuil a fhios aige a dhath

ainchleachtaithe thar acmhainn duine de dheasca aineolais nó easpa cleachtaidh: tháinig an obair ainchleachtaithe air fuair sé deacair an obair a chur i gcrích, ó nach rabh cleachtadh aige ar a leithéid go dtí seo

ainéadaithe gioblach, gan agat ach drochéadaí le cur ort

aingiall ainbhiosachán garbh goirgeach dímhúinte

aingiallta ainbhiosach, garbh goirgeach dímhúinte

ainic/anacal: daoiní a anacal ar a chéile daoiní a theasargan ar a chéile, lucht na brilsce a scarúint ó chéile le headraiscín a dhéanamh eatarthu

ainíde drochíde, droch-chaitheamh le duine

ainnir na huaire cailín nach bhfuil an fear óg ach ag baint suilt aisti gan rún a pósta, “one night stand”

aíocht lóistín, fáras

aíochtach: ag aíochtaigh “ag stopadh ag duine”, ag fanacht thar oíche ar lóistín ag duine

airc díobháil, easpa, ocras, cíocras

airí (ar dhuine) rud atá tuillte ag duine, pionós cóir

airneál airneán, scoraíocht

airnéis dreancaidí (is ionann airnéis an duine agus iomlán a chuid dreancaidí; cnuasainm atá ann)

dul in araicis duine dul a dh’fhearadh fáilte roimh dhuine nuair atá sé ag teacht; freastal ar dhuine

airteagal sagart ar cuairt ag freastal ar bhreoiteachán

is ait liom is áil liom, is maith liom, is mian liom, is toil liom, is rogha liom

áith aoil tiníl, limekiln

áladh sclamhóg, rúchladh nó ruathar madaidh ar dhuine

amhail: tabhairt in amhail rud a dhéanamh gan rud a dhéanamh siúd is go mba mhaith leat - nó siúd is go mba chóir duit - a dhéanamh; bheith ar tí rud a dhéanamh, ach amháin nach ligeann an náire duit a dhéanamh nuair a thig an cruth ar an tairne

amharc, amhanc, onc, anc féach, breathnaigh

anás uireasa, easpa, easnamh; bheith in anás ruda bheith in uireasa ruda; dul in anás ruda dul i nganntanas ruda, rud a bheith ag éirí gann ort

antráth: in antráth na hoíche go déanach istoíche, go h-antráthach; tar éis an chuirfiú mar shampla

araiciseach fonnmhar nó rósciobtha chun rud a dhéanamh (ag tagairt go h-áithrid do chlaonadh chun troda is chun bruíonachais)

aréirnas aréir

ar son as ucht, “in return for”. ‘Gheall ar (nó ar mhaithe le, i bhfáthach le) an gnáthleagan le “for the sake of” a aistriú.

astar aistear, turas; astar in aisce turas in aistear

athchomhairle malairt intinne

athshuathadh athchardáil, athphlé ar cheist a bhí ligthe chun dearmaid, fuil á baint as seancholm

bacadradh siúl bacach, bacaíl shiúil

tá a bhacán sáite tá sé pósta

bachlóg ar theanga duine = caint bhriotach ag duine; bachlóg d’fhocal “tongue-twister”

bagánta beo breabhsánta bíogúil

bheith báite i gcailín bheith splanctha i ndiaidh cailín, bheith imithe bán i ndiaidh cailín, bheith craiceáilte i ndiaidh cailín, bheith i ngrádh le cailín, teasghrádh a bheith agat ar chailín, bheith doirte do chailín, bheith ins an chéill is aigeantaí ag cailín

balach baileach, cruinn, iomlán

ar an bhall láithreach bonn, ar an spota

bamba taisme, tubaiste, timpiste, óspairt, míthapa

banachas an ti obair bhean an tí

banaí fear a bíos ag tóraíocht ban, fear atá an-tugtha do chuideachta is (b’fhéidir) do chraiceann na mban

barr: barr scéimhe(faid, intleachta, leithne…) a thabhairt ar dhuine bheith níos scéimhiúla/faide/intleachtúla/leithne…ná duine

lasair a chur ins an bharrach bun a chur le hiarróig is le bruíonachas

baspairt spaspas, critheagla

batalach cargáil, “iarraim-cúis”

bealach á úsáid mar a bheadh réammhfhocal ann: d’amharc sé bealach na farraige bhreathnaigh sé i dtreo na farraige; bealach mór bóthar; bealtaí sainbhéasa pearsanta aistíocha duine aonair, tá sé ar bhealach an ainmhí tá saol na brúide aige, tá saol aige nach dual do dhuine daonna ar bith

bealadh taobh amuigh den ghob plámás, plásaíocht, gan chur leis

béalastán duine ró-bhéalscaoilte gan coinneáil an rúin ann

do bheannacht a scaoileadh le duine slán go deo a fhágáilt le duine, cúl a thabhairt leis go hiomlán

beannad: faoi na beannaid seo ins an teach seo, ins an fhoirgneamh seo, ar ceathrúin anseo

beathach beithíoch - capall, thar aon bheithíoch eile

biadh geal: an rud a thaithníos go mór liom (is féidir gur biadh atá ann dáiríribh, ach is féidir a mhalairt) is é an biadh geal agam é

biatach lónadóir, soláthróir bídh

biatachas itheachán, lónadóireacht, soláthar bídh

bíogadh geit nó cliseadh a bhaintear as duine

blagaid maoile, cloigeann maol gan ribe gruaige

tá mo bhleacht ólta tá mo chuid airgid caite, níl pingin rua fágtha agam

bligh/bleán crúigh/crú

bliotach briotach (cruachanúint nach gnách a scríobh; “briotach” an gnáthlitriú ag na scríbhneoirí Ultacha féin))

súil a bhobáil súil a dhrud, súil a chaochadh; néal codlata a fháil

bheith ag bobaireacht ar dhaoiní bheith ag bualadh bob ar dhaoiní

ag cur bolaidh ag smúrthacht

ag titim bonn ar bhonn le chéile ag éirí sean, ag teannadh amach sna blianta, i gcuideachtain a chéile;
ag cur as an bhonn amháin bheith ag cur le chéile, ag obair i gcomhar le chéile;
deifre a dhá bhonn a bheith ar dhuine práinn, an-deifre, cruóg a bheith ar dhuine

bomaite nóiméad

borrchaoineadh (tchítear barrchaoineadh freisin uaireanta) bogchaoineadh

i dtiontó na boise i bhfaiteadh na súl

brablach daoscarshlua, cóip na sráide

brathladh spraic, foirteagal (á chur ar na páistí); brathladh ó dhoras a chur ar dhuine bagairt ar dhuine imeacht leis. Ní hionann seo agus cur ó dhoras a chiallaíos freagra seachantach.

breacadh an lae briseadh an lae, bodhrántacht an lae, teacht an bhaill bháin ar an lá, camhaoir, fáinne an lae, gealadh an lae

breallán gealt, duine atá ag caint go díchéillí

breallánacht caint sheafóideach, rámhaillíocht cainte

gan bhréig ar bith gan amhras, gan dabht, gan aon agó

fág ar mo bhreithiúnas é fág fúm é, fág faoi mo bhráid é

briathrach dea-chainteach, glic saoithiúil

brilsce bruíonachas, troid

na bristeacha claochlaithe (nó caochlaíocha) na haimsire

broc maith Béarla a bheith agat breacaireacht/salacharaíl mhaith Béarla a bheith agat

broideog síneantas airgid, síntiús airgid, dúthracht airgid thar an ghnáth-thuarastal

buaireamh buairt

bun: tháinig sé i mbun a mhéide d’fhás sé aníos, d’éirigh sé ina dhuine fhásta, tháinig sé i gcrann;
bun an urláir an chuid den urlár is faide ón tinidh (nó ón teilifíseán?)
do bhun is do chíoradh do dhóthain trioblóide

bunfhear fear beag meánaosta

bunrúta cúis, údar, trúig, fáth, siocair, bunsiocair

bunús móramh, mórchuid, tromlach, an chuid is mó

cabaire duine róchainteach

cabhlachas scansáil challánach

cabhóg duine a dhéanamh aimhleas duine a dhéanamh; tá mo chabhóg déanta tá mo chosa nite

cág cabaire óg

cágadán béalastán, duine béalscaoilte, cabaire

caibín béal gan fhiacla, cár mantach

caidearnach ráiméis fhada scríofa, ar nós billeoga de chuid Fhinnéithe Iaivé b’fhéidir?

caile bean gan mhaith

cáipís cáipéis; cáipéis chúisithe duine, (freagracht as) coir nó míghníomh

cáisc uibheacha neart uibheacha (mar is dual don Cháisc)

caismearnach síorchasadh ó thaobh go taobh: abhainn ag caismearnaigh = “meandering river”

calbhach minic-a-thig, cuairteoir gan chuireadh

calbhachas barraíocht daoiní ag teacht ar cuairt nó ag iarraidh lóistín: Nuair a tháinig mé go Gaillimh, bhí Féile na nEalaíon faoi lántseol, agus mise gan focal a chur ar lóistín. Hóbair nár fhág an calbhachas amuigh faoin spéir mé.

callóid diospóireacht challánach cainte

níor ‘úirt aon duine gur cham a ghaosán cha rabh aon duine fonnmhar locht dá laghad a fháil ar mo dhuine

a cheann ina chamas a cheann ina luí eadar a dhá láimh ar an tábla

camhaoir láchan, maidneachan, láú, teacht an lae, gealadh an lae, briseadh an lae, amhscarnach, bodhrántacht an lae, an ball bán ag teacht ar an lá, fáinne an lae, an lá ag fáinniú

can, -adh, -sta(i)n labhair(t), abair!/rádh. Amhrán a chanstan = amhrán a rádh

cana mná cnapán de mhnaoi mhóir láidir

ar na cannaí ar na stárthaí, ar deargmheisce

caochló gin. caochlóidh, iolra caochlaíocha claochlú, athrú na haimsire

caoi bail (mhaith)

caoilteamán duine caol tanaidh

caol a chur ort féin do dhicheall a dhéanamh, an leisceoireacht is an chúthaileacht a chaitheamh díot

caradas cairdeas

cargáil scalladóireacht fheargach

casaoid gearán, ceasacht, clamhsán

cat mara drochádh, mí-ádh, drochrath, neach samhlaithe a chuireanns gach rud ó mhaith

rud a chur i gcead duine rud a chur faoi bhráid duine, cead a iarraidh ar dhuine an rud áithrid seo a dhéanamh

char cheadaithe liom é ar ór ná ar airgead cha dteánfainn é ar luach ar bith

ceallóg airgid carnán deas airgid le tuilleadh a chur leis

bheith i do cheann mhaith do na páistí bheith go maith do na páistí, agus tú in ann réiteach leofa

ceannascach maorga

duine a cheapadh breith ar dhuine

is beag an chiall duit sin ní ciallmhar an mhaise duit sin; ar na ciallanna ar céalacan, ar na putóga folmha

mura bhfuil ciapóga orm mura bhfuil seachrán orm

ciothram cithréim, máchail, easláinte

cleiteáil cniotáil

cleitearnach eiteallach, eitilt thart, foluain

cóiriú feisteas, feistiú (ar dhuine)

comair dea-chumtha: cailín comair

comhairle a chur ar dhuine duine a chur ar mhalairt intinne. Rud eile ar fad comhairle a thabhairt do dhuine!

comharsanach comharsa

compal bólaí, ceantar; clós (na scoile, mar shampla)

conáilte préachta le fuacht

conamar smionagar, smidiríní

cotadh cúthaileacht, cúthaltacht

cotúil cúthail, cúthalta

cróchnaid tórramh sí

crothán buille beag: crothán eagla; bíodh crothán céille agat! = bíodh trí splaideog céille agat!

cruaidh (AINMFHOCAL) gin. cruadhach cruach (steel an Bhéarla)

goidé an cruth a rabh an bád ann cén bhail a bhí ar an bhád

cruógaí crua-aenna, aenna. Deifre, práinn, géarghá is brí le cruóg i nGaeilge Chonnachta. Faraoir, chan úsáidtear an focal mar théarma leigheaseolaíochta i gceachtar den dá chiall! :)

cruthaíocht cosúlacht mhaith álainn

cuan baile cuain: “…go rabh sé ag teacht i dtír i gcuan choimhthíoch…” (Séamus Ó Grianna)

cuifealán, comhthiolán comhthionól

cuiscreach talamh giolcaí

na cúlriasca an iargúltacht, cúlriascmhar iargúlta, aistreánach (go háithrid ag tagairt d’áiteanna aistreánacha sna sléibhte)

cumraíocht cumadóireacht

thoisigh sé a chur air thoisigh an aimsir a dhul chun doininne

dáigh stobarnáilte

dásachtach dána, dalba, ceanndána

dearnaid dreancaid

deileoir dearóil

deireadh a chur ar rud an snas deireanach, an dlaíóg mhullaigh, a chur ar rud (ní hionann seo, ar ndóighe, agus deireadh a chur le rud).

tá sé ar dheisiúr/dheiseabhar na gréine níl a dhath eadar é agus an ghrian

deoir: tá sé ag cur de dhíon is de dheora tá sé ag cur báistí go trom

ina dhiaidh sin: Tá oíche léanmhar ann. Ach ina dhiaidh sin [is uilig]… “Tá oíche léanmhar ann. Ach má tá féin…”

dímeas dímheas

díochra cíocrasach, rugtha fonnmhar, díbheirgeach, díograiseach, dána, dásachtach, fíochmhar

díoghaise deoise, “ríocht” easpaig

díomúinte dímhúinte

díonmhar uisce-dhíonach

diúgaire duine gan mhaith ag stocaireacht is ag éileamh ort cluais éisteachta a thabhairt dá chuid seafóide

donán duine bocht, “poor sucker”, “armer Schlucker”

dreamhaire duine barbartha fiáin

drochtheall drochbhraon pearsantachta

dubheitiú eiteach glan

duibheagánach róchasta, ró-fhealsúnach, réasúnta dfothuigthe, (ró-)ardintleachtúil nó (ró-)ardspioradálta; “profound” an Bhéarla b’fhéidir?

duibhnéaltach duairc (ag tagairt do chosúlacht na spéire)

an dúlaíocht an dúgheimhreadh, an dúluachair (kaamos na Fionlainnise)

dúrantadúrúnta dorrga, dúr, gruamánta, dúsmánta

eadar idir; eadar sin is tráthas eadar an dá linn

eadraiscín eadráin, anacal, teasargan, iarracht chun páirtithe in achrann le chéile a thabhairt chun comhréitigh

ní heagal domh ní baol dom

eagnaíoch saoithiúil

eascairdeach aistreánach, iargúlta, doshroichte

in éisteacht duine i gcomhchlos do dhuine

eitiú eiteach, diúltú

fá dtaobh de a deirtear sa chéill “about”, faoi a úsáidtear le “under” a aistriú

fadaigh/fadó, fadú las(adh)

fadálach cruaidh trom leadránach maslach gan mórán torthaí (ag tagairt d’obair)

faic na fríde faic na ngrást, dada, a dhath (ar bith)

faill na feannóige cibé áiméar nó seans dá laghad é

fáilthí furachair, faichilleach

faoisid faoistin

i bhfarradh is rud i gcomparáid le rud, le taobh ruda

féach le… bain triail as…

féachálach do-fhulaingthe, do-fhuilsteanach

feadán píopa gearr; cos uirlise

feaghraíocht fíoraíocht, cruthaíocht

fear ranna siopadóir

feasbhaidh easpa

feiceálach scéimhiúil, cuidsúlach

fiafraitheach fiosrach, fiosrúil

fodhuine íochtarán

folacháin fológa (cluiche páistí)

fortacht cuidiú, cabhair, tarrtháil

formhothaithe ag teacht aniar aduaidh, do-bhraite

foscail/foscal oscail/oscailt

frasach raidhsiúil, flúirseach

fuarálach goróir, duine a mbíonn fuacht air i dtólamh, duine síorchonáilte síorphréachta

fuilsteanach fulangach; (ainmfhocal:) fulangaí

fuilstin(t) fulaingt

fuireachairfurchaidh faichilleach, aireach, airdeallach

gábh babhta, éacht, eachtra; (=gábhadh contúirt, guais, dainséar)

gaibhte, gaite, goite gafa

gaosán srón. Amharc ar cam fosta.

gar: cha rabh gar ann ní raibh aon mhaith ann (in iarracht cuir i gcás); déan gar domh dein rud orm, déan oibleagáid dom

geafta geata

gealgháirí gleo, pléaráca, subhachas is cuideachta aerach

giodal sotal

gléas beo slí bheatha; gléas beo a chur ort féin teanntú a dhéanamh in áit ínteacht, éirí deisiúil de réir a chéile

gliadh gleo

griollam dríodar, praiseach, brachán fliuch éigin nach léir duit cad é atá ann ar aon nós, agus é ag cur samhnas ort

grod tobann

guais contúirt, dainséar

an Ilchríoch an Mhór-roinn (Seán Bán Mac Meanman)

iompairc teacht salach fá cé acu a mba chóir dó jab ínteacht oibre a dhéanamh

ionsar (ionsorm, ionsort, ionsair, ionsuirthi, ionsorainn, ionsoraibh, ionsorthu) i dtreo, chuig, chun, ag teannadh le, ag druidim le. “In m’ionnsuidhe”, “in d’ionnsuidhe”, “ina ionnsuidhe”, “ina hionnsuidhe”, “inár n-ionnsuidhe”, “in mur n-ionnsuidhe”, “ina n-ionnsuidhe” a deirtí fosta i nGaeilge Oirthear Uladh, nach maireann.

innilt iníor

ionúin dílis, grámhar

ithiomrá míghreann, ráflaíocht mhioscaiseach

léab, léabadh, léabairt leadhb, leadhbadh, leadhbairt

leoga! muise! dar muige!

líne glúin, “generation”

liomóg sclamh, scealpóg, miotóg

máigh machaire

mainneachtain, gin. mainneachtan bheith as láthair

manrán banrán, cnáimhseáil, clamhsán, monabhar míshásta

meall(adh) bréag(adh), cealg(adh)

as miosúr as cuimse

mireog cluiche tórraimh, caitheamh aimsire

modhúil múinte

monamar monabhar

monarcán monarcha

mordadh drochrud nach bhfuil neart agat air: bhí an mordadh déanta

mórluachach galánta, ardnósach, ag sílstin an dúrud díot féin

mosánmúisiam: cad é atá ag déanamh mosáin duit? cad é atá ag déanamh scime duit, “what’s eating you?”

mothaigh/mothachtáil mothaigh/mothú; cluin/cluinstin

néal támh nó tionnúr codlata: dheamhan néal a chodail mé

ochras ucht, brollach

oibir! oibrigh!

oíche gharbh oíche doininne is drochaimsire

oighreogachleac oighir oighear

oiliúin oiliúint, tabhairt suas, oideachas

oirnéis, uirnéis uirlis, ionstraim

orla fonn urlactha, fonn aiseagtha, “consaeit”

preabadach preabarnach

Prodasnach Protastúnach

scéal rioballach scéal nach bhfuil fíor go h-iomlán (agus rioball/ruball/eireaball cumadóireachta (cumraíochta) is dathadóireachta curtha leis an fhírinne)

ródach éirleach, léirscrios, éag mór

rois(eadh) réab(adh). Roisteacha móra gaoithe = soinneáin mhóra gaoithe.

sáibhirne fleá agus féasta agus freastal flúirseach: sáibhirne uisce bheatha = “whisky galore”

sámhán cineál codlata, néal codlata nó pairilis. Tháinig mar a thiocfadh sámhán laige orm nuair a tógadh méSéamus Ó Grianna.

sampla créatúir bocht, donán. Deismireacht a deirtear le example a aistriú.

scaifte scata

scailtín an deoch ar a dtugtar hot whiskey as Béarla

scairt ghutháin glaoch teileafóin

scamhán scamhóg

scansáil agallamh (ins an tseanchéill), scalladóireacht, briatharchath

gan scolb gan scéala gan tásc gan tuairisc

sconsa claí

scríobadach scríobadh, scríobaireacht

seanaimseartha seanchríonna (ag tagairt do pháiste)

an tSean-tSamhain an dóú lá déag de mhí na Samhna - is é sin, lá na Samhna de réir Fhéilire Iúil.

searbhadas seirbhe intinne, falltanas

seascair cluthar croíúil

séideán soinneán nó roiseadh gaoithe

tóg do sheolta imigh leat

síonóil síleáil

dul i gceann sleanntrach le duine dul in ndeabhaidh lainne le duine

smid séideadh: cha rabh aon smid ghaoithe ann; a dhath: diabhal smid bhréige ann!

sócúlach compordach

sómas suaimhneas

sonraíoch suntasach

spág cos mhór amscaí ag duine

spanóg spúnóg

spás cairde, cur in athló

speancfargán na haille, aill, faill, creig (e -> i ina lán foirmeacha: spince, spincí)

spliúchán sparán

sreangán toite toit ag éirí ón tsimléir ina líne chaol: agus bhí sreangáin toite ag éirí in airde díreach as na tithe a bhí uaidh sin síos go híochtar Mhín Uí BhaoilSéamus Ó Grianna.

straibhéiseach cailín a bhfuil dúil mhór aici in éadaí galánta

sú circe anraith sicín

suaithní uafásach, millteanach, ábhalmhór: Tá suaithníocht sa leabhar sin. Tá an leabhar sin mór millteanach, ní fhaca mé a leithéid riamh aroimhe.

suallach iontach, miorúilteach

súimíneacht: tá sé ag súimíneacht tá sé ag ól braoinín i ndiaidh bhraoinín go malltriallach, ag triall ar an bhuidéal anois agus aríst le blaiseadh se

sútramán tae róláidir

taca a ligean ar… taca a bhaint as…

taghna iontach maith, an-mhaith, sármhaith, tofa, togha, thar barr, ar fheabhas ar fad, go seoigh ar fad

tar: níl a fhios cá huair a thiocfadh ort = …cá huair a bheifeá ina chall mar acra

teach adhraidh teach an phobail, eaglais

theacht teacht (buanséimhithe)

téaradh pósta ceiliúr pósta. Luaigh Tomás Ó Máille taerthó [!] ina leabhar An Béal Beo sa chéill chéadna, agus gach seans go bhfuil baint ag an fhocal seo leis an téaradh ansin.

teasghrádh gean láidir, grádh ó chroí

teilgean, tligean aiseag, urlacan, an biadh a d’ith tú a chaitheamh amach aríst

téirim deifre, práinn(cruóg i nGaeilge Chonnacht)

na tíortha cúil na tíortha coimhthíocha, an choigríoch

ar tír mór ar an m[h]órthír

togha a dhéanamh ar rud rud a roghnú, go h-áithrid thar aon rud eile

Tá mé tógtha ó lár agat! Tá tú do mo chur as mo mheabhair!

toil a bheith agat do rud rud a bheith ag taitneamh leat, tú a bheith tugtha don rud áithrid seo

tor tarathar, cineál uirlise a chastar thart le poll a dhéanamh

treaspac sparán

truailleánta ceachartha

truisleadh tuisliú, titim fríd shleamhnú nó sciorradh coise

trup is tútán a thógáilt callán mór a tharraingt

tuaim fuaim

tuargain/tuairgan, tuargaint gread(adh)

tuigbheáil[t] tuiscint (ainmfhocal briathartha)

tuigse tuiscint, ciall

tuigseach tuisceanach

tuslóg truslóg, léim thobann thar chonstaic

uallach amaideach, pisreogach, primitíbheach: Ní bréag é agus ní fírinne é. Anois goidé rud é? Rud a shamhailtear do dhaoine uallacha.Séamas Ó Grianna

úimléideach substainteach, substaintiúil, tábhachtach, bainteach leis an ábhar, úsáideach, “relevant”

uiscealach deoch nach bhfuil aon bhrí ann, scileagailí, anglais, uisce beatha atá báite

úmaigh/úmú ullmhú chun aistir

urróg léim thobann

Freagra amháin »

Is é an tAitheantóir Aonfhoirmeach Acmhainne a chuireann ar do chumas an mhír seo a aisrianú ná: http://gaeilgepanu.blogs.ie/2009/09/26/voces-uladh-mo-sheanfhocloirin-do-ghaeilge-uladh/trackback/

  1. tá ciall eile le ‘deileoir’ - duine ~, duine nach bhfuil acmhainn ar fhuacht aige.

    Comment by Fear Ghartáin — December 9, 2010 @ 10:06 pm

RSS feed for comments on this post.

Leave a comment

Line and paragraph breaks automatic, e-mail address never displayed, HTML allowed: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <code> <em> <i> <strike> <strong>























Get free blog up and running in minutes with Blogs.ie
Theme designed by Minz Meyer