Seo Panu ag labhairt

October 26, 2011

Protected: Tine san Iúntlainn, scéal bleachtaireachta agus scéinséir (níor chríochnaigh mé go fóill é)

Aicmithe sna catagóirí: Gaeilge, Irish language, Literature

This post is password protected. To view it please enter your password below:

October 20, 2011

An Ríomhghrá (erotica)

Aicmithe sna catagóirí: erotica

An Chéad Chomhrá

seanleaid: ar mhiste leat dreas comhrá?
cailinog: ní dhéanaim comhrá le seanleads.
seanleaid: nach ndéanann? cén fáth?
cailinog: toisc nach bhfuil ar a n-intinn ach craiceann, craiceann agus craiceann!
seanleaid: dáiríre? :)
cailinog: dáiríre píre fíre!
seanlead: bhuel cad é a bhíos ar intinn na bhfear óg mar sin? teoiricí einstein?
cailinog: bhuel ní bhíonn muise…:D
seanleaid: déarfainnse gurb iad na fir óga is mó a bhíos ag smaoineamh ar an gcraiceann, nó bíonn siad ag súil leis gan stad.
cailinog: agus na seanleads? ;)
seanleaid: sinn féin, bhain muid deireadh súile de cheana.
cailinog: an bhfuil an scéal chomh dona sin? :O
seanleaid: tá. creid uaim. :(
cailinog: bhuel cén aois tú mar sin?
seanleaid: abraimis go bhfuil mé ag druidim leis an dá scór go tiubh téirimeach. tú féin?
cailinog: shlánaigh mé naoi mbliana déag arú inné.
seanleaid: ar shlánaigh? comhghairdeas!
cailinog: go raibh maith agat :)
seanleaid: bhuel is dócha go bhfuil ráchairt mhór ort ag na buachaillí.
cailinog: rómhór le fírinne.
seanleaid: bain do shult as a fhad is a mhairfeas sé. maidir liom féin is beag suim nó suiméad a chuir na girseacha ionam riamh, fiú nuair a bhí mé óg.
cailinog: anois, a fhir úd, caith díot an béal bocht sin! cén fáth más ea?
seanleaid: níl mé féin cinnte dháiríre. is dócha go raibh mé chomh tugtha do na leabhair is nach bhfuair mé aithne cheart ar na cailíní riamh.
cailinog: an ndeachaigh tú ag staidéar mar sin?
seanleaid: chuaigh ar ndóigh. d’fhoghlaim mé na seacht dteangacha, mar a déarfá. sin í an tslí bheatha atá agam anois, aistritheoireacht agus teangaireacht.
cailinog: an mbíonn tú ag déanamh teanga do ghrúpaí turasóirí mar sin?
seanleaid: bím uaireanta. céard atá tú féin a dhéanamh?
cailinog: tá mé i mo chúntóir fiaclóra.
seanleaid: an maith leat do jab?
cailinog: is maith, le fírinne. is maith liom aire a thabhairt do dhaoine agus a gcuid scéalta a chloisteáil.
seanleaid: a gcuid scéalta?
cailinog: bhuel cuid acu bíonn fadhbanna éagsúla acu ina saol, agus is gnách leo a racht a ligean leis an mbanaltra, ós rud é go bhfuil a fhios acu nach n-inseoidh mé a gcúrsaí d’aon duine. ní drochrud é dar liom. tá suim agam ina bhfuil le rá acu.
seanleaid: d’fhéadfá leabhar a bhunú ar a bhfuil cloiste agat, nó ar an tuiscint a fuair tú ar an saol ag éisteacht leis na scéalta sin duit.
cailinog: d’fhéadfainn muise. ach ar ndóigh chaithfinn na daoine agus a gcuid cúrsaí a chur as aithne sna scéalta.
seanleaid: muise. tá a fhios agat, theastaigh uaimse riamh dul le scríbhneoireacht, ach ní raibh mianach scéil agam. ní raibh cnámha aon scéil agam a bhféadfainn feoil a chur ina dtimpeall. ní raibh ábhar scríbhneoireachta agam, chomh leadránach is a bhíodh mo shaol.
cailinog: bhuel cad é do scéal féin? má d’fhoghlaim tú teangacha ní mór go bhfaca tú cuid mhór den tsaol ar an gcoigríoch, agus go bhfuair tú aithne ar dhaoine ansin ina dteanga féin. d’fhéadfá scéal a bhunú ar an gcineál sin saoltaithí.
seanleaid: bhí mé ar an gcoigríoch ceart go leor, ach má bhí féin ní raibh ann ach cúrsaí agus léachtanna agus foghlaim.
cailinog: nach raibh a dhath eile ann? nach bhfuair tú aithne ar na cailíní áitiúla? ;)
seanleaid: ar éigean má fuair.
cailinog: ar chaith sibh an t-am ar fad i scoil na teanga mar sin?
seanleaid: bhuel bhíodh cead ár gcos againn tráthnóna, ach ba leasc liom an iomarca siúil a dhéanamh i gcathair choimhthíoch. bhí eagla orm is dócha go n-ionsódh drong éigin mé.
cailinog: agus teanga na háite agat? cogar anois a fhir, caithfidh sé gur cladhaire amach is amach a bhí ionat.
seanleaid: bhí muis. ón taobh eile de áfach d’imigh cuid den chladharthacht díom i rith na dturasanna sin.
cailinog: bhuel is maith an rud é sin ar a laghad. ach abair liom anois, nach raibh cailín nó cumann grá nó fiú craicinn ar bith agat ar an gcoigríoch?
seanleaid: ní raibh. bhí an iomarca eagla orm roimh na galair ghnéis, an easpa imdhíonachta san áireamh.
cailinog: nach raibh coiscíní agat?
seanleaid: bhí ar ndóigh, ach tá a fhios agat nach ngéilleann gach eagla don réasún.
cailinog: ní ghéilleann muise, ach tá a fhios agat, sílim nach roimh na galair ghnéis a bhí eagla ort, ach roimh rud éigin eile.
seanleaid: tá an ceart agat. bhí eagla orm go dtitfinn i ngrá agus nach seasfainn an scarúint dhosheachanta ina dhiaidh sin. nó, an rogha eile, go mbainfinnse agus an cailín triail as a bheith i gcumann grá le chéile thar an míle ciliméadar, agus nach mbeadh ann ach comhfhreagraíocht sheasc gan chraiceann, rud a raibh mé róchleachtach air.
cailinog: róchleachtach?
seanleaid: róchleachtach muise. nuair a bhí mé i mo bhuachaill óg, ba léir dom ó thús nach mbeadh aon bhean de ghirseacha na háite sásta siúl amach liomsa agus go gcaithfinn dul thar baile amach ar lorg comhluadair, cumainn agus craicinn. mar sin agus ar an ábhar sin thosaigh mé ag freagairt d’fhógráin ó chailíní a raibh cara pinn uathu.
cailinog: nár éirigh leat aon bhean acusan a fháil in eangaigh mar sin?
seanleaid: níor éirigh muis. tá a fhios agat cinnte an rud a deirtear leo siúd atá róthugtha do Star Trek nach bhfuil?
cailinog: ”faigh saol duit féin”, ar ndóigh. an raibh andúil agat féin i Star Trek mar sin?
seanleaid: bhuel níor thosaigh mé ag féachaint ar Star Trek ach cúpla bliain ó shin i ndáiríre, ach ar bhealach bhí mé cineál cosúil leo siúd a bhíonn ag síorphlé le rudaí ar nós Trek, ach amháin go mbíonn comhluadar a chéile ag lucht adhartha Trek féin ar a laghad. me féin ní raibh agamsa ach na teangacha agus na leabhair. déanta na fírinne an chéad bhean ar chaith mé oíche leathair léi bhí sí i bhfad ní ba tugtha don Trek ná mise.
cailinog: conas a bhí sí? inis dom! :)
seanleaid: bhí sí cúig bliana fichead san am, agus í díreach tar éis an chéad bhlas a fháil ar an gcraiceann. bhí sí ina maighdean ar fad roimhe sin, ach nuair a casadh orm féin í bhí sí ag baint a suilt as an saol le héiric na mblianta caillte a fháil.
cailinog: muise :) caithfidh sé go raibh sí te teolaí ar fad.
seanleaid: d’fhéadfá a rá :D bhí sí meáite ar thriail a bhaint as fir, mná, agus as an dá chineál san am chéanna.
cailinog: cad é a rinne sibhse mar sin? ;)
seanleaid: bhuel is beag rud as an ngnáth a rinne muid dáiríribh. chuaigh muid faoi chith in éineacht ar dtús, agus sinne ag cuimilt a chéile. is cuimhin liom fós chomh deas is a bhí a droim faoi mo chuid méar. thaispeáin sí dom cá háit a gcuirfinn mo smig ar íochtar a boilg, le go mbeinn ag brú ar uachtar a broinne. dúirt sí gur dheas léi smig an duine eile a mhothú ansin. rinne mé mar a threoraigh sí, agus de réir dealraim bhain sí an-sult as.
cailinog: ó, go deas ar fad :) agus ansin?
seanleaid: bhuel chuir mé méar isteach a faighin agus thosaigh mé ag tabhairt faoiseamh láimhe di. agus arís thaitin sé léi go mór mór.
cailinog: ní bheinn ag súil lena mhalairt :) agus ansin?
seanleaid: nach tusa atá fiosrach ;) bhuel ní raibh ann ansin ach an gnáthrud, is é sin, bhí muid a bualadh craicinn go dtí go raibh muid róthuirseach.
cailinog: an raibh sí dathúil?
seanleaid: ní raibh sí dathúil ná míofar. bhí ceannaithe lácha cineálta aici. bhuel bhí meáchan thar an riachtanas aici d’fhéadfá a rá, ach ní raibh sí ramhar ná murtallach go díreach. ní raibh caill ar a colainn i ndiaidh an iomláin, ó bhí sí ag corpfhorbróireacht agus ag déanamh aclaíochta. agus na cíocha móra a bhí aici chuirfidís adharc ar an bhfear marbh féin.
cailinog: cén cineál duine a bhí inti?
seanleaid: le fírinne bhí sí cneasta cairdiúil. bhí sí in ann a hintinn a labhairt. agus ba mhaith an rud é dar liom go raibh sí in ann mé a threorú agus comhairle a thabhairt dom conas í a shásamh. cé go raibh mé féin róneirbhíseach le mórán taitneamh a bhaint as an teagmháil, ba mhór an t-ábhar áthais dom an dóigh ar éirigh liom bean a thabhairt go buaic a haoibhnis mar sin.
(sos)
seanleaid: tú féin conas a bhí do chéad bhabhta craicinn? an raibh tú i ngrá leis an bhfear? nó an bean a bhí ann?
cailinog: bhuel bhí scéal grá ann cinnte. bhí an bheirt againn cúig bliana déag d’aois nuair a thit muid i ngrá le chéile.
seanleaid: caithfidh mé a admháil go bhfuil mé cineál éadmhar leat, má bhí scéal ceart grá agat nuair nach raibh ionat ach déagóir óg. ba mhaith liomsa a leithéid. sílim go mbeinn ní b’iomláine, ní ba sláintiúla mar dhuine dhá mbeadh a leithéid de shaoltaithí agam. an minic a bhíodh sibh ag bualadh craicinn?
cailinog: ba mhinic agus ba rímhinic :) samhradh na bliana a shlánaigh muid sé bliana déag is beag eile a bhí á dhéanamh againn ;)
seanleaid: arbh é an gnáthrud é nó ar bhain sibh triail as rud éigin ar leith?
cailinog: níor bhaineamar muis :) bhí an gnáthrud féin chomh deas. bhuel cúpla uair bhí muid á dhéanamh in áit éigin ina bhféadfaí sonrú a chur ionainn.
seanleaid: ar bhain tú sult ar leith as sin?
cailinog: bhaineas :) bhí an-sceitimíní orm.
seanleaid: cad é an dearcadh atá agat ar an bpornagrafaíocht?
cailinog: bím ag breathnú uirthi ó am go ham nuair a thagann an fonn sin orm.
seanleaid: mar sin ní fuath leat fir a fhéachas ar ábhar den chineál sin?
cailinog: cén fáth ar chóir dom fuath a ghlacadh le fir mar sin? an chuid is mó de na fir is maith leo súil a chaitheamh ar an bpornagrafaíocht scaití.
seanleaid: bhuel tá a fhios agat nuair a bhí mé óg is é an rud a bhí le léamh ar na nuachtáin agus le cloisteáil ar scoil ná, má bhí tú tar éis oiread is spléachadh a thabhairt do na físeáin sin gurbh ionann tusa agus ábhar banéigneora.
cailinog: bhuel ní raibh fios a ngnó acu siúd a bhí ag áitiú a leithéide ort. ba chóir duit neamhshuim a dhéanamh den tseafóid sin.
seanleaid: ba chóir muise, ach ní raibh mé in ann, toisc gurbh é sin an t-aon chineál faisnéise a tugadh dom ar scoil i dtaobh na gcúrsaí seo.
cailinog: nach bhfuair tú treorú ní b’fhearr ó do thuismitheoirí?
seanleaid: ní bhfuair muis. bhí náire orthu siúd trácht ar bith a dhéanamh ar na cúrsaí seo, agus iad breá sásta an obair go léir a fhágáil faoin máistir scoile.
cailinog: a fhir úd, caithfidh mé imeacht anois, ach más maith leat tuilleadh comhrá a dhéanamh, beidh mise anseo amárach timpeall ar a seacht a chlog tráthnóna. tá súil agam go bhfaighe mé anseo romham thú.
seanleaid: gheobhaidh, cinnte. go raibh maith agat as an gcluas éisteachta a thug tú dom. slán.
cailinog: slán.

An Dara Comhrá

seanleaid: heileo arís!
cailinog: ó, an tusa atá ann! heileo! conas atá tú ar na saolta seo?
seanleaid: bhuel ní gearánta dom dáiríre. tá an obair ag éirí liom go gleoite agus casadh cúpla cara ó na blianta ollscoile orm sa bhealach abhaile. chaith muid leathuair an chloig ag cardáil na laethanta a bhí.
cailinog: is maith sin. bhí an-lionndubh ort nuair a buaileadh an chéad uair ar a chéile sinn anseo.
seanleaid: bhuel tá brón orm. drochlá a bhí ann. go gairid roimhe seo bhí sórt scéal grá agam nár tháinig i gcrann mar ba chóir agus ar ndóigh ní raibh mé in ann smaoineamh ar a dhath eile ar feadh tamaill fhada. tá an saol ag breathnú níos fearr anois.
cailinog: go seoigh ar fad. mé féin ní mór dom a admháil nach bhfuil róghiúmar orm féin.
seanleaid: nach bhfuil? cad é atá ag déanamh scime duit?
cailinog: tá, mo dheartháir. tá mé buartha faoi.
seanleaid: an bhfuil sé ar iarraidh nó rud éigin cosúil leis sin? an ndeachaigh ceal ann?
cailinog: bhuel ní dheachaigh, ach cuireann sé isteach orm chomh tugtha is atá sé don ól ar na saolta seo.
seanleaid: tuigim do chás. bhí an fhadhb chéanna agamsa le mo dheartháirse agus mé óg.
cailinog: an raibh sé ar an ól freisin?
seanleaid: le fírinne níl mé cinnte inniu féin an raibh sé go ródhona riamh, ach ó bhí mé dall ar fad ar an rud is measarthacht ann i gcúrsaí ólacháin shíl mé go raibh sé ag cailleadh an fhóid go hiomlán. níor bhlais mé féin den stuif riamh tá’s agat.
cailinog: agus inniu cén chaoi a bhfuil do dheartháir? an bhfuil sé ina bheatha i gcónaí?
seanleaid: tá, cinnte le dia. chuaigh sé le healaíontóireacht, agus é ag saothrú a choda ar a chuid pictiúr mar shlí bheatha inniu.
cailinog: bhuel maidir le mo dheartháir féin ní chreidim go bhfuil an bealach éalaithe sin fágtha aige ar aon nós. níor chuir seisean peann ná bruis péinte le páipéar riamh as a stuaim féin.
seanleaid: nach bhfuil rud ar bith ann a gcuirfeadh sé suim nó spéis ann mar shlí bheatha? nó fiú mar chaitheamh aimsire?
cailinog: níl muis. ní bhíonn sé ach ag breathnú ar chluichí lúthchleasaíochta ar an mbosca draíochta agus ag diúgaireacht óil. an cineál cainte a bhíos á dhéanamh aige níl ann ach ciniciúlacht. is cuma leis faoi gach uile shórt, agus ní féidir leis ábhar díograise a dhéanamh d’aon rud. tá an saol ag dul chun leadráin air, agus é ag iarraidh an leadrán sin a mhaolú le biotáille.
seanleaid: bhuel ní féidir liom a rá nach mbíodh taomanna den tsaghas chéanna ormsa nuair a bhí mé féin óg. ní bhínn ag ól ar ndóigh ach bhíodh dúlagar intinne orm go minic. ar bhealach tuigim cás do dhearthár. ach ar ndóigh is beag an cuidiú an tuiscint sin. :( go bunúsach is í an óige a luíonn ar do dheartháir, an drae galar eile, agus is é an t-aon leigheas atá ann ná an aimsir.
cailinog: ach anois, cén fáth a mbíonn an ”óige” úd ag luí ar na buachaillí chomh minic sin, i gcomparáid leis na girseacha?
seanleaid: sílim gurb iad na cúrsaí craicinn, nó a n-uireasa ab fhearr a rá, is mó a tharraingíonn an dúlagar sin ar na buachaillí. an raibh cailín ag do dheartháir riamh?
cailinog: bhuel bhí sé ag siúl amach le bean de mo chuid banchairde, ach níor tháinig siad a fhad leis an leaba riamh.
seanleaid: ó, droch-chomhartha é sin amach is amach. b’fhearr liom gan a bheith ag labhairt faoi seo a thuilleadh.
cailinog: cén fáth?
seanleaid: toisc gur ábhar bhróin é, agus thairis sin rúscann sé an tseanghoimh ionamsa.
cailinog: an bhfuil sé chomh dáiríre sin?
seanleaid: tá, creid uaim. :( ba chóir do do dheartháir girseach a fháil, go simplí, agus b’fhéidir go gcuirfeadh sé suim éigin ina thodhchaí féin.
cailinog: ba chóir muis, ach, cá dtiocfadh sé ar chailín agus é ag caitheamh a chuid ama os comhair an scáileáin?
seanleaid: muise, cá dtiocfadh? bhuel go bunúsach is dóigh liom go ndeachaigh an saol in abar air, agus mar a fheictear domsa caithfidh sé a leas féin a aithint as a stuaim féin, beag beann ar na daoine eile. nuair atá an giúmar sin ar fhear óg is ar éigean is féidir leis an gcuid eile againn mórán a dhéanamh, mura bhfuil sé féin sásta comhairle a ghlacadh.
cailinog: an mar sin é?
seanleaid: is eagal liom gurb ea, agus mé ag dul siar ar bhóthar na smaointe ag smaoineamh ar an saol a bhí agam féin tráth.
cailinog: nach féidir liom a dhath a dhéanamh ar mhaithe leis?
seanleaid: bhuel is é an t-aon rud a rithfeadh liomsa ná cailíní deasa a chur in aithne dó. má thugann sé grá do bhean acu is féidir go gcuirfidh sé caol air féin agus caoi ar a shaol.
cailinog: an dóigh leat gurb é an grá a leigheasfas gach uile shórt? sin é an chiall is féidir a bhaint as do chuid focal tá’s agat ;)
seanleaid: bhuel is é an locht mór atá ar mo shaol féin nár bhlais mé den ghrá cheart riamh.
cailinog: an fear bocht :( tá súil agam go dtiocfaidh tú ar bhean do dhiongbhála lá de na laethanta seo :)
seanleaid: go raibh maith agat, ach tá mé tinn tuirseach den tseanphort sin :( is iomaí bean a dúirt an méid sin liom, ach ní raibh bean ar bith acu sásta a rá gurb í féin an bhean sin. :(
cailinog: tuigim do chás ar bhealach :( ach tá mé i bhfad níos óige ná tusa agus níl mé cinnte an mbeadh ábhar comhrá againn le chéile.
seanleaid: tá an ceart agat go bunúsach, agus bheadh an difríocht aoise ag déanamh scime dom féin, ach ón taobh eile de chaith mé an chuid ab fhearr de mo shaol ag iarraidh teacht ar bhean a bheadh in ann comhrá a dhéanamh faoi na rudaí is mó is suim liom. ansin shíl mé go raibh a leithéid de ghirseach faighte agam. agus an bhfuil a fhios agat cad é a thit amach ansin…
cailinog: inis dom!
seanleaid: ní raibh meas an mhadra aici orm. nuair a chuir mé in iúl di go raibh mé sórt i ngrá léi fuair mé íde bhéil nár chuimhin liom a leithéid eile.
cailinog: toisc go raibh tú i ngrá léi?
seanleaid: bhuel roimhe sin bhí tagairt éigin déanta agam don bhulaíocht a d’fhaighinn ar scoil. bhí sí barúlach nach fear ceart a bhí ionam má d’fhulaing mé a leithéid ar scoil.
cailinog: dar dia! ní thuigim cén fáth a dtabharfá grá dá leathbhreac.
seanleaid: bhuel ar dtús shíl mé gurbh ise an bhean a bhí daite dom, ó lig sí uirthi go raibh suim aici i mo chuid teangacha agus i rudaí den chineál sin. shíl mé go raibh muid le taisteal a dhéanamh in éineacht, mar shampla. le fírinne is é mo thuairim anois gurbh é an díoltas ab fhearr a d’fhéadfainn a imirt uirthi ná titim i ngrá le cailín deas ionraic éigin a mbeadh chomh difriúil léise agus ab fhéidir.
cailinog: bhuel más ea tá tú i gcónaí faoi dhraíocht na caillí uafásaí sin. ba chóir duit dul ar lorg mná a shásódh na gnáthéilimh.
seanleaid: cad iad na gnáthéilimh?
cailinog: bhuel ba chóir di bheith ionraic iontaofa, agus í sásta cluas éisteachta a thabhairt duit féin…
seanleaid: cosúil leat féin? ;)
cailinog: ó, breast thú…:)
seanleaid: cogar anois a chuid, caithfidh mé imeacht, ach beidh mé anseo arís. go raibh maith agat as an dreas comhrá. is maith an chuideachta thú.
cailinog: tusa freisin. slán go fóill.

An Tríú Comhrá
cailinog: dia duit arís a sheanleaid!
seanleaid: ó muis nach tusa atá ann! dia is muire duit! is mór an t-áthas go bhfuil tú ann i gcónaí! conas atá na cúrsaí agat?
cailinog: bhuel, cineál idir eatarthu.
seanleaid: cad é mar atá do dheartháir ar na saoltaibh seo?
cailinog: ó, ná bí ag trácht air le do thoil.
seanleaid: an bhfuil sé chomh dona sin?
cailinog: tá. :(
seanleaid: ceart go leor. an bhfuil ábhar eile comhrá agat? cad é mar atá na cúrsaí grá?
cailinog: níl caoi mhaith ná droch-chaoi orthu. níl siad ann ar aon nós.
seanleaid: bhuel, is é an scéal céanna atá agamsa. ach le fírinne níl mórán déanta agam ach an oiread le hathrú cuma a chur orthu. ní bhím ach ag féachaint ar an gcorrfhiseán craicinn ar an idirlíon nuair a thagann an fonn sin orm.
cailinog: ar tháinig tú trasna ar cheann mhaith mar sin? ;)
seanleaid: le fírinne taitníonn an ceann seo go maith liom…[Ag tabhairt seoladh gréasáin an fhiseáin don chailín.]
cailinog: fan go fóill, caithfidh mé súil air.
cailinog: mmm…
seanleaid: níl sé thar moladh beirte i ndáiríre, ach is maith liom an stiúir atá faoin gcailín dubh sin. is é sin, chomh gliondrach, chomh sona atá sí. shílfeá go bhfuil sí ag baint fíorshuilt as, ach ní féidir leat muinín a bheith agat as, nó is dócha nach bhfuil ann i ndiaidh an iomláin ach aisteoireacht.
cailinog [agus an físeán feicthe aici]: tá an ceart agat. le fírinne nuair a bhí mé ag breathnú ar an bhfíseán ba léise a rinne mé mo chomhionannú.
seanleaid: ar mhaith leat féin triail a bhaint as a leithéid sin? is é sin, tusa, bean eile agus fear?
cailinog: le fírinne níl a fhios agam i ndáiríre. cuireann an smaoineamh sin sórt éirí orm, ach ón taobh eile de is dócha nach mbeadh de cheann dána ionam a leithéid a chur i gcrích i ndiaidh an iomláin.
seanleaid: ach ní dóigh leat gur sórt arrachtaigh mise agus mé ag breathnú ar a leithéid sin?
cailinog: ní dóigh muise, ná bí buartha. neach collaí gach duine.
seanleaid: bhuel na cailíní acadúla ní bhíonn meas an mhadra acu ar an bhfear a bhíonn ag féachaint ar fhiseáin chraicinn.

cailinog: caith as do chloigeann na giodróga sin agus tabhair aird ar na mná maithe, ar na mná tuisceanacha.
seanleaid: cosúil leat féin? ;)
cailinog: bhuel…:)
seanleaid: más ceadmhach dom an rud a labhairt atá at m’intinn…
cailinog: labhair leat le do thoil!
seanleaid: is é an fhírinne go bhfuil sórt nóisean agam duit. níor casadh bean chomh tuisceanach leatsa orm riamh roimhe seo.
cailinog: nach bhfuil eagla ort nach bhfuil mé sách dathúil?
seanleaid: is é sin an dual is faide siar ar mo choigeal, dáiríribh.
cailinog: féachfaidh muid an ndéarfaidh tú an rud céanna agus mo phictiúr feicthe agat. [Ag taispeáint an phictiúir don tSeanleaid.]
seanleaid: dar Dia chomh hálainn leat!
cailinog: álainn? ;)
seanleaid: dáiríre píre ní raibh súil ná coinne agam le chomh dathúil is atá tú.
cailinog: an bhfuil tú i ngrá liom? ;) ”folaíonn grá gráin”, mar a deirtear :)
seanleaid: níl a fhios agam. i ndiaidh an oiread crá croí is a d’fhulaing mé lá mo shaoil rinne mé dearmad de chiall an fhocail sin ”grá”. ach is é an rud cinnte gur mhaith liom…tá a fhios agat…
cailinog: níl a fhios agam :)
seanleaid: …gur mhaith liom tú a chuimilt agus sásamh collaí a thabhairt duit, mar bhuíochas as chomh deas, chomh tuisceanach is a bhí tú liom. chaithfinn lá iomlán do do chuimilt, do do phógadh, ag tabhairt faoiseamh láimhe duit go dtí go mbeifeá i ndeireadh d’anála. agus dá mbeadh eagla ort ní chaithfeá an bod a ghlacadh isteach. bheimis ag labhairt faoi gach uile shórt dá rithfeadh linn, agus mise ag sásamh do ragúis uair i ndiaidh a chéile.
cailinog: mmm…;)
seanleaid: bhuel?
cailinog: an chéad rud a chaithfeas mé a rá leat go bhfuil deis do labhartha agat. d’fhéadfá do chuid a shaothrú ag scríobh scéalta do na hirisí craicinn.
seanleaid: muise nuair a bhí mé óg d’éirigh liom cúpla scéal den chineál sin a fhoilsiú.
cailinog: nuair a bhí tú óg? cé chomh hóg?
seanleaid: chomh hóg is nach raibh taithí ar bith agam ar na cluichí craicinn san am sin :D
cailinog: an bhfuil tú dáiríre?
seanleaid: tá muis. ach nuair a fuair mé an chéad bhlas ar an leathar níor dhíol mé oiread is aon scéal amháin a thuilleadh.
cailinog: cén fáth meas tú?
seanleaid: an drae fios agam. is dócha go raibh an iomarca réadúlachta ann rud nach raibh ag teastáil. aislingí agus brionglóidí a bhíos na hirisí sin a dhíol leis na léitheoirí, diabhal fírinne. :)
cailinog: ó muis :D an bhfuil cead agam ceist íogair a chur ort?
seanleaid: agus fáilte!
cailinog: cathain a fuair tú do chuid ó bhean an uair dheireanach?
seanleaid: timpeall ar leathbhliain ó shin.
cailinog: agus cad é mar a bhí sí? ;)
seanleaid: ní raibh caill ar bith uirthi le fírinne. cailín í a bhfuil aithne agam uirthi le roinnt mhaith ama anuas. níl mé cinnte cén aois í. seacht mbliana fichead, más buan mo chuimhne.
cailinog: cad é a rinne sibh le chéile???
seanleaid: nach tusa atá fiosrach :D bhuel an gnáthrud, chaith muid na héadaí uainn agus chuaigh muid faoin gcithfholcadh. thug muid croí isteach dá chéile agus nuair a tháinig adharc orm chuir sí coiscín orm. ansin chaith muid tamall fada ag bualadh craicinn.
cailinog: ar shásaigh tú í?
seanleaid: creidim gur shásaigh. tá mé in ann mo chuid méar a oibriú mar sin. mhothaigh mé trithí a faighne timpeall orthu pé scéal é.
cailinog: anois tá éirí craicinn ormsa.
seanleaid: ar mhian leat mise a bheith i d’aice anois? ;)
cailinog: ba mhaith le fírinne. an bpógfá mé?
seanleaid: ar ndóigh, chomh deas is atá tú, más fíor don ghrianghraf.
cailinog: is é an rud is mó a thaitníos liom ná an fear a bheith do mo phógadh ó rinn go sáil.
seanleaid: sin rud furasta dáiríribh.
cailinog: an oíche dheireanach a chaith mé ag bualadh craicinn is dócha go bhfuair an fear ródheacair é.
seanleaid: cén saghas fear a bhí ann?
cailinog: bhuel is náir liom a admháil…tá a fhios agat bhí bod mór millteanach aige agus tháinig fonn orm triail a bhaint as…
seanleaid: ná hinis an chuid eile, thuig mé an scéal cheana féin. cheap sé gur leor bod mór le bean a shásamh, agus níor bhac sé le tú a phógadh ná a chuimilt. an bhfuil an ceart agam?
cailinog: go díreach.
seanleaid: agus is dócha nach bhfuair tú órgasam ar bith.
cailinog: ní bhfuair muis. :(
seanleaid: an raibh de mheabhraíocht agat úsáid an choiscín a éileamh?
cailinog: bhí muis. ach i ndiaidh an iomláin bhí mé náirithe ar fad, agus mhothaigh mé mé féin an-salach go deo. chaith mé an lá arna mhárach faoi chithfholcadh ag iarraidh aon smúid a d’fhág sé orm a ghlanadh díom, agus chuaigh mé chuig dochtúir na mban ag féachaint, an raibh víreas nó baictéar éigin tolgtha agam, beag beann ar an gcoiscín. míle buíochas le dia ní raibh.
seanleaid: ó, tá áthas orm nár thóg tú a dhath, a stór. :)
cailinog: go raibh maith agat :) ach an bhfuil a fhios agat níl éirí craicinn orm a thuilleadh, tar éis dom na cuimhní cinn seo a reic leat. :(
seanleaid: nach maith an rud é :) ní bheidh frustrachas craicinn ort ag dul a chodladh duit anocht :)
cailinog: bhuel is fíor duit ach mar sin féin b’fhearr liom éirí beag a bheith orm agus mé ag smaoineamh ort :)
seanleaid: ó, breast thú :) ná habair go bhfuil fonn ort chugam
cailinog: le fírinne tá, traidhfilín beag. is annamh is féidir liom na cúrsaí seo a chardáil le haon duine chomh hionraic seo i ndáiríre.
seanleaid: ach nuair a fhiafrós mé díot, an bhfuil tú sásta oíche a chaitheamh liom, is é an freagra a gheobhas mé ná gur fearr leat an aisling dheas gan réaltacht shuarach a dhéanamh di :(
cailinog: caith uait an tseafóid sin, a sheanleaid. tá a fhios agam nach bhfuil tú ach ag iarraidh mé a chealgadh. is é an rud a theastaíos uait ná go dtoileoidh mé síneadh leat lena thaispeáint duit go bhfuil tú sa mhícheart chomh héadóchasach is atá tú :)
seanleaid: dar muige d’aithin tú an fuadar a bhí fúm :)
cailinog: oíche mhaith anois.
seanleaid: oíche mhaith, a stór :)

An Ceathrú Comhrá

seanleaid: heileo!
cailinog: ó, heileo. tá an-áthas orm tú a fheiceáil anseo. conas atá tú?
seanleaid: gnóthach go maith, ach níl caill orm. cad é mar atá tú féin?
cailinog: níl a fhios agat… :(
seanleaid: ó, níl róchuma air sin. cad é a tharla? céard a d’éirigh duit?
cailinog: mo dheartháir atá ag déanamh scime dom i gcónaí. tháinig na póilíní air agus é dubh drugáilte. anois tá sé dealraitheach go rachaidh an scéal chun na cúirte.
seanleaid: cén sórt drugaí a bhí ann?
cailinog: toitíní draíochta.
seanleaid: bhuel níor bhlais mé féin d’aon chineál drugaí riamh ach creidim nach bhfuil siad leath chomh dainséarach leis an hearóin mar shampla. mar sin níl do dheartháir ar an dubhdhrabhlás go fóill.
cailinog: tá a fhios agam é, ach san am chéanna tá mo chroí á réabadh le heagla.
seanleaid: tuigim do chás, a stór. is cuimhin liom an dóigh a ndeachaigh sé i bhfeidhm orm nuair a bhí fadhbanna den chineál chéanna ag mo dheartháir féin.
cailinog: ach ní raibh seisean sa phríosún riamh, an raibh?
seanleaid: ní raibh, míle buíochas le Dia.
cailinog: sin é é. is é an rud is mó a chuireann buairt orm ná, an ngearrfar téarma príosúnachta do mo dheartháir-se.
seanleaid: bhuel más é an chéad uair dó coir a dhéanamh ní chreidim féin go rachaidh sé sa phríosún, go háirithe más amhlaidh nach bhfuil i gceist ach marachuan. ní hé an druga an fhadhb is mó dar liom, níl ann ach airí. is é an rud is measa ná chomh stoite atá do dheartháir, chomh dífhréamhaithe. dúirt tú féin nach bhfuil a dhath idir lámhaibh aige a cheanglódh den tsaol é. ba chóir dó ceangal den chineál sin a nascadh chomh sciobtha agus is féidir.
cailinog: muise :( ni thuigim cén fáth nach bhfuil sé ábalta áit éigin a aimsiú ar an saol seo.
seanleaid: ní bhíonn sé chomh furasta sin i gcónaí. dála an scéil níor inis tú dom riamh cén cineál oibre a bhí ag do thuismitheoirí.
cailinog: bhuel is múinteoir í mo mháthair, ach ní fhaca mé m’athair le deich mbliana anuas. níl a fhios agam fiú cén cineál oibre a bhí aige. thit pósadh mo thuismitheoirí as a chéile i bhfad roimhe sin. meas tú an mbeadh saol ní b’fhearr ag mo dheartháir dá bhfanfadh daid in éineacht linn?
seanleaid: bhuel tá an dá bh’fhéidir ann. bítear ag áitiú go bhfuil patrún fir de dhíth ar an mbuachaill óg sa bhaile ach níl mé cinnte. tá aithne agam ar bhuachaill, nó abraimis, ar fhear, a bhfuair a athair bás nuair nach raibh sé féin ach cúig bliana d’aois, agus é i gcónaí faoin dóigh a mbítear ag labhairt faoi bhuachaillí gan athair, is é sin, go bhfuil sé i ndán dóibh dul ar strae sa saol. is é a bharúil féin gur chóir éirí as a leithéid de réamhchinnteachas nach dtéann ach chun míleasa do na stócaigh sin féin. má ghlacann an saol mór leis roimh ré nach bhfuil ach an drabhlás daite duit mar chinniúint, is dócha go rachaidh tú ar an drabhlás.
cailinog: ach ní dheachaigh do chara ar an drabhlás, cinnte?
seanleaid: ní dheachaigh muis. d’éirigh an saol leis go gleoite ar fad. ar dtús bhain sé amach dintiúir an tsaighdiúra agus é ag coimeád na síochána leis na Náisiúin Aontaithe in áiteanna ar an gcoigríoch, sa Tríú Domhan ach go háirithe. nuair a bhí sé barúlach go raibh a dhóthain déanta aige den obair sin chuaigh sé ag staidéar staire san ollscoil. anois tá dhá leabhar foilsithe aige. togha fir é ar go leor bealaí.
cailinog: agus ar ndóigh tá bean dheas aige nach bhfuil ;) ní bheadh a leathbhreac i bhfad ar lorg bhean a dhiongbhála.
seanleaid: is fíor duit :) tá sé pósta le cúpla bliain anuas, agus cailín den chéad scoth í a bhean ar ndóigh.
cailinog: nár chóir duit féin bean a fháil duit lá de na laethanta seo?
seanleaid: sin é an rud atá idir lámhaibh agam anois díreach.
cailinog: an bhfuil tú i ndáiríre?
seanleaid: dáiríre píre.
cailinog: an dtabharfá grá dom? ;)
seanleaid: an é an freagra ionraic atá uait?
cailinog: is é.
seanleaid: bhuel, seo an méid. thar aon rud eile mothaím gur féidir liom cumarsáid cheart chneasta a choinneáil leat, rud nár mhinic a d’éirigh liom le haon chailín roimhe seo. rud eile fós tá tú go hálainn ach ní ailleagán thú. agus ina dhiaidh sin féin caithfidh mé a admháil, bhuel..,
cailinog: sea?
seanleaid: uaireanta ba mhaith liom thú a fheiceáil ag iompar clainne dom, agus sin smaoineamh nár chuir aon bhean i mo chloigeann riamh roimhe seo.
cailinog: …
seanleaid: sea?
cailinog: níl a fhios agam an rud ba chóir dom a rá.
seanleaid: gabh mo leithscéal má chuaigh mé thar fóir.
cailinog: ní dheachaigh, ach…ach.
seanleaid: ach?
cailinog: ní dhúirt fear ar bith a leithéid sin liom riamh. tháinig na deora liom nuair a léigh mé na focail sin uait.
seanleaid: ná bí ag gol, a rún.
cailinog: glacaim leis go dtugann tú grá dom i ndáiríre. sin é an tátal a bhainim asat.
seanleaid: is dócha go bhfuil an ceart agat :)
cailinog: caithfidh muid coinne a shocrú, dul i dteagmháil le chéile.
seanleaid: caithfidh muise, a stór. seo mo ríomhsheoladh: seanleaid@solathroirgreasain.com.
cailinog: cailinog@freastalai.com.

An Teagmháil

Stop an traein ar an stáisiún deireanach roimh an bpríomhchathair agus thuirling an Seanleaid ar an ardán. Ba é seo an bruachbhaile ina raibh cónaí ar an gCailín. Bhí foirgneamh an stáisiún suite in airde trasna na raillí, agus chaithfeá dul suas an staighre ón ardán. Rith leis an Seanleaid gurbh fhéidir go mbeadh bláthanna ar díol ansin, agus ba dóigh leis gur dea-bhéasaíocht a bheadh ann dá gceannódh sé rósanna don Chailín.
Ar ndóigh bheadh sé seanfhaiseanta, agus ba dócha nach mbainfeadh sé ach gáire tarcaisniúil as an gCailín, ach mar sin féin bhí an cinneadh glactha aige. Bhí sé tar éis dhá DVD, dhá scannán ar diosca, a cheannach le haghaidh an Chailín cheana. Ceann pornagrafaíochta agus ceann eile - an scannán ab fhearr leisean. De réir dealraimh ní raibh sé feicthe aicise.
Mhothaigh sé na cosa ag creathnú faoi nuair a bhain sé amach bloc árasán an Chailín. Baineadh stangadh as nuair a chonaic sé a sloinne-se in aice le cnaipe an dordánaí dorais. Bhrúigh sé an chnaipe, agus i ndiaidh cúpla nóiméad baineadh an glas den doras mhór thíos. Chuaigh sé isteach agus cotadh ag teacht air díreach mar nach mbeadh ann ach stócach óg faiteach. Agus b’fhéidir nár aibigh sé lá ó bhí sé cúig bliana déag. Is beag taithí a fuair sé ar chuideachta na mban sa leaba idir an dá linn, i ndiaidh an iomláin.
Agus i gceann tamaill bhí doras an árasáin chirt ann. D’oscail an Cailín ina araicis é, agus í ina seasamh os a comhair amach ina steillebheatha!

Na súile sin! Theastaigh uaidh iad a fheiceáil ón lá a thaispeáin an Cailín a pictiúr dó ar an Idirlíon. Ansin féin chuir a radharc-san idir chompord agus mhíchompord air. Súile a bhí iontu a d’éiligh ar an bhfear a dhualgas a chomhlíonadh agus í a thabhairt go tairseach na bhflaitheas.

Shín sé na bláthanna chuici. ”Tá a fhios agam go bhfuil sé cineál aiféiseach ar na saolta seo”, ar seisean, ”ach rith liom rósanna a cheannach duit.”

Tháinig iontas ar an gCailín. Ghlac sí na bláthanna uaigh go réidh, agus mhothaigh an Seanlead sórt brú timpeall ar a chroí nuair a d’aithin sé corrdheoir faoi leathshúil léi. San am chéanna, áfach, tháinig leafa gáire uirthi.

”Cá bhfuil an seomra folctha?” a d’fhiafraigh sé. ”Ba mhaith liom mo lámha a ní.” Ansin chuala an Cailín tocht ina ghlór, nuair a labhair sé arís, beagnach i gcogar: ”Ní bhainfinn duit le méara salacha.”

”Tá sé thall ansin”, arsa an Cailín, agus mhothaigh an Seanleaid go raibh a guth-sa á thachtadh le snag caointe chomh maith. ”Rachaidh mé ar lorg bláthchuach.”

Ag filleadh ón seomra folctha dó ní raibh moill ar bith air an Cailín a fháscadh chuige. Bhí a fhios aige ón gcomhfhreagras a bhí acu le chéile i ndiaidh na gcomhráite idirlín gur mhaith léi an fear a bheith ag pógadh chúl a muiníl. Dar fia gheobhadh an Cailín an rud a bhí uaithi! Chuir sé a bhéal go cúramach lena muineál, agus ansin thug sé póg i ndiaidh a chéile di, póga séimhe cáiréiseacha nach raibh ach ag mionchuimilt chraiceann an Chailín.

Shílfeá go raibh a cosa ag imeacht uaithi agus é á pógadh. Bhí sí ar bharr lasrach agus í ag géilleadh do lámha an fhir. Ar dtús bhí sórt eagla uirthi roimhe, nó ní raibh inti ach bean bheag bhídeach nach mbeadh in ann cur ina aghaidh dá mbeadh banéigneoir nó murdaróir ann tar éis an tsaoil. Ach anois thuig sí go raibh sé meáite ar a chuid geallúintí a chomhlíonadh agus go raibh sé sách eolach ar na mná le hobair an ghrá a dhéanamh go deas.

Chuaigh liopaí an fhir óna muineál go dtína cíocha, óna cíocha go dtína bolg, agus ansin thosaigh siad ag déanamh a mbealaigh go dtína baill ghiniúna. Ní raibh deifir air, ach mar sin féin thuig an Cailín cá raibh a thriall. Bhí sí ar bharr amháin creatha ag fanacht leisean an ceann scríbe a bhaint amach.

Nuair a bhain, mhothaigh sí barr a theanga ar a breall, agus tháinig deora áthais ina súile. Théigh a croí leis an bhfear le teann buíochais, agus chonaic sí sclimpíní agus drithlí nuair a sháigh an fear isteach méar amháin le hí a oibriú taobh istigh den fhaighin.

I ndiaidh an chéad órgasam dul tríthi chaith sí tamall maith ag baint taca as an Seanleaid agus í ag tarraingt anála.

”An raibh sé go deas?” a d’fhiafraigh seisean.

Bhí a glór ag teip uirthi nuair a d’fhreagair sí: ”Bhí…”

”Agus cuimhnigh nach raibh ann ach tús.”

Muise ní raibh.

Chuir an Seanleaid an chéad dlúthdhiosca isteach sa dioscthiomáint agus ansin thosaigh seisean agus an Cailín ag breathnú ar an scannán. Is éard a bhí ann ná scéal girsí óige a bhí díreach ina déagóir, agus gan de thuismitheoirí aici ach a máthair - máthair a bhí ag tabhairt grá d’fhear i ndiaidh fir agus ag taisteal na tíre ó ghrá gheal go grá geal. Chaithfeadh an girseach agus a deirfiúr bheag a máthair a leanúint agus í ag fánaíocht timpeall na Stát Aontaithe ar an gcamchuairt seo.

”An bhfuil a fhios agat, cé leis a ndéanaim mo chomhionannú ar an scannán sin?”
”Inis dom”, arsa an Cailín, agus an chuma uirthi go raibh fíorspéis aici ina mbeadh le rá ag an Seanleaid.
”Leis an gcailín óg sin”, arsa an Seanleaid. ”Féach an dóigh a bhfuil sí ag iarraidh faoiseamh a lorg sa chráifeacht” - bhí girseach an scannáin ag cur geáitsí dianreiligiúnacha uirthi féin le bheith in ann an cineál saoil a lochtú a bhí idir lámhaibh ag a máthair - ”agus an fonn craicinn agus an ragús grá ag teacht uirthi san am chéanna.”
”An raibh tusa reiligiúnach nuair a a bhí tú i do dhéagóir?” a d’fhiafraigh an Cailín.
”Níl mé cinnte ar chóir dom a rá go raibh”, ar seisean. ”Ar bhealach tógadh le reiligiún mé, ach ansin níorbh é a reiligiún siúd a bhí ag craobhscaoileadh a soiscéala féin sa chathair. Agus thairis sin bhí suim agam ina lán rudaí eile seachas reiligiún, is é sin, litríocht agus eolaíocht, agus iad ag teacht salach ar an gcráifeacht. Ach anois, féach ar an ngirseach sin, an dóigh a bhfuil sí ag iarraidh caoi éigin a choinneáil ar a saol féin le reiligiún agus ag santú grá san am chéanna, ar dhóigh éigin ní féidir liom gan mé féin a aithint inti, mar a bhí mé i mo dhéagóir dom.”
”Cé gur cailín í?” arsa an Cailín, agus iontas uirthi.
”Cé gur cailín í muise”, a d’fhreagair an Seanleaid.

I ndiaidh dóibh an chéad dlúthdhiosca a fheiceáil chuir siad an ceann pornagrafaíochta isteach ina áit. Ní raibh ach leathshúil acu air, nó bhí siad ag caint ar an gcéad aithne a fuair siad ar na scannáin chraicinn agus iad sna déagaí.
”Mé féin”, arsa an Cailín, agus í ag sciotaíl gáire, ”chonaic mé an chéad scannán craicinn nuair a bhí mé dhá bhliain déag agus mé ar cuairt i dteach mo sheanmháthar. Bhí an-ghrá agam do Mhamó riamh ach bhí sí cineál seanfhaiseanta, is é sin, ní raibh mórán measa aici ar sheafóid an lae inniu. Bhí sí cineál reiligiúnach freisin.”
Tháinig gnúis gan a leithéid eile ar an Seanleaid, agus phléasc fíor-scotbhach gáire ar an gCailín nuair a chaith sí súil i dtreo an fhir.
”Ní bheadh súil agat leis muise”, ar sise. ”Ach is é lomlán na fírinne é. Tá a fhios agat na scannáin leathair ar an XTV, nach bhfuil?”

Is éard a bhí i gceist leis an XTV ná staisiún príobháideach teilifíse a bhíodh ag craoladh scannáin de gach cineál agus an-ráchairt air. Nuair a thosaigh an staisiún ag craoladh scannáin chraicinn, tharraing sé an-challán sna nuachtáin ar dtús ach ní raibh an tír i bhfad ag dul i dtaithí an chleachtais seo. Ar ndóigh ba chuimhin leis an Seanleaid an racán sin go maith.
”Tá, cinnte”, ar seisean.
”Bhuel bhí cead agam seanscannán eachtránaíochta a fheiceáil ar an teilí, i ndiaidh do Mhamó féin dul a chodladh. Ní raibh a fhios aici gurbh ar an staisiún chéanna a bhí na scannáin leathair. Le fírinne ní raibh a haird ar na cúrsaí sin, agus is dócha go raibh an oiread sin muiníne aici asam agus gur chreid sí nach mbacfainn leis an gcineál sin scannán.”
”Cad é mar a chuaigh sé i bhfeidhm ort, mar sin?”
”Bhuel”, arsa an Cailín, ”bhí mé chomh hóg is nár chuir sé mórán éirí orm. Ach ar ndóigh bhí mé fiosrach, rud nach ndeachaigh ach i méadaíocht faoi thionchar an scannáin sin.”
”Mé féin”, ar seisean, ”chonaic mé an chéad scannán craicinn nuair a bhí mé ar cuairt ag buachaill de lucht m’aitheantais. Teaghlach lucht oibre a bhí ann agus dearcadh díreach acu ar na cúrsaí collaíochta. Bhí a mac sna déagaí, agus cad eile a dhéanfadh a leithéid ach breathnú ar na scannáin leathair? Sin é an port a bhí á sheinm acusan. Mé féin áfach bhí mé ag léamh an iomarca nuachtán agus irisí agus na colúnaithe ag áitiú ar na léitheoirí nach mbeadh sa bhuachaill ach ábhar banéigneora dá mbeadh sé ag cur suime sna scannáin phornagrafaíochta. Bhí náire agus deargnáire orm mar sin…”
Chuir an Cailín ina thost é le póg fhada agus í ag scaoileadh a threabhsair de le greim a fháil ar a bhod.
”Ná bíodh náire ort, a stór”, ar sise. ”Fear maith thú.” Thosaigh sí ag bleán an bhoid agus chuir sí a liopaí thart ar an mbreall. Bhí an Seanleaid ag búirfigh: ”Stop, a stór, stop”, ach ní stopfadh an Cailín, nó bhí a fhios aici go rímhaith gurbh é a ghlanmhalairt sin a bhí an Seanleaid a mhaíomh, nó bhí an oiread sin eolais aici ar bhealaí na bhfear cheana. Cé nárbh é seo an chéad chomhriachtain a bhí aici, chuir sé iontas uirthi i gcónaí an t-athrú a tháinig ar an mbod agus an dath corcra a d’iompaigh ann. Bhraith sí teas agus taise taobh istigh dá faighin féin, agus bhuail an fonn comhriachtana í ó rinn go sáil. A leithéid de sháiteán bhreá, a leathbhreac d’fhear dheas - ó, chaithfeadh sí dul ar muin anois!
Bhí an scannán craicinn ag rolladh leis gan aon duine súil a chaitheamh air nuair a thosaigh an Cailín ag marcaíocht ar an bhfear. Bhí sí ag gluaiseacht íochtar a colainne mar a bheadh sí ag rince, agus leoga ba é sin an damhsa ab fhearr ar domhan.
Bhí sí ar coipeadh le fonn chuig an bhfear seo. Bhí náire air faoina chollaíocht, nach raibh? Bhuel bhainfeadh sí an náire sin de! Chaithfeadh sí an deireadh seachtaine go léir ag bualadh leathair leis go dtí go ndéanfadh sé dearmad den náire sin. Dar muige chaithfeadh sí an chuid eile dá saol ag iarraidh an náire sin a bhaint de!

Nuair a bhuail an chéad órgasam eile í agus eisean ag scaoileadh a shíl féin, thosaigh sí ag uallfartaigh in aird a cinn, agus í ag glaoch ar an Seanleaid ina ainm. Agus ní raibh ann féin ach tús, tús dá ngrá, tús dá gcumann, tús dá gcaidreamh.

(Críoch)

Sadhbh (scéal nua anghrách/new erotic story)

Aicmithe sna catagóirí: erotica

Toirbhirt:
I ndilchuimhne ar Timo Saarniemi (1942-2005). Airsean a bhunaigh mé ”Tadhg an Cheamara”.

Is cuma faoi m’ainm, ach is féidir leat Proinsias a thabhairt orm, nó tá sé chomh maith mar ainm cleite agus ceann ar bith eile. An lá sin, ní raibh súil ná coinne agam leis an eachtra a bhí i ndán dom. Déanta na fírinne, bhí deireadh súile bainte agam de mhná an tsaoil seo. Ba dóigh liom gur faoi dhrochphláinéad ar fad a rugadh mé, agus an dóigh a raibh ag cliseadh orm leis na girseacha ó tháinig an chéad ragús orm in aois mo thrí bliana déag dom.

Ní hionann sin agus a rá, ar ndóigh, nár éirigh liom mo chuid a fháil ó na cailíní ó am go ham. Nuair a bhí mé sé bliana déag, fuair mé an chéad seans, agus an uair sin, bhí beirt bhan óg i gceist. Thig linn Mín agus Sorcha a thabhairt orthu, le haghaidh an scéil áirithe seo. Siúd is nach raibh Mín ar an gcuid ba dathúla de chailíní ár ranga, ní raibh sí ag breathnú go míofar ach an oiread, nó bhí ceannaithe soicheallacha, fáiltiúla, taitneamhacha aici. Ba í Sorcha an cara ab fhearr dá raibh aici. Bhí sí ní b’áille ná ise, ach má bhí féin, bhí deich gcileagram, a bheag nó a mhór, thar an gceart aici, agus is dual do na cailíní a shíleadh go gcuireann a leithéid a seansanna leis na buachaillí ó mhaith ar fad. Maidir le Mín, bhí a colainn cumtha comair, agus ní shamhlófá a mhalairt léise, ó chaitheadh sí uair an chloig go leith in aghaidh an lae ag snámh, cibé cé acu samhradh nó geimhreadh a bhí ann.

Bhí an triúr againn sé bliana déag d’aois, mar sin. Ní bhfaighfeá a sárú sin de bheirt ghirseach dheasa ar dhroim an domhain. Bhí spallaíocht de chineál éigin ar cois agam leo. Súgachas saonta sóntach a bhí ann, nó bhí siad gníomhach in ógra na heaglaise, agus is ar éigean a rithfeadh leat a leithéidí sin a bhréagadh chun leapa - mar a shíl mé. Cibé scéal é, ghlac mé leis go bunúsach nach bhféadfadh a dhath titim amach eadrainn, agus b’fhéidir gurbh é sin ba phríomhchúis leis go ndeachaigh na cúrsaí thar cailc ar fad sa deireadh thiar thall.

Ba mhinic a chastaí orm iad i linn snámha an bhardais a ghnáthaínn san am sin. Siúd is gur lú orm ná an sioc an chuid ba mhó den lúthchleasaíocht, bhí mé an-tugtha don tsnámh, agus ar ndóigh, bhí deis agam lán mo shúl a bhaint as mná óga dea-chumtha ansin nach raibh ach scriosán cúng éadaigh orthu.
Fág is gur dhual dom éirí áirithe a aithint i mo bhod i bhfianaise na gcailíní deasa dathúla seo, bhí mé iontach cotúil, iontach cúirtéiseach ina leith san am sin. Uaireanta, áfach, nuair a d’éirigh liom breith ar mo mhisneach, thumfainn mo chloigeann faoi dhromchla an uisce le ruathar a thabhairt faoi Mhín agus leathlámh liom a chuimilt lena craiceann mín síodúil. Is iomaí scread agus scréach a ligeadh sí aisti ansin, ach ina dhiaidh sin féin, ní fhágadh an miongháire a béal, agus oiread is uair amháin níor chuala mé focal uaithi leis na ruathair seo a chosc, amach ón chupla uair a dúirt sí gur buachaill an-dána a bhí ionam. Lá amháin, fuair mé de chroí méaradradh a dhéanamh ina gabhal, agus ansin, chiceáil sí uaithi chomh tobann is gur ghortaigh sí mé. Nuair a tháinig mé suas agus an anáil ag teip orm i ndiaidh an drochbhuille a bhuail sa bhrollach mé, áfach, bhí an-imní uirthi fúm, agus í ag déanamh a leithscéil liom arís agus arís eile. M’anam don diucs murar chuala mé blas beag caointe ar a guth! Bhí náire orm féin faoin dóigh a ndeachaigh mé ag crúbáil uirthi, ach i ndiaidh an iomláin, bhí sí i bhfad ní ba bhuartha fúmsa ná faoina geanmnaíocht féin. Dea-chomhartha a bhí ansin, gan dabht gan déidearbhadh.

Mar sin féin, níor tháinig aon fhorbairt ar an scéal sin nó go ndeachaigh an triúr againn, Sorcha, Mín agus mise, - go ndeachaigh muid ag campáil le chéile. Dáiríribh, díol iontais ar fad a bheadh ann mura dtuigfinn cad é a bhí daite dom nuair a d’iompaigh sé amach go gcaithfimis ár gcodladh a dhéanamh in aon phuball amháin. Fág is go raibh Sorcha in ann iarracht mhaith d’fhonn craicinn an ainmhí aingiallta a chur orm, ba le Mín ba mhó a bhí dáimh mo chroí. Sa bhreis ar ragús na colainne, ba léir nár chuma léi fúm mar dhuine, agus bhí mé ag dréim le cumann ceart grá a bheith agam léi.

Níl a fhios agam inniu cé acu againn ba túisce a fuair an smaoineamh dul ag campáil le teacht an tsamhraidh a cheiliúradh. B’fhéidir go raibh sé soiléir do gach duine againn i dtosach báire an tseachbhrí chollaí a bhí ag dul leis an bplean, ach nuair a bhí muid i ndiaidh deireadh an ghrinn ropánta a bhaint as an taobh seo den scéal, d’fhan an smaoineamh féin ag faibhriú ar ár n-intinn, agus nuair a chuaigh muid á chardáil i ndáiríre, tháinig muid ar an gconclúid nach raibh caill ar bith air mar phlean: an áit a rachaimis ag campáil, an cineál gléasra a bhí de dhíth, agus araile. Nuair a bhí na ciútraimintí, na gréibhlí, na gréithre is na cleathainsí riachtanacha ar fad ullamh againn, bhí cupla focal agam le Mín i dtaobh na gcoiscíní.

“A Mhín”, a thosaigh mé, “ba mhaith liom labhairt leat.”

Chuir sí cluas mhaith éisteachta uirthi ar an toirt. Cailín a bhí inti a thabharfadh aird ar do chuid focal.

“Tá a fhios agat, a Mhín, go bhfuil cineál suime agam ionat”, arsa mise go cúramach, “agus, ar eagla na heagla,” caithfidh sé go raibh m’éadan ar bharr lasrach le luisne, “tá mé i ndiaidh cupla pacáiste coiscíní a cheannach. Ar eagla na heagla.” Ní raibh mé ábalta mórán céille a bhaint as an ngnúis a tháinig uirthi, agus rinne mé deifir ag pointeáil amach nach raibh mé ach ag déanamh téisclime “ar eagla na heagla”. Ar eagla na heagla - is iomaí uair a chluinfeá na focail sin uaim, dá mbeifeá i m’éisteacht agus an t-áitiú sin ar Mhín ar siúl agam.

I ndiaidh dom an phaidir chapaill a thabhairt uaim, labhair sise, agus má bhí mé féin ag iarraidh bheith dioplómatúil, níor thaise dise é. Mhol sí mé, agus í inbharúla gur ciallmhar is gur tuisceanach an mhaise dom cuimhneamh ar a leathbhreac. San am chéanna, áfach, - ar sise, - ceanúil is uile mar a bhí sí orm, ní raibh sí cinnte, an raibh sí ceanúil orm ar an dóigh áirithe sin. Thairis sin, bhí muid lenár gcampáil a dhéanamh in éineacht le Sorcha, agus b’olc an seanadh a bheadh ann dá dtosóimis ag crúbáil a chéile ina fianaise-se cibé…

“Ar chóir dom, mar sin, na coiscíní a fhágáil sa bhaile?” a d’fhiafraigh mé de Mhín.

“Bhuel”, ar sise, “is é an rud is fearr ná a dtabhairt linn mar sin féin, ar fhaitíos na bhfaitíos, mar a dúirt tú. Ach ina dhiaidh sin féin, coinnigh cuimhne air nach bhfuil a dhath geallta agam duit.”

“Ach ar a laghad ar bith, an bhfuil tú ceanúil orm?”

Tháinig aoibh bheag gháire ar a liopaí, agus chlaon sí a ceann.

Bhí sí ceanúil orm! B’fhéidir go mbeadh seans agam mo chuid a fháil uaithi, agus ba mhillteach an smaoineamh é - smaoineamh a bhí ann, dáiríribh, a bhain creathnú aoibhnis asam agus a chuir adharc chomh crua orm is gur dhóbair dom síol a scaoileadh ar an toirt. Bhí lúcháir orm fosta go raibh an fhéidearthacht ann gurbh ise, seachas aon chailín eile, a bheadh ar an gcéad pháirtí craicinn agam. Cé nach raibh sí ach réasúnta dathúil, bhí sí beoga bíogúil, mar chailín, agus is fánach fear nach mothódh na cathuithe ag teacht air an craiceann mín deas sin a chuimilt go caomh cúramach.

Fuair mé deacair na cathuithe sin a chloí agus mé ansin ag baint lán mo shúl as Mín, ach rinne mé muinín as go mbeadh seans agam ní ba deireanaí mo dhúil a shásamh. An rud a bhí i ndán dom dáiríribh, is beag a rithfeadh a leithéid liom choíche, ansin.

Mar is dual don am imeacht, tháinig an lá socraithe, agus sinne ag tabhairt aghaidhe ar an gcamas ciúin scoite a bhí roghnaithe mar áit champála againn. Nuair a bhí an puball ina sheasamh, chaith gach duine againn a sheal féin istigh ag cur culaith snámha air féin, agus amach linn ansin ag baint suilt agus subhachais as an uisce nach raibh rófhuar ná róthe. Bhí maolú ann ar theaspach an lae, ach san am chéanna, ní raibh sé chomh fuar is go gcuirfeadh sé ag creathnú sinn nuair a stad muid den tsnámh sa deireadh. D’éirigh muid aníos as an uisce, agus na braoiníní ag rith síos leis an gcraiceann, agus ansin, shoiprigh gach duine againn a thuáille timpeall air féin le ligean don chulaith snámha titim ar urlár an phubaill. B’ábhar adhairce dom an smaointiú go raibh na cailíní ina gcraicinn dhearga faoina dtuáillí, ach níor lig mé a dhath orm. Chaith muid tamall fada inár dtost, agus an ghrian ag claonadh síos ar a bealach trasna na spéire. De réir a chéile, tháinig an chaint ar ais againn, agus nuair a bhí an loch á dheargadh ag gathanna deireanacha na gréine, bhí comhrá ciúin ar siúl againn, agus sinn i mbéal an phubaill ag baint lán ár súl as an gcrónachan.

Daoine óga a bhí ionainn, agus mar sin, ba dual dúinn cúrsaí cleamhnais a tharraingt chugainn mar ábhar cainte agus comhrá. Ba í Sorcha ba mhó a bhí ag caint, agus lionn dubh uirthi, nó chreid sí go raibh sí róramhar le go dtabharfadh aon bhuachaill grá di. D’áitigh Mín agus mise uirthi nach raibh an ceart ná aon chuid de aici, agus dúirt mise léithi go raibh sí meallacach go maith, ó thaobh an chraicinn de. “Ní bheidh sé deacair agat buachaill a chealgadh chun leapa leat”, arsa mise, agus ní bréag a bhí ann ar aon nós. Ba dána an mhaise dom a leithéid a rá le cailín chráifeach b’fhéidir, ach, i ndiaidh an iomláin, ba é sin an taobh den tseithe ba mhó a bhí ag déanamh scime di.

Tháinig meangadh gáirí lena liopaí, meangadh beag cliste nach bhfaca mé ar aon chailín riamh. Ar a laghad, ba ise an chéad ghirseach a chonaic mé ag drannadh an mheangaidh sin liomsa. Bhí fonn craicinn ag teacht ar Shorcha!

Lig Mín miongháire aisti agus d’fhiafraigh sí díom, an bhféadfainn faoiseamh a thabhairt do Shorcha, i gcruth is go gcreidfeadh sí feasta go raibh píosa deas craicinn inti d’fhear. Caithfidh sé gur tháinig luisne ionam ar an toirt, agus an teas a mhothaigh mé i mo leiceann. D’ardaigh an bod a cheann, agus é ag iarraidh teacht chun solais ó scáth an tuáille.

Bhain Mín an tuáille de Shorcha, agus í ag saighdeadh fúm: “Bain lán do shúl aisti! Nach bhfuil sí go deas? Nach bhfuil sí sách deas agat?

Ní raibh mé ábalta a rá ach: “Tá…”

Rug Mín ar chíoch chlé Shorcha agus í á hardú, ar dhóigh is go bhfeicfinn ní b’fhearr í agus an lá ag diúltú dá sholas. Chrom mé síos ar Shorcha agus chuir mé mo liopaí timpeall ar an dide. Dar Dia, shíl mé, scaoilfidh mé le mo chuid síl sula mbeidh a fhios agam féin é, agus beidh Sorcha leagtha suas agam. Níor bhraith mé mo bhod chomh crua sin riamh, agus ba dóigh liom go raibh sé le pléascadh ar an toirt. Ansin, mhothaigh mé Mín ag breith air, agus rith creathnú trí mo cholainn, nó ba é sin an chéad uair i mo shaol a bhain aon chailín dom thíos ansin.

“Cuirfidh mé coiscín ort, a stór”, ar sise, agus í ag tarraingt mo bhoid leis an gcochall rubair a chur air. Ansin, stiúir sí mo sháiteán isteach i bhfaighin Shorcha, agus mé faoi iontas go hiomlán. Ar theastaigh uaithi go mbeinn ag bualadh craicinn lena cara, cé go raibh an chuma ar an scéal go gairid roimhe sin gurb ise a bheadh mar leannán agam?

“Bí á stialláil”, ar sise liom, “tabhair faoiseamh do Shorcha, ós é atá uaithi. Nach bhfuil sí sách deas agat?”

Aríst, ba é an t-aon fhocal amháin a tháinig liom ná: “Tá…”

Agus ansin, ní raibh ar an saol ach Sorcha agus mise. Thosaigh mé ag shá mo bhoid isteach inti, agus mé ag cuimilt mo dhá lámh timpeall a colainne, ag iarraidh í a chur ar bhealach an aoibhnis. Thug mé póg i ndiaidh a chéile di, agus mé ag súgradh lena cluasa nó ag ligean do mo chuid méar dul síos le cnámh a droma. Mhothaigh mé ag creathnú fúm í, agus mé á cuimilt. Bhí mé ag bualadh craicinn díreach mar nach mbeadh an dara háiméar i ndán dom ina dhiaidh seo, agus ba léir nár thaise dise é.

Nuair a chuaigh an tonn aoibhnis tríd an mbeirt againn, chonacthas dom gur phléasc buama adamhach taobh thiar de mo mhagairlí. San am chéanna, mhothaigh mé Sorcha ag únfairt is ag lúbarnaigh fúm, agus ag amharc siar ar an ragús éadóchasach a bhí orainn, is ábhar iontais dom nár thit an puball isteach agus an dóigh a raibh muid ag ciceáil uainn. I ndiaidh an bhabhta craicinn, chaith muid tamall fada inár luí in aice le chéile agus ag cuimilt a chéile. Ach mar sin féin, bhí mé cineál míshásta. I ndiaidh an iomláin, ba do Mhín ba mhó a thug mé taitneamh, agus b’fhearr liom luí léise, in áit Shorcha. Ón taobh eile de, ámh, ba mhór an trua liom Sorcha a thréigean ar mhaithe le Mín, ó ba léir go raibh sí in anás féinmhuiníne agus nár shíl sí mórán dá háilleacht féin.
Mar sin féin, shantaigh mé Mín i gcónaí. Nuair a bhí mé ag bualadh craicinn le Sorcha, bhí sí ag cuimilt a báltaí féin lena leathlámh le faoiseamh a fháil, ach anois, bhí sé de dhíobháil orm go mór mór í a fháscadh chugam. Ina dhiaidh sin, agus an triúr againn ag teacht chugainn i ndiaidh tionnúr beag codlata a dhéanamh, chrom mé ar Mhín a phógadh agus a chuimilt, agus is é an deireadh a tháinig leis an gcluiche sin ná an rud a raibh súil leis: sháigh mé isteach mo bhod, agus chaith mé tamall ag streachailt leathair le Mín. Níor tháinig maolú ar bith ar an teasghrá a bhí tugtha agam di, a mhalairt ar fad, nó ba leasc liom greim mo lámh a scaoileadh di i ndiaidh ár gcomhriachtana. Mar sin féin, b’éigean dúinn aird a thabhairt ar Shorcha, agus an faitíos a bhí uirthi go ligfimis síos í. Nuair a bhí an obair críochnaithe agam le Mín, ní raibh de rogha agam ach Sorcha a ghiúmaráil arís. Ba mhór an obair é beirt chailíní a shásamh, agus nuair a bhí sé thart, bhí mé traochta ar fad.

Sa deireadh, thit ár gcodladh ar an triúr againn arís, agus sinn ag coinneáil teasa le chéile faoinár gcuid blaincéad. Le teacht an lae, tháinig muid chugainn arís, ach anois, ní raibh tuilleadh craicinn ar fáil dom ó cheachtar den bheirt acu. Rud ba mheasa fós, áfach, nár éirigh liom cumann grá a chur ar bun le Mín ina dhiaidh sin féin. Le fírinne, is dócha go raibh na cailíní do mo mhilleánú faoin dóigh a ndeachaigh siad thar cailc an oíche sin, agus mar sin, bhí an seanchairdeas imithe idir mé féin agus iadsan. Ní raibh mé ábalta, áfach, Mín a ligean i ndearmad. Is iomdha oíche aonair a chaith mé ag bleán mo bhoid agus ag brionglóidigh fúithi.

An grá éagmhaise sin a thug mé do Mhín, is follasach gur fhág sé goimh de chineál éigin ionam, goimh nár tháinig cneas ceart thairsti riamh. Nuair a chuimhnigh mé ar na cailíní ar fhéach mé leis an gcoimeadar a chur orthu ó sin i leith, b’éigean dom a admháil nár éirigh liom go rómhaith le haon bhean acu. An chuid ba mhó de na hócáidí, ní raibh mé ábalta oiread is síneadh leis an ngirseach, gan aon trácht ar chumann ceart grá. Bhí cupla cailín ann a bhí sásta a gcosa a scaradh i m’araicis, ach sin a raibh ann: nuair a bhí an gnó déanta againn, agus an oíche thart, d’fhág siad slán agam go múinte agus as go brách leo as m’árasán agus as mo shaol.

Is beag a rithfeadh liom ar an lá úd go raibh athrú saoil daite dom in achomaireacht. Bhí mé díreach do m’ullmhú do scrúduithe samhraidh na hollscoile, agus chuaigh mé go dtí an leabharlann le stampa nua a fháil ar cheann de na leabhair a bhí le léamh agam, i gcruth is go bhféadfainn í a choinneáil agam seachtain eile. Nuair a rinne mé mo bhealach trasna an urláir go dtí an deasc sheirbhíse, bhí súil agam le bean de na leabharlannaithe meánaosta a raibh ballaíocht aithne agam orthu ón gcupla mí a chaith mé féin i mo chúntóir anseo, corradh agus bliain roimhe sin. Baineadh stangadh asam nuair a chonaic mé bean óg dheas ag teacht i m’araicis ón gcúlseomra.

“Dia duit”, arsa mise, agus sórt iontais orm.

“Dia is Muire duit”, ar sise.

“Gabh mo leithscéal, ach is dóigh liom nach bhfaca mé thú ag obair anseo riamh. Is cosúil go bhfuil tú díreach úrfhostaithe.”

“Tá. Tá mé ag staidéar leabharlannaíochta, agus mé le mo sheal oiliúna a dhéanamh anseo i rith an tsamhraidh.”

“Chaith mé féin seal ag obair anseo anuraidh tá’s agat. Mar sin, d’fhéadfá a rá go bhfuil sórt aithne agam ar an teach agus ar a bhfuil ann. Ba mhaith liom iasacht an leabhair seo a athnuachan, más é do thoil é.”

Ghlac an cailín leis an leabhar uaim. Tharraing sí a scanóir láimhe thar an mbarrchód ar an gclúdach, agus í ag caitheamh taobhshúile ar scáileán an ríomhaire. “Fan nóiméad…Ó, is oth liom.”

“Cad é?”

“Tá triúr mac léinn i ndiaidh an leabhar seo a chur in áirithe, agus níl cóip ar bith eile ar an tseilf againn.”

“Triúr eile a deir tú? Ó maigh-ó. Tá an leabhar ag teastáil uaim don scrúdú.”

“Bhail, dealraíonn sé go bhfuil an triúr eile le dul faoin scrúdú céanna”, ar sise. Ansin, áfach, chonaic mé splanc mhagúil ag lasadh suas ina súile. “Ach ar ndóigh, d’fhéadfainn an leabhar a athstampáil duit agus neamhshuim a dhéanamh den triúr eile…ar aon choinníoll amháin.”

“Cén coinníoll?” a d’fhiosraigh mé, agus iontas orm.

“An rachfá go dtí na pictúir liom amárach?”

Ní raibh gíocs ná míocs asam i ndiaidh dom na focail sin a chloisteáil. Bheadh sí sásta athiasacht an leabhair a thabhairt dom faoi choim, ar acht is go rachainn ar scannán léi. Cad é an chuma a bhí ar chúrsaí an tsaoil inniu?

“Rachainn agus fáilte”, a d’fhreagair mise, “ach tháinig seo cineál aniar aduaidh orm. Cad fáth a rachfása liom féin, thar aon duine eile? Níl aithne ar bith agat ormsa, agus tá an ollscoil foirgthe le stócaigh.”

“Le fírinne”, ar sise - Sadhbh a bhí uirthi, mar a chonaic mé ar an lipéad a bhí ar a cíoch chlé, agus creidigí uaim go raibh dhá chíoch chruinne dheasa aici - “ní thig a rá nach mbeadh aithne agam ort. Chuala mé an oiread seanchais ag foireann na háite fút agus go bhfuil mé cineál fiosrach anois.”

Seanchas? Bhuel, ba chuma. Bhí an leabhar de dhíth orm go géar, agus ní raibh aon chaill ar an ngirseach ach an oiread. Le fírinne, chuir sí idir Shorcha agus Mhín i gcuimhne dom.

“Bíodh ina mhargadh”, arsa mise.

Thug muid uimhreacha ár nguthán póca dá chéile, agus ansin, b’éigean di freastal ar chustaiméirí eile. Ba leasc liom cur isteach uirthi ina cuid oibre, agus mar sin, d’fhág mé slán aici go múinte. Stop mé ag an doras leis an spléachadh deireanach a chaitheamh ina treo sula nglanainn liom as an áit. D’fhreagair sí an t-amharc sin trasna an urláir, agus nuair a chas mé uaithi ar ais, ba dóigh liom go bhfaca mé ag bobáil súile í.

Chuaigh mé abhaile liom, agus an leabhar faoin ascaill agam. Bhí an t-árasán beag cúng ag breathnú lán chomh truamhéileach agus a bhí riamh. Ar ámharaí an tsaoil, bhí leaba cheart agam anois, - is é sin, ní bhínn ag déanamh mo chuid codlata ar sheantocht a bhí caite fiarthrasna an tseomra a thuilleadh - ach is beag cuid súl a bhí san áit ar fad. Bhí na leabhair agus na dlúthdhioscaí ar fud an urláir, agus thairis sin, bhí na hirisí craicinn le feiceáil. Dá dtagadh Sadhbh ar cuairt chugam, is dócha gurbh fhearr gan iad a bheith chomh nocht sin.

Chuir mé na liarlóga pornagrafacha i bhfolach i gceann de na tarraiceáin thíos sa chupard, agus ansin, chuir mé sonrú sa chúpla leabhar coimicí craicinn ar an tseilf. Ar chóir dom iad a cheilt ar Shadhbh chomh maith? Bhuel, is dócha go bhféadfainn a bhfágáilt ansin, ceann acu ar a laghad. Nuair a thiocfadh an crú ar an tairne, ní bheadh ann ach rud a chuirfeadh in iúl do Shadhbh go raibh nádúr an fhir fhearga ionam. Mar a dúirt cara liom a bhí ina fhear mhór banaíochta, ní chuireann sé isteach ar an mbean go bhfuil suim agat i gcúrsaí craicinn, más léir di go bhfuil suim agat i gcúrsaí eile fosta. Thairis sin, ní hionann irisí craicinn den chineál shuarach agus coimicí craicinn le healaíontóir fiúntach. Ní cheadódh a náire don chuid is mó de na girseacha súil a chaitheamh ar an gcéad rud acu, ach ar ndóigh, ní bheadh siad leath chomh cotúil roimh an dara cuid. Sin é an cineál moráltacht dhúbailte a bhíonn ag roinnt leis na mná óga - gach rud a bhfuil míchlú na pornagrafaíochta air, seachnaíonn siad é, ach fan go gcuirtear an rud céanna ar fáil faoi ainm an anghrá, agus beidh tóir an diabhail acu air. Ach mar sin féin, nach cuma? Sin iad na cailíní duit, agus mura bhfuil tú sásta grá a thabhairt dóibh mar atá siad, fanfaidh tú ag bleán do bhoid féin go gcaitear na trí sluaiste ort, mar is airí ort.

An lá arna mhárach, scairt Sadhbh ar an nguthán póca orm.

”Mora duit ar maidin”, ar sise - bhí sé deich a’chlog agus ceart go leor bhí mise díreach ag iarraidh an leaba a fhágáil. ”Cogar, an mbeidh tú sásta ‘Paisean idir Dhá Thine Bhealtaine’ a fheiceáil anocht? D’éirigh liom dhá thicéad a fháil don taispeáint ar a deich a’chlog.”

Deich a’chlog? B’ionann sin is a rá go dtiocfadh deireadh leis an scannán leathuair an chloig i ndiaidh an mheán oíche, a bheag nó a mhór. Ach ar ndóigh, bheinn breá sásta an scannán a fheiceáil. Bhí sé i mbéal an phobail i láthair na huaire, agus an chuma ar an scéal gur siamsaíocht mhaith a bhí ann. Go bunúsach, má bhí na léirmheasanna inchreidte, is éard a bhí ann ná scannán eachtránaíochta a chuirfeadh Indiana Jones i gcuimhne duit, agus blas den anghrá curtha leis sin a d’fhág an scannán cosúil le heachtraí Emmanuelle ó na seachtóidí. Sin go díreach an cineál scannáin ba bhreá leat a fheiceáil i gcuideachta Shaidhbhe, leoga. Ar ndóigh, bhí cuid de na léirmheastóirí ag caitheamh anuas ar an scannán, agus iad barúlach go raibh sé ”ag oibiachtú na mban”, ach sin é an port a bhíodh acu i gcónaí.

Tháinig Sadhbh nuair a bhí nóin bheag agus deireadh lae ann. D’iarr mé isteach í agus thaispeáin mé di go bhféadfadh sí suí síos sa chathaoir bhog nuair a bheinn féin ag cur caoi orm sa seomra folctha. Chuimil mé leathghualainn léi agus thug mé póg bhráithriúil di - ní raibh drithlí ar bith ann, cé go raibh sí lán chomh deas le feiceáil is a bhí riamh. Ar ndóigh mhothaigh mé righneas beag i mo bhod ach ní fhéadfá a rá go raibh ragús ceart ag teacht orm. Ach bhí mé breá sásta go raibh Sadhbh ann faoi dheoidh.

Ag dul faoin gcith sa seomra folctha dom bhí mé ag smaoineamh ar Shadhbh, an dóigh a gcuirfeadh sí sonrú sna coimicí anghrácha, an dóigh a mbéarfadh sí ar an leabhar, agus cineál sceitimíní ag teacht uirthi nuair a d’fheicfeadh sí an sórt scéalta a bhí ann, an dóigh a gcuirfeadh sí leathlámh ina gabhal le faoiseamh a thabhairt di féin gan na héadaí a chur di…Anois, tháinig éirí craicinn orm féin i ndáiríribh, agus b’éigean dom brú dhá mhéar a bhreith ar mo bhreall le mo bhod a chur ina chodladh arís. I ndiaidh dom mé féin a ghlanadh is a thriomú agus díbholaíoch a spraeáil orm chuir mé malairt éadaí orm agus d’fhill mé ón seomra folctha. Mar a taibhsíodh dom, bhí Sadhbh ag léamh na gcoimicí anghrácha, ach níor náir léi é: ní dhearna sí ach a súile a ardú agus sméideadh orm.

”Cad é mar a thaitníonn an ceann sin leat?” arsa mise le comhrá na colpaí a dhéanamh, ó chaithfimis tamall maith a chur dínn anseo cibé sula mbeadh sé in am againn gluaiseacht linn i dtreo na pictiúrlainne.

”An ceann seo?” ar sise. ”Bhuel, le fírinne, níl sé thar moladh beirte. Tá a fhios agat, ní maith liom stíl línitheoireachta Crepax, agus níl mórán grinn ina chuid saothar. Agus ní féidir le mo leithéid comhionannú a dhéanamh leis na spanlóirí is na damháin alla a dhéanann gnó na mban aige. Is fearr liom Pichard, le fírinne.” Tháinig meangadh mioscaiseach uirthi. ”D’aithneoinn mé féin ina chuid ban tá a fhios agat. Agus bhí mé sna trithí gáire ag eachtraí Paulette i Vítneam.”

Muise, bhí Sadhbh ina saineolaí ar na coimicí anghrácha! An rógaire mná! Ach le fírinne, ba mhaith an rud é. Bean a bhí in ann comhrá a dhéanamh faoi shaothar Crepax nó Pichard gan luisne teacht inti!

”An bhfaca tú a dhath le Manara riamh?” a d’fhiafraigh mé di.

”Chonaic”, ar sise, ”ach le fírinne níor bhain mé mórán suilt as a chuid saothar riamh. Cuireann an réalachas grianghrafach sin as dom ar dhóigh, agus ar ndóigh is bábóga agus mainicíní iad na mná go léir aige. Bhuel, is maith liom cuid den mhagúlacht in ‘Click!’, ach ní oireann an nádúrachas sin don ghreann, dar liom.”

”Cad é do bharúil ar ‘Little Ego’ le Vittorio Giardino?” a d’fhiosraigh mé.

”Bhuel”, ar sise, ”is maith liom an bunsmaoineamh, is é sin, brionglóidí anghrácha an chailín sin, ach arís is dóigh liom nach bhfuil róréadúlacht na léaráidí ag cur leis na scéalta. Cogar, an bhfuil a fhios agat eachtraí Natacha? Le healaíontóir darbh ainm Walthéry?”

”Natacha, an t-aeróstach? Cinnte le Dia”, a d’fhreagair mé.

”Ba mhaith liom féin coimicí anghrácha i stíl Walthéry a fheiceáil”, ar sise. Tháinig meangadh gáire uirthi. ”Dá mbeinn ní b’fhearr ag tarraingt pictiúr, bhainfinn féin triail as.”

”An mbíonn tú ag tarraingt phictiúr mar sin?”

”Bím, ach le fírinne níl ann ach caitheamh aimsire. Bhain mé an-sult as na ranganna ealaíne ar scoil, ach tá mé as cleachtadh inniu.”

Tuigeadh dom anois cén fáth ar chuir sí an oiread sin suime ionam agus céard a bhí i gceist aici nuair a dúirt sé gur chuala sí an-iomrá orm ag foireann na leabharlainne. Bhí a fhios acu siúd go maith go raibh suim agam féin sna coimicí, na coimicí Eorpacha ach go háirithe. Ó ba mhaith le Sadhbh na coimicí agus na hamharcealaíona, is é an chéad tátal a bhain sí as an leabhar ná gur chóir di í a phlé liom mar shaothar ealaíne. Mar sin ní raibh suim aici ionam mar ábhar leannáin. Ón taobh eile de theastaigh uaithi go rachainn ag feiceáil scannán anghrách léi…

Ach ó bhí siad ag caint faoi na coimicí, sheansáil mé:

”An bhfaca tú ‘Morbus Gravis’, le Serpieri? Druuna atá ar an mbean arb í laoch na sraithe í.”

”Bhuel, tá cóip agam”, ar sise, ”ach cé go bhfuil Druuna féin thar barr” - cibé ba bhrí leis sin - ”ní maith liom an t-atmaisféar duairc sin, an diostóipe agus an t-éadóchas. B’fhearr liom dá mbeadh scéalta suairce súgacha ann. Thairis sin, is é mo thuairim nach bhfuil sa duairceas sin ach cur i gcéill, staidiúir nach bhfuil croí an ealaíontóra inti i gceart, cineál stiúir a chuireann sé air féin.” Thost sí ar feadh tamaill. ”Caithfidh mé a admháil nach bhfuil mé róshásta leis an gcuid is mó de na coimicí anghrácha dá bhfuil ann. Thaitin scéalta áirithe le Gilbert Hernández go mór liom, áfach.”

Chaith muid tamall fada ag caint le chéile mar sin, go dtí go raibh sé in am againn imeacht linn agus aghaidh a thabhairt ar an bpictiúrlann.

”Pálás na Draíochta?” arsa mise, cé go raibh a fhios go maith agam an áit.

”Cá háit eile”, a d’fhreagair Sadhbh go gealgháireach.

Is éard a bhí i gceist le Pálás na Draíochta ná ceann de na seanphictiúrlanna nach raibh baint acu le sreanga móra an ghnó. Bhí an áit á reáchtáil ag fear beag cnagaosta arbh iad na scannáin for agus fónamh a shaoil, agus a bhreithiúnas féin aige ar céard ba scannán maith ann. Is é an leasainm a bhí ag na mic léinn air ná Draíodóir an Pháláis - sin, nó Draoidín an Pháláis, ós rud é nach raibh sé go díreach ar dhuine de na fir ab airde sa trí phobal. Ach ní raibh urchóid ar bith ann, ós rud é go raibh muid go léir an-mhór leis an Draoidín. Fear lách cairdiúil a bhí ann, duine uasal íseal, agus é breá sásta dul faoi agallamh ag seachtaineán na mac léinn faoi chúrsaí scannánaíochta agus faoin dearcadh a bhí aige orthu. Ba é an coincheap ba mhó agus ba tábhachtaí ina stór focal ná ionracas. ”Is í an tsiamsaíocht mhaith is mó a theastaíonn uaim - níos mó ná na scannáin leadránacha ealaíonta”, ar seisean i gceann de na hagallaimh, agus é ag áitiú sa chéad abairt eile, ”le nach mbainfí an tátal contráilte asam”, go raibh meas aige ar stiúrthóirí ealaíonta freisin, ”ar an duine acu nach bhfuil ag caitheamh púicín nach leis féin é agus nach dual dó, agus go bhfuil fís dá chuid féin aige”. Roghnódh sé Russ Meyer thar aon stiúrthóir bréagealaíonta lá ar bith, a dúirt sé, ós rud é go raibh Meyer dílis dó féin. ”Bhí fís ag Russ Meyer: cíocha móra a chur ar taispeáint ar an scáileán. D’fhéadfá a rá nach raibh ann ach madrúlacht agus gáirsiúlacht, ach is é mo bharúil gur fís ionraic a bhí ann. Más é an rud atá daite duit cíocha móra a scannánú, déan é agus ná bí ag iarraidh a mhalairt a ligean ort féin.”

Sin é an cineál fear a bhí sa Draoidín. Nuair a chualathas an chéad iomrá ar ”Paisean idir Dhá Thine Bhealtaine”, ní raibh mo dhuine i bhfad ag cur an scannáin in áirithe le haghaidh a phictiúrlainne féin. Bhí an Draoidín an-ghnóthach ag déanamh promóisin don scannán sin, agus é barúlach go raibh ”Paisean” thar barr mar shiamsaíocht de réir a thoighise agus a thuisceana féin.

Rinne Sadhbh agus mise comhrá éigin faoin Draoidín agus sinn ag déanamh ár mbealaigh i dtreo na pictiúrlainne, agus luaigh mé Russ Meyer freisin. Ní raibh saothar leis siúd feicthe ag Sadhbh, ach de réir na luaidreán a chuala sí ní raibh siad chomh maith sin mar shiamsaíocht fiú de réir na gcritéar a bhí leagtha amach ag an Draoidín féin, ó bhí seanmóireacht éigin measctha tríothu. ”Le fírinne”, d’admhaigh sí, ”is dóigh liom go dtuigim cás an Draoidín níos fearr ná an Draoidín féin. Ní chreidim go mbainfinn mórán suilt as saothar Meyer. B’fhearr liom pornagrafaíocht lom - bíonn sí ionraic, ar a laghad.”

”An mbíonn tú ag breathnú ar phornagrafaíocht?” arsa mise. Bhain sé sórt stangadh asam. Dar fia b’fhéidir nach raibh sé chomh ciallmhar sin agam na hirisí craicinn a cheilt ar Shadhbh!

”Bhuel, ní bhacaim mórán léi inniu”, a d’fhreagair sí ar nós cuma liom. ”Chonaic mé mo chuid di nuair a bhí mé i mo dhéagóir agus suim agam inti mar is dual don aois sin, ach d’fhéadfá a rá gur thuirsigh mé di. Nuair a tuigeadh dom go raibh samhlaíocht ní b’fhearr agamsa ná acu siúd a bhí ag táirgeadh an stuif, chaill mé an chuid ba mhó den spéis a bhí agam ann go dtí sin. D’fhéadfainn í a dhéanamh ní b’fhearr ná lucht a déanta.” Ansin, rinne sí draothgháire beag, beagnach searbh. ”Tá súil agam nár bhain mé scanradh asat.”

Tháinig sí aniar aduaidh orm ceart go leor, ach nuair a scrúdaigh mé mo chroí, tháinig mé ar an gconclúid nach raibh mé scanraithe ar aon nós. A mhalairt ar fad thaitin sí liom ní b’fhearr ná roimhe sin, chomh réidh ionraic is a bhí sí ag labhairt a hintinne i leith na gcúrsaí seo. ”An mbíonn eagla ar na fir romhat mar sin?”

”Bíonn”, ar sise. Ansin, tháinig gnúis bhrónach uirthi an chéad uair ó fuair mé aithne uirthi. ”Anuraidh thit mé i ngrá le buachaill deas cúthail a raibh an-chuideachta agus an-chomhluadar ann. Bhí muid ag déanamh comhrá faoi gach uile shórt, agus shíl mé go raibh muid chomh mór le chéile agus ab fhéidir. Nuair a tháinig an crú ar an tairne áfach ní raibh sé sásta dul i gcumann ceart grá liom, nó is é an tátal a bhain sé asam ná go raibh mé róscaoilte faoi chúrsaí craicinn agus róbhog faoi mo chuid.” Tháinig snag caointe ina guth. ”Bhí mé chomh dúnta i ngrá leis is nár chuimhin liom fear ar bith eile a bheith ag siúl dhroim an domhain seo ar aon nós. Shíl mé go raibh sé ceart go leor aige mé a bheith chomh hionraic is a bhí…” Theip a glór uirthi agus d’aithin mé an chéad deoir faoi leathshúil aici.

”Gabh mo leithscéal”, ar sise. ”Níor chóir dom mo racht a ligean ortsa mar seo.”

”Ó, ná bac, tá sé ceart go leor”, arsa mise. ”Is maith liomsa thú chomh neamhbhalbh is atá tú. Is mór an trua liom an t-amadán sin nár thuig a leas. Déan dearmad den diabhal fear agus coinnigh do shúil ar an lá inniu agus amárach.”

Thriomaigh Sadhbh a cuid deor.

”Ba mhaith liom rud amháin a admháil leat”, ar sise, ”ach níl mé cinnte an gcreidfidh tú uaim choíche é.”

”Bain triail as”, arsa mise.

”Tá mé ceithre bliana fichead d’aois”, a d’fhreagair sise, ”agus ní raibh caidreamh collaí agam le haon duine riamh.”

”Muise tá sé ag rite liom é a chreidiúint uait”, arsa mise, ”ach más amhlaidh, tuigim anois an dóigh ar ghoill sé ort an diúltú sin a fháil ó do bhuachaill.” Agus diabhal smid bhréige a bhí ann, nó is iomaí diúltú den chineál chéanna a fuair mé ó na mná i rith na mblianta. Théigh mo chroí le Sadhbh. An raibh mé ag titim i ngrá léi?

”Go raibh maith agat”, ar sise. Tháinig an ghealgháirí dheas mhioscaiseach ina glór arís, rud a thaitin liom go mór. ”Tá a fhios agat, gach aon fhear eile a ndéarfainn an rud céanna leis, is é an chéad fhreagra a rithfeadh leis ná áis agus iasacht a bhoid a thairiscint dom le fadhb thromchúiseach mo mhaighdeanais a leigheas.”

Ba í sin Sadhbh i mbarr a maitheasa, mar ab fhearr ab aithnid dom í. ”Tá tú rochiniciúil i leith na bhfear”, arsa mise tar éis gáire maith a ligean asam. ”Éist an amaidí, a stór. Tá Pálás na Draíochta thall ansin, cibé scéal é.”

Bhí muis, bhí muid díreach ag teacht i gcóngar don áit. Rug mé greim ar lámh Shaidhbhe, agus bhraith mé creathnú beag ag dul trína colainn nuair a d’fhreagair sí an greim. Ansin, chuaigh muid isteach sa Phálás.

Bhí forhalla na pictiúrlainne breac le póstaeir gháifeacha scannán. Cuid mhór acu ba athchlónna ar phóstaeir stairiúla iad. Bhí spiorad an úinéara ar fud na háite: ba léir go raibh fios maith a ghnó ag an duine a bhí ag reáchtáil na pictiúrlainne seo. Bhí an Draoidín féin thíos san fhorhalla, agus é sáite i gcomhrá le beirt fhear óg ó chlub scannán na hollscoile.

”Ó muise, nach é Proinsias é!”

Bhain duine éigin do mo leathghualainn, agus thiontaigh mé timpeall le radharc a fháil air. Cé eile a bheadh ann ach Tadhg an Cheamara.

Fear meánaosta, nó fiú scothaosta, a bhí i dTadhg an Cheamara cé go raibh sé deacair a aois a aithint i gceart gan dianscrúdú a dhéanamh air, nó bhí folt mór catach gruaige air a d’fhág cosúil le Jim Morrison é agus a chuaigh i bhfeidhm ort ní ba láidire ná an chuid eile dá dhealramh. Chaitheadh sé a chuid ama ag déanamh grianghraf de scoraíochtaí agus d’airneáin na mac léinn, de na ceolchoirmeacha rac mar shampla, agus é ag foilsiú ”tuarascálacha” fótachoipeáilte i ndiaidh na n-imeachtaí. Ar dtús bhí luaidreáin de gach sórt á n-insint faoi, nó bhí cuid de na daoine barúlach gur gníomhaire rúnda de chuid an Bhrainse Speisialta a bhí ann agus an chuid eile ag déanamh gur claonachán craicinn a bhí ann agus é ag iarraidh cluain a chur ar chailíní, nó fiú ar bhuachaillí, le haghaidh cóisir ghnéis agus drugaí. Má d’aithin lucht na ráflaí chomh cosúil is a bhí Tadhg le Jim Morrison, is dócha nár bhain sé de na luaidreáin seo go díreach, nó bhí an ghlúin óg ní b’eolaí ar neamh-mheasarthacht Mhorrison i gcúrsaí leathair agus drugaí ná ar a chuid ceoil. De réir a chéile, áfach, fuair na daoine aithne air agus tuigeadh dóibh gur fear maith macánta gan urchóid a bhí ann agus gur fónta an obair a bhí idir lámhaibh aige ag doiciméadú shaol na n-óg sa chathair.

Bhí cúpla focal aigeanta agam le Tadhg, agus ansin bheannaigh sé do Shadhbh. Tháinig sé chun solais go raibh ballaíocht aithne aige ar an gcailín, ach ar ndóigh, fear cuideachtúil caidreamhach a bhí ann agus aithne aige ar chách - uasal is íseal, sean is óg, fireann is baineann agus gach cineál idir eatarthu. Agus thairis sin chaithfeadh Tadhg cuairt a thabhairt ar leabharlann na hollscoile ó am go ham. Go bhfios dom bhí céim aige san antraipeolaíocht, agus ailt léannta foilsithe aige in irisí antraipeolaíocha freisin - rud follasach go raibh litríocht ag teastáil uaidh uaireanta le haghaidh an chineál seo oibre. Le fírinne ba í an antraipeolaíocht ba spreagadh don doiciméadú a bhí sé a dhéanamh ar shaol na mac léinn.

”Mar sin, an bhfuil Proinsias ag iarraidh thú a fhostú mar leabharlannaí príobháideach?” a dúirt Tadhg le Sadhbh. Tháinig luisne bheag dheas i leiceann na girsí, agus má bhi sí dathúil cheana féin, d’fhág an luisne sin i bhfad ní b’áille fós í. ”Bhuel”, ar sise, ”is féidir go bhfuil, ach caithfidh sé a chuid leabhar a thaispeáint dom go fóill.” Ag rá an méid seo di bhí sí ag sciotaíl gháire lán chomh neirbhíseach is a shamhlófá le cailin cheithre blian fichead a bhí ina maighdean i gcónaí.

D’fhreagair Tadhg an gáire agus d’fhág sé slán is beannacht againn, nó bhí gnó iriseoireachta aige anseo. Rachadh an Draoidín faoi agallamh aige, agus dhéanfadh Tadhg cúpla grianghraf den phictiúrlannaí chomh maith. Ar ndóigh, bhíodh an fear mór ceamaradóireachta seo ag dul le saoririseoireacht freisin, sa bhreis ar an iliomad dual eile ar a choigeal.

”Fear barrúil é siúd”, arsa Sadhbh. ”Nuair a tháinig sé go dtí an leabharlann an chéad uair le mo linn, chuir sé scáth eagla agus scáfaireacht orm. Ní raibh mé in ann an tátal ceart a bhaint as mo dhuine, agus an chosúlacht sin air. Ach ansin d’aithin mé gur duine lách cineálta a bhí ann agus go raibh an fhoireann go leor cairdiúil leis, agus ansin fuair mé amach go raibh sé ag staidéar eolaíocht pholaitiúil san ollscoil.”

”Eolaíocht pholaitiúil?” a d’fhreagair mise. ”Shíl mé gur antraipeolaí a bhí ann.”

”Tá céim aige san antraipeolaíocht aige ceart go leor”, arsa Sadhbh, agus an chuma uirthi go raibh sí cineál bródúil as a bheith in áit mo mhúinte anois, ”ach mar a chuala mise, tá sé ag iarraidh céim eile a bhaint amach san eolaíocht pholaitiúil.”

”Bhuel”, arsa mise, ”tá ladar i ngach mias ag mo dhuine, mar is dual dó. Ag Dia atá a fhios cá bhfaigheann sé an fuinneamh le hé féin a choinneáil ag imeacht, ós fear cnagaosta é cheana. Ach cogar anois, ní mór dúinn dul isteach. Táthar ag oscailt an dorais.”

Muise, bhí na maoir ag ligean daoine isteach sa halla féachana cheana. Thum Sadhbh leathlámh ina mála láimhe agus tharraing sí amach na ticéid. Ansin, chuaigh muid suas an cúpla céim staighre le teacht ar an léibheann os comhair bhealach isteach an halla féachana. Thaispeáin muid na ticéid don mhaor, agus tháinig meangadh fáiltiúil air. Sméid sé a cheann orainn, agus isteach linn ansin.

Na suíocháin a bhí againn bhí siad i lár na sraithe deireanaí, i bhfad ar shiúl ón lucht féachana eile. Ní raibh an halla féachana ach scothlán, agus ba mhic léinn iad an chuid ba mhó dá raibh ann. D’ardaigh Sadhbh a lámha agus chuir sí taobh thiar dá ceann iad, agus í ag síneadh siar ina suíochán. Ní bean bheag bhídeach a bhí inti go díreach, ach mar sin féin bhí sí ábalta suí go compordach ansin, rud a bhí ag dul díom féin, ós fear mór ard mise. An dóigh a raibh sí ag síneadh a cnámha ansin, bhí sí ag déanamh an-seó den dá chíoch mhóra chruinne dheasa sin aici - le fírinne d’fhág sí chomh feiceálach iad agus ab fhéidir léi gan na héadaí a bhaint di. Nuair nár éirigh liom gan mo dhá shúil a shá iontu, lig Sadhbh gáire beag aisti.

Ansin, thosaigh na soilse á maolú go mall, agus an dorchadas ag breith orainn de réir a chéile. Tháinig an chéad fhógrán ar an scáileán sula raibh na soilse lánmhúchta. Cuir codladh d’oíche ó mhaith leis an gcaife seo, bain na fiacla de do dhrandal leis an milsínteacht sin nó siúd…Agus ansin, chonaic muid teideal an scannáin á leathadh amach os ár gcomhair: PAISEAN IDIR DHÁ THINE BHEALTAINE.

Níorbh áibhéil a rá gur meascán as eachtraí dufaire agus eachtraí earótacha a bhí ann. Bhí laoch meánaosta, duairc, tostach ann agus é ar a sheachnadh ón tsibhialtacht i dteach tábhairne ar imeall na gcoillte doimhne trópaiceacha nach raibh aon duine ach é féin eolach orthu. Ar ndóigh tháinig buíon taighde agus taiscéalaíochta ag lorg cuidiú agus treoraíochta air, nó bhí siad ag iarraidh iarsmaí an teampaill a fhionnadh a bhí i bhfolach sna coillte seo máguaird, de réir mar a bhí le léamh ar shean-lámhscríbhinní ar thángthas trasna orthu anseo na scórtha bliain ó shin agus nár baineadh ciall ná tuiscint astu ach le déanaí.
Ós scannán anghrách a bhí ann, bhí beirt bhan óga leis na taighdeoirí - iriseoir mná agus í ar coipeadh le hanghrá fiain, agus cúntóir taighde nach raibh ach ag fanacht leis an bhfear ceart a mhusclódh an paisean inti. Agus, dar fia, bhí dealramh áirithe ag an dara bean acu le Sadhbh.

Ba léir go raibh an bheirt ghirseach sin doirte don laoch rúndiamhair ó thús an scannáin, agus gach bean acu ag iarraidh é a chealgadh chuici féin. Mar sin, ba mhinic a bhí radharc ag an lucht féachana ar bhean acu, agus í ag caitheamh scriosán bocht cúng éadaigh de chineál éigin a d’fhág an chuid ba mhó dá colainn ris. D’fhág an scannán cuid a súl ag na féachadóirí ban freisin, áfach. Nuair a casadh sruth, loch nó dobhar eile ar an mbuíon i nduibheagáin na dufaire, chuaigh an laoch fearga fearúil ag snámh le smúit agus salachar an taistil a ghlanadh dá chuid matán, agus ar ndóigh, ní raibh ceachtar den bheirt chailíní i bhfad ag teacht i láthair le lán a súl a bhaint as an gcuradh.

Bhí triantán grá ag faibhriú, mar sin, agus an t-iriseoir mná agus an cúntóir cúthail taighde araon ag tabhairt teasghrá don fhear chiúin. Ós bean theasaí a bhí sa nuachtánaí, agus í chomh santach sa sásamh craicinn is gur chuma léi faoi ghnéas a leannáin, bhí sí ag iarraidh an cúntóir taighde a chealgadh chun babhta craicinn nuair a bhí an bheirt acu á bhfolcadh san abhainn. Tháinig an bhuíon taighde ar an teampall faoi dheireadh, ach, rud nach raibh súil leis acu féin cé gur léir é don fhéachadóir roimh ré, bhí treibh chruálach ag faire na háite agus ag cleachtadh deasghnátha déistineacha. Bhí folt órga ar gach fear sa treibh, agus iad go léir ag breathnú cosúil le haisteoirí breise i scannán faoi ré na Naitsithe sa Ghearmáin. Dream bagrach a bhí iontu muise, nó d’fhéadfá stiúgadh le gáire i ndiaidh an chéad spléachadh a fháil orthu, agus - rud eile nár tháinig aniar aduaidh ar an lucht féachana - d’fhuadaigh siad na cailíní agus bhain siad a gcuid éadaí díobh le go mbeadh cuid ár súl againn arís. Phéinteáil fear asarlaíochta na treibhe comharthaí mistéireacha timpeall ar chíocha na gcailíní, agus thosaigh an chuma ag teacht ar an scéal go raibh an treibh meáite ar iad a íobairt do dhia nó do neach neamhshaolta eile dá gcuid, arbh é Uch a ainm. Bhí cuaille mór ard ar déanamh boid ina sheasamh i lár shráidbhaile na treibhe, agus ba é an cuaille seo tótam an dé úd Uch, nó ar a laghad bhí fir na treibhe ag umhlú don chuaille sin agus ag rá ”Uch” leis. Ní raibh sé soiléir cé acu a bhí an treibh dírithe ar na girseacha a mharú leis na miodóga lannleathana a raibh ceann acu á bheartú ag gach fear sa treibh, nó ar iad a shlua-éigniú. Bheifeá ag súil leis an dara rogha acu, ó nach raibh bean ar bith de chuid na treibhe féin le feiceáil - shílfeá go raibh craiceann mná ag teastáil uathu go géar, mar sin.

Pé scéal é, bhí laochas an fhir chiúin go mór mór de dhíth leis na cailíní a shábháil. Agus iad ina gcraicne dearga ag fanacht le cibé dúchinniúint a bhí fir na treibhe a ullmhú dóibh, thosaigh na girseacha ag pógadh agus ag cuimilt a chéile. San am chéanna bhí treoraí tréan treisiúil tostach na buíne taighde ag déanamh téisclime le teacht chun fortachta do na girseacha. Níor theip na pleananna air, ó ba é an laoch é, ach mar sin féin, choinnigh an t-éalú an féachadóir i bpianpháis, agus an dóigh a gcaithfeadh seisean agus an bheirt chailíní dul i bhfolach ó phatróil na bhfear treibhe. Ar ndóigh, nuair a d’fhill an bhuíon ar bhaclainn na sibhialtachta, bhí an laoch ag teastáil ón mbeirt bhan le haghaidh aicsean craicinn i gcónaí. Bhí oíche theasaí leathair aige leo, ach sa deireadh, ní raibh sé sásta glacadh le ceachtar acu mar leannán seasta. D’fhág na cailíní slán aige, agus d’fhan an laoch thiar sa teach tábhairne ar imeall na dufaire i gcuideachta an t-aon leannán amháin a raibh fíorghrá aige dó, is é sin, an t-uisce beatha.

Ba é sin an scéal, nó an cnámhscéal ab fhearr a rá, ach le fírinne bhí éirithe le lucht a scannánaithe a lán bia agus feola a chur timpeall ar na cnámha loma sin. Ar ndóigh, d’fhéadfá a rá nach raibh sa scéal féin ach amaidí agus go ndeachaigh an scriptscríbhneoir i ndeireadh a dhúthrachta ag iarraidh scéal chomh háiféiseach a chumadh is a d’éireodh leis. Ach maidir leis an gcriú scannánaíochta, gan trácht a dhéanamh ar na haisteoirí, chaithfeá a admháil go ndearna siad jab maith de, tríd is tríd. Bhí an teannas anghrách ag dul in airde go nádúrtha, agus má bhí an scannán ag cur thar maoil le nochtacht, ní fhéadfá a rá nach raibh cúiseanna plotála leis sin. Cé go raibh na haisteoirí dathúil, ní raibh an iomarca smididh orthu, ná ionchlannáin chíoch ag na mná.

Bhí greim docht daingean ag Sadhbh ar mo lámh dheas ó thús go deireadh an scannáin, agus cheadaigh sí do na himeachtaí dul i bhfeidhm uirthi go hiomlán. Mhothaigh mé ag creathnú í nuair a chonacthas laoch ciúin misniúil muscalach mascalach an scannáin ag taispeáint a chuid matán ar an scáileán, ach thairis sin, ba léir go raibh suim éigin aici ina raibh á dhéanamh ag an mbeirt bhan le chéile. Uair nó dhó thug Sadhbh póg dom, agus m’anam don diucs má fuair mé póg chomh teasaí sin ó aon bhean riamh. Ní dhearna mé iarracht í a chrúbáil ná a mhéarú, áfach.

Nuair a bhí an scannán ag druidim chun deiridh, áfach, stiúir Sadhbh mo lámh isteach ina gabhal féin. Baineadh stangadh asam, ach ansin ní dhearna mé ach mo lámh a fháscadh go séimh cúramach uirthi. Dhírigh sí amach a colainn go tobann agus lig sí scread beagnach dochluinte aisti.

Ansin bhí an scannán thart agus las na soilse suas as an nua. Tharraing mé mo lámh ar ais chugam, ach ansin fuair mé greim docht ar chiotóg an chailín arís.
Ní féidir liom a shéanadh go raibh mo bhod ina cholgsheasamh, ach má bhí féin, bhí mé leath cnagtha ag an tuirse. Cé go raibh Sadhbh deas dathúil, agus í ar sheol na braiche a raibh den oíche a chaitheamh ag bualadh craicinn liomsa, ní raibh mé róchinnte go mbeinn ábalta í a chur ar bhealach a haoibhnis, agus mo chodladh ag titim orm. Thairis sin, dá mba é an chéad uair aici é, ní bheadh sí sásta le rúpáil leathchodlatach oibre sa leaba - bheadh séimhe agus foighne ag teastáil.

Faoin am sin, bhí Sadhbh faoi dháir ar fad. De réir dealraimh, bhí sí meáite ar shlán a fhágáil ag a maighdeanas anocht. Bhuel, chaithfinn dul sa bhearna bhaoil, ach ar mhí-ámharaí an tsaoil, bhí na cnámha ag luí orm i ndiaidh dom an tamall fada sin a chaitheamh i mo shuí go hanacair. Ón taobh eile de, ba ola ar do chroí é bheith ag baint lán do shúl as Sadhbh agus an ragús a bhí uirthi. D’fhéadfá a rá go raibh sí do mo tharraingt ina diaidh, agus má bhí aon rud á tarraingt féin ba é an fonn mínáireach craicinn é.

Bhí cónaí ar Shadhbh i mbloc árasán a bhí tógtha as brící dearga, agus é ceithre urlár ar airde. Bhí a cuid méar ag creathnú le teann sceitimíní, agus thit an eochair as a lámh nuair a bhí sí ag iarraidh í a shá isteach i gcró an ghlais. Ní dhearna sí ach gáire faoi sin, agus í ag cromadh síos leis an eochair a ardú ó na leaca coincréite. Thug mé in amhail cuidiú léi, ach bhí sí róluath agam. Bhí sí ag imeacht scaoilte le macnas, agus chreid sí gurbh iad an doras mór seo thíos agus doras a hárasáin féin thuas an dá chonstaic dheireanacha idir í agus ríocht an aoibhnis.

Ní raibh ardaitheoir ar bith sa teach, agus mar sin b’éigean dúinn siúl suas an staighre go dtí an tríú hurlár. Ar ámharaí an tsaoil ní ar an gceann ab airde a bhí Sadhbh ina cónaí. Bhí mé chomh tuirseach ag dul isteach ina hárasán is nach raibh mórán ar m’intinn ach an codladh agus an suan. Chuaigh sise ar an leithreas, agus chaith mé féin súil i mo thimpeall.

Bhí áit dheas ag Sadhbh i ndáiríre. Dúirt sí liom go raibh sí as cleachtadh mar ealaíontóir, ach má dúirt féin, is dócha nach raibh ann ach modhúlacht. Bhí pictiúir línithe leathdhéanta ar a deasc, agus cinn chríochnaithe a raibh lorg na láimhe céanna le haithint orthu ar na ballaí. Bhí móitífeanna éagsúla ann: seanscríobhaí ón Meánaois ag breacadh síos litreacha maisiúla ar a scrolla; seanleabharlann thréigthe ina raibh na damháin alla ag déanamh a n-abhrais féin; agus ansin, bhí cúpla ceann ann a raibh blas an anghrá orthu freisin. Bhí féinphortráid amháin ann a chuaigh go mór i bhfeidhm orm: sa cheann sin bhí sí le feiceáil ina craiceann dearg, bean óg álainn áilíosach, agus gnúis chumhach bhrionglóideach uirthi. Bhí daoine ag bualadh leathair ina timpeall mar a bheadh féasta fiáin collaíochta ar siúl acu, fir agus mná nach raibh ach sceitseáilte go doiléir. Cur síos coscrach a bhí ann ar a huaigneas collaí féin, agus mhothaigh mé righneas nua i mo bhod nuair a chuimhnigh mé go raibh an cailín sin anseo, in aice láimhe liom.

Chuala mé doras an tseomra fholctha á oscailt, agus d’iompaigh mé ina threo. Bhí Sadhbh ina seasamh os mo chomhair, agus í nocht ar fad faoina fallaing fholctha. Bhí sí ag starógacht orm le dhá shúil a bhí chomh lonrach le dhá aibhleog sa dorchadas, agus nuair a thriail sí labhairt, níor tháinig ach bogchaoineadh bocht piachánach as a scornach.

D’fháisc mé chugam í agus mé á pógadh, agus má bhí mé tuirseach roimhe sin níor chuimhin liom é a thuilleadh. Bhí mé ag cogar ina cluas go raibh sí ar an mbean ab áille, ab fhearr, ba mhíorúiltí dár casadh orm riamh, agus ba dual don fhallaing sin titim di go sciobtha. Phóg mé an dá chíoch mhóra mhillteanacha úd, agus ansin, d’oibrigh mé mo theanga ar leathdhide léi. Theastaigh uaim gach aon cheintiméadar cearnach dá colainn a phógadh, a lí agus a chuimilt. Mhothaigh mé ag creathnú í nuair a bhain mé dá pis, agus rith smaoineamh liom. Thosaigh mé ag mionchroitheadh mo chuid méar thíos ansin. ”Tonnchreathaire nádúrtha”, arsa mise, agus phléasc a gáire ar an gcailín. D’aithin mé gur thaitin an tonnchreathaire sin léi go mór, agus d’fhéach mé chuige nach raibh a cailín i bhfad ag baint amach bhuaicphointe an aoibhnis. Bhuail an fonn diabhlaíochta mé: cé go raibh sí sna trithí ag a hórgasam cheana féin, ní dhearna mé ach leanúint liom.

Bhí Sadhbh ag béicfigh mar a bheadh sí ag foghlaim an bháis, agus ba trua liom na comharsana an dóigh a raibh sí ag cur di. Nuair a fuair mé amach go raibh mo bhod féin sách crua agus nach raibh mo chodladh ag titim orm go díreach, chaith mé mo chuid éadaí uaim agus d’fháisc mé Sadhbh chugam in athuair. Mhothaigh mé a teas ar feadh mo cholainne féin, agus rug sí ar mo sháiteán lena méara cúthaile cúramacha. Scar sí a gabhal go fial fáiltiúil romham, agus í ag ábhaillí le mo bhod.

Ach ansin, thosaigh na fadhbanna:

”An bhfuil rubar agat?”

”Níl, shíl mé go raibh ceann agatsa!”

An seanphort céanna go deo deo, muise!

Bhí tost ann ar feadh tamaill, ach sa deireadh dúirt mise: ”Bhuel…beidh lá eile ag an bPaorach, nach mbeidh?”

Tháinig aoibh gháire ar Shadhbh, agus is é an freagra a thug sí ná: ”Beidh, ach tá rud amháin ann a chaithfidh mé a rá…”

”Cad é an rud é?”

”Ní raibh a fhios agam go raibh sloinne ar leith ar do philibín. Bhuel, a Philib de Paor, cén chaoi a bhfuil tú?” Chroith sí mo bhod mar a bheadh sí ag croitheadh láimhe liom. Phléasc ár ngáire orainn arís, agus nuair a bhí ár racht ligthe againn luigh muid síos agus sinn snaidhmthe go cluthar ina chéile. Thit ár gcoladh orainn, agus d’fhan muid i dtoirchim suain go dtí gur thosaigh an clog aláraim ag clingireacht go cársánach i bhfad bhfad róluath. Rinne Sadhbh mochóirí, mar is dual don leabharlannaí choinsiasach, ach d’fhan mise i mo luí, agus níor lig a croí di ruaigeadh a chur orm as an árasán. Nuair a tháinig mé chugam i gceart, bhí an ghrian i bhfad in airde cheana, agus Sadhbh imithe le trí uaire an chloig anuas, ar a laghad.

Bhí anam agus spiorad an chailín le haithint ar an árasán go léir, sna pictiúir, sna leabhair agus sna baill éadaigh a bhí fágtha anseo is ansiúd ar na troscáin. B’amhlaidh ba mhó a ghoill sé orm í a bheith imithe. Bhí a fhios agam go dtiocfadh sí ar ais nuair a dhúnfaí an leabharlann, ach mar sin féin mhothaigh mé an cineál caitheamh ag teacht orm arís a luíodh orm i ndiaidh na gcailíní a d’fhág ar an mblár folamh mé i ndiaidh oíche amháin comhriachtana.

Ba chuimhin liom bean acu anois - thiocfadh linn Eibhlín a thabhairt orthu. Ba ghirseach mhacnasach í a bhí ag déanamh staidéir le bheith ina speisialtóir meán cumarsáide de chineál éigin, agus féith an ealaíontóra inti, díreach mar a bhí i Sadhbh féin. Déanta na fírinne, bhí sí fiú i ndealramh le Sadhbh. Bhain sí an-fhad as an gcomhriachtain le méadú ar an sult, agus cathuithe uirthi fad a bhaint as an gcumann chomh maith. San am chéanna bhí a fhios aici nach raibh sí i ngrá liom. Bhí sí suite siúráilte nach mbeadh sí i bhfad ag cur dúil nimhe san aoibhneas chollaí a bhí le fáil uaim, ar sise, agus eagla uirthi roimh an andúil sin. Nó, le bheith beacht, bhí eagla uirthi roimh an gcumhacht a d’fhágfadh an andúil sin agam uirthi. Ní raibh muinín aici asam go dtuigfinn an fhreagracht a rachadh lena leithéid de chumhacht. Ní raibh mé in ann húm ná hám a rá le maolú ar an mímhuinín sin, agus mar sin, d’imigh sí uaim go deo, díreach mar ba dual do na cailíní riamh.

Bhí suim agam in Eibhlín, mar dhuine. Nuair a chonaic mé na pictiúir a bhí tarraingthe aici, theastaigh uaim labhairt léi fúthu le teacht isteach ar a cuid mothúchán, ar an gcineál pearsantachta a bhí inti, ach nuair a tháinig an crú ar an tairne, ní fhaca sí ionam ach…bhuel, tonnchreathaire daonna le haghaidh a pite. Agus bhí an chuma ag teacht ar an scéal nár thaise do Shadhbh é.

Bhí clúdach litreach ar an gcathaoir in aice leis an leaba, agus m’ainm breactha síos air. Ba leasc liom an clúdach a oscailt, nó bhí an teachtaireacht á taibhsiú dom cheana: bhí an t-órgasam thar barr, ach tá’s agat, tuigeann tú, creid uaim, blá-blá-blá, slán agus beannacht, Sadhbh. Bhuel, stróic mé an clúdach den litir agus chrom mé ar í a léamh.

”A Phroinsiais, a stór!”

”Chuaigh mé ag obair. Bhí tú i do chodladh chomh sámh is nach bhfuair mé ó mo chroí tú a mhúscailt i gceart. Fan ansin a fhad agus is mian leat, ná déan coimhthíos ar bith. Ba mhaith liom tú a fheiceáil os comhair dhoras mór na leabharlainne ag a hocht a chlog, nuair a bheidh an leabharlann á dúnadh. Is féidir linn cupán caife a chaitheamh siar chois na Faiche Móire, dul sna pictiúir nó pé rud is rogha leat a dhéanamh ansin. Ceannaigh coiscíní le do thoil, ná déan dearmad de. Bhí tú go hiontach ag tabhairt sásamh láimhe dom, a stór”- chonaic mé gur thosaigh a lámh ag creathnú nuair a bhreac sí síos an méid seo - ”ach creid uaim go bhfuil an rud eile sin ag teastáil go géar uaim. Tá súil agam go bhfeice mé thú arís chomh luath agus is féidir. Le grá mór, mise, Sadhbh.”

Bhuel ar a laghad bhí mo chuideachta de dhíth uirthi go fóill. Théigh mo chroí le Sadhbh arís agus chaith mé póg chuig an bhféinphortráid anghrách ar an mballa.

Rug an tráthnóna orm ag déanamh mo bhealaigh i dtreo na leabharlainne arís agus siúl sciobtha fúm. Caithfidh mé a admháil gur bhain mé amach an áit roinnt ama roimh uair a dúnta, agus ba é ba toradh dó go bhfuair mé cuid mhaith spochadóireachta ó na leabharlannaithe eile. Nó ní raibh Sadhbh taobh thiar den deasc, ach i seomra bailiúcháin an tsiléir, áit a mbínn féin ag obair go minic nuair a bhí mé ag cur mo sheala féin díom sa leabharlann.

”A Phroinsiais”, a dúirt bean de na seanleabharlannaithe liom, ”ó tá tú féin eolach ar an áit sin, bheadh sé chomh maith agat dul síos ansin agus beannú do Shadhbh. Ní fheicim a dhath as bealach leis sin, ós seanoibrí de chuid an tí thú, tar éis an tsaoil.”

Ní raibh an dara cuireadh de dhíth orm muise! Chuaigh mé síos go dtí an seomra bailiúcháin, agus cé gur seomra mór millteanach a bhí ann agus é lán seilfeanna, ní raibh mé i bhfad ag fáil radhairc ar Shadhbh agus í ag léamh na gcód aicmiúcháin ag iarraidh teacht ar an áit cheart le haghaidh na leabhar trom téagartha a bhí sí a tharraingt léi. Bhí sí ag breathnú roimpi go buartha tuirseach, ach tháinig aoibh gháire uirthi ar an toirt nuair a d’aithin sí mé.

”Cad é atá tú a dhéanamh thíos anseo?” a d’fhiafraigh sí. ”Tá súil agam go bhfuair tú cead ón bhfoireann. Fainic an bhfaighfeá Máiréad amach faoi seo.”

”Ba í Máiréad féin a mhol dom dul ag triall ort”, arsa mise. ”Is dócha gur shíl sí go bhféadfainn cuidiú leat anseo, ó tá cur amach maith agam ar an mbailiúchán.”

”Mar chineál sclábhaí ócáidiúil gan tuarastal? Bhuel, sin é an rud a shamhlófá le Máiréad, tíosach seiftiúil cnuaisciúnta is mar a bhí sí riamh. Ceart go leor mar sin. Anseo a chaith tú an chuid ba mhó de do sheal oibre féin, nach ea? Bhuel tá mo chroí briste go hiomlán ag an gcóras aicmiúcháin a úsáidtear anseo. Tá sé bun os cionn go hiomlán leis an aicmiúchán idirnáisiúnta.”

”Abair é”, arsa mise. ”Leabharlannaí éigin a bhí ag obair sa teach seo tá cúpla scór bliain ó shin a d’oibrigh amach an córas as a stuaim féin. I ndiaidh di dul ar pinsean ní bhfuair aon duine óna chroí an t-iomlán a athaicmiú, ó bhí an bailiúchán seo fásta chomh mór seo idir an dá linn. Is dócha nár rith le haon duine i dtús báire go mbeadh sé ciallmhar an t-ábhar gearrshaolach a aicmiú de réir an chórais idirnáisiúnta.”

”A leithéid d’amaidí”, arsa Sadhbh. ”Dá mbeinn féin i m’Ard-Leabharlannaí d’ordóinn dom féin eagar ceart a chur ar an ábhar gearrshaolach.”

”Duit féin? Dá mbeifeá i d’Ard-Leabharlannaí, bheadh ábhar leabharlannaí éigin faoi oiliúint agat a chuirfeadh an obair sin i gcrích duit.”

”Ceart go leor. Dá mbeinn i m’Ard-Leabharlannaí, thabharfainn ordú d’ábhar óg dhíograiseach leabharlannaí éigin, cosúil liom féin, an córas idirnáisiúnta aicmiúcháin a chur i bhfeidhm ar an diabhal ábhar gearrshaolach sa bhailiúchán seo.”

Chaith mé súil ar na leabhair a bhí á n-iompar ag Sadhbh, agus ghlac mé cúpla ceann acu uaithi, ó bhí sí ag tuirsiú díobh cheana féin. ”Ó sea, is éard atá ann ná seafóid na bliana ó Oifig Náisiúnta na hIniúchóireachta. Tá a fhios agam go maith cá bhfuil a dtriall - ar an tseilf thall ansin.”

D’ardaigh Sadhbh leathlámh le méar a phointeáil ar an tseilf. ”An ceann sin an ea?” Agus ar an tsoicind sin, díreach mar a bheadh freagra neamhshaolta ar a cuid focal ann, chuaigh na soilse as, agus fágadh an bheirt againn sa dorchadas is duibhe is féidir leat a shamhlú.

Baineadh scanradh asam ar dtús, nó shíl mé gurbh iad mo dhá shúil a chlis orm. ”Cad é a tharla?”

”Diabhal a dhath as an ngnáth”, arsa Sadhbh. ”Mhúch duine éigin na soilse orainn nuair a shíl sé gurbh é an duine deireanach ag imeacht.”

Bhí an bailiúchán seo suite faoi thalamh, i siléar na leabharlainne, agus ní raibh oiread is aon fhuinneog amháin ann. Mar sin, nuair a theip na soilse ort thíos anseo, fuair tú amach cad ba dorchadas ann i ndáiríre.

”Cá bhfuil tú, a Shadhbh?” arsa mise. Ní raibh mé in ann a aithint go cruinn cá raibh a guth ag teacht. Chrágáil mé romham agus i mo thimpeall, ach níor tháinig mé uirthi ar aon nós, agus bhí an scanradh ag seangú orm.

”Anseo”, ar sise go haigeanta. Ba doiligh a rá i gcónaí, áfach, cad é ba chiall le ”anseo”. Nuair nach raibh oiread is léaró solais ann, ní raibh mé cinnte, an raibh na seilfeanna os mo chomhair, taobh thiar díom, ar chlé nó ar dheis uaim. Thairis sin, nuair a bhí Sadhbh ag caint, chuir iarann oibrithe na seilfeanna macalla miotail lena glór a chuirfeadh róbat i gcuimhne duit, agus leis an macalla sin chuaigh díom a aithint cá raibh sí ar aon nós.

Go tobann, chuir Sadhbh a lámha timpeall orm. Más geit féin a bhain sí asam, ba deas an gheit a bhí ann. ”Anseo atá mé, a stór”, ar sise. ”Caithfidh muid teacht ar an lasc sholais anois.”

Nuair a d’fháisc Sadhbh chuici féin mé, tháinig mothú deas i mo bhod arís, agus d’fhan mé tamall mar a raibh mé, ag baint suilt as teas a colainne. D’iompaigh mé chuici ionas gur aithin sí chomh crua is a bhí an sáiteán.

Lig Sadhbh osna aisti. Ba léir go raibh fonn craicinn ag teacht uirthi chomh maith liomsa.

”Dar fia”, ar sise, ”tá mé ar bharr lasrach ó rinn go sáil. Ná himigh uaim, a Phroinsiais. Tabhair póg dom, a stór, guím thú.”

Theagmhaigh ár liopaí le chéile, agus chuaigh creathnú tríom. Bhí mo bhod chomh crua le barra iarainn, agus é ag brú ar leathcheathrúin léi. Thug mé in amhail na bratóga a phiocadh di leis na cíocha móra troma deasa sin a shaoradh ó bhráca, ach ansin stop sí mé.

”Ná bain na héadaí díom go fóill, a stór. Ní thiocfaimis orthu arís sa dorchadas. Fan go fóill. Tá almóir anseo agus deasc ann, chomh maith le lampa léitheoireachta. Is féidir linn dul ansin, má éiríonn liom teacht a fhad leis an mballa…”

Thosaigh Sadhbh do mo tharraingt ina diaidh, agus í ag brath a slí roimpi le leathlámh. Sa deireadh, tháinig sí ar an mballa.

”Á-há”, ar sise go sásta. ”Tá a fhios agam anois cá bhfuil muid. Tar liom go mbainfidh muid amach an t-almóir.”

Ba chuimhneach liomsa an t-almóir, ach nuair a bhí mise ag obair san áit, ní raibh ann ach sórt stóras mangarae le haghaidh osteilgeoirí, monatóirí agus ríomhairí nach raibh aon mhaith iontu a thuilleadh - briste nó caite mar a bhí siad. Anois, bhí an truflais go léir ar shiúl, agus ionad beag deas oibre cóirithe istigh anseo: deasc, ríomhaire, lampa agus gléasra leabharlannaíochta eile. Nuair a las Sadhbh an solas, d’iompaigh an t-almóir ina nideog chluthar chroíúil, mar a bheadh teach solais ann i lár na stoirme ar an teiscinn mhór.

”Creidim nach bhfuil aon duine fágtha san fhoirgneamh seo a thuilleadh”, arsa Sadhbh, ”ach mar sin féin, is fearr liom scáthlán a chur idir sinn agus an chuid eile den tsiléar.” Agus dáiríre bhí scáthlán fillte ann a tharraing sí amach leis an almóir a dheighilt ó sheomra na seilfeanna. Ansin, bhí muid inár n-aonar istigh ansin - agus dá bhfeicfeá na coinnle i súile mo chailín! Chaith sí gach ball éadaigh di mar a bheadh a culaith ag cur ailléirge uirthi, agus i ndiaidh leathnóiméidín, bhí sí os comhair mo shúl chomh nocht is a bhí sí ar lá a breithe. Nach ise a bhí miorúilteach macnasach meallacach, agus solas an lampa ag fágáil scáthanna móra ag damhsa ar a craiceann.

An tamall a chaith muid ag iarraidh an t-almóir seo a bhaint amach, mhaolaigh sé beagáinín ar m’adharc, ach anois, mhothaigh mé na féitheoga timpeall mo bhoid ag bogadh óna n-áiteanna agus an fhuil ag tonnadh isteach thíos ansin. Nuair a bhain Sadhbh an treabhsar díom, bhí breall mo philibín ina caor thine ar fad.

Anois, bhí coiscín aici, agus cé go raibh a lámha ag croitheadh, d’éirigh léi an rubar a chur orm go néata. Agus sula raibh a fhios agam, bhí mé i mo spréiteachán ar urlár an almóra, agus Sadhbh ag marcaíocht orm i dtreo thír an aoibhnis.

A Chríoch Sin

August 30, 2011

Protected: Arthur C. Clarke: Seiceáil Slándála

Aicmithe sna catagóirí: Irish language, Literature

This post is password protected. To view it please enter your password below:

May 28, 2011

Mo Chuid Féin de Czesław Miłosz

Ó léigh mé aiste ar an Irish Times faoin bhfile Polannach Czesław Miłosz, fuair mé go raibh de dhualgas orm cúpla focal a bhreacadh síos i leith mo dhuine sa teanga is ansa lenár gcroíthe. Nó ba é Miłosz a chuir i dtreo na Polainnise agus i dtreo na dteangacha mé an chéad uair. Caithfidh sé nach raibh seacht mbliana déag slánaithe agam go fóill nuair a tháinig m’athair abhaile ón leabharlann agus an dá úrscéal le Miłosz faighte ar iasacht aige. Aistriúcháin Sualainnise a bhí iontu, agus Daid den tuairim gur chóir dom iad a léamh le feabhas a chur ar mo chuid Sualainnise, nach raibh go rómhaith san am - bhí cónaí orainn in áit lán-Fhionlainnise, agus is annamh a chualathas teanga dhúchais m’athar sa bhaile againn sa tráth sin dár saol. Ar dtús bhí mé cineál drochamhrasach faoi na leabhair, ach ina dhiaidh sin féin chaith mé an chorrshúil orthu. Ceann acu, Issadalen, Gleann Issa, a bhí air, agus é ag tabhairt cur síos fileata ar an saol tuaithe ar an teorainn idir an Pholainn agus an Liotuáin i dtús na fichiú haoise. An cean eile, Maktövertagandet nó Gabháil na Cumhachta ba teideal dó, agus é ag trácht ar an gcath éadóchasach a chuir na tírghráthóirí óga Polannacha ar son a dtíre i ndeireadh an dara cogadh domhanda, ag iarraidh í a shaoradh ó bhráca na forghabhála Gearmánaí sula dtiocfadh an tArm Dearg lena leagan féin den “tsaoirse” a chur i bhfeidhm ar na Polannaigh.

Ní cuimhneach liom an raibh d’am agam ceachtar den dá leabhar a chríochnú san am sin, nó cé go raibh an teanga agam, fuair mé tuirsiúil i gcónaí Sualainnis a léamh. Is léir áfach gurb é an rud a d’fhoghlaim mé ansin ná go raibh Oirthear na hEorpa ní ba saibhre, ó thaobh na staire agus an chultúir de, ná mar a chonacthas dom go dtí sin. Go bunúsach, is é an rud a shíl mé i mo bhuachaill bheag dom ná nach raibh i muintir na Polainne ach sclábhaithe bochta gan ainm agus iad ag streachailt lena saol suarach faoi chuingir an Chumannachais Shóivéadaigh. Ar ndóigh, bhí baint ag an tuiscint seo le dearcadh mo mháthara móire agus m’athar mhór, agus iad barúlach go raibh an sclábhaíocht i ndúchas na Slavach. Ní raibh siad ina Naitsithe ná geall leis, ach ó tháinig na Naitsithe chun fortachta don Fhionlainn sa Dara Cogadh Domhanda, bhí de chlaonadh iontu creidiúint a thabhairt do ghnéithe áirithe de bholscaireacht fhrith-Shlavach na Naitsithe, fiú breis is tríocha bliain i ndiaidh an chogaidh. Rud eile áfach go raibh siad in ann an bholscaireacht seo a cheistiú ó am go ham. Bhí mo mháthair mhór i ndiaidh Quo Vadis le Henryk Sienkiewicz a léamh, agus í suite siúráilte, mar sin, gur náisiún cultúrtha a bhí sna Polannaigh tar éis an tsaoil, ó bhí duine acu ábalta a leithéid de leabhar a scríobh.

Is follasach go raibh an Dlúthpháirtíocht nó Solidarność, an chéad cheardchumann sa chuid Chumannach den Eoraip, go mór mór i mbéal an phobail san Fhionlainn i dtús na n-ochtóidí. Ceann de na cuimhní is mó is ábhar gáire dúinn ó na laethanta seo is ea é go bhfacthas na focail “Ní cóir dul ar stailc” ar chéad leathanach an nuachtáin Chumannaigh sa tír seo. Ar ndóigh, má bhí cónaí ort i bparthas an lucht oibre níor chóir duit dul ar stailc, dar leis na Cumannaigh. Duine de na polaiteoirí Polannacha a bhí faoi agallamh ansin, áfach, agus níor tháinig na focail sin ó fhoireann eagarthóireachta an nuachtáin. Lena cheart a thabhairt don nuachtán sin - Kansan Uutiset nó Nuacht an Phobail - bhí iriseoirí maithe acu sna tíortha Cumannacha nach raibh sásta creidiúint iomlán a thabhairt don bholscaireacht oifigiúil, agus i ndiaidh na cinnlíne greannmhaire sin, bhí siad in ann cur síos réasúnta neodrach a thabhairt ar na himeachtaí sa Pholainn. An fear a bhí ina chomhfhreagraí acu i Vársá, arbh ainm dó Matti Hoviseppä, ní áibhéil é a áireamh ar iriseoirí móra na Fionlainne. Pé scéal é, i ndiaidh don Dlúthpháirtíocht agus do Lech Wałęsa bliain a chaitheamh ag rith damhsa sa Pholainn d’fhógair an Ginearál Wojciech Jaruzelski staid éigeandála agus tháinig deireadh leis an Dlúthpháirtíocht go ceann roinnt bhlianta.

Mar sin féin, thosaigh an marmar ag titim d’aghaidh an Bhloic Thoir. Daoine cosúil liom féin, thuig muid gur tír ar leith a bhí sa Pholainn, tír arbh fhiú suim agus suiméad a chur inti. Timpeall ar bhliain i ndiaidh do m’athair an dá úrscéal a fháil ar iasacht bhí mise ag smúrthacht timpeall sa leabharlann chéanna, agus tháinig mé trasna ar leabhar próis eile leis an údar. Aistí agus cuimhní cinn a bhí ann, agus is é an teideal Sualainnise a bhí air - aistriúchán Sualainnise eile, ar ndóigh, ó nach mbíodh na tithe foilsitheoireachta san Fhionlainn rófhonnmhar chun “easaontóirí” Oirthear na hEorpa a chur i gcló inár gcéadteanga-ne - ná Mitt Europa, is é sin, “An Eoraip seo agam”. (”Native Realm” atá ar an leagan Béarla dála an scéil.) Rodzinna Europa an teideal Polainnise - “An Eoraip Dhúchasach”.

Is éard a bhí i gceist leis an Eoraip dhúchasach seo ná na tíortha, na críocha agus na teangacha a bhfuair an scríbhneoir aithne nádúrtha orthu nuair a bhí sé ina bhuachaill bheag: an Liotuáin, an Pholainn, an Bhealarúis. D’fhoghlaim mo dhuine Liotuáinis agus Polainnis sa sráidbhaile ab áit dhúchais dó, agus d’inis sé sa leabhar Rodzinna Europa gur phioc sé suas Rúisis ó na saighdiúirí réabhlóideacha nuair a bhí an Rúis ag coipeadh i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda agus na náisiúin bheaga ar a himeall ag fágáil slán ag an máthairthír mhór. Saolaíodh Miłosz sa bhliain 1911, agus mar sin bhí sé in aois bunscoile nuair a bhí cathair Vilnius á treascairt ag an anord i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda.

An cur síos a thug an scríbhneoir ar an gcuid den Eoraip inar tháinig sé i gcrann, ní bhfaighinn mórán locht nó botún air inniu féin, cé gur léigh mé a lán eile faoi Oirthear na hEorpa idir an dá linn. Chaith sé súil ar na Bealarúisigh a bhfuil a dteanga idir eatarthu idir an Pholainnis agus an Rúisis, mar a dúirt sé - bhuel, tá a lán den fhírinne ann, ach ar ndóigh tá a tréithe sainiúla féin ag an mBealarúisis freisin, nach bhfuil le fáil i gceachtar den dá cheann eile - agus luaigh sé freisin go ndearnadh iarracht san Aontas Sóivéadach an teanga sin a chur chun cinn, ach, san am chéanna, gur ruaigeadh na focail ró-neamh-Rúiseacha as caighdeán Sóivéadach na teanga. Mar a thuigim inniu, bhí an scéal ní ba chasta ná sin: ar dtús rinneadh iarrachtaí san Aontas Sóivéadach an teanga réigiúnach a chur chun cinn sna “poblachtaí” go léir, ó bhí an dearcadh ag na Boilséivigh díreach i ndiaidh dóibh a gcumhacht féin a bhuanú sa tír ná gur cheart dóibh cothrom féinne a chur in áit éagóir na Rúise Impiriúla, agus ba chuid den chothrom sin neartú le teangacha agus cultúir na náisiúntachtaí beaga sa tír agus cuid dá seanstádas a bhaint den Rúisis. Sa Bhealarúis, bhí stádas an-lag ag an mBealarúisis, agus caighdeánú de dhíth ar an teanga freisin. Ar dtús bunaíodh caighdeán oifigiúil na Bealarúise Sóivéadaí ar ghraiméar Branisłaŭ Taraškievič. Nuair a d’athraigh gaoth na polaitíochta san Aontas Sóivéadach, áfach, cuireadh i leith Taraškievič gur náisiúnaí Faisisteach, spiaire Polannach agus araile a bhí ann (le fírinne, Cumannach a bhí ann agus é imtheorannaithe ar feadh tamaill sa Pholainn ar chúiseanna polaitiúla sula bhfuair sé tearmann san Aontas Sóivéadach) agus mar sin, maraíodh in oileánra mór na gcampaí géibhinn é. Gearradh siar ar na hiarrachtaí leis an mBealarúisis a chur chun cinn, agus rinneadh athchaighdeánú ar an teanga le blas na Polainnise a bhaint di. Ní dhearna an Bhealarúis Shóivéadach mórán leis an leagan seo den teanga a chur chun cinn riamh, áfach, nó fuair an lucht rialtais ansin ní ba tábhachtaí an Rúisis a chur i mbéal an phobail.

Maidir leis an bPolainn, b’as an imeall thoir do Miłosz, agus mar a chonaic muid, bhí Liotuáinis go paiteanta aige ó laethanta a chéad óige. Dhearc sé air féin mar fhile Liotuánach a bhí ag scríobh as Polainnis. Sin é an dearcadh a bhí ag Adam Mickiewicz, file mór rómánsúil na Polainne freisin. Bhí Miłosz gaolmhar le hOscar Venceslas de Lubicz Milosz, file Fraincise a bhí ina shaoránach Liotuánach, agus é go tréan in aghaidh “impiriúlachas na Polainne”. Ba í an Pholainnis teanga dhúchais Oscar Milosz, agus mar a dúirt Czesław Miłosz, ní raibh aige ach Liotuáinis bhacach an fhoghlaimeora fhásta. Mar sin féin, bhí Oscar sásta gnó an taidhleora a dhéanamh ar son na Liotuáine. Chaith Oscar conablach a shaoil i bPáras, ó bhí dáimh agus luiteamas aige le cultúr agus teanga na tíre sin. File Fraincise a bhí ann, mar a dúirt mé, agus páirt nár bheag aige i stair na filíochta Fraincise. De réir mar a dúirt Czesław, ba é radharcra a óige, tuath na Liotuáine, an mhóitif ba mhinice a d’fheicfeá ina chuid dánta.

Thóg Czesław Miłosz cuid de sceipteachas Oscar i leith an náisiúnachais Pholannaigh. Bhí luí éigin aige leis an eite chlé riamh, agus nuair a tháinig an rialtas Cumannach i seilbh na Polainne i ndeireadh an Dara Cogadh Domhanda, bhí sé sásta tráth a chaitheamh ag obair don rialtas nua mar thaidhleoir - attaché cultúrtha a bhí ann, mar a thuigim. Ní raibh ann i ndiaidh an iomláin ach cleas, nó nuair a fuair sé an chéad aiméar thug sé cúl le cúis an Chumannachais agus chuaigh sé ar lorg tearmainn san Fhrainc. A lán de na hémigrés Pholannacha san Iarthar, áfach, ghlac siad an-chol leis toisc go raibh sé ag cabhrú leis an rialtas Cumannach, agus fiú i ndiaidh dó an rialtas sin a thréigean, ní raibh siad sásta maitheamh dó. Lena thaispeáint conas a d’fhéadfadh sé tacaíocht a thabhairt do na Cumannaigh, scríobh sé an leabhar faoin teideal Zniewolony umysł - “An Intinn i nGéibheann”. The Captive Mind an teideal ar an leagan Béarla.

Áirítear an leabhar seo ar ceann de na staidéir is dúisithí riamh a rinneadh ar intinn an intleachtóra sna tíortha Cumannacha agus ar na cúiseanna leis an dóigh a ngéilleann sé é féin don chumhacht ollsmachtach. I dtús báire, cuireann Miłosz an Cumannachas i gcomparáid le piolla Murti-Bing, a luaitear san úrscéal Nienasycenie (”An Easpa Sástachta” nó “An Easpa Cheasa”) le Stanisław Ignacy Witkiewicz, nó “Witkacy”. Cineál úrscéal fantaisíochta nó diostóipe é Nienasycenie ina bhfuil sluaite cogaidh na mórchumhachta Oir-Áisí ag cúngú ar an Eoraip (cf. Sixth Column le Robert A. Heinlein, mar shampla). Na spiairí a bhfuil ag an mórchumhacht sin san Eoraip, áfach, bíonn siad ag seachadadh piollaí Murti-Bing do na daoine, agus aon duine a shlogfaidh síos piolla den chineál seo, caillfidh sé an easpa sástachta is dual don duine shaor. Caillfidh sé gach eagla roimh bhua na sluaite Áiseacha agus géillfidh sé é féin don deachtóireacht agus don sclábhaíocht a bheidh ann i ndiaidh an bhua sin. Más ealaíontóir é, beidh sé ag moladh na cumhachta Áisí feasta ina chuid leabhar nó pictiúr. Ní bheidh indibhidiúlacht ann a thuilleadh. Agus beidh a lán daoine sásta glacadh leis an bpiolla, ó bhainfidh sé gach brón agus gach buairt den chroí - trí “ghalar” na saoirse inmheánaí a leigheas. (Cf. Invasion of the Body Snatchers.)

I ndiaidh do Miłosz achoimre a thabhairt ar na himeachtaí i Nienasycenie, cromann sé ar scéal ceathrar scríbhneoirí a insint a ghéill iad féin don Chumannachas i ndiaidh an chogaidh, nó ar theip an iarracht orthu. Is é “Alfa” an chéad duine acu - Jerzy Andrzejewski. Roimh an Dara Cogadh Domhanda, bhí Andrzejewski ina scríbhneoir náisiúnaíoch Chaitliceach, agus é ag scríobh don iris náisiúnaíoch Prosto z Mostu. Nuair a chuaigh frith-Ghiúdachas na hirise thar fóir, áfach, d’fhág Andrzejewski slán aici. I ndiaidh an chogaidh, bhí Andrzejewski sásta comhoibriú leis na Cumannaigh, ach sa bhliain 1968, - blianta fada i ndiaidh do Miłosz a leabhar a fhoilsiú - thréig sé an páirtí Cumannach toisc go ndeachaigh an frith-Ghiúdachas i neart sa pháirtí. Fuair Andrzejewski bás sa bhliain 1983, agus sna blianta deireanacha bhí sé ag comhoibriú leis an bhfreasúra frith-Chumannach. An leabhar is tábhachtaí dár tháinig óna pheann ná an t-úrscéal Popiół i diament - Luaithreach agus Diamant - agus é scannánaithe ag an stiúrthóir cáiliúil Andrzej Wajda. Cur síos ar na coimhlintí sa Pholainn i ndeireadh an chogaidh é agus é sách fabhrach do na Cumannaigh, ach fuair na Cumannaigh locht air sin féin, ó bhí siad barúlach nach raibh an scríbhneoir sách soiléir ag cáineadh na dtreallchogaithe frith-Chumannacha.

Béite atá ar an dara scríbhneoir dá bhfuil idir camánaibh ag Miłosz sa leabhar - is é is fíorainm dó ná Tadeusz Borowski. Iar-chime ó Auschwitz a bhí ann, agus ar ndóigh chonaic sé Murchadh i rith an ama a chaith sé sa phríosúnacht Ghearmánach. Scríobh sé roinnt scéalta scanraitheacha faoin saol sa champa báis, agus iad le léamh in aistriúchán Béarla faoin teideal This way for the Gas, Ladies and Gentlemen - scéalta iad a chuirfeadh an duine is cranraithe amuigh ó chodladh. Ar dtús, bhí Borowski go tréan ar son an Chumannachais, ó shíl sé gurbh é an t-aon leigheas amháin ar an Naitsíochas. Nuair a chimigh na Cumannaigh dlúthchara leis, áfach, bhain sé deireadh súile den Chumannachas. Is é an tátal a bhain sé as an iomlán nach raibh dóchas ar bith ann, ó bhí an Cumannachas lán chomh dona leis an Naitsíochas, agus mharaigh sé é féin le gás na sceithphíobán.

An tríú scríbhneoir a bhí faoi chaibidil ag Miłosz sa leabhar, bhaist sé Gáma air. Jerzy Putrament an fíorainm. Is é an duine is míchlúití den cheathrar seo, nó dearctar air go coitianta mar bholscaire suarach Cumannach nach fiú mórán cuimhne a choinneáil air. I dtús báire bhí sé ag tacú leis na Daonlathaigh Náisiúnta (Endecja, ND-ecja, Narodowa Demokracja), is é sin, leis an eite dheis antoisceach. Ina dhiaidh sin, áfach, chuaigh sé sna Cumannaigh. Bhí sé sásta sceitheadh ar scríbhneoirí eile, agus é ag comhoibriú go dlúth le seirbhísí rúnda na gCumannach. Mar is dual don tapadóir chríochnaithe, ghlac sé páirt i ngníomhaíocht an “Chumainn um Chairdeas idir an Pholainn agus an tAontas Sóivéadach” agus eagraíochtaí den chineál chéanna. Le fírinne, is beag eile is féidir a rá faoin bhfear seo.

An ceathrú scríbhneoir, Deilte, ba é Konstanty Ildefons Gałczyński é. Scríobh sé a lán dánta greannmhara a léitear inniu féin, chomh maith le sceitsí cabairé i stíl buffo. Léigh muid cuid mhaith acu san Ollscoil nuair a bhí mé ag staidéar Polainnise, agus ní bhfaighinn locht ar bith orthu. I ndiaidh an chogaidh rinne sé iarrachtaí áirithe scríbhneoireachta i stíl an Réalachais Shóisialaigh, is é sin, stíl oifigiúil ealaíontóireachta an Stailíneachais, ach theip air fabhar na léirmheastóireachta Cumannaí a fháil. Le fírinne chuir na scríbhneoirí Cumannacha mionbhuirgéiseachas ina leith, pé is ciall leis sin, agus fuair sé bás le taom croí faoi bhrú na léirmheastóireachta binbí.

May 13, 2011

Caitríona (scéal nua anghrách/new erotic story)

Aicmithe sna catagóirí: Irish language, Literature, erotica

(Ní bheidh an scéal seo ar taispeáint ach tamall. Tá mé ag díriú ar é a fhoilsiú faoi chlúdach leabhair in achomaireacht.)

Chonacthas do Chaitríona go raibh a saol thart sula raibh sé tosaithe i gceart. Nuair a chuaigh sí ag staidéar sa chathair mhór ba chuma léi go fóill nár chaith sí oiread is aon oíche amháin riamh faoi aon bhlaincéad le buachaill ar bith. Nuair a bhí sí ag cromadh ar an gcéim a bhaint amach, shíl sí go mbeadh a sáith ama aici i ndiaidh na hollscoile. Anois, bhí sí cúig bliana fichead d’aois, agus níor casadh fear ar bith uirthi go fóill.

Is é sin, an fear a bheadh in ann í a chnagadh as a seasamh. Ar ndóigh bhí aithne aici ar a lán fear, ach is dócha gur chuir a radharc-sa eagla nó cotadh ar gach aon neach acu siúd. Bean as an ngnáth a bhí inti, muise. Bhí sí ní b’airde ná an chuid eile acu, agus cuid súl a bhí inti fosta. Ní mainicín seang stiúgtha ab ea í ach bean dheas dhathúil a mbeadh cuid do lámh inti dá mbeadh de dhánaíocht ionat baint di.

Ar ndóigh bhí na fir bhaothghalánta ann agus iad siúd sách teann astu féin le ceiliúr a chur ar Chaitríona. Fir dhea-ghléasta, dhea-fheistithe a bhí iontu a shíl go raibh fáil acu ar aon bhean a leagfaidís súil uirthi. Bhí na fir seo ag breathnú mar a bheidís ag teacht ó chóisir na hambasáide le dul go dinnéar gnó an chomhlachta osnáisiúnta. Ní bhfaighidís ó Chaitríona ach cur ó dhoras, áfach, nó bhí blas an chineál saoil orthu nár thaitin le Caitríona riamh. Manglaim ildaite a gcuirfeadh a gcosúlacht féin na putóga bun os cionn ionat, gan trácht ar bith a dhéanamh ar an alcól iontu; ionracais mhí-ionraice agus gáirí meangacha mealltacha; damhsaí a bhrisfeadh caolta do chos fút agus tú ag iarraidh do chothromaíocht a choinneáil ar na sála miodóige.

Arbh amhlaidh a chaithfeadh sí féin ceiliúr craicinn a chur ar an bhfear a gheobhadh sí oiriúnach don obair, beag beann ar cé acu a bheadh sí doirte i gceart dó nó nach mbeadh? Bhuel, ba dócha nach raibh an dara suí sa bhuaile aici tar éis an tsaoil, ach ar ndóigh bhí sí idir dhá chomhairle faoi sin. Níor theastaigh uaithi a clú a chailleadh. Muise, ba é sin ancheist na mná ar na saoltaibh seo. Go teoiriciúil, bhí cead a cinn is a craicinn aici, ach go praiticiúil, dá n-iarrfadh sí go múinte ar fhear dheas éigin síneadh léi, bheadh bodaigh an trí phobal fichead ag éileamh a gcirt uirthi an lá arna mhárach, más é a gceart a bhí ann.

Ar chóir di an cheist a chur ar Éamonn? Fear singil a bhí ann a raibh aithne mhaith aici air. Cairde ab ea iad, le fírinne. Bhí seisean cúpla bliain thar an tríocha d’aois. Chaith sé deich mbliana in aontíos le cailín a bhfuair sé aithne uirthi sa mheánscoil, ach ansin scar siad le chéile, agus ina dhiaidh sin ní bhíodh ach girseacha ócáidiúla ag mo dhuine. Leannán ligthe lúfar leapa a bheadh ann, dar le Caitríona. Ní raibh sé cúthail ná cotúil i gcuideachta ban, agus féach na lámha a bhí aige! Lámha a bhí in ann obair mhionchruinn a dhéanamh, rud a bhí feicthe aicise le fada. Anois, tá a fhios ag cách gur obair mhionchruinn é bean a shásamh, nach bhfuil?

An raibh sí i ngrá le hÉamonn? Ní raibh ná geall leis, ach ón taobh eile de mhothaíodh sí í féin ar a sáimhín suilt ina chomhluadar. Ba deas an cara a bhí ann. Dá n-admhódh sí leis nach raibh fear aici riamh, ghlacfadh sé ar nós na réidhe é, agus sin a mbeadh ann. Ach, cad é an cineál aisfhreagra a thabharfadh sé dá n-iarrfadh sí air oíche a chaitheamh léi? Uaireanta, thráchtadh Éamann ar a chúrsaí craicinn féin le Caitríona, mar is dual do chara a shaol a phlé le cara eile. An raibh sé ag féachaint le ragús a chur uirthi leis na scéalta sin? Ní raibh muise, agus le fírinne, má bhí fonn uirthi chuig Éamann, níorbh iad na scéalta sin ba chúis leis, ach na lámha.

Na lámha sin! Shaothraíodh Éamann a chuid ina oibrí oifige, ach nuair nach raibh sé ag obair, bhí a lán dual eile ar a choigeal, agus ní bheifeá ag samhlú a mhalairt le fear aonair dáiríribh, go háirithe le fear ar theastaigh uaidh a lámha a choinneáil ag imeacht. Bhí deil sa bhaile aige le haghaidh potaireachta, agus é ina dhealbhóir réasúnta maith freisin. Bhíodh Caitríona ina cuspa aige ó am go ham, agus ceann de na bustaí a rinne sé di, bhronn sé uirthi é, agus é ina sheasamh ar an leabhragán sa bhaile aici. Nuair a bhí sí ina suí os comhair an fhir, agus é ag múnlú is ag fuineadh na cré leis na lámha miorúilteacha sin, ní raibh sí in ann an smaoineamh a sheachaint gur mhéanar don bhean a mhothódh méara Éamainn ag mapáil a craicinn, a cíoch, a gabhail…

An chéad rud a rithfeadh le cailleach an uafáis ná go mbeadh dealbhóir ag bualadh craicinn lena chuid cuspaí, ar ndóigh. Ach ní mar a shíltear a bhítear. Mná óga, ar comhaois le Caitríona nó ní b’óige fós, a bhíodh ina gcuspaí ag Éamann, ach nuair a bhí sé cromtha ar an obair dhealbhóireachta, bhí iomlán a chroí sáite ann, agus má bhí sé ag cabaireacht faoi gach cineál rudaí ó neamh go hÁrainn san am, faoi chúrsaí íogaire pearsanta fiú, ní mhothófá míchompord ar bith ort faoi. Má bhí caidreamh leathair ar bith aige le mná, bhí na mná sin timpeall ar thríocha bliain d’aois, agus iad clóite cleachtach ag bualadh craicinn. Ní raibh ach suim aeistéitice ag mo dhuine i gcomhaoiseanna Chaitríona, de réir dhealraimh, nó bhí mná ab aibí ná iad ag teastáil uaidh le haghaidh na leapa. Ní ghlacfadh sé leor ach le bean a dhiongbhála, lena chómhaith féin. Bhí lámha Éamainn oilte ar a gcuid oibre, agus an bhean a gheobhadh í féin eatarthu, chaithfeadh sí deachú nó praghas na proifisiúntachta sin a íoc ar dhóigh éigin. Chaithfeá a bheith i do lúthchleasaí mhaith le páirt a ghlacadh sna cluichí Oilimpeacha seo, de réir chosúlachta, ach ní raibh traenáil ar bith ar Chaitríona.

Mar sin, mhair Caitríona ag teacht ar cuairt chuig Éamann agus ag déanamh cuspa dó. Lá de na laethanta, áfach, sciorr caint ón bhfear a d’athraigh na cúrsaí ó bhonn.

”Cár imigh do bhuachaill, Seosamh?” a d’fhiafraigh Éamann di. ”Is fada ó chonaic mé an uair dheireanach le chéile sibh.”

”Seosamh? Mo bhuachaill? Cad é atá tú a rá?” arsa Caitríona. Bhain focail an fhir stangadh aisti..

”Nárbh é do bhuachaill é?” arsa Éamann. Bhí iontas air féin. ”Ba mhinic a d’fheicinn le chéile sibh tá cúpla mí ó shin.”

”Ó bhuel, níorbh é mo bhuachaill é ná geall leis”, a mhínigh Caitríona. ”Níl ann ach fear aitheantais. Rinne mé staidéar in éineacht lena dheirfiúr, agus nuair a bhí gnó éigin aige sa chathair seo d’iarr sise orm cuideachta éigin a dhéanamh dó fad is a bheadh sé anseo, an buachaill bocht. Ní raibh ach seal trí seachtaine ann. Cúiseanna proifisiúnta a bhí aige le teacht anseo, nó is saor ríomhairí de chineál éigin é, ríomhinnealtóir nó cibé a thabharfá ar a leithéid, agus spailp oibre aige sa taobh seo den tír. Tá cónaí air i bhfad ar shiúl, áfach.”

”Bhuel shíl mé go raibh nóisean éigin aige duit, ar an iompraíocht a bhí faoi”, arsa Éamonn.

”Mar is dual dá leithéidí”, arsa Caitríona. ”An sampla bocht. Duine acu seo atá níos cleachta le comhluadar na ríomhairí ná le caidreamh na ndaoine - caidreamh na mban ach go háirithe. Bhí sé an-mhíchompordach i mo chuideachta, an créatúr, agus ní raibh mé in ann mórán cainte a dhéanamh leis sular thrácht mé ar a dheirfiúr. Ansin, bhain sé an tsreang den mhála. Dá bhfeicfeá an t-athrú ó bhonn a tháinig air agus é ag spalpadh leis faoin saol a bhí ag an mbeirt acu nuair a bhí siad ina leanaí. Scéalta deasa páistiúla. Caithfidh mé a admháil gur bhain mé an-sult as a chuideachta fad is a d’fhan sé ar an téad áirithe sin. Nuair a chuaigh mé ag baint fóideoga eile leis, agus ga seá is piachán ann i ndiaidh na scéalta a bhí inste aige faoi laethanta a óige, d’fhill a sheanchotadh air arís. Ní mé cathain a rinneadh fear óg faiteach faichilleach de, más crosdiabhal beag bídeach a bhí ann ina thachrán dó.”
”Bhuel, tuigim”, arsa Éamonn. ”Tuigim do chás, agus is fearr fós a thuigim a chás-san, dar liom. Is iomaí buachaill cúthail den chineál sin a chonaic mé féin.” Bhí sé cromhta ar a chuid oibre arís, agus a lámha ag foirmiú na cré mar ba dual dóibh. Le fírinne bhí na lámha sin ag obair beag beann ar a bhéal, agus an dealbh ag dul chun cosúlachta le Caitríona go tiubh tapaidh.
”Uaireanta”, arsa Caitríona, ”agus é ag eachtraíocht leis faoina laethanta leanbaí, mhothaigh mé…bhuel, mhothaigh mé cineál fonn chuige. Is é sin, an fear geanúil greannmhar a bhí ann nuair a bhí sé ag smaoineamh ar a chéad óige, d’fhéadfainn titim i ngrá leis, ach ansin, nuair a d’éist sé an scéalaíocht sin, tháinig an diúlach dúr duairc dúranta dúnárasach ina áit, agus ní raibh a fhios agam an dóigh le greim an dara fear seo a scaoileadh den chéad fhear acu. Bhuel, an Dochtúir Jekyll agus an tUasal Hyde, tá a fhios agat.”

”Nuair a chonaic mé le chéile sibh”, arsa Éamann, ”bhí an chuma oraibh go raibh sibh ag baint an-sult as cuideachta a chéile. Sin é an tuige gur cheap mé go raibh cumann grá de chineál éigin agaibh.”

”Bhuel bhí mé á spreagadh chun na scéalta sin faoina óige a insint. Ba é sin an t-aon dóigh le bheith compordach ina chomhluadar.” Lig sí osna. ”Ar bhealach d’fhág sé cineál náire orm. Is é sin, ní raibh mé puinn ní b’fhearr ná eisean. Chaith sé féin na blianta fada ag staidéar, ionas nach raibh áiméar aige bealaí na mban a fhoghlaim - agus mise, chaith mé na blianta fada ag staidéar, ionas nach raibh áiméar agam bealaí na bhfear a fhoghlaim. Ar dhóigh, bhí muid an-chosúil le chéile, ach ó bhí sé chomh seachantach is a bhí, ní raibh muid in ann teagmháil cheart a dhéanamh, ná bheith compordach i gcuideachta a chéile. Agus is dócha nach ndearna mé mo dhícheall ar mhaithe leis an teagmháil sin.”

Lig Éamann gáire beag leathscigiúil as. ”Bhuel anois, a chailín, cumarsáid de shórt éigin atá i gceist le grá, má tá a leithéid de rud ann agus grá ar aon nós. Mura bhfuil cumarsáid agus teagmháil cheart ann, ní féidir don ghrá bláthú ach an oiread.” Chuaigh sé ina thost ar feadh tamaill, agus é ag déanamh a mharana chomh domhain is gur éist sé an dealbhóireacht - rud nár dhual d’Éamann ar aon nós. ”Le fírinne sin é an dóigh ar tháinig deireadh leis an gcumann a bhí agam le Gobnait.” Ba í Gobnait an cailín a bhí ina bean chéile aige, nó geall leis, ar feadh deich mbliana. ”Nuair a thráigh an chumarsáid, theip ar an ngrá, agus sin a raibh ann.”
Cumarsáid! Cumarsáid oscailte! Caint neamhbhalbh! Caint neamhbhalbh a bhí de dhíth! Anois, nó choíche! - a shíl Caitríona.

”Mar sin”, ar sise, agus crith ina glór, ”ba mhaith liom gar amháin a iarraidh ort, gar mór.”
”Cén gar?” arsa Éamann. Bhí sé ag caint ar nós cuma liom, ó bhí sé cromtha ar a chuid dealbhóireachta arís.
”An gcaithfeá oíche liom?” a d’fhiafraigh sí.
Stad lámha an fhir den dealbhóireacht chomh túisce is a bhí an méid seo ráite ag Caitríona.
”Tá a fhios agat go rachadh sé in aghaidh stoith orm bheith ag bualadh craicinn le bean de na cuspaí. Thairis sin, is dócha go gcuirfeadh sé deann trí mo chroí.”
”Cén fáth?”
”Bhí Gobnait ina cuspa agam nuair a bhí mé óg. Dá mbeadh oíche leathair agam leat, nó le haon bhean eile de na cuspaí, is dócha go réabfadh na cuimhní sin as a chéile mé. Thairis sin, chaithfinn an obair seo a fhágáil gan chríochnú. Ní mór dom an dealbhóir agus an fear a choinneáil dealaithe ó chéile. Cuspa maith thú, a Chaitríona, agus sin a bhfuil de.”
”Le fírinne”, arsa Caitríona, ”níor theastaigh uaim oíche a chaitheamh leis an bhfear, ach leis an dealbhóir. Adhraím do lámha agus iad i mbun oibre, agus ba mhaith liom iad a mhothú ar mo chraiceann. Is minic a chuir an smaoineamh sin ó chodladh na hoíche mé.”
Mura ndeachaigh na focail sin i gcion ar Éamann, níor lá go maidin é. Chuir sé leathmhaig ar a cheann agus chaith sé tamall fada ag stánadh ar an gcailín. Ansin, d’ardaigh sé a lámha óna chuid oibre le bheith ag starógacht ar a dhearnana féin.
D’éirigh Caitríona ina seasamh agus thosaigh sí ag baint na mball éadaigh di féin. Ní dhearna sí iarracht ar bith geáitsí speisialta ”anghrácha” a chur uirthi, mar a bheadh cailín griognochta inti. A mhalairt ar fad chaith sí na héadaí di mar a bheadh sí le suí síos sa tobán nó le dul faoin gcithfholcadh. Déanta na fírinne bhí sí ina cuspa nocht roimhe seo ag Éamann, agus mhothaigh sí í féin compordach ar fad ina craiceann dearg i gcuideachta an dealbhóra.
Dhearc Caitríona go domhain isteach i súile an fhir, agus d’fhreagair sé an t-amharc sin, cé go raibh sé cineál seachantach i dtús, beagnach cúthail. Chuir sé an obair dhealbhóireachta i leataobh go ciúin cúramach cáiréiseach, thug sé cuairt ar an leithreas lena lámha a ní, agus nuair a tháinig sé ar ais bhí sé á dtriomú le tuáille mór liathbhán.
Ansin, labhair sé leis.
”Ceart go leor, a Chaitríona. Déanfaidh mé rud ort. Díol molta é gur labhair tú d’intinn, agus más iad lámha an ealaíontóra atá de dhíth ort, gheobhaidh tú a n-áis faoi chroí mhór mhaith.” Lig sé osna as, agus é ag dul i dtreo an chailín. ”Ach is deacair a rá, an féidir liom an fear a choinneáil scartha ón dealbhóir i ndiaidh an iomláin.”
Shín sé a lámha uaidh, agus bhraith sise crith deas san áit ar aithin sí teas na méar sular theagmhaigh siad ar a craiceann. Bhí lámha Éamainn i bhfad ní ba deise, ní ba mhíorúiltí ná mar a samhlaíodh dise roimh ré iad.
Chaith Éamann na héadaí de féin, agus mhothaigh Caitríona teas an bhoid chrua ar thaobh leathleise léi. Bhí an fear ag méaradradh agus ag pógadh a cíoch, agus barra a chuid méar lán chomh cúramach, chomh hoilte ag súgradh le didí na mná agus a bhí siad ag fuineadh na cré.

Níorbh fhéidir a rá nach raibh a fhios ag Caitríona roimhe seo céard ba ragús ann. Ba mhinic agus ba mhionmhinic a thugadh sí faoiseamh láimhe di féin, agus mar sin d’fhaigheadh sí órgasam go tráthrialta. Anois, áfach, bhí sí faoi dháir ó rinn go sáil. D’aithin sí an fonn craicinn ar fud na colainne, agus bhí gach aon chill inti ag glaoch ar shásamh gnéis.
Ach is ábhar gliondair é an cíocras agus an t-ampla féin in aice a shásaimh. Ghlac Éamann a am le Caitríona, nó níor thosaigh sé ag sá an bhoid isteach go fóill. Ina áit sin d’oibrigh sé na lámha mánla millteanacha míorúilteacha sin uirthi. Lig an ghirseach scréach bheag nuair a mhothaigh sí ceann de mhéara an fhir ag déanamh a bhealaigh isteach a faighin, ach nuair a thosaigh an fear ag mionchroitheadh na méire taobh istigh, tháinig léaspáin agus sclimpíní ar a súile le teann aoibhnis.
Agus níl anseo ach an réamhimirt! Níl muid tosaithe i gceart go fóill! a shíl Caitríona. Thosaigh sí ag uallfartaigh, ag screadaíl agus ag scréacharnaigh, agus nuair a mhothaigh sí na creathanna taobh istigh dá faighin, tháinig meangadh gáire ar liopaí an fhir, agus é ag rá léi i gcogar séimh: ”Ná dúisigh an chathair go léir, a Chaitríona, is leor a leath.”
Ansin phléasc a gáire féin ar Chaitríona, agus thug sí póg d’Éamann.
I ndiaidh na réamhimeartha thosaigh an chomhriachtain féin. I ndiaidh na heachtra seo, agus í ag cuimhneamh ar imeachtaí na hoíche, bhí dearmad dubh dorcha déanta ag Caitríona de conas a tháinig siad ón seomra suí go dtí an seomra codlata, nó ba é an chéad rud eile ba chuimhin léi ná go raibh sí ina luí spréite ar leaba an fhir, agus eisean ag déanamh cuiginne os a cionn. Ní raibh an t-órgasam mór i bhfad ag teacht uirthi, agus lig sí racht nua go fiain fíochmhar.
Bhí sí tuirseach traochta i ndiaidh buaic a suilt a shroicheadh di, agus thit a codladh uirthi go gairid ina dhiaidh sin. D’fhan sí ina toirchim suain go dtí gur thit an chéad solas gréine uirthi ón bhfuinneog, agus tuigeadh di go raibh sé in am aici an áit a fhágáil le dul go dtí an obair. Bhreac sí síos teachtaireacht bheag d’Éamann a bhí ina chodladh i gcónaí, agus ghlan sí í féin faoin gcith sa seomra folctha sular chuir sí a cuid éadaí ar ais uirthi féin. D’imigh sí léi ansin ar bharraicíní a cos agus dhún sí an doras go ciúin cúramach ina diaidh.

Ba é sin deireadh an chumann craicinn a bhí ag Caitríona le hÉamonn. Agus, mo léan géar, ba é sin deireadh a gcairdis fosta. Nuair a chuir sí an chéad teachtaireacht ríomhphoist eile chuig Éamonn ag fiafraí de conas a bhí sé anois, is é an freagra a fuair sí ná ”post coitum animal triste”, is é sin, bíonn dúlagar intinne ar an ainmhí i ndiaidh na comhriachtana. Nuair a d’iarr sí ar an bhfear míniú éigin a dhéanamh ar a raibh i gceist aige leis an nathán seo, d’fhreagair Éamonn go raibh a chuid mothúchán trí chéile agus gurbh fhearr nach mbeadh caidreamh ar bith ag Caitríona leis go ceann tamaill. Mar a taibhsíodh dó, agus de réir an réamhrabhaidh a thug sé don chailín, tháinig na cuimhní frithire ar Ghobnait chun solais arís. Réabadh an cneas den ghoimh, agus mar sin, bhraith Éamann é féin go dona ar fad. Mar ba dual don fhear uasal a bhí ann, áfach, mhol sí áilleacht, ragús agus feabhas carachtair Chaitríona, agus é suite siúráilte nach mbeadh sé i bhfad ag teacht ar fhear a diongbhála anois, ó bhí sí réidh lena seanchotúlacht anois. Cúis bhróid é dó, ar seisean, gur roghnaigh sí é féin thar aon fhear eile le ceacht tosaigh na collaíochta a mhúineadh di, ach ní raibh sé in ann an dealbhóir agus an fear a dheighilt ó chéile i ndiaidh an iomláin.

Lig Caitríona osna throm aisti, agus na deora ag teacht léi. Chronaigh sí uaithi an dealbhóir cheana féin, an dealbhóir agus a lámha oilte eolacha, na lámha a bhí in ann foirmeacha áille a fháscadh as cré agus ceol a bhaint as bean. Agus ar ndóigh bhí ocras craicinn ag cúngú uirthi arís. Nuair a chaith sí oíche le hÉamonn, d’fhoghlaim a colainn aoibhneas leathair a aireachtáil uaithi. Bhí sí ag dréim le tuilleadh, agus ní raibh a fhios aici cá rachadh sí ar a lorg. Muise ní fhéadfadh sí ceiliúr a chur ar an gcéad fhear a chasfaí uirthi sa tsráid: ”Heileo, ba mhaith liom seal a chaitheamh ag bualadh craicinn leat!” Ach cá dtiocfadh na daoine eile ar leannáin aon oíche? Sa teach tábhairne? Bhuel ansin b’fhéidir, ach de ghnáth ní raibh cos faoi na fir ansin le teann meisce. Agus má bhí an fear féin cnagtha as a sheasamh, ba dócha nach raibh an séamafór sa treabhsar in ann mórán comharthaíochta a chéanamh ach an oiread. Fear sóbráilte, cá dtiocfadh sí ar fhear shóbráilte agus é sásta oíche a chaitheamh léi?
D’fhéach sí le faoiseamh láimhe a thabhairt di féin, ach má d’fhéach féin, thuirsigh sí de sular tháinig sí d’aon chóngar do bharr an aoibhnis. Craiceann a bhí ag teastáil uaithi i gciall cheart an fhocail. Craiceann le craiceann, teas agus teagmháil an duine eile.
Dá mbeadh Seosamh féin anseo…? Bheadh a fhios ag Caitríona anois cad é a dhéanfadh sí leis agus cad é an gnó a bheadh aici de, cinnte le Dia! Más fear amscaí amhlánta a bhí ann inniu, buachaill deas a bhí ann nuair a bhí sé óg, agus bheadh Caitríona breá sásta nádúr an chrosdiabhail bhig a athbheochan san fhear fhásta! Ach ar ndóigh bhí Seosamh imithe anois, agus cá bhfios céard a bhain dó idir an dá linn? B’fhéidir gur casadh bean eile air cheana, bean a bhí ábalta an nádúr sin a ghlaoch chun beatha?

Shuigh sí síos agus í ag iarraidh maolú ar an ragús le mothúcháin de chineál eile ar fad, nó thosaigh sí ag léamh ”An Crioslach Marbh”, ceann d’úrscéalta uafáis Steven King. Ní raibh sí i bhfad i mbun léitheoireachta, áfach, nuair a tháinig sí ar abairt sa diabhal leabhair a thrácht ar ”chumha na mná aibí i ndiaidh na comhriachtana ar éirigh léi”. Ghlac sí fearg leis an leabhar, mar a bheadh an scríbhneoir ag spochadh aisti go pearsanta. ”Foc thú, a Stiofáin”, ar sise i gcogar, agus chaith sí an leabhar uaithi in éadan an bhalla. Agus ar ndóigh, ós leabhar mór trom a bhí ann, nuair a thit sí ar ais, scuab sí bláthchuach anuas den taobh-bhord.

An bláthchuach ba mhó a thaitin le Caitríona, an ceann ba chuidsúlaí sa teach. Tháinig tocht goil uirthi nuair a chonaic sí an phraiseach a bhí déanta aici. Níor dhual di loitiméireacht a dhéanamh mar sin. Chuaigh sí faoi dhéin na scuaibe is na méisín deannaigh, agus na deora ag teacht léi nuair a bhí sí ag glanadh an smionagair den urlár. An bláth bocht, a shíl sí, agus fuair sí cuach eile dó. Ar ámharaí an tsaoil níor treascraíodh an planda féin go ródhona.

Chaith sí í féin ar an leaba gan na héadaí a chur di. Drochlá a bhí ann amach is amach. Mar sin, chuirfeadh sí deireadh leis an lá roimh ré. D’fhan sí ina gillire ar an leaba ag iarraidh a hintinn a choinneáil glan folamh, agus thit a codladh uirthi faoi dheoidh.

An lá arna mhárach dhúisigh sí ag an ngnáth-am, agus fuair an seanchleachtadh an ceann ab fhearr uirthi. Bhí Aoine ann, agus an deireadh seachtaine ar na bacáin. Ina hainneoin féin, díreach mar a bheadh róbat nó uathoibreán ann, chuaigh sí faoin gcithfholcadh, bhris sí a céalacan agus chuir sí éadaí glana uirthi féin. Bhí codladh thar a dóthain faighte aici, agus cé go raibh an t-áilíos craicinn agus an t-aiféaltas ag luí uirthi i gcónaí, mhothaigh sí í féin beagnach gealgháireach.
Nuair a bhí sí ag fanacht leis an luastram, tháinig fear ard scafánta a fhad léi agus sainéide an Gharda air.
”Dia duit”, arsa an Garda.
”Dia is Muire duit, a Gharda. An bhfuil a dhath as an tslí déanta agam?” a d’fhiafraigh sí.
”Níl”, arsa an Garda. ”Níl ann ach gur…gur mhaith liom tú a iarraidh amach liom anocht.”
Muise murar baineadh siar as Caitríona níor lá go maidin é! Tháinig luisne bheag dheas ina leiceann, agus leath aoibh gháire uirthi.
”An bhfuil tú ag spochadh orm, a chuid?” ar sise. Scrúdaigh sí cuntanós an fhir. Bhí sé corradh is tríocha bliain d’aois, agus é ag breathnú roimhe go hionraic, go hoscailte. Bhí lorg an gháire ar a cheannaithe, agus tríd is tríd, bhí éagasc na cineáltachta air. Thaitin sé le Caitríona.
”Tá mé dáiríre píre”, arsa an fear, agus snag beag cotaidh ina ghlór. ”Is minic a chonaic mé ag dul chun oibre thú anseo, agus ó nach raibh cuideachta ar bith agat riamh, ghlac mé misneach…”
”Níor chaill fear an mhisnigh riamh”, arsa Caitríona go gealgháireach. Fear cúthail a ghlac misneach. Bhí sin go deas. ”Ceart go leor. An molfá féin aon áit ar leith?”
”Bhuel tá caifé deas cluthar i Sráid Uí Ghrianna, in aice leis an gclub nua, tá a fhios agat, an ceann ina bhfuil an cheolfhoireann ó Thír Chonaill ag seinm. Is féidir linn dul go dtí an club tar éis cupán a chaitheamh siar sa chaifé. An maith leat ceol Gaelach?”
”Cinnte. An é Teach Thaidhgín an caifé atá i gceist agat?”
”Is é.”
”Ceart go leor. Cén t-am a thiocfaidh mé ansin?”
”Ag a seacht a chlog b’fhéidir?”
”Maith go leor”, arsa Caitríona. ”Ach fan go fóill, níl a fhios agam d’ainm.”
”Is mise Séamus de Búrca. Agus tusa?”
”Caitríona Nic Cuarta atá orm.”
”Caitríona? Ainm deas. Slán agat anois, a Chaitríona.”
D’fhan Caitríona tamall fada ag amharc an bealach a d’imigh Séamas uaithi. Fear lách a bhí ann, agus ní raibh aon chaill ar a chosúlacht ach an oiread. Mar a chonaic Caitríona, bhí matáin láidire aige, ach ní raibh sé ina ghoraille corpfhorbróra ach ina lúthchleasaí luath lúfar. Fear fearga fearúil a bhí ann de réir dealraimh, agus nuair a smaoinigh Caitríona ar an oíche leathair a bheadh aici leis, ba dóbair di titim as a seasamh.
Chuaigh Caitríona go dtí an caifé leathuair an chloig roimh ré. Bhí neirbhís bheag uirthi roimh Shéamus, agus theastaigh uaithi socrú síos san áit sula dtiocfadh seisean. Bhí éadaí galánta uirthi a tharraing súil a lán daoine ina treo, agus boladh láidir cumhráin aisti. Le fírinne, nuair a shuigh sí síos ag ceann de bhoird an chaifé le bheith ag snáthadh a cupán cappuccino, agus í ag caitheamh súile ina timpeall, rith léi gurbh fhéidir go ndeachaigh sí thar fóir á feistiú féin don airneán. Ón taobh eile de, bhí an-ghliondar ar a croí i ndiaidh do Shéamus í a iarraidh amach leis, agus í barúlach nár mhiste di an gliondar sin a chur in iúl don fhear.
Agus déanta na fírinne níor aithin Séamus ar dtús í nuair a tháinig sé, bhí sí gléasta chomh galánta sin. B’éigean di comhartha láimhe a thabhairt dó agus é ag dul timpeall idir na boird ag iarraidh radharc a fháil uirthi.

”Gabh mo leithscéal”, arsa Séamus. ”Ní raibh súil agam le bainríon an dioscó.”

Bhí culaith néata air féin, tóin an trunc mar a déarfá, ach sin a raibh ann dáiríre: culaith Dhomhnaigh an ghnáthfhir. Chaithfeá a admháil go raibh Caitríona ag breathnú cineál gáifeach i bhfarradh is eisean. Bhí an fear bocht cineál míchompordach, a d’aithin Caitríona, ach ós bean mhín mhacánta a bhí inti, b’amhlaidh ab fhearr a thaitin sé léi.
”Bhuel”, ar sise, ”níor iarr fear ar bith amach mé ar an dóigh sin, agus shíl mé nár mhiste an ócáid a cheiliúradh. An bhfuil mé róghléasta, meas tú?”
Tháinig a sheanaoibh gháire ar Shéamus arís, agus is éard a dúirt sé ná: ”Tá tú ar an mbean is áille san áit seo.” Agus níor shéan tocht a ghutha brí a chainte. Ba léir go raibh ag dul rite leis an bhfear a chreidiúint go mbeadh a leithéid d’ádh leis. Ón taobh eile de, nuair a chonaic sise an dóigh a ndeachaigh a cosúlacht is a cuntanós féin i bhfeidhm ar an bhfear, mhéadaigh ar an ngeanúlacht a bhí glactha aici leis. Arbh é seo an grá anois? An raibh sí ag titim i ngrá leis an bhfear sin?

”Conas a bhí an lá agat?” a d’fhiafraigh sí den fhear. ”Tá súil agam nach raibh tú in aon chontúirt mhór.”

”Bhuel”, arsa an fear, agus cuma bhuartha ag teacht air, ”b’fhearr liom an chontúirt mhór féin i gcomparáid leis an gcineál rudaí a bhíonn idir lámhaibh agam. Na daoine óga go háirithe, is mór an díol trua iad, agus an dúil nimhe a bhíonn ag cuid acu sna drugaí, agus sinne, caithfidh muid aire a thabhairt dóibh. Chuaigh mé sna Gardaí le bheith ag cuidiú le daoine, le rud fónta a dhéanamh ar mhaithe le mo chomharsain. An drochbhail a bhíonn ar na déagóirí bochta sin, áfach, an cruachás ina mbíonn siad, bhuel, tá sé ag dul díom a chreidiúint go dtiocfaidh siad slán as choíche.”

Tháinig cuma chomh brónach ar Shéamus bocht is gur rug Caitríona greim ar a láimh agus í ag féachaint go domhain isteach ina shúile. Chonaic sí fliuchadh beag iontu. ”Gabh mo leithscéal”, ar seisean. ”Níor chóir dom mo racht a ligean ort mar seo.”

”Gabh tú féin mo leithscéal-sa, a stór”, a d’fhreagair an cailín. ”Mé féin a chaintigh ar na cúrsaí sin leat. Is léir gurbh fhearr leat gan a bheith ag smaoineamh ar do chuid oibre anois.” Nár thútach an mhaise dom na fóideoga sin a bhaint, a shíl sí. Bhí an comhrá ag dul chun donais, de réir dhealraimh. Ach mar sin féin, bhí an fear, a theas agus a chraiceann ag teastáil uaithi go géar.

”B’fhéidir gurbh fhearr dúinn dul go dtí an club”, arsa Caitríona sa deireadh, ”ar chuntar is go ligfear isteach sinn. Tá an-ráchairt ar ‘Mhuintir an Dá Ghaoth’. Gach seans go bhfuil an ticéad deireanach díolta cheana féin.”
Las aghaidh an fhir suas anois, agus dúirt sé: ”Tá muis, ach tá pas saor agam don bheirt againn”, ar seisean.
”An bhfuil? Conas sin?” arsa Caitríona.
”Bhuel, bhí an t-amhránaí ina Gharda in éineacht liom seal, sular chinn sé ar dhul le ceoltóireacht go lánaimseartha. Seanchara é mar sin.”
”Muise”, a sciorr ó Chaitríona, ”is tusa plúr na bhfear, a Shéamuis.”
Ní raibh an bheirt acu i bhfad ag dul trasna na sráide go dtí an club. Ba léir do Chaitríona ó thús nach ndearna seisean áibhéil ar bith nuair a dúirt sé go raibh sé mór leis an amhránaí. Bhí pas saor ag Séamus ceart go leor - píosa daite páipéir a raibh meirge an chlub agus síniú an amhránaí air - agus nuair a chonaic an doirseoir an cháipéis seo, d’fhéadfá a rá gur chuir sé a bhibe doirseora de, chomh lách cairdiúil is a d’éirigh sé. D’oscail sé taobhdhoras ar leith do Shéamas agus do Chaitríona, agus istigh ansin don bheirt acu, d’aithin sise go raibh siad i gcúl an stáitse, áit a raibh na ceoltóirí díreach ag cur caoi ar a gcuid gléas le haghaidh na ceolchoirme.

”A Shéamuis! A Shéimí Mhóir! Tháinig tú!” a chualathas guth fir a rá. Guth domhain taitneamhach a bhí ann, guth an amhránaí gan dabht. Ba é sin Tomás Óg Ó Gallchóir, nó Taimín Tom Phádraig Dhuibh, mar ab fhearr ab aithin don tsaol mhór is dá mhuintir féin é.
”Tháinig muis”, a d’fhreagair Séamus go gliondrach. ”Seo í Caitríona Nic Cuarta.”
”Bhuel”, arsa Taimín Tom, ”cárb as duit, agus an sloinne sin ort? As Ó Méith, cosúil le Séamus Dall?”
”Ó, is as an gcathair seo dom”, a d’fhreagair Caitríona. ”Anseo a rugadh is a tógadh mé. Tá lucht gaoil agam i gContae Lú, áfach.”
”Cailín galánta na mórchathrach!” arsa Taimín Tom go magúil. ”Cad é mar a d’éirigh le Séamus an coimeadar a chur ortsa?”
Rinne Caitríona gáire. ”Fear mór misnigh é”, ar sise. Chaith sí spléachadh i dtreo Shéamuis, agus í ag bobáil súile.
”Bhuel”, arsa Taimín Tom, ”fear mór cotaidh a bhí ann tráth, ach is ábhar lúcháire dom gur imigh sin is gur tháinig seo.” Gheall Taimín Tom amhrán ar leith a rá don bheirt acu, amhrán nár ghnách leis a chanadh ach ag ócáidí speisialta. Ansin, d’fhág sé slán ag an lánúin, agus chuaigh Séamus agus Caitríona i measc an lucht éisteachta.
Ní dheachaigh Taimín Tom siar ar a ghealladh. Nuair a bhí an t-airneán ag druidim chun deiridh, d’fhógair sé go raibh a chara cléibh ag an ócáid anocht, agus girseach dheas dhathúil ina chuideachta; agus gur mhaith leis ”Coillte Glasa an Triúcha”, an t-amhrán grá ab áille, ba mhíorúiltí, ba bhinne dá raibh ann a chanadh don lánúin.
Agus nuair a bhí an t-amhrán seo ag líonadh a gcluas, thug siad póg the theaspúil dá chéile. D’fhan siad snaidhmthe ina chéile go dtí go raibh Amhrán na bhFiann ag baint macalla as na fraitheacha. Mhothaigh Caitríona lámha an fhir ag creathnú ina timpeall-se, agus a bhod ina sheasamh go righin faoina chuid éadaí. Nuair a bhí an cheolchoirm thart, bhí tuirse ag teacht uirthi ceart go leor, ach ina dhiaidh sin bhí sí ag santú an fhir seo, nó fuair airc agus áilíos an chraicinn an ceann ab fhearr ar an tuirse féin.
Nuair a thosaigh na daoine ag imeacht ón gclub, theastaigh ó Shéamus slán a fhágáil ag Taimín Tom, ach níor chaith an bheirt fhear mórán ama ag cabaireacht, nó d’aithin an t-amhránaí go raibh deifir ar an gcailín an fear a thabhairt abhaile léi. Ba léir go raibh áthas air a leithéid de chailín deas a fheiceáil ag santú a sheanchara.
Bhí Séamus tar éis a ghluaisteán a fhágáil i gcarrchlós in aice leis an gcaifé, agus ó nár bhlais sé oiread is braon den stuif bhorb sa chlub, bhí sé in inmhe an bheirt acu a thabhairt chuige féin. Ar dtús, thairg sí Caitríona a thiomáint abhaile:
”Cé gur minic a chonaic mé sa tsráid thú, a Chaitríona, níl a fhios agam go beacht cá bhfuil tú i do chónaí. Cad é an seoladh atá agat?”
”Ó, nach cuma leat”, arsa Caitríona, agus í ag croitheadh a cuid gruaige.”Caithfidh muid an chuid eile den oíche i d’áit féin.” Rinne sí sciotaíl bheag gáire faoi chomh furasta is a tháinig na focail sin léi.
Bhí an chuma ar Shéamus nach raibh sé in ann an t-ádh a chreidiúint a bhí leis. Bhí Caitríona ní ba dathúla anois ná riamh, agus í ag breathnú cineál scaoilte i ndiaidh an airneáin. Má bhí an codladh ag brú leathdhúnadh ar a súile, ní raibh sé ach ag cur lena cuntanós earótach brionglóideach.
Bhain siad amach árasán an fhir agus thuirling siad den ghluaisteán. Nuair a tháinig siad isteach ansin, ní bhfuair Caitríona deacair a aithint gur fear réasúnta ceoil a bhí i Séamus féin. Bhí giotár crochta den bhalla agus bailiúchán mór dlúthdhioscaí in aice leis an seinnteoir. Ceol Gaelach a bhí ann chomh maith le snagcheol Meiriceánach. Bhí an áit maisithe le póstaer mór a thaispeáin fear mór ag séideadh ar an sacsafón an méid a bhí ina scamhóga. FÉILE SNAGCHEOIL NA hÉIREANN a bhí le léamh ar an bhfógra seo. Thairis sin, bhí cúpla pictiúr ola-dhatha ann agus iad ag léiriú bádóirí ag streachailt le fórsaí na farraige fiaine fíochmhaire. Ní raibh Caitríona i bhfad ag aithint na stíle: ar Oileán Thoraí a cheannaigh Séamus na pictiúir seo.
”Gabh mo leithscéal”, arsa Séamus. ”Níl mórán maithe ionam ag glanadh na háite seo.” B’fhíor dó, ach mar sin féin thug Caitríona taitneamh don áit ar an toirt. Fear dlí, fear ceoil agus fear farraige. Mhothaigh sí gurbh é seo an cineál fear a bhí ag teastáil uaithi go lom díreach.
”Ó, fág an tseafóid, a stór”, arsa Caitríona. ”Is fada nach bhfaca mé árasán chomh deas seo ag aon duine!” D’fháisc sí an fear chuici féin le póg a thabhairt dó. Mhothaigh sí í féin chomh ceanndána is gur thosaigh sí ag caitheamh na n-éadaí di mar a raibh sí. Ar dtús, bhain sí stangadh as an bhfear bocht, agus thug sé in amhail a shúile a iompú uaithi.
”Ná déan coimhthíos ar bith, a stór”, ar sise. Fear cúthail! B’fhéidir nach raibh mórán taithí aige féin ar an ngrá collaí, a tuigeadh do Chaitríona. Ach mar sin féin bhí sé in ann a chotadh a chloí agus ceiliúr a chur uirthise chomh doirte is a bhí sé di.
Nuair a bhí sí ina craiceann dearg, agus eisean ag dearcadh uirthi mar a bheadh sé ag iarraidh gach ceintiméadar cearnach dá colainn a chur i dtaisce i gcúlstóras a inchinne, is é an rud a dúirt sí i gcogar piachánach leisean ná:
”Tar chugam anois, a Shéamuis, a stór.”
Agus tháinig.
B’fhéidir nach raibh lámha Shéamuis chomh hoilte agus lámha an dealbhóra, ach ba chuma le Caitríona faoi sin. Nó chuir an fear seo fonn spontáineach craicinn uirthi, fonn a dhearscnaigh thar na mothúcháin eile go léir. Fear mín mánla moiglí múinte macánta modhúil muscalach mascalach a bhí ann, muise!
Ag mothú chraiceann an fhir ar fud a colainne féin di bhí Caitríona á dó beo beathaíoch ó mhuineál anuas go pit, agus í ag pógadh Shéamuis mar a bheadh sí ag iarraidh an fear a shlogadh síos in aon phlaic amháin. Bhraith sí go raibh sáiteán an fhir ina cholgsheasamh chomh crua le maide adhmaid, agus bheadh sí breá sásta é a ligean isteach mar a bhí sé, ach go bé go raibh de mheabhraíocht i Séamus féin dul ar lorg coiscíní in am.
Bhí an chomhriachtain seo an-difriúil leis an mbabhta craicinn a bhí aici le hÉamann. B’fhíor nach raibh Séamus chomh sciliúil, chomh deaslámhach leis an dealbhóir, ach ba chuma le Caitríona faoi sin, nó ní raibh moill ná leisce ar an bhfear seo clis nua a fhoghlaim agus a chur i bhfeidhm uirthi. Thar aon rud eile, áfach, thuig Caitríona cás an fhir. Ba dóigh léi gurbh ionann é agus a cás féin. Go raibh an bheirt acu ina dtosaitheoirí glasa ar scoil an anghrá.
Sa deireadh mhothaigh Caitríona na tonnchreathanna ag teacht tríd an bhfaighin. D’fhliuch a súile le teann coscartha agus dúirt sí i gcogar séimh leis an bhfear go raibh sí i ngrá leis.
Thit a gcodladh ar an mbeirt acu agus chaith siad an chuid eile den oíche ina dtoirchim suain. Le fírinne níor dhúisigh aon duine acu sula raibh an ghrian ar an aer le tamall maith, agus cé go raibh lorg na báistí ar an saol amuigh, bhí na scamaill glanta ar shiúl le fada. Bhí gealladh maith faoin lá.
Tháinig aoibh bheag gáire ar liopaí an chailín nuair a mhothaigh sí teas an fhir ar a craiceann féin i ndiaidh na hoíche, agus í díreach dúisithe. Maidir le Séamus, bhí sé ina chnap codlata i gcónaí. Thug sí sonc beag dó, agus thosaigh sé ag monabhar, ach mar sin féin níor tháinig sé chuige féin i gceart.
”A leithéid de chodlatán”, a shíl Caitríona, agus í ag pógadh an chéad bhall de chraiceann lom an fhir ar theagmhaigh a liopaí-se air. ”Ach fan go fóill, tá a fhios agam an dóigh le tú a mhuscailt.” Shín sí leathlámh uaithi le greim a fháil ar bhod an fhir. Mhothaigh sí cuimhne na comhriachtana istigh inti féin nuair a d’aithin sí an righneas ag teacht sa bhod faoina cuid méar, agus thosaigh a colainn féin ag éileamh a cirt i ndáiríre nuair a chonaic sí an dath corcra ag teacht i mbreall an bhoid.
Anois, mhuscail Séamus féin, agus baineadh stangadh as nuair a chonaic sé an chuigeann bhoise a bhí idir lámhaibh ag Caitríona. ”Cad é atá tú a dhéanamh?” ar seisean go giorraisc.
Scaoil Caitríona a greim dá bhod leis an bhfear a fháscadh chuici agus le fáiméad mór póige a thabhairt dó. ”Tá tú ag teastáil uaim, a fhir, a fhireannaigh, a thairbh, a stail”, ar sise, agus faobhar cinniúnach ar a guth. Bhí sé ag dul di an chanúint cheart cainte a chur ar a cuid mothúchán, ar an tine a bhí ar bharr lasrach istigh aici. D’oscail sí a gabhal agus chuaigh sí in airde ar an bhfear lena marcaíocht a dhéanamh air.
”Ó, dar Dia…” Sin an méid a bhí Séamus in ann a rá, agus an bhean ag baint a suilt as.
”A Shéamuis…a stór…is tusa mo stail…is tusa sásamh mo dhrúise…is tusa faoiseamh mo dhárach…” arsa Caitríona i leathchogar.
Agus ansin, bhraith sí na tonnchreathanna ag teacht trína faighin arís. D’iompaigh súile a cinn isteach, ionas nach raibh ach na gealacáin le feiceáil, agus chaith sí a ceann ar aghaidh agus ar ais, ionas gur spréadh folt a gruaige ina gaothrán san aer.
San am chéanna mhothaigh Séamus trithí an aoibhnis ar fud a cholainne féin, agus é eadrom sa cheann ag breathnú ar an gcailín. Nuair a bhí an t-órgasam thart, d’fháisc sé chuige féin í, agus ise ag monabhar sa chluas aige go raibh sí i ngrá leis, agus nach raibh a fhios aici cad é an rud a bhí i gceist ar aon nós sula bhfuair sí aithne airsean.
D’fhan Caitríona ina luí sa leaba ar feadh i bhfad á goradh féin leis an teas croíúil a mhothaigh sí ó cholainn an fhir. Chaith Séamus tamall fada á hadhradh, ach sa deireadh labhair sé:
”A Chaitríona, an bhfreagrófá ceist uaim?”
”Cén cheist?”
”An raibh mórán fear agat romham? Is é sin, fir luí?”
Lig sí gáire ina hainneoin féin. Thaispeáin sí barr a teanga idir na fiacla, d’ardaigh sí a lámha le cúpla cuar fairsing a tharraingt san aer, agus dúirt sí: ”MÓÓÓRÁÁÁN! Bhí oícheanta leathair agam le GACH DARA DUINE SA CHATHAIR!” - agus nuair a chonaic sí an ghnúis scanraithe a tháinig ar an bhfear, phléasc sí amach ag gáire ar fad agus thug sí sonc séimh don fhear. ”Ná habair liom gur chreid tú an méid sin?” Nuair nach raibh aithne an stangtha ag imeacht de cheannaithe an fhir, chuir sí cuma na dáiríreachta uirthi féin agus ansin thug sí cur síos gairid ar a ndearna sí le hÉamonn.
”Le fírinne, ní raibh cumann collaí agam ach le haon fhear amháin romhatsa.” Rinne sí sos beag sular lean sí léi. ”Cara a bhí ann, agus ní raibh aon duine againn i ngrá leis an duine eile. Agus ar an drochuair, tháinig deireadh leis an gcairdeas i ndiaidh an bhabhta craicinn.” Chuir Caitríona leathlámh timpeall ar Shéamus. ”Tú féin, caithfidh sé go raibh mná agat romham?”
”Bhí cailín agam nuair a bhí mé i mo dhéagóir, ach níor éirigh liom mórán banaíochta a dhéanamh anseo sa chathair mhór. Ansin áfach chuir mé sonrú ionatsa agus m’anam chom deas is a bhí tú! Níor sheansáil mé riamh roimhe seo bleid a bhualadh ar aon duine anaithnid sa tsráid mar sin. Is é sin, ar aon duine anaithnid nach raibh gnó póilíneachta agam dó. Agus admhaím go raibh mé scanraithe ar fad go ndéanfainn praiseach de mo shaol, go dtarraingeoinn gach cineál seantithe anuas orm, go gcaillfinn mo jab…”
”Cén fáth?”
”Bhuel, go bunúsach níl sé ceadaithe ceiliúr a chur ar chailín mar sin nuair atá tú ag obair. Agus thairis sin tá a leithéid de rud ann agus gnéaschiapadh…”
”Muise, shíl tú go rachainn ar lorg na nGardaí le gnéaschiapadh a chur i do leith”, ar sise, agus phléasc an gáire ar an mbeirt acu. Sháigh Caitríona méara a ciotóige i measc ghruaig an fhir, agus í ag súgradh leis na ruainní aonair. ”Níl a fhios agat chomh sásta, chomh buíoch beannachtach atá mé go raibh de chroí ionat labhairt liom mar sin!”

Chiúnaigh an comhrá eatarthu go ceann tamaill. ”An bhfuil ocras ort?” a d’fhiafraigh an fear i ndeireadh na dála. ”D’fhéadfainn bia éigin a ghléasadh. Nó a chur sa mhicreathonnán, ar a laghad.”

”Bhuel, shásódh ceapaire mé”, a d’fhreagair sise. ”Ach b’fhearr liom tú a choinneáil faoi aon bhlaincéad liom go ceann tamaill eile.”

D’fhan siad ina dtost ar feadh cúpla nóiméad, agus iad ag pógadh a chéile go ciúin cáiréiseach.

”Ó, Dia dár réiteach”, ar sise, ”tá drúis orm arís. Tá mé do do shantú, a Shéamuis, a stór.”

Bhí tuirse ar an bhfear i ndiaidh an bhabhta dheireanaigh, agus mar sin, chrom sé ar í a shásamh lena lámha agus lena bhéal. Ina dhiaidh sin féin, ba leasc le Caitríona é a scaoileadh saor le go bhféadfadh sé bia éigin a réiteach dóibh.
Níor chaith Caitríona an lá ar fad in árasán an fhir, áfach. Nuair a bhí an tráthnóna ag claonadh chun deiridh, ghlac sí cithfholcadh, chuir sí na héadaí ar ais uirthi féin agus d’fhág sí slán agus beannacht ag Séamus. Ní raibh stad an luastram i bhfad ar shiúl, agus nuair a fuair sí radharc ar mhapa na dtramanna, bhí a fhios aici ar an toirt cén tram a thógfadh sí le teacht chomh cóngarach dá háit féin agus ab fhéidir.

I ndiaidh di dul isteach ar an tram chuala sí glór mná ag glaoch uirthi ina hainm. Nuair a d’iompaigh sí i dtreo an ghutha, chonaic sí roimpi Lasairfhíona, cailín eile de chuspaí Éamainn. Mar a thuig Caitríona, bhí Lasairfhíona i bhfad ní b’fhiaine i gcúrsaí craicinn ná ise, ach pé scéal é, cailín cineálta caidreamhach cuideachtúil a bhí inti, agus tríd is tríd bhí Caitríona breá sásta dreas comhrá a dhéanamh léi.
Chaith na mná óga an bealach abhaile ag cardáil an tsaoil ó neamh go hÁrainn. Bhain siad an oiread suilt as comhluadar a chéile is gur chinn siad ar leanúint leis an gcomhrá in árasán Chaitríona, os cionn cupán tae agus brioscaí.
Ag ól tae dóibh tharraing na cailíní chucu an t-ábhar cainte nár thrácht siad mórán air roimhe seo, is é sin, na cúrsaí leathair. D’aithin Lasairfhíona go raibh Caitríona cineál ar bís, gur theastaigh uaithi rún éigin a scaoileadh, rún a raibh baint aige leis na gnóthaí áirithe seo.
”A Chaitríona, feicim go bhfuil scéal le hinsint agat, nach bhfuil?”
”Bhuel tá. Caithfidh mé a admháil gur fhág mé slán ag mo mhaighdeanas i rith na seachtaine seo caite.”
”Ó maigh-ó”, arsa Lasairfhíona de scréach. ”Bhí a fhios agam go raibh tú cineál cotúil, ach ní chreidfinn go mbeifeá i seilbh do mhaighdeanais i gcónaí. An bhfuil tú i ngrá, nó rud éigin den tsaghas sin?”
Ní raibh a fhios ag Lasairfhíona go raibh Caitríona díreach tar éis oíche a chaitheamh le leannán, agus de réir dealraimh ní raibh sé á thaibhsiú di ach an oiread. Maith go leor, ní bhainfeadh sí an tsreang den mhála sin.

”Bhuel”, ar sise, ”tháinig an Garda seo ag cur forráin orm sa tsráid as a stuaim féin. Thaitin sé liom, agus d’iarr sé orm teacht ar cheolchoirm in éineacht leis. Bhí oíche mhaith ceoil agus cuideachta againn, agus ina dhiaidh sin, bhuel, bhí oíche leathair againn, agus, bhuel, le fiche focal a chur in aon fhocal amháin níl léamh ná scríobh ná insint bhéil ar chomh deas a bhí sé.”
”Garda!” arsa Lasairfhíona. ”Ar thit tú i ngrá le Garda?”
”Níl mé cinnte. Fear iontach taitneamhach a bhí ann ar gach bealach. Suim aige sa cheol Ghaelach, sa snagcheol agus san fharraige. Agus le fírinne ní raibh caill ar a chuid matán ach an oiread”, a dúirt Caitríona, agus í ag bobáil súile.
”An bhfuil sibh ag siúl amach anois? Is é sin, an bhfuil sé socair agaibh le chéile go bhfuil sibh i gcumann grá?”
”Níl go fóill”, a d’admhaigh Caitríona. ”Bhí an-oíche againn gan trácht a dhéanamh ar an eadra ná ar an neartlá”…A thiarcais, b’ionann sin agus a rá gurbh í an oíche aréir a bhí ann! Bhuel, ní raibh neart aici air, bhí an mordadh déanta anois. ”Ach le fírinne ní raibh muid ag caint faoi leanúint an chumainn.”
Ansin, d’iompaigh Lasairfhíona a radharc go seachantach i dtreo an bhalla, agus í ina tost ag déanamh a marana ar rud éigin. Sa deireadh, labhair sí suas arís.
”Bhuel, a Chaitríona, ó dúirt tú nár chaill tú do mhaighdeanas ach anois, rith rud liom ba mhaith liom a fhiafraí díot, ach anois, is dócha go bhfuil tú ródhoirte do do Gharda le suim nó suiméad a chur ina leithéid.”
”Cad é atá i gceist agat?” arsa Caitríona go fiosrúil.
”Bhuel, is amhlaidh go bhfuil mise agus cairde liom ag cóiriú cóisir bheag chraicinn an deireadh seachtaine seo chugainn”, arsa Lasairfhíona.
Tháinig luisne i gCaitríona. ”Cóisir chraicinn? An éard atá i gceist ná…?”
”Bhuel is é an smaoineamh atá againn go mbeidh muid lomnocht ar fad nó ag caitheamh sórt toga, agus go mbeidh muid ag bualadh craicinn inár mbeirteanna nó inár dtriúir, nó i ngrúpaí is mó ná sin, de réir mar a theastóidh uainn.”
”Cá mhéad duine a bheidh ann?”
”Beirt fhear agus triúr ban…dá dtiocfása, bheifeá ar an gceathrú bean.”
”Mar sin chaithfinn páirt a ghlacadh i gcomhriachtain leispiach?”
”Is dócha go gcaithfeá. Ar mhí-ámharaí an tsaoil ní bhíonn sé furasta teacht ar fhir chiallmhara le haghaidh scléip chraicinn den chineál seo. An chuid is mó acu bheidís ag maíomh as a ngaisce craicinn, ach nuair a thiocfadh an crú ar an tairne bheidís ar na stárthaí le teann meisce agus ní bheadh maith ar bith acu le haghaidh collaíochta. An ea nach mbainfeá triail as an gcomhriachtain leispiach ar aon nós? An rud é a chuirfeadh samhnas ort?”
”Ní mar sin a déarfainn”, a d’fhreagair Caitríona go cotúil cúramach. ”Caithfidh mé a admháil go bhfuil mé chomh glas ar na cúrsaí seo is nach bhfuil a fhios agam na rudaí is maith liom ná na rudaí a chuirfeadh samhnas orm. An bhfuil aithne agam ar aon duine eile acu siúd a bheidh ann?”
”Bhuel tá aithne agat ar Eithne de Róiste, nach bhfuil?”
”Eithne de Róiste, an bhanaltra? Tá, ar ndóigh…an mbeidh sise ann? A leithéidse?”
”Beidh.”
”Ní shamhlóinn a leithéid léi ar aon nós!”
”Cén fáth?”
”Bhuel, tá sí chomh máithriúil. Chomh deas, tá a fhios agat.”
”Ó maigh-ó”, arsa Lasairfhíona de phuth. ”Caithfidh tú a lán a fhoghlaim faoi chúrsaí craicinn fós, a Chaitríona. Síleann tú i gcónaí gur rud é cóisir chraicinn nach rithfeadh ach le daoine brocacha bradacha brúidiúla. Ach, cogar i leith anois, is neach collaí gach duine, agus is beag baint atá ag do shaol collaí leis an iompar a bhíonn fút taobh amuigh den leaba. Tá a fhios agat nach dtógaimse drugaí, mar shampla, agus ní fheicfeá ar meisce mé ach an chorruair.”
”Is fíor duit an méid sin”, a d’fhreagair Caitríona go smaointiúil.
”Bhuel, an dtiocfá ansin?”
”Níl mé cinnte”, arsa Caitríona, ach san am sin féin mhothaigh sí an ragús mínáireach ag teacht uirthi arís, ag sleamhnú isteach ar na barraicíní boga mar a bheadh cat ann. Cat mara, b’fhéidir.
”Abair liom anois, an gcuirfeadh an taobh leispiach den scéal ruaigeadh ort as an áit?”
Féach chomh mífhoighneach is a bhí Lasairfhíona! Cheapfá gurbh ise, thar aon bhean eile, a bhí ag dréim le hoíche craicinn le Caitríona! ”Nach ndúirt mé leat nach raibh mé cinnte? Ach is dócha nach mbeadh mórán drogall orm roimh Eithne, ar a laghad. Is é sin, bheadh muinín agam aisti nach gcuirfeadh sí d’fhiachaibh orm a dhath a dhéanamh nach dtaitneodh liom.”
”Sin é é”, arsa Lasairfhíona, ”bheadh muinín agat aisti, agus an ceart agat ar fad. Cailín deas lách í nach ndéarfadh le haon duine gur cham a ghaosán. Agus is é éirim an scéil seo go dtagann Eithne ar chóisir den chineál sin le grá a thabhairt uaithi agus le glacadh le grá ó dhaoine eile, díreach mar a shamhlófá le bean chomh máithriúil sin.” Rinne Lasairfhíona tost beag. ”Ar ndóigh nílim ag iarraidh brú ar bith a chur ort. Más maith leat é tar chuig an gcóisir agus beidh fearadh mór fáilte romhat, agus más fearr leat cloí le do Gharda, tá sé ceart go leor freisin. Beidh mé i dteagmháil leat…Cad é an seoladh ríomhphoist atá agat?”
D’inis Caitríona di é, agus bhreac Lasairfhíona síos an seoladh ar lipéad páipéir a chuir sí i dtaisce ina mála láimhe. Ansin, thug sí croí isteach do Chaitríona, phóg sí ar na leicne í agus d’fhág sí slán. D’fhan bean an tí go ceann i bhfad ag breathnú ar an doras a ndeachaigh a cuairteoir amach air.
Muise, ní raibh seoladh ríomhphoist ná uimhir ghutháin Shéamuis aici. Bhuel ar ndóigh bhí ballaíocht tuairime aici ar an áit a raibh cónaí ar mo dhuine, ach ní raibh sí ábalta cuimhneamh ar ainm na sráide féin. B’fhéidir go mbeadh a uimhir ghutháin ar an eolaire fóin, ar a laghad. Bheadh, cinnte, ach b’fhollasach go mbeadh an t-ainm agus an sloinne céanna ar sheachtar fear fichead eile sa chathair mhór seo. B’fhéidir, fiú, nárbh eisean an t-aon Gharda amháin darbh ainm Séamus de Búrca.

Fear chomh macánta a bhí ann. Fear chomh deas. Bhí taitneamh agus teasghrá tugtha aici dó, rud doshéanta a bhí ann. Ach ní raibh sí cinnte a thuilleadh, an bhfaigheadh sí óna croí a rá go raibh sí i ngrá leis. Agus cad faoi Shéamus féin? Ní raibh a fhios aici conas a d’fhéadfadh sí dul i dteagmháil leis. B’fhéidir nár theastaigh uaidhsean riamh ach aon oíche amháin a chaitheamh léise. Nárbh é sin nós an lae inniu? Sult a bhaint as colainn an duine eile, agus a chead ag an duine eile sin an sult céanna a bhaint asatsa. Agus sin an méid. Ní raibh ciall ná réasún leis an bhfocal mór sin ”grá” i saol ár linne, an raibh?
Bhí an chóisir chraicinn ag cur cathuithe ar Chaitríona, muise. D’fhéadfadh sí triail a bhaint as a lán rudaí a bhíodh ar a hintinn i rith na mblianta agus í ag tabhairt faoiseamh na láimhe di féin. Dar Crom, nár mhéanar di! Ach san am chéanna, ní raibh sí ábalta dearmad a dhéanamh de Shéamas. An raibh seisean i ngrá léi? Má bhí, ní fhéadfadh sí dul ar an gcóisir. Agus le fírinne bhí a fhios aici cheana féin go raibh an fear sin in ann an ceol ba bhinne ar an saol seo a bhaint as a colainn-se. Dá roghnódh sí sult gearrshaolach na cóisire thar chuideachta sheasta an fhir iontaigh sin, an ngnóthódh sí a dhath ar an iomlaoid? B’fhéidir nach ngnóthódh. Ní bheadh an fear sásta í a ghlacadh ar ais tar éis d’fhir eile a n-úsáid féin a bhaint aisti.
Ach, ón taobh eile de, ní raibh sí cinnte cé acu a bhí sí ag cronú an fhir féin nó an aoibhnis chollaí uaithi. Le teacht ar Shéamus arís chaithfeadh sí dul ar a lorg, an luastram a thógáil go dtí an stad i gcóngar don áit a raibh cónaí ar an bhfear agus camchuairt an cheantair a thabhairt, féachaint an aithneodh sí an bloc ceart árasán. Le fírinne cé gurbh é an lá céanna i gcónaí é, ní raibh ach mearchuimhne fágtha aici ar an áit, agus ba chosúil go raibh an bloc sin báite i measc tithíochta eile den chineál chéanna.
Ar chóir di dearmad a dhéanamh den dá rud - Séamus agus an chóisir chollaí - araon le dul ar lorg craicinn ó dhuine éigin eile ar fad? Pé scéal é bhí aoibhneas collaí de dhíth go géar uirthi. Bhí sí ar bharr lasrach ó bhearradh go diúra ó d’adhain an dealbhóir an tine bheo inti. Ón taobh eile de, má bhí Eithne ag teacht go dtí an chóisir, bheadh sé chomh maith aici féin dul ansin. Níorbh fhéidir le Caitríona a rá go raibh mórán marana déanta aici riamh ar an gcollaíocht leispiach, ach nuair a smaoinigh sí ar Eithne, ar an gcineál mná a bhí inti siúd. Tháinig sí ar an gconclúid nach dtiocfadh samhnas ná múisc ar bith uirthi dá gcuirfeadh Eithne a lámha timpeall uirthi le hí a phógadh agus a chuimilt. Cailín a bhí inti ar chás léi do chás, cailín a chaithfeadh na hoícheanta fada chois leapa agat dá mbeifeá tinn. Ba dual d’Eithne bheith buartha fút agus faoi do leas, ba dual di aire a thabhairt duit, agus sin é an tuige a raibh sí ina banaltra fosta. Cén fáth a gcuirfeadh Caitríona suas dá leithéid de bhean, de thadhall séimh a lámh is a méar? Ar ndóigh ní raibh sí cinnte an mbeadh sí sásta baill ghiniúna Eithne a lí. Ní fhéadfá a rá go raibh déistin uirthi roimh an smaoineamh, ach bhí sí cineál míchompordach faoi. Ón taobh eile de bhí sórt leathdhrogall uirthi roimh na fir a thiocfadh chuig an gcóisir, roimh cholainneacha na bhfear sin. Ba chuimhin léi an eagla a bhí uirthi roimh lomcholainn fir ar bith sula bhfuair sí blas ceart ar an mbod, buíochas le hÉamann agus le Séamus.

Chaith Caitríona a raibh fágtha den deireadh seachtaine idir dhá thine Bhealtaine. Nuair a sheiceáil sí a ríomhphost Dé Domhnaigh, chonaic sí go raibh sí tar éis litir fhada a fháil ó Lasairfhíona. Mar a taibhsíodh di, bhí treoracha ann le láthair na cóisire collaí a bhaint amach. Teach príobháideach a bhí ann - ”Fáras an tSuaimhnis” a bhí ar an áit, greannmhar go leor. Bhí a fhios ag Caitríona an tsráid a raibh an teach - comharsanacht dheas a bhí ann, agus garranta móra méithe timpeall ar gach teach, garranta a bhí ag eascairt leo go tiubh anois, de réir mar a bhí an tEarrach ag aibiú.
Bhí rialacha ann freisin: ní cheadófaí tobac, toitíní draíochta ná drugaí eile ar aon nós. Maidir leis an mbiotáille, bheadh deoch amháin ann don té a d’iarrfadh é i dtús na cóisire lena chúthaileacht a chosc, ach ansin chuirfí an buidéal faoi ghlas. Chaithfeá luach do chuid coiscíní a íoc, is é sin, deich n-euro, ach d’fhéadfá d’fhiacha a ghlanadh i ndiaidh na n-imeachtaí: ní bheadh maor ar bith ann leis an bpraghas a ghearradh díot ag an doras. Bhí cead agat dul timpeall i do chraiceann dearg ó thús báire, ach mar sin féin ba ghnách braillín nó toga a bheith ort le linn na réamhimeartha.
Bhí roinnt rialacha eile ann fós, agus tríd is tríd is é an dóigh a ndeachaigh an doiciméad i bhfeidhm ar Chaitríona gur daoine cearta ciallmhara a scríobh é. Daoine cosúil le Lasairfhíona nó le hEithne - le fírinne chuala sí, ina hintinn féin, a nguth siúd taobh thiar den iomlán. Ní raibh gá le neirbhís ná le heagla. D’fhéadfadh sí triail a bhaint as seo.

Níor tháinig scéal, duan ná duainicín ó Shéamus i rith na seachtaine. Chaitheadh Caitríona spléachadh fiosrach i dtreo gach patról nó patrólcharr de chuid na nGardaí a thagadh in aon chóngar di, le súil is go mbeadh Séamus ann. Ní raibh. Scéal eile ar fad go raibh an chuid ba mhó de na Gardaí eile breá sásta go raibh a leithéid de bhean óg álainn ghalánta ag cur suime iontu, agus dá mbeadh a fhios acu cad é ba chúis lena fiosracht ina dtaobh, is dócha gurbh iomaí fear acu a thairgfeadh gnó Shéamuis a dhéanamh di faoi chroí mhór mhaith.
D’airigh Caitríona an fear go mór mór uaithi, ach san am chéanna bhí sí cineál feargach leis nach ndéanfadh sé iarracht ar bith dul i dteagmháil léi. Ach ón taobh eile de ní raibh a hainm féin as an ngnáth go díreach, ach oiread le hainm an fhir. Is iomaí bean a bheadh ar comhainm is ar comhshloinne léi sa chathair seo.

Níor tháinig tásc ná tuairisc ó Shéamus i rith na seachtaine, agus nuair a thosaigh uair na cinniúna ag druidim isteach i ndáiríre, rug lámha creathnaitheacha Chaitríona ar an nguthán siúil le glaoch ar Eithne.

”Ó, conas atá tú, a Chaitríona? An bhfuil tú ag teacht?” Bhí a fhios ag Eithne ó Lasairfhíona go raibh Caitríona tar éis leathgheallúint a thabhairt go mbeadh sí ann.
”Bhuel tá agus níl”, arsa Caitríona, agus faobhar neirbhíseach ar a guth. ”Is é sin, tá an-fhonn orm, agus an-náire orm san am chéanna.”
”Ná bac leis, a stór”, arsa Eithne go séimh. ”Ní chaithfidh tú rud ar bith a dhéanamh a chuirfidh samhnas ort. Más amhlaidh is fearr leat ní bheidh tú ach ag baint lán do shúl as na himeachtaí. Tuigfidh gach duine do chás.”
”Ceart go leor”, arsa Caitríona, ”ach tá rud eile ann fós. Casadh fear iontach deas orm an deireadh seachtaine seo caite, agus chaith mé oíche leis. Anois ní féidir liom dearmad a dhéanamh de, cé nach ndearna sé iarracht ar bith dul i dteagmháil liom ó shin.”
”Bhuel”, arsa Eithne, ”tá a fhios agam roimh ré nach dtaitneoidh an méid seo leat, ach is é an tátal is réidhe a bhainfinn féin as an scéal sin ná nach bhfuil suim ná suiméad ag mo dhuine in aon leanúint. Caithfidh tú teacht chugat féin i ndiaidh na hoíche leathair sin, agus creid nó ná creid is dóigh liom gurb í an chóisir chraicinn is fearr a leigheasfaidh thú.”
”Is cosúil go bhfuil an ceart agat”, a d’fhreagair Caitríona, ”ach mar sin féin tá mé idir dhá chomhairle i gcónaí. Is é sin, mhothóinn nach mbeinn dílis dó siúd, dá mbeinn ag…bhuel, dá mbeinn ag bualadh craicinn le fear eile.”
”Cad é a déarfá le bean eile?” a d’fhiafraigh Eithne go dóchasach. Bhí sí ag iarraidh a bheith ar nós na réidhe, ach d’aithin Caitríona an fonn craicinn taobh thiar de na focail. Níor tháinig míshuaimhneas ná déistin ar bith uirthi, áfach, ó thaitin Eithne léi.
”Braitheann sé ar an mbean”, a d’fhreagair Caitríona. ”Níl mórán taithí agam ar na gnóthaí seo ar aon nós, agus níl a fhios agam dáiríre na rudaí is maith liom ná na rudaí is fuath liom.” Ní dheachaigh sé rite léi an fhírinne a rá le hEithne. ”B’fhéidir go mbainfinn triail as le bean a mbeadh muinín agam aisti.” Le hEithne? Cinnte, ach níor admhaigh sí gos ard é.
Ní raibh Eithne sásta le cur ó dhoras ná le seachantacht d’aon chineál, áfach. ”Liom féin?” ar sise, agus port cineál impíoch aici. Tháinig meangadh gáire ar Chaitríona ina hainneoin. Muise, dealraíonn sé go bhfuil fonn uirthi chugam!
”Bhuel leat féin mar shampla”, ar sise sa deireadh.

Bhain Caitríona amach an áit go gairid roimh an am socraithe. Bhí cúpla gluaisteán os comhair an tí cheana féin, agus mar a taibhsíodh di ó thús, bhí garraí deas ann ar chuir a radharc gliondar ar a croí. An duine a tháinig ag oscailt an dorais ina haraicis, fear a bhí ann agus é cúig bliana déag is fiche d’aois, mar a chonacthas di féin. Bhí cuma chineálta chairdiúil ar an bhfear, agus é ag caitheamh fallaing fholctha.

”Tusa Caitríona, is dócha”, ar seisean. ”Is mise Donncha Ó Súilleabháin. Fáilte isteach.”
”Go raibh maith agat”, a d’fhreagair Caitríona. ”An féidir liom suí síos in áit éigin?”
”Cuir díot anseo agus suigh ag an mbord sa pharlús”, arsa an fear. ”Tá na coiscíní sa bhabhla ar an mbord.”
Shín Caitríona bille deich n-eora chuige. ”Maidir leis na coiscíní, ba mhaith liom a bhfiacha a ghlanadh ar an toirt.”
”Ó, go raibh maith agat”, arsa Donncha, agus ghlac sé leis an mbille uaithi.
”An bhfuil fallaing nó braillín agat féin”, a d’fhiafraigh Donncha.
”Bhuel tá tuáille agam”, arsa Caitríona. ”Tuáille mór.”
”Ar fheabhas ar fad!” arsa Donncha. ”Tá mé cinnte go bhfuil sé oiriúnach. Fág do chuid éadaí anseo, agus cas ort an tuáille ansin.”
Bhí cotadh ar an mbean óg ar dtús na héadaí a chur di os comhair an fhir seo, ach ó bhí an fear ag labhairt léi go lách cineálta, d’imigh an chúthaileacht go sciobtha, agus níor thóg sé ach cúig nóiméad uirthi go raibh sí ina craiceann dearg.
”Cailín dathúil tú agus colainn chomair agat!” arsa Donncha. ”Cuir ort an tuáille anois. An bhfuil neirbhís ort?”
Le fírinne bhí an fear seo chomh cairdiúil caidreamhach ag caint is nach raibh neirbhís ar bith ar Chaitríona, ach ó nach raibh neirbhís ann, ní raibh mórán den teannas earótach fágtha ach an oiread. Thar aon rud eile bhí Caitríona fiosrach. Theastaigh uaithi a fheiceáil conas a rachadh an chóisir ar aghaidh, ach má theastaigh féin, níor mhothaigh sí í féin ar bharr lasrach le ragús, rud a d’fhág sórt díomá uirthi.
Shuigh Caitríona síos ag an mbord. Bhí babhla na gcoiscíní ann chomh maith le calóga prátaí, seacláid agus mionsolamar eile. Ní dhearna Donncha dearmad den chrúiscín tae, de na brioscaí ná de na cupáin ach an oiread. ”Nach bhfuil aon duine de na cuairteoirí ann go fóill?” arsa Caitríona leis.
”Tá Eithne ann”, a d’fhreagair an fear. ”Chuaigh sí suas an staighre le cith a ghlacadh.”
Agus leoga bhí Eithne ann. Nuair a chuala sí guth Chaitríona ag caint thíos an staighre, ní raibh moill ar bith uirthi teacht ina haraicis le fáilte a fhearadh roimpi. Bhí sí ag caitheamh fallaing fholctha a d’fhág cuid mhaith dá colainn ris, agus meangadh gáire ó chluais go cluais uirthi.
D’fháisc sí Caitríona chuici agus phóg sí sa dá leiceann í.
Thit an tuáille de Chaitríona sa teagmháil seo, agus chuir Eithne barr a teanga ar leathdhide léi sula raibh d’uain aici é a chasadh uirthi arís. ”A leithéid de chíocha deasa”, arsa Eithne de ghlór chreathnaitheach. ”Gabh mo leithscéal, an bhfuil cead agam…”
”Tá”, arsa Caitríona, nó níor chuir sé isteach ná amach uirthi.
”Nach ortsa atá an deifir, a Eithne”, arsa Donncha go greannmhar. ”Tá nóisean agat do Chaitríona, nach bhfuil?”
”Tá”, arsa Eithne. Bhí sí ag coinneáil a lámha timpeall ar Chaitríona. Shílfeá go raibh sí ag iarraidh seilbh a ghlacadh ar an gcailín eile.

Ansin bhain an cloigín dorais, agus gheit an triúr acu. Chuaigh Donncha ag oscailt an dorais do na cuairteoirí nua, agus lean Eithne léi ag féachaint le héirí ceart craicinn a chur ar Chaitríona. Thug sí póg i ndiaidh póige di, agus í ag tumadh leathláimhe isteach faoin tuáille le colainn an chailín eile a chuimilt. D’fhág Caitríona cead a méar ag Eithne, nó cé nach raibh ach beagáinín éirí uirthi, ba mhaith léi an teas a mhothaigh sí ón mbean eile. Bhí sí breá sásta go raibh aon duine eile - girseach dheas ar nós Eithne - chomh doirte sin di féin.

”Ó, an tusa atá anseo…Seo Aodán, a chailíní, agus an fear nua, an fear cúthail a raibh muid ag trácht air…Séamas atá ort, nach bhfuil? Agus ansin atá Lasairfhíona agus Nábla!”
Chualathas guth Lasairfhíona ón doras. ”Sea, tháinig mé mar a gheall mé. An bhfuil na cailíní eile ann cheana?”
”Tá. Tá Eithne agus Caitríona ann.”
Séamas? Bhuel, ainm é sin atá ar fhear as gach cúigear sa chathair seo. Níor oscail Caitríona súil, d’fhéach sí le sult a bhaint as lámha Eithne a bhí díreach ag scrúdú bhéal a faighine. Le fírinne, áfach, níor ghlac Caitríona ach trua leis an gcailín eile. Ba léir go raibh saint de chineál éigin ag Eithne bhocht inti, ach má bhí sí ag tabhairt faoiseamh láimhe do Chaitríona anois, ní raibh a dhath chomh miorúilteach sin faoi: bheadh sé chomh maith aici an faoiseamh sin a thabhairt di féin.
”CAITRÍONA!”
D’aithneodh Caitríona an guth sin taobh thiar de bhalla trom soiminte. Séamas a bhí ann, dáiríre!
Phreab Caitríona ina seasamh agus d’amharc sí roimpi. Agus creid é nó ná creid chonaic sí Séamus, Séamus s’aici féin, ansin ina steillbheatha os a comhair.
”Cad é a thug anseo thú?” ar seisean léi.
”Bhuel níor tháinig tásc ná tuairisc uait ar feadh na seachtaine, agus bhí mé ag dul as mo mheabhair le teann ragúis i ndiaidh na hoíche a bhí againn le chéile. Tú féin céard atá tú a dhéanamh anseo? Cén fáth nach ndeachaigh tú i dteangmháil liom?”
”Ní raibh do sheoladh agam, agus níor éirigh liom súil a fháil ort sa tsráid arís.”
”Ach tá tú anseo anois”, arsa Caitríona. Bhí sí ina craiceann dearg, agus an tuáille fágtha i lámha Eithne.
”Tá muis”, a d’fhreagair an fear, agus é ag breathnú go domhain i súile an chailín. Ní raibh mórán clúdach ar a cholainn féin, agus bhí an bod ag ardú a chinn go feiceálach ó scáth na braillíne.
”An bpógfá mé”, ar sise go gealgháireach.
”Phógfainn agus fáilte”, ar seisean, agus chuir sé beart lena bhriathar.
Níor thóg sé ach cúpla nóiméad orthu cromadh ar an gcomhriachtain ab fhiaine, ab fhíochmhaire dá bhfaca fraitheacha an tí seo riamh. Le fírinne, nuair a chonaic Donncha iad agus a raibh ar siúl acu, d’iompaigh sé a shúile uathu go dea-bhéasach, agus é ag labhairt os íseal leis an gcuid eile acu:
”Ní bheadh sé cuí ná óraice againn cur isteach orthu. Téimis suas an staighre.”
Ba leor nod don eolach. D’imigh an chuid eile acu ón bparlús gan mhoill - amach ó bhean amháin, Eithne. D’fhan sí tamall ag féachaint ar an lánúin ar an urlár ag bualadh craicinn beag beann ar an gcuid eile den ollchruinne, agus tháinig na deora léi.
”Tar anois, le do thoil”, a d’impigh Lasairfhíona uirthi go séimh, agus í ag breith ar leathlámh léi.
Lean Eithne í, ach má lean féin, ní dheachaigh aici a súile a thógáil de Chaitríona.
”Chomh deas dathúil léi”, ar sise, agus tocht ina glór.

(A CRÍOCH SIN)

March 12, 2011

Seanghnás Mhuintir Mhusgrave

The Musgrave Ritual, as “Eachtraí Sherlock Holmes”,
ar chuir Proinnsias Ó Brógáin Gaeilg uirthi, 1936

Ciarán Ó Duibhin a chuir an scéal seo ar fáil ar an Eadarlíon an chéad uair. Panu Petteri Höglund a chuir litriú an lae inniu i bhfeidhm air agus a chuir míniúcháin leis. hAthraíodh téarmaí áirithe.

This translation of Arthur Conan Doyle’s “The Musgrave Ritual” by Proinnsias Ó Brógáin was first made available on the Internet by Ciarán Ó Duibhin, in the old orthography. Modern orthography and explanations provided by Panu Petteri Höglund. Some terms were here modernized.

Is minic a rinne mé iontas de thréith bhig aistigh* a bhí i Sherlock Holmes. Bhí sé ar fhearaibh beachta an domhain de thairbhe smaointithe, agus bhíodh sé deismear** go leor, ina dhóigh fhéin, de thairbhe cóirithe; ach bhí sé comh hamscaí sin i nósa eile agus go gcuirfeadh sé i mbarr a chéille*** fear ar bith a bheadh ar lóistín ina chuideachta. Ní de mo nádúir**** féin bheith iontach ordúil, agus ní móide m’ordúlacht an tamall de shaol gharbh a chaith mé ins an Afganastáin. Mar sin de, bím níos réchúisí*****, ar a lán dóigh, ná mar is cóir do dhochtúir a bheith. Ach ní thugaim cead mo chinn domh****** féin glan, agus nuair a tchím******* fear a choinníos******** a chuid todóg i mbocsa an ghuail, agus a chuid tobaca********* i mbarr a chuid slipéirí, agus na litreacha nach dtug sé freagraí orthu greamaithe le scian phóca i gceartlár an adhmaid os cionn na tineadh**********, nuair a tchím a leithéid sin, bím ag déanamh gurb airí*********** air achasán nár thuill mé féin ariamh. Rud eile, fosta, bhí mé den tuairim ariamh gur amuigh faoin spéir an áit ag duine le cleachtadh piostal a scaoileadh; agus nuair a bheireadh Holmes leis a mhionphiostal agus bocsa céad pileár agus shuíodh sé ina chathaoir shómais, agus toiseacht a dhéanamh V.R. deas le poill urchar ar an bhalla os a choinne, ní thiocfadh liom gan a bheith aingí************ leis, nó d’fhágadh sé droch-chuma ar an tseomra gan trácht ar an drochbholadh a thógadh an toit.

* ) the adjective forms are those of feminine dative case, after de. In our present-day orthography, we don’t use the dative case anymore, so we would write de thréith bheag aisteach instead.
**) deismear (standard Irish, deismir) can mean “fine”, “pretty”, “neat”, “exemplary”. Note the word deismireán for “curio, souvenir”. In older Ulster literature, deismireacht is often used for “example”, because sampla has in Ulster Irish very often the sense “poor creature”.
***)duine a chur i mbarr a chéille = to drive a person crazy
****)nádúr is masculine in the standard language; the feminine form nádúir is Ulster dialect
*****)réchúiseach = easy-going, not very picky, indifferent in a positive sense
******)domh for d(h)om “to me” is another Ulster dialectal form. It is pronounced [du~h], i.e. a short nasalized “oo” followed by a h.
*******)tchím = feicim, I see. In Ulster, the feic- stem is only used after verbal particles (i.e. go bhfeicim, ní fheicim, nach bhfeicim)
********)choinníos: in Ulster and in Connacht, the present and future tenses take a special -s in direct relative clauses
*********)tobaca instead of tobac is another Ulster form. In some poems in extinct Ulster dialects, there is even the form tambac.
**********)Tine has in Ulster the forms tinidh (old dative, now practically nominative) and tineadh (genitive), which are audibly different: the nominative-dative tinidh ends in a short but clear [i] or “ee” sound, the genitive tineadh in a short but clear [u] or “oo” sound.
***********)airí is something one deserves, or one deserving something: Is maith an airí air é! It serves him right!
************)aingí = “malignant; peevish”

Bhí ár gcuid seomraí lán drugaí, agus nithe beaga eile a bhain le coireanna, acraí* beaga a chuirtí go minic in áiteacha nár cheart daofa** a bheith agus a gheibhthí*** arís i soitheach an ime, nó in áiteacha ba neamhfhóirstiní**** ná sin féin, b’fhéidir. Ach b’iad cuid páipéar Holmes ba mhó a bheireadh***** buaireamh domh. Ní ligfeadh a chroí dó páipéar ar bith a chur ar ceal******, go háirithe páipéir a rabh baint acu le seancháis ar chuidigh sé a réiteach. Ach, d’ainneoin an fuath sin a bheith aige ar a gcur ar ceal, ní bhfaigheadh sé uchtach a gcur i dtaisce******* fá eagar ach uair i gceann achan******** chúpla bliain, nó mar sin. Mar dúirt mé cheana féin, in áit éigin sa stair ghearr seo, nuair a bhíodh Holmes i gceann na ngníomhartha iontacha a d’fhág a ainm i mbéal an tsaoil, ní bhíodh tuirsiú le déanamh air, ach nuair a bhíodh an obair déanta aige bheireadh********* an-fhalsacht air. Luíodh sé ansin agus a veidhlín agus a chuid leabhar aige, agus chóir a bheith********** nach ndéanadh sé siúl ar bith ach eadar an tábla agus an sínteán. Bhíodh a chuid páipéar ag cruinniú mí ar mhí, mar sin, go dtí go mbíodh gach cúinne den tseomra lán beairtíní nach ligfeadh an eagla d’aon duine a gcur i dtaisce ach an fear ar leis iad.

*)Acra means “tool, instrument” in Ulster.
**)Dóibh.
***)Autonomous form of habitual past. D’fhaightí in the standard language. In Ulster, the faigh- forms would be used only after verbal particles: go bhfaightí, for instance.
****)Neamhfhóirstineach or neamhfhóirsteanach means “unsuitable”.
*****)Thugadh (used to give) in the standard language. In Ulster, this is used only after verbal particles (ní thugadh, nach dtugadh etc.).
******)Rud a chur ar ceal means usually “to abolish”, but here obviously “to discard, to scrap, to throw away, to get rid of”.
*******)A gcur i dtaisce = iad a chur i dtaisce. This usage of the possessive adjective is typical of Ulster Irish.
********)Achan = gach aon. Compare ‘chaon = gach aon, ‘chuile = gach uile in Connacht.
*********)This bheireadh is the past habitual form of the verb beir/breith ar… = to seize, to catch. In the standard language, it would be rugadh, but in Ulster, the rug- stem is only used in the sense “to give birth” and, of course, most often in the punctual past autonomous form rugadh = “was born”. Note the difference between rugadh é “he was born”, but beireadh air “he was caught”.
**********)Chóir a bheith means “almost”.

Oíche amháin gheimhridh agus sinn inár suí ag an tinidh, dar liom féin go bhfeicfinn goidé mar* ghlacfadh sé é, dá molainn an dá uair a bhí fágtha againn a chur isteach** ag cur ár seomra bhig fá eagar éigin a d’fhuígfeadh*** cuma ní b’fhiúntaí air. Ní thiocfadh leis a shéanadh go rabh sin de dhíth air, ach bhí strabhas mhíshásta go leor air ag imeacht go dtína sheomra leapa. Ní rabh sé i bhfad ar shiúl**** go dtáinig***** sé ar ais agus bocsa****** mór stáin leis dhá tharraingt ina dhiaidh. D’fhág sé an bocsa i lár an urláir, agus shuigh sé síos ar stól bheag ag a thaobh agus thóg sé an clár de. Thiocfadh liom a fheiceáil go rabh sé trian******* lán de bheairtíní páipéar ann cheana féin, agus gach beairtín acu ceangailte le píosa de shreangán dhearg.

*)goidé = cad é,“what” (other dialects would simply have céard or cad); goidé mar = cad é mar means “how” in Ulster, as in Cad é mar atá tú? Note that it is followed by a direct relative clause. So is conas “how”, which is mostly Munster Irish; but cén chaoi “how” takes indirect relative clause. Goidé mar atá tú? = cad é mar atá tú? = conas atá tú? = cén chaoi a bhfuil tú?
**)cur isteach “to put in” means also “to spend (time)”.
***)The verb fág/fágáil (or dialectally fág/fagáilt, fág/fágaint) “to leave” has in Ulster the irregular future/conditional stem fuíg-: Fuígfidh mé an baile seo, nó tá sé dúghránna, as we sing in the song - “I’ll leave this place, for it is absolutely awful.” In the standard language, we would use the regular stem: fágfaidh mé an baile seo; eagar éigin a d’fhágfadh cuma ní b’fhiúntaí air.
****)Ar shiúl means “away, gone, disappeared”. Ar siúl (without lenition) means “going on, happening, in progress”. The difference in lenition is not always rigorously observed, because the two expressions are current in different dialects (for ar siúl, Ulster prefers ar cois or ar obair, and for ar shiúl, southern dialects simply use imithe).
*****)go dtáinig, ní tháinig, nach dtáinig are quite widespread in dialects, but standard language prefers gur tháinig, níor tháinig, nár tháinig.
******)bocsa is preferred in Ulster, but standard Irish has bosca.
*******)trian = third part, so the box was not half full (leathlán), but “third-part-full” (trianlán). Note, by the way, the irregular eclipsis in the expression dhá dtrian “two thirds”.

“Tá cáis go leor anseo, a Watson,” ar seisean, do mo bhreathnú go rógánta*. “Tá eagla orm, dá mbíodh** a fhios agat leath a bhfuil sa bhocsa seo****, gur ag iarraidh orm cuid acu a bhaint amach a bheifeá in áit tuilleadh a chur isteach.”

*) roguishly
**) This is the subjunctive past, used after “if”, mura “unless”, and sula “before” in subordinate clauses when the main clause has the conditional mood. The subjunctive past has the same forms as the habitual past, roughly speaking the forms of the conditional mood without the -f- or the long -ó-. The subjunctive past is a living form even in those Ulster dialects where the past habitual has been ousted by the conditional mood. The standard though prefers to cling to the habitual past, but allows to use the conditional mood instead of the subjunctive past.
***) leath a bhfuil sa bhocsa seo = half of all the things that are in this box. A special kind of clause that takes the verb forms of the indirect relative clause used in the sense “all that”, “all who”. You can encounter this “all-encompassing relative clause” even in a context where you would reasonably expect a direct relative clause. Another way to put the idea would be leath na rudaí go léir atá sa bhocsa seo.

“Creidim gurb iad sin na cuntaisí* ar an chéad chuid de do chuid oibre, mar sin?” arsa mise. “Is minic a smaointigh** mé gur mhaith liom nótaí a bheith agam ar na cáis sin.”

*) plural of cuntas, which can mean “account” in the sense of “description”, too. In Ulster, there is even the verb cuntais, verbal noun cuntas, meaning “to count”. It is quite common to see, for example, chuntais sé a chuid airgid in Ulster literature, but personally, I would rather prefer not to use it in the -ann present tense.
**) smaoinigh in the standard language. In Ulster, though, the real pronunciation is more like smaoitigh (in a similar way, muintir sounds like muítir in Ulster).

“Is iad, a mhic. Thoisigh* mé cineál luath ar chuid acu seo, sula dtáinig** staraí ar bith le bheith do mo mholadh,” ar seisean, agus é dhá dtógáil amach, beairtín i ndiaidh beairtín, go cúramach. “Níor éirigh siad uilig liom, a Watson,” ar seisean, “ach tá cuid acu a bhfuil ceisteanna beaga deasa iontu. Seo cuntas ar na dúnmharuithe úd Tarleton***; agus cás Vamberry, an ceannaí fíona; agus eachtra na seanmhná as an Rúis; agus cuntas ar an cheist ait sin fán chroisín alúmanaim. Tá cuntas iomlán, fosta, ar Ricoletti na coise maide agus ar a rógaire mná. Ach fan - ’sea, tá sé agam! Seo rud nach dochar a rádh go bhfuil sé cinéal beag recherché.”

*) In Ulster, toisigh/toiseacht, in Mayo, toisigh/toisiú, in Kerry, tosnaigh/tosnú, and in the standard language, tosaigh/tosú, of course.
**) sular tháinig in the standard language
***) This could also be ar dhúnmharuithe úd Tarleton. Tarleton, as a proper noun, is inherently definite. Thus, when it is genitive in function and qualifies another noun, that other noun can only take a definite article if it is followed by sin, seo or úd (note that in the Munster dialect, sin and seo can have the variants san and so, in Connacht úd can have the variant údan, and in Ulster, udaí or adaí). Even then, the article is optional. Thus, ar na dúnmharuithe úd/sin/seo Tarleton, ar dhúnmharuithe úd/sin/seo Tarleton and ar dhúnmharuithe Tarleton would all be correct.

Chuir sé a lámh síos go dtí tóin an bhocsa agus thóg sé aníos bocsa beag adhmaid a rabh clár sleamhnaithe air, cosúil leis an chineál bocsaí a bíos* ag páistí le bréagáin a choinneáil iontu. D’fhoscail sé é agus tharraing sé amach píosa de pháipéar a bhí cruptha, casta, agus sean-eochair práis, cipín adhmaid a rabh ceirtlín de shreangán air, agus trí sheanphláta bheaga miotail.

*) “which usually is” - standard Irish has simply a bhíonn, and a bhíonns, a bhíos is more widespread in dialects. However, in Ulster the b- of bíonn “usually is” tends to resist the lenition after the direct relative particle a.

“Cogar, a mhic, goidé* do bharúil den chnuasach seo?” ar seisean, agus é ag gáirí** faoin dreach*** a bhí orm.

*) cad é…? = what (is)…?
**) ag gáirí often used instead of ag gáire in Ulster: “laughing”.
***) dreach = facial expression.

“Cnuasach ait atá ann.”

“Cnuasach ait, leoga*, ach tchífidh** tú gur aite ná sin an scéal atá ag baint leis.”

*) Leoga means more or less the same as muise in the other dialects.
**) = feicfidh, will see

“Tá stair ag baint leis na nithe seo?”

“Tá, oiread agus go bhfuil siad féin ina stair.”

“Goidé an dóigh* a dtiocfadh le sin a bheith amhlaidh?”

*) cad é an dóigh, i.e. in what way, how…?

Thóg Holmes na nithe ceann ar cheann*, agus d’fhág sé síos ar imeall an tábla iad. Shuigh sé féin ar a chathaoir ansin agus d’amharc sé treasna** orm agus aoibh shásta air.

*) one after another
**) = trasna

“Seo a bhfuil* fágtha agam,” ar seisean, “le seanghnás Mhuintir Mhusgrave a choinneáil beo in mo chuimhne.”

*) a bhfuil means here “all that is”

Chuala mé trácht aige ar an cheist* níos mó ná uair amháin, ach níor éirigh liom ariamh** a fháil amach goidé a tharla.

*) “I heard him mention the question…” - the notion is something like “I heard him have mention upon the question”. The verb trácht/trácht “to mention” regularly takes the preposition ar, on, upon. Note that other dialects would say ar an gceist.
**) This way to pronounce riamh “ever” is quite widespread in dialects, not just in Ulster.

“Bhéinn iontach buíoch duit,” arsa mise, “dá n-inseofá domh* fá dtaobh de.”

*) [duh], the Ulster pronunciation of dom “to me”. In other dialects, it is probably more common to pronounce it dhom, i.e. [γom].

“Agus an bhfuígfimid* an seomra mar atá sé?” ar seisean go rógánta. “Is beag a bheir** ort neamhiontas a dhéanamh den ordúlacht, i ndiaidh an iomláin, a Watson. Ach ba mhaith liom thú an scéal seo a chur leis an chnuasach atá agat, nó tá pointí ann nach bhfaighfeá a macasamhail i gcoireolas*** na tíre seo ná aon tíre eile. Níorbh iomlán, ar chor ar bith, cuntas mo chuid gníomhartha gan trácht éigin a bheith ann ar an ghnoithe**** éagoitianta seo.”

*) Of course, this should be an bhfágfaimid in the official version. In Ulster (and probably not just in Ulster), the usually regular verb fág!/fágáil “to leave” exhibits the irregular stem fuíg- in future and conditional.

**) a thugann. In Ulster, bheir is, confusingly enough, used both as the present of tabhair!/tabhairt “to give, to bring” and as the punctual past of beir!/breith “to catch, to seize”. In fact, when used in the first sense, it can take the regular present ending -ann, bheireann, although this is seldom written and probably perceived to be dialect in the “bad” sense (i.e. boorish, uncultivated), while bheir is perceived to be dialect in the “good” sense (i.e. historically more correct than the much-vilified standard Irish). Anyway, even in Ulster, bheir for “gives” is only used as the “independent” form. The dependent forms are even in Ulster based on the tug- stem: ní thugann, nach dtugann, go dtugann etc.

***) compound word of coir = crime and eolas = knowledge. What is meant, is “criminal history”.

****) gnoithe is the Ulster form of gnó “business” (actually, even in Connemara the actual pronunciation is more like gnaith, which is the spelling preferred by Mícheál Ó Siadhail in his Learning Irish). Here used in the meaning “affair”.

“Is cuimhin leat an dóigh a dtug* ceist an “Gloria Scott,” agus an comhrádh a bhí agam leis an duine dona sin ar inis mé duit fá dtaobh de, is cuimhin leat, b’fhéidir, gurbh é sin an chéad rud ariamh a thug orm tógáil leis an cheird** a bhfuil mé ag tabhairt mo shaothair go huile daoithi*** anois. Tchí**** tú mé anois nuair atá eolas ar m’ainm i ngach aird den domhan, agus nuair atá an pobal mór agus oifigigh na tíre ar aon intinn gur mé an t-aon duine amháin ar fiú daofa***** cabhair a iarraidh air nuair atá siad i ngéibheann****** ag cás dofhuasclaithe. Go fiú an chéad uair a chuir tú aithne orm, nuair a bhí mé gnoitheach leis an cheist sin ar chuir tú síos uirthi faoin teideal, “Scéal Scarlóideach,” bhí mo sháith le déanamh agam ins an am sin, d’ainneoin nach rabh mé ag fáil mórán ar son******* mo shaothair. Ní chreidfeá, mar sin, comh deacair agus******** bhí sé domh mé féin mo bheatha a shaothrú, agus a fhad agus b’éigean domh fanacht sular éirigh liom lón ar bith a dhéanamh as.

*) = ar thug in the standard language. Note that although Ulster Irish uses the r-less verbal particles for the personal forms of the past tense (an dtug, go dtug, nach dtug, cha dtug, ní thug), the impersonal autonomous form usually takes the -r forms (ar tugadh, gur tugadh, nár tugadh, char tugadh, níor tugadh).

**) tógáil le… means “to take to something”: thug an scéal sin orm tógáil leis an cheird seo (or leis an gceird seo in dialects other than Ulster) = “that affair made me take to this trade/craft/occupation”.

***) daoithi is the Ulster form of di.

****) = feiceann

*****) = dóibh

******) Géibheann is frequently used in the sense of “captivity, bondage”, but in Ulster Irish literature, it is common just in the meaning “sore distress, dire need”.

*******)Ar son means “for” in the sense of “for the sake of (something worthy)”, but in Ulster, it is common in the more mundane sense of “in return for”, where more southern dialects would probably prefer as, as ucht. As is customary with compound prepositions, ar son requires (or governs, as we linguists say) the genitive case.

********) Comh deacair agus (comh being Ulster Irish for chomh) means “how difficult”. Other dialects might prefer a dheacra agus, or cé chomh deacair agus.

Nuair a tháinig mé go Londain den chéad uair, bhínn* ar lóistín i Montague Street, go díreach thart an chúinne ón Bhritish Museum. D’fhan mé ansin, agus ó bhíodh i bhfad ní ba mhó ama le spáráil agam ná ba mhaith liom, chuirinn isteach cuid de ag staidéaracht** na n-ealaíon a chuideochadh mo dhéanamh ní b’eolaí. Gheibhinn cás, cinnte, anois agus arís, an mhórchuid den am de thairbhe na mbuachaillí a bhí ina mic léinn in mo chuideachta, nó bhíodh cuid mhór cainte orm féin agus ar mo chuid dóigheanna, an dá bhliain dheireannacha a bhí mé ar an Ollscoil. Seanghnás Mhuintir Mhusgrave an tríú cás acu seo a fuair mé, agus ba í an tsuim a cuireadh sa cheist ait sin agus na pointí móra a bhí ag bun an chéad rud ariamh, a fhad agus tá a fhios agam, a chuir i láthair an phobail mé mar atá mé anois.

*) “I used to be” (past habitual tense)

**) today, we would probably say staidéar: ag staidéar na n-ealaíon “studying arts”.

“Bhí Reginald Musgrave sa choláiste chéadna liom, agus bhí mé féin agus é féin rud beag mór le chéile*. Ní rabh cion mór airsean ag na mic léinn eile**, d’ainneoin go bhfacthas domhsa i gcónaí nach rabh sa rud a bhíodh siadsan a chur síos do bhród ach an iarraidh a bheireadh sé*** ar an fhaitíos a bhí sa dúchas aige**** a cheilt. Bhí cuma iontach uasal air le hamharc air. Bhí sé tanaí; bhí gaosán cromógach air agus súile móra aige; agus d’ainneoin go rabh sé cineál fuarbhéasach*****, bhí sé múinte. Leoga, tháinig sé de dhream comh céimiúil agus atá sa tír, d’ainneoin gur threibh iad a scoith ar shiúl ó shliocht Musgrave an Tuaiscirt, am éigin roimh an seisiú haois déag, agus a bhain faofa****** i Sussex Thiar. Tá teach Hurlstone ansin go fóill, an teach, b’fhéidir, is aosta sa tír dá bhfuil cónaí iontu anois. D’fhág an áit inar rugadh é séala éigin ar an fhear, agus níl am dá bhfeicinn féin a aghaidh thanaí ghéar, nó an dóigh a mbíodh a cheann in airde aige, nach smaointínn ar áirsí liatha agus ar fhuinneoga agus barraí orthu, agus ar gach seanrud eile dá mbaineadh le daingin na mórthiarnaí fadó. Thoisímís a chomhrádh anois agus arís, agus is cuimhin liom gur thrácht sé níos mó ná uair amháin ar an tsuim a bhí aige in mo mhodh oibre-se.

*) “a little friendly with each other”
**) “he had little love for the other students”. Cion means love, affection.
***) this would be “an iarraidh a thugadh sé” in the standard language: the attempt he used to made (in Irish, he used to give - to make an attempt is in Irish iarraidh a thabhairt, iarracht a thabhairt).
****) “the fright/shyness that was in his inherited nature”, i.e. the fact that he was shy or easily frightened by character. The whole context reads: “…that it seemed to me [go bhfacthas domhsa] that the thing/what they [= the other students] put down to pride/haughtiness [bród - note that “put down to” in this sense is fine Irish too, “cuir síos do”] was only the attempt he used to make to conceal his natural shyness.”
*****) fuar “cold” + béasa “ways (of behaviour)”, i.e. “cold in his ways”.
******) fúthu

Ach bhí mé ar feadh cheithre mblian, agus ní fhaca mé aon amharc air nó go dtáinig* sé isteach, maidin amháin, chun mo sheomra i Montague Street. Ní rabh mórán athruithe air. Bhí sé cóirithe mar a bhéadh buachaill óg a mbéadh taca ar a chúl - duine galánta a bhí ann i gcónaí - agus bhí an dóigh shéimh shuaimhneach chéadna leis a mbíodh achan duine ag caint air nuair a bhímís inár mic léinn le chéile.

*) “gur tháinig”, in the standard language

“”Goidé mar a chuaigh an saol leatsa*, a Musgrave”, arsa mise, agus sinn i ndiaidh lámh a chroitheadh go carthanach.

*) One of the senses of “chuaigh liom” is the same as “d’éirigh liom”.

“”Creidim gur chuala tú fá bhás m’athara bhoicht,” ar seisean. “Tá sé ar shlua na marbh*) le dhá bhliain. Tá dúiche Hurlstone ar mo chúram-sa ó shin, tá a fhios agat; agus ó tá mé in mo theachta don cheantar**) mar an gcéadna, tá mo sháith***) i gceart le déanamh agam; ach cluinim, a Holmes, go bhfuil tusa ag baint dea-úsáide as na buaidheanna****) sin a gcuirtheá iontas orainn uilig leo sa tseanam*****).”

*) dead, “ar shlí na fírinne”, “i gcuideachta na cuideachta”
**) i.e. he is the member of parliament who represents the constituency
***) mo dhóthain
****) dialectal plural of bua[idh] in the sense of “talent”
*****) “with which you used to amaze us in the old days”

“”Tá,” arsa mise, “tá mé ag baint mo ghléas beatha*) as mo chuid glicis.”

*) livelihood, also “slí bheatha”

“”Is maith liom sin a chluinstin, nó rachaidh do chomhairle go mór ar sochar domhsa fá láthair. Tá rudaí iontacha ag titim amach le tamall ag Hurlstone, agus níl na síothmhaoir* ábalta míniú ar bith a thabhairt orthu. Tá sé ar** ghnoithe comh hiontach agus comh dothuigthe agus a chonaic mé ariamh.”

*) síothmhaor = policeman, “peace officer”. Síoth, síth is an old word for “peace”, now usually only used in the somewhat archaic expression ag costadh na síthe (guarding/keeping the peace - a more modern way to say it is ag coimeád na síochána).
**) This is the “ar” of relative position. Compare: Tá sé ar an duine is bómánta amuigh = “He is the stupidest person there is”. Tá sé ar duine chomh macánta is a chonaic tú riamh. “He is as sincere a person as you have ever seen”. The whole sentence means “It is as wonderful and as incomprehensible a business as I have ever seen”, i.e. “the most wonderful and most incomprehensible business I have ever seen”. It could also be possible to say “Tá sé ar an ghnoithe” - or in the standard language, “ar an ngnó” - “is iontaí agus is dothuigthe agus a chonaic mé ariamh” - or “riamh”, with the standard orthography.

“Bíodh geall, a Watson, gur éist mise go haireach leis, nó dar liom féin go rabh an seans a rabh mé ag guí ar a shon ar feadh na míonn uilig a bhí mé in mo thost, dar liom féin go rabh sé agam anois. Bhí mé cinnte in mo chroí go n-éireochadh liom féin, an áit ar chaill daoine eile*, agus gheobhainn caoi** anois mo chuid cumais a chruthú.

*) “…that I would succeed where others had failed”
**) = deis, seans, áiméar, i.e. opportunity, possibility, chance

“”Inis domh le do thoil goidé mar atá,” arsa mise.

“”Shuigh Reginald Musgrave síos os mo choinne agus dhearg sé toitín a chuir mé anonn chuige.

“”Caithfidh mé a inse duit,” ar seisean, “gidh gur baitsiléir mé, go bhfuil cuid mhór seirbhíseach agam ag Hurlstone, nó seanáit streachlánach* atá ann, agus ní furas** an aire cheart a thabhairt dó. Tá éanlaith seilge agam, fosta, agus nuair a bhíos na coiligh feá*** i séasúr bíonn daoine ar cuireadh**** agam, agus ní dhéanfadh sé cúis a bheith ar an ghannchuid cuidithe*****. Tá ocht gcailíní aimsire agam uilig, le cois an chócaire, an bhuitléara, dhá dhoirseoir, agus timire gasúir******. Tá seirbhísigh eile ann, tá fhios agat, le obair an gharraidh agus na stáblaí a dhéanamh.

*) straggling
**) furasta
***) coileach feá means “pheasant”. However, today’s dictionaries prefer piasún.
****) ar cuireadh is here the combination of ar “on” and cuireadh “invitation”. When “ar” conveys the sense of state rather than concrete position, it does not lenite the following naked noun. Compare ar tarraingt “in traction”, ar cuairt “visiting”.
*****) “it would be no idea to be wanting help”, i.e. he needs lots of servants.
******) timire means basically “errand-boy”, “person who does all kinds of work about the house”. Here the genitive of gasúr is added to emphasize that the word here really means an errand-boy.

“”Is é Brunton, an buitléir, an fear de na seirbhísigh seo is faide atá againn. Oide óg scoile gan scoil a bhí ann nuair a rinne m’athair a fhostó* ar tús, ach fear iontach fuinní, intleachtach a bhí ann, agus ní rabh i bhfad go rabh sé comh feidhmiúil** sin nach rabh déanamh againn gan é***. Bhí méid mhaith ann****, agus bhí sé dóighiúil agus éadan breá air; agus d’ainneoin go bhfuil sé againn le fiche bliain, ní thig leis a bheith os cionn dá fhichead bliain go fóill. D’fhear a fuair oiliúint mar a fuair seisean agus a bhfuil na buaidheanna aige atá - nó tá sé in ann a lán teangthacha a labhairt agus is beag gléas ceoil nach dtig leis seinm air - is iontach go mbéadh sé sásta an fad sin leis an phosta***** atá aige. Ach creidim go rabh am sócúil aige agus gur thrioblóideach leis áit eile a chuartú******. Níl aon duine dá dtéann go Hurlstone nach gcoinníonn cuimhne ar an bhuitléir.

*) = nuair a rinne m’athair é a fhostú, when my father employed him. You could as well say nuair a d’fhostaigh m’athair é
**) necessary, needed
***) we couldn’t do without him (I think though that it is more common to say nach raibh déanamh againn ina uireasa)
****) he was quite a big man
*****) posta is the dialectal form of post, i.e. a job.
******) Ulster: cuartaigh/cuartú, standard: cuardaigh/cuardach

“”Ach tá locht amháin ar an rídhuine seo*. Tá sé rud beag ar dhóigh Don Juan,** agus tuigfidh tú féin nach deacair dó bheith mar sin i gceantar suaimhneach tíre.

*) this great man
**) “in the way/manner of Don Juan”, somewhat similar to Don Juan

“”Bhí achan rud go breá a fhad agus bhí sé pósta; ach ó fágadh ina bhaintreach é, tá ár gcroithe briste aige. Bhíomar ag súil tá* cúpla mí ó shin go rabh sé ag brath socrú síos arís, nó thug sé féin agus an dara cailín aimsire, Rachel Howells, thug siad lámh agus focal dá chéile**, ach thug sé suas ise ó shin agus d’éirigh sé mór le Janet Tregellis, nighean an phríomh-airígh. Cailín iontach maith Rachel, acht tá meon sochorraithe mhuintir na Breataine Bige aici, agus tháinig feacht d’fhiabhras tréan inchinne uirthi. Ó d’éirigh sí as sin tá sí ag dul thart fríd an teach - nó bhíodh go dtí inné - agus gan inti ach scáile le taobh mar a bhíodh sí. B’é sin an chéad dráma beag dar tharla ag Hurlstone; ach tharla rud eile ó shin a thug orainn dearmad a dhéanamh ar sin, agus sula dtáinig sin féin, bhí Brunton curtha chun an bhealaigh mhóir as gníomh mínáireach.

*) this superfluous could as well be omitted; in Ulster however, it is part of the dialect to add it before a world of temporal meaning which is followed by ó shin.
**) i.e. they got engaged

“”Seo mar thuit amach. Dúirt mé cheana féin gur fear intleachtach a bhí ann, agus is í an intleacht chéadna seo a chuir chun drabhláis é; nó de réir chosúlachta, rinne sí iontach fiosraitheach é fá rudaí nach rabh ag baint dó. Níl fhios agam cá fhad a rachadh sé leis an fhiosraitheacht seo, ach a b’é rud beag a tharla de thaisme agus a chuir ar an eolas mé.

“Dúirt mé cheana féin go bhfuil an teach ina theach mhór streachlánach. Oíche amháin an tseachtain seo thart - oíche Dhéardaoin, dá n-abrainn i gceart é - mhothaigh mé nach dtiocfadh liom codladh. Bhí mé amaideach go leor le cupa láidir café noir a ól i ndiaidh mo dhinnéara. Rinne mé mo dhícheall ag iarraidh tuitim thart, ach ní rabh maith ann, agus i dtrátha a dó, ar maidin, d’éirigh mé agus las mé coinneal ag brath giota eile de úrscéal a rabh mé ar obair air a léamh. Ach fágadh an leabhar thíos i seomra na mbilliard, agus ní rabh ní b’fhearr le déanamh agam ná mo chlóca a chur orm agus a dhul síos fána choinne.

“”Le dhul go dtí seomra na mbilliard bhí orm a dhul síos an staighre, agus ansin trasna cheann an phasáiste a bhí ag dul go dtí an leabharlann agus seomra na ngunnaí. Abair go rabh iontas orm, mar sin, nuair a d’amharc mé síos agus chonaic mé solas fríd dhoras fhoscailte na leabharlainne. Bhí an lampa curtha as agam féin agus an doras druidte agam sula ndeachaigh mé a luí. Ní nach ionadh, b’é an chéad rud a spreag mé gur lucht gadaíochta a bhí ann. Tá ballaí na bpasáistí i Hurlstone chóir a bheith uilig cumhdaithe le seanairm chuimhneachán. Thug mé liom tua de cheann acu agus d’fhág mé uaim an choinneal. Le sin théaltaigh mé síos ar bharra mo ladhara go dtí an pasáiste agus d’amharc mé isteach ar an doras.

“”Cé do bharúil a bhí sa leabharlainn ach Brunton? Bhí sé ina shuí ansin i gcathaoir shómais agus a chuid éadaigh go huile air. Bhí píosa de pháipéar a bhí cosúil le léarscáil ar a ghlúin aige, agus a cheann leagtha ar a bhois agus cuma air go rabh sé ag machnamh go domhain. Níor fágadh focal ionam leis an iontas. Sheas mé ansin sa dorchadas agus mo dhá shúil sáite ann. Bhí coinneal bheag ar imeall an tábla a rabh marbhsholas beag uirthi, agus ba ar an tsolas sin a chonaic mé go rabh a chuid éadaigh uilig air. Le sin féin, le linn mé a bheith ag coimheád d’éirigh sé den chathaoir agus chuaigh sé trasna go dtí prios a bhí ag taobh an bhalla, agus bhain sé an glas de agus tharraing sé amach ceann de na drárthaí. Bhain sé páipéar as an drár seo agus ansin chuaigh sé ar ais arís go dtí an chathaoir. Spréigh sé an páipéar amach ag taobh na coinnle ar imeall an tábla, agus thoisigh sé dhá bhreathnú go dian. Tháinig fearg comh mór sin orm nuair a chonaic mé na páipéir a bhain le gnoithe an teaghlaigh dá scrúdú ar a leithéid de dhóigh go dtug mé coiscéim chun tosaigh. Le sin thóg Brunton a cheann agus chonaic sé mé in mo sheasamh sa doras. Thug sé léim ina sheasamh agus tháinig dreach liath air leis an eagla, agus sáith sé síos ina bhrollach an páipéar cosúil le léarscáil a bhí dá scrúdú aige an chéad uair a chonaic mé é.

“”"Tchím!” arsa mise. “Agus seo an dóigh a bhfuil tusa ag brath an mhuintir a rabh muinín acu asat a íoc ar ais! Fuígfidh tú an teach seo amárach.”

“”D’umhlaigh sé ar nós fir nach rabh in ann focal a labhairt, agus chuaigh sé amach tharam gan oiread agus a bhéal a fhoscladh. Bhí an choinneal ar an tábla go fóill, agus chuaigh mé suas go dtí an solas go bhfeicinn goidé bhí sa pháipéar a thug Brunton as an drár. Bhí iontas orm ar tús, ach bhí a dhá oiread iontais orm nuair a chonaic mé nach dadaidh tábhachtach a bhí ann, ar chor ar bith, ach cóip de cheisteanna agus d’fhreagraí a bhaineas le seanchleachtadh ait a dtugtar Seanghnás Mhuintir Mhusgrave air. Cineál d’fhoirmle atá ann nach bhfuil ag aon duine ach ár mbunadhne; agus leis na céadta bliain, b’éigean do gach duine den teaghlach an gnás a chomhlíonadh comh luath géar agus a tháinig siad in aois. Ní rud é a gcuirfeadh aon duine suim ann ach sinn féin, amach ó go mb’fhéidir go sílfeadh seanscéalaí é bheith cineál iontach, cosúil le mar a chuireas siad suim inár gcuid cultacha airm agus ár gcuid staire - ach ní rabh gnaithe ar bith tairbheach ar an tsaol leis.”

“”Is fearr dúinn ligint don pháipeár go fóill beag,” arsa mise.

“”Ligfidh, cinnte, má mheasann tú gur gádh é,” ar seisean. “Ach fan go gcluinidh tú. Chuir mé an glas ar an phrios arís leis an eochair a d’fhág Brunton ina dhiaidh, agus d’iompaigh mé thart le himeacht ach goidé a tchím ach Brunton féin ina sheasamh os mo choinne arís.”

“”"A Mhr. Musgrave,” ar seisean, agus bhí tocht air, ar mhéad agus bhí sé corraithe, “ní thig liom náire a sheasamh, a dhuine uasail. Bhí mé níos bródúla ariamh ná is dual d’fhear de mo chéim beatha agus bhéarfadh an náire mo bhás. Beidh mo bhás ort, a dhuine uasail - beidh, leoga - má chuireann tú chun éadóchais mé. Muna dtig leat mo choinneáil i ndiaidh ar thuit amach, de gheall ar Dhia lig domh fógra a thabhairt duit go bhfuil mé ag imeacht i gceann míosa, ionann agus gur ar mo lóntaí féin é. Thiocfadh liom sin a sheasamh, a Mhr. Musgrave, ach ní bhfaighinn thairis go deó dá gcaití amach mé os coinne gach duine dá bhfuil seanaithne agam orthu.”

“”"Ní airí ort mórán truaighe, a Bhrunton,” arsa mise. “Rinne tú gníomh fealltach bradach. Ach, ó tá tú a fhad sa teach agus tá tú, ní mian liom do náire a thabhairt i láthair an phobail. Ach tá mí rófhada. Imigh leat i gceann seachtaine agus thig leat imeacht ar do rogha leithscéil.”

“”"Seachtain, a dhuine uasail! An é sin uilig?” ar seisean go héadóchasach. “Coicís - abair coicís, ar an chuid is lú.”

“”"Seachtain amháin,” arsa mise, “agus ba chóir go dtuigfeá gur mór an caomhnadh an fad sin féin a fháil.”

“”D’imigh sé leis agus a cheann crom aige, cosúil le fear a bheadh briste brúite ar fad. Le sin chuir mé as an solas agus chuaigh mé ar ais go dtí mo sheomra féin.

“”Ar feadh dhá lá ina dhiaidh seo choimhéad Brunton a ghnoithe go breá. Níor labhair mise ar dhadaidh dár thuit amach, ach b’fhada liom go bhfeicinn goidé mar shábhálfadh sé é féin ar an náire. Ach an tríú maidin ní tháinig sé, mar ba ghnách leis, i ndiaidh am bricfeasta le ordaíocha a fháil uaim le haghaidh an lae. Nuair a d’fhág mé an proinnseomra tharla gur casadh domh an cailín aimsire, Rachel Howells. Dúirt mé cheana féin nach bhfuil sí ach i ndiaidh tamall tinnis a chur thairstí, agus bhí dreach comh tláith mílítheach sin uirthi gur bhagair mé uirthi cionn is a bheith ag obair ar chor ar bith.

“”In do luí a ba chóir duit a bheith,” arsa mise. “Tar ar ais chuig do chuid oibre nuair a bheas tú níos láidre.”

“”D’amharc sí orm agus bhí féachaint comh hait sin ina cuid súl gur thoisigh mé a smaointiú go rabh an cailín ag dul as a meabhair.

“”Tá mé láidir go leor, a Mhr. Musgrave,” ar sise.

“”Tchífimíd goidé tuairim an dochtúra,” arsa mise. “Caithfidh tú ligint don obair
go fóill, agus nuair a rachaidh tú síos an staighre abair le Brunton gur mhaith liomsa labhairt leis.”

“”Tá Brunton ar shiúl,” ar sise.

“”Ar shiúl! Cá ndeachaidh sé?”

“”Tá sé ar shiúl. Ní fhaca aon duine é. Níl sé ina sheomra. Ó, tá, tá sé ar shiúl - tá sé ar shiúl!” Le sin thuit sí siar in éadan an bhalla agus achan scairt gháirí aici. Maidir liomsa, chuir an taod thobann seo an dubhuafás orm, agus d’imigh mé leis an chlog a bhualadh chun cuidiú a fháil. Tugadh an cailín go dtína seomra agus í ag scairtigh agus ag screadaigh léithi, agus ansin thoisigh mé a chur tuairisce fá Bhrunton. Ní rabh amhras ar bith ná go rabh sé imithe. Níor codlaíodh ina leabaidh; ní fhaca aonduine é ó chuaigh sé go dtína sheomra an oíche roimh ré; agus ina dhiaidh sin agus uile, bhí sé deacair déanamh amach goidé mar thiocfadh leis an teach a fhágáil, nó fuarthas na doirse agus na fuinneoga uilig druidte ar maidin. Bhí a chuid éadaigh, agus a uaireadóir, agus go fiú a chuid airgid, bhí an t-iomlán sa tseomra - Ach ní rabh an chulaith dhubh a bhíodh air de ghnáth le feiceáil. Ní rabh a chuid slipéirí le fáil ach oiread, ach bhí a chuid bróg ansin. Cá dtiocfadh le Brunton a dhul le linn na hoíche, mar sin, agus goidé thiocfadh a theacht air?

“”Ní nach ionadh, chuartaíomar an teach ó cheann go ceann, ach ní rabh sé le fáil in áit ar bith. Mar a dúirt mé cheana féin, streachlán mór de sheanteach atá ann, go háirithe an chéad chuid de a tógadh. Chóir a bheith nach bhfuil cónaí ar bith sa chuid sin anois, ach chuartaíomar gach seomra agus gach plochóg gan tásc ná tuairisc a fháil ar an fhear a bhí caillte. Ní thiocfadh liom féin tabhairt isteach go n-imeochadh sé agus a chuid earraí uilig a fhágáil ina dhiaidh; ach san am chéadna cá dtiocfadh leis a bheith? Chuir mé fá choinne na síothmhaor, ach ní rabh maith ann. Thuit fearthainn an oíche roimh ré, ach d’ainneoin gur scrúdaíomar an léana agus gach casán thart timpeall an tí, ní fhacamar dadaidh a chuirfeadh ar an eolas sinn. Sin anois mar a bhí an cás go dtí gur tharla rud éigin nua a thóg ár n-aire ar fad ón chéad diamhair.

“”Bhí Rachel Howells comh tinn sin ar feadh dhá lá, cuid den am ag rámhailligh agus cuid eile mar a bhéadh sí ag dul as a céill, go mb’éigean banaltra a fháil le suí aici i rith na hoíche. An tríú hoíche i ndiaidh Brunton imeacht bhí an bhanaltra ina suí aici arís; ach nuair a chonaic sí go rabh an t-othar i suan codlata, thuit sí féin ina codladh ina cathaoir shómais. Thuit, ach nuair a mhuscail sí go luath ar maidin fuair sí an leabaidh folamh agus an fhuinneog foscailte, agus ní rabh an t-othar le feiceáil i n-áit ar bith. Dúisíodh mise, agus d’imigh mé féin agus dhá dhoirseoir amach ar an bhomaite a chuartú an chailín chaillte. Ní rabh mórán moille orainn a fháil amach cén bealach a ndeachaidh sí, nó fuaireamar a cuid lorgnacha ó bhun na fuinneoige anonn treasna an léana go dtí bun an locháin. Chailleamar iad ansin, in aici leis an chasán ghraibheáil atá ag dul amach go dtí na páirceanna. Tá an lochán ocht dtroithe ar doimhne, agus tuigfidh tú féin an t-eagar ina rabhamar nuair a chonaiceamar gur stad lorgnacha an chailín bhoicht a bhí as a céill go díreach ag an bhruach.

“”Ní nach ionadh, fuaireamar gléas cuartaithe ar an bhomaite, agus thoisíomar a chuartú an choirp; ach b’é sin a rabh ar a shon againn. Ach muna bhfuaireamar an corp thugamar rud éigin eile aníos nach rabhamar ag dréim leis. Mála línéadaigh a bhí ann a rabh moll de mhiotal mheirgeach ann a rabh an dath caillte aige, agus cuid mhór píosaí cloch nó gloine a rabh dath dorcha orthu. B’é seo iomlán a dtáinig linn a fháil as an lochán, agus d’ainneoin gur chuartaíomar agus gur chuireamar tuairisc i ngach áit inné, ní thig linn eolas ar bith a fháil goidé d’éirigh do Rachel Howells nó do Richard Brunton. Tá síothmhaoir na contae i gcruachás mhór, agus anois nuair nach bhfuil níos mó a thig a dhéanamh tá mé ag cur na ceiste in do láthair-se.”

“Tuigfidh tú féin, a Watson, comh haireach agus a d’éist mé leis an chuntas ar na nithe aite seo, agus an dóigh ar fhéach mé lena gcur i n-alt a chéile, agus le theacht ar shnáithe éigin a bhéadh fite fríd an ghréasán uilig.

“Bhí an buitléir ar shiúl. Bhí an cailín aimsire ar shiúl. Bhí grádh ag an chailín ar an bhuitléir, ach fuair sí cúis ansin fuath a thabhairt dó. Bhí fuil the, thobann na Breataine Bige inti-se. Bhí sí corraithe go mór comh luath agus chuala sí go rabh sé imithe. Chaith sí mála a rabh roinnt de rudaí aite ann isteach sa lochán. Bhí sé riachtanach machnamh ar na poinntí seo uilig; agus ina dhiaidh sin agus uile, ní rabh aon cheann acu a bhéarfadh go dtí croí na ceiste mé i gceart. Goidé chuir tús ar an iomlán? B’é sin an diamhair a bhí le réiteach agam.

“”Caithfidh mé an páipéar sin a fheiceáil, a Mhusgrave,” arsa mise, “an páipéar sin a mheas do bhuitléir gurbh fhiú dó amharc a fháil air, go fiú dá gcailleadh sé a áit lena linn.”

“”Níl ann uilig ach amaidí mar sheanghnás,” ar seisean. Is í a aois a bhfuil de leithscéal leis ar chor ar bith. Tá cóip de na ceisteanna agus de na freagraí agam anseo, más mian leat dearcadh orthu.”

“Shín sé domh an páipeár céadna atá agam annseo, a Watson, agus seo é an cheastóireacht ait a mb’éigean do gach duine de mhuintir Mhusgrave a chur de nuair a tháinig sé go haois fir. Léifidh mé na ceisteanna agus na freagraí duit mar atá siad:

“”Cér leis é?

“”Leis an fhear a d’imigh.

“”Cé aige a mbeidh sé?

“Ag an fhear a thiocfas.

“”Goidé an mhí?

“”An seisiú mí ón chéad cheann.

“”Cá rabh an ghrian?

“”Ós cionn an chrainn darach.

“”Cá rabh a scáile?

“”Faoin chrann ailme.

“”Conas a céimníodh é?

“An deich is an deich ó thuaidh, an cúig is an cúig soir, an dó is an dó ó dheas, an haon is an haon siar, agus go díreach síos ó sin.

“”Goidé a bhéarfaimid ar a shon?

“Iomlán dá bhfuil againn.

“”Cad chuige a dtabhairfimis é?

“”Mar mhaithe leis an tairiseacht.”

“”Níl dáta ar bith ar an bhunscríbhinn, ach de réir an litrithe, scríobhadh i lár na seachtú haoise déag é,” arsa Musgrave. “Mar sin féin, tá eagla orm nach mórán cuidithe a thig leis a thabhairt dúinn leis an diamhair a réiteach.”

“”Ar chaoi ar bith,” arsa mise, “bheir sé diamhair eile dúinn, agus ceann atá i bhfad níos suimiúla ná an chéad cheann. B’fhéidir, dá bhfuighimis ceann acu a mhíniú ar tús, go réiteochadh sin an ceann eile. Ní bhéidh tú ina dhiaidh orm, a Mhusgrave, má abraim go bhfuil cuma ar do bhuitléir gur fear iontach intleachtach a bhí ann, agus go rabh tuigse ní b’fhearr aige ná a bhí ag aon duine de bhunadh do theaghlaigh le deich nglún anuas.”

“”Ní thuigim sin go rómhaith,” arsa Musgrave. “Ní fheicimse go bhfuil tairbhe ar bith sa pháipéar.”

“”Ach tchíthear domhsa go bhfuil, agus tairbhe mhór, agus creidim go bhfacthas an rud céadna do Bhrunton. Is dóiche go bhfaca seisean é roimh an oíche sin a tháinig tú air.”

“”Thiocfadh, leoga, go bhfaca, nó níor iarramar ariamh a choinneáil i bhfolach.”

“”Mheasfainn féin nach rabh de dhíth air an uair dheireannach seo ach dearcadh fríd arís. Más cuimhin liom i gceart, dúirt tú go rabh cineál de léarsgáil nó de chairt aige a bhí sé a chur i gcomórtas leis an scríbhinn, agus a sháith sé ina phóca nuair a tháinig tú air?”

“”Bhí, ach goidé an bhaint a thiocfadh a bheith aigesean leis an tseanghnás seo againne agus goidé an chiall atá leis an ráiméis seo?”

“”Ní dóigh liom go mbeadh moill mhór orainn sin a fháil amach,” arsa mise. “Má tá tú sásta, rachaimid leis an chéad traen eile go Sussex, agus rachaimid isteach níos doimhne sa cheist nuair a bheimid ansin.”

“Bhíomar araon ag Hurlstone an tráthnóna céadna sin. B’fhéidir go bhfaca tú pictiúirí den tsean-áras ainmneach, nó gur léigh tú tráchtais air. Ní abróchaidh mé fá dtaobh de, mar sin, ach go bhfuil sé ar dhéanamh “L”. Is é an sciathán fada an chuid is úire de. Níl sa sciathán ghairid ach an sean-teach ar cuireadh an chuid eile leis. Tá doras íseal, iontach daingean, i lár an sciatháin ghairid seo, agus tá an dáta 1607 gearrtha amach le síseál ós a chionn; ach deir na heolaithe go bhfuil na maidí mullaigh agus an obair chloiche i bhfad níos aosta ná sin. Tá ballaí an tseantí iontach leathan agus tá na fuinneoga as cuimse beag; agus stadadh de chónaí ann nuair a rinneadh an teach úr - ins an chéad seo a chuaigh thart. Mar sin de, ní rabh de ócáid leis an tseanchuid anois ach go rabh sé ina chineál de theach stóir. Leoga, an mhórchuid den am, ní bhíodh dadaidh ann ar chor ar bith. Bhí páirc bhreá thart fán teach agus neart de sheanchrainn bhreátha inti, agus bhí an lochán ar thrácht mo chara air, bhí sé ag taobh an chabhsa suas le dhá chéad slat ón áras.

“Bhí mé fíorchinnte, a Watson, nach trí diamhra fá leith a bhí anseo ar chor ar bith, ach aon diamhar amháin; agus dá dtigeadh liom an tuigbheáil cheart a bhaint as seanghnás mhuintir Mhusgrave, go mbéadh an t-eolas agam a chuideochadh liom a fháil amach go cinnte goidé d’éirigh do Bhrunton, agus, mar an gcéadna, goidé d’éirigh do Rachel Howells. Thug mé m’aire uilig don chuid sin den sgéal, mar sin. Cad chuige a mbéadh a leithéid de fhonn ar an bhuitléir an seandeilín seo a thuigbheáil? Ar an ábhar, do réir chosúlachta, go bhfaca sé
rud éigin ann a d’fhan ceilte ar na huaisle seo leis na céadta bliain, rud éigin a rabh sé ag dréim le tairbhe a bhaint as dó féin. Goidé bhí ann, mar sin, agus goidé an drochdheireadh a d’fhág sé air?

“Thuig mé an bomaite a léigh mé briathraí an tseanghnáis go gcaithfeadh an tomhas talaimh
a bheith ag baint le áit éigin a rabh trácht air sa chuid eile den pháipér; agus dar liom féin, dá mbíodh an áit seo againn, go mbéadh tús maith déanta againn le theacht ar an rún a d’fholaigh muintir Mhusgrave sa tseanghnás aisteach seo acu. Bhí dhá rud againn lenár dtreorú, an crann darach agus an crann ailme. Maidir leis an chrann darach ní rabh amhras ar bith fán cheann a bhí i gceist. Amach díreach os coinne an dorais, ar thaobh na láimhe clí den chabhsa, bhí bile ina sheasamh os cionn a rabh fá dtaobh de, crann comh breá le haon cheann dá bhfaca mé ariamh.

“”Sin an áit ar leagadh amach bhur seanghnás,” arsa mise, agus sinn ag tiomáint thairis.

“”Tá mé cinnte go mb’éigean don chrann sin a bheith ansin nuair a chuir na Normánaigh
an tír faoi smacht,” ar seisean. “Tá sé trí troithe agus fiche thart fána bhun.”

“Bhí pointe amháin agam anois a rabh mé cinnte de.

“”An bhfuil seanchrann ailme ar bith agaibh?” d’fhiafraigh mé.

“”Bhíodh seancheann iontach aosta thall ansin, ach tháinig splanc soilse air, tá deich mbliana ó shoin, agus ghearramar an bun.”

“”An féidir feiceáil cá mbíodh sé?”

“”Ó, is féidir.”

“”Níl crainn ailme ar bith eile?”

“”Crann agus gach teach fán áit.”

“Bhí ádh orm anseo nach rabh mé ag dréim leis. Bhí achan rud ag teacht liom dhá uair comh maith agus comh tapaidh agus shíl mé a b’fhéidir.

“”Cogar,” arsa mise, “ar chuir an buitléir ceist ar bith mar sin ort ariamh?”

“D’amharc Reginald Musgrave orm agus iontas air. “Dar fia! anois ó bheir tú in mo cheann é,” ar seisean, “is cuimhin liom gur chuir Brunton ceist orm roinnt míonna ó shoin fán airde a bhí sa chrann. Bhí cainnt éigin eadar é féin agus an t-eachlach fá dtaobh de.”

“Chuir sé an-áthas orm seo a chluinstin, a Watson, nó bhí fhios agam anois go rabh mé ar an bhealach cheart. Dhearc mé suas ar an ghréin. Bhí sí íseal sa spéir, agus cheap mé go mbéadh sí go díreach ós ceann bharrghéaga an chrainn darach i gceann uaire. Thiocfadh triail a bhaint ansin as rud amháin dá rabh trácht air sa tseanghnás. Agus b’éigean gurbh é an ceann a b’fhaide ar shiúl de scáile an chrainn ailme a bhí i gceist, nó munarbh é dhéanfaí tús scríbe de bhun an chrainn féin. Is é bhí le déanamh agam, mar sin, a fháil amach cá dtuitfeadh an ceann ab fhaide ar shiúl den scáile nuair a bhéadh an ghrian go díreach i ndiaidh dhul thar an chrann darach.”

“”Creidim go rabh sé deacair sin a dhéanamh, a Holmes, nuair nach rabh an crann féin ansin.”

“Bhal, bhí fhios agam dá dtiocfadh le Brunton a dhéanamh, go dtiocfadh liomsa a dhéanamh fosta. Ach sa chás sin de, ní rabh sé deacair ar chor ar bith. Chuaigh mé féin agus Musgrave isteach chun na leabharlainne agus chuir mé deis ar an chipín seo. Ansin cheangail mé an sreangán fada seo dó agus chuir mé snaidhm i gceann gach slat de. Nuair a bhí sin déanta agam fuair mé dhá alt de shlait iascaireachta a bhí go díreach sé troithe ar fad, agus chuaigh mé féin agus mo chara amach go dtí áit an chrainn ailme. Bhí an ghrian mar bhéadh sí ag baint le barr an chrann darach san am seo. Sháith mé an tslat sa talamh agus thomhais mé an scáile a bhí aici. Bhí sé naoi dtroithe ar fad.

“Nuair a bhí sin agam ní rabh moill an chuid eile a áireamh. Má fhágann slat shé dtroigh ar airde scáile naoi dtroigh ar an talamh, fuígfidh crann cheithre dtroigh agus thrí scór, fuígfidh sé scáile shé dtroigh déag agus ceithre scór, agus is in aon treo amháin a luífeas an dá scáile. Thomhais mé amach an fad a bhí de dhíth orm. Thug sin suas chóir a bheith go balla an tí mé, agus mharcáil mé an áit le cipín. Ach abair go rabh áthas orm, a Watson, nuair a chonaic mé poll beag cruinn sa talamh fá dhá orlach don áit ar sháith mé an cipín. Bhí fhios agam gurbh é Brunton a rinne an marc nuair a thomhais sé féin é, agus go rabh mé ar an bhealach cheart.

“Dheimhnigh mé treo na gceithre bpríomh-airde annsin domh féin le mo chompás beag, agus thoisigh mé a chéimniú ó áit an chipín. Thug deich gcéim le gach cois ar chomhlíne mé le balla an tí. Sháith mé chipín eile anseo. Thug mé cúig chéim dhúbailte go cúramach soir annsin, agus dá chéim dhúbailte ó dheas. Thug sin suas go dtí leac an tseandorais mé. Le dhá chéim a thabhairt siar anois chaithfinn a dhul síos pasáiste leacach, an áit ab éigean a bheith dhá luadh sa tseanghnás.

“D’amharc mé síos, a Watson, agus níor mhothaigh mé mé féin comh meallta ariamh agus a bhí mé an bomaite sin. An chéad rud ar smaointigh mé air go gcaithfeadh sé gur bhain seachrán éigin domh san áireamh. Bhí an ghrian a bhí ag dul a luí, bhí sí ag soilsiú díreach ar an phasáiste, agus thiocfadh liom a fheiceáil go rabh na seanleacacha liatha, agus iad leathchaite leis an tsiúl, go rabh siad uilig greamaithe dá chéile, agus nár bogadh aon cheann acu leis na saolta. Do réir chosúlachta, ní dhearna Brunton dada anseo. Bhuail mé ar an urlár ach b’ionann fuaim a bhain mé as achan pháirt de. Ní rabh oiread agus poll beag amháin nó scoilt le feiceáil. Ach go hádhúil, thug Musgrave, a bhí ag toiseacht a thuigbheáil anois goidé a bhí dá dhéanamh agam, agus a bhí comh corraithe agus a bhí mé féin, thug sé amach an scríbhinn agus thoisigh sé a dhul siar ar an tomhas arís.

“”Agus go díreach síos ó sin,” ar seisean, “rinne tú dearmad ar an chuid sin.”

“Ba é an rud a rabh mé ag smaointiú air gurbh ionann sin agus go gcaithfimís tochailt síos, ach chonaic mé anois ar an bhomaite nárbh amhlaidh a bhí. “Tá soiléar faoi seo, mar sin?” arsa mise.

“Tá, soiléar atá comh haosta leis an teach féin. Tá sé thíos annseo, fríd an doras seo.”

“Chuamar síos staighre cam cloch. Le sin dhearg mo chomrádaí lasán, agus las sé lóchrann mór a bhí ar bhairille a bhí sa chúinne. Bhí sé soiléir ar an bhomaite go rabhamar ins an áit cheart, agus go rabh daoine diomaoite dínn ansin ar na mallaibh.

“Áit stórais do adhmad a bhí san tsoilear, agus bhí na bloic a bhíodh, do réir chosúlachta, ina luighe ar an urlár, bhí siad suas leis na ballaí anois leis an lár báire a fhágáil réidhtighthe. Bhí leac mhór throm annseo, agus fáinne meirgeach iarainn ina lár, agus carabhat dlúith breac tréadaí ceangailte dó.

“”Dar fiadh!” arsa mo chara, “sin carabhat Bhrunton. Chonaic mé air é. D’aithneochainn in áit ar bith é. Goidé a bhí an rógaire a dhéanamh anseo?”

“Mhol mise cur fá choinne chúpla fear de na síothmhaoir le bheith i láthair, agus ansin d’fhéach mé leis an leac a thógáil leis an charabhat. Ach ní rabh ann ach go dtiocfadh liom a bogadh, agus b’éigean d’fhear de na constáblaí cuidiú liom sula dtáinig liom a cur ar thaobh amháin sa deireadh. Bhí poll
dubh dorcha craosach faoithe, agus d’amharcamar uilig síos. Le sin tháinig Musgrave chun tosaigh leis an lóchrann agus chuir sé síos sa pholl é.

“Chonaic mé ansin seomra beag a bhí suas le seacht dtroithe ar doimhne agus ceithre troithe gach bhealach eile. Bhí bocsa cearnógach adhmaid, a rabh prás ar a choirneáil, ar thaobh amháin de. Bhí an clár tógtha de, agus an tseaneochair ait seo sa ghlas. Bhí an taobh amuigh de uilig cumhdaithe le deannach, agus bhí an t-adhmad pollta ag an fhliuchlach agus ag na ciaróga agus bhí fungais ag fás ar an taobh istigh. Bhí an-iomad de bhoinn mhiotail - seanbhoinn a bhíodh in úsáid mar airgead, do réir chosúlachta - ina luí thall agus abhus ar thóin an bhocsa, ach ní rabh dadaidh eile ann ach sin.

“Ach ní ar an tseanbhocsa a bhí aird againn go díreach ins an am, nó bhí ár súile sáite againn sa rud a bhí ina luí cruptha ag a thaobh. Corp fir a bhí ann! Bhí culaith dhubh air, agus é ina shuí ar a ghlúine beaga agus a éadan leagtha ar imeall an bhocsa, agus sciathán ar gach taobh de aige. Tharraing an
suí a bhí air an fhuil uilig go dtína aghaidh, agus ní aithneochadh aonduine é leis an chuma a bhí air agus leis an dreach shuaithní a bhí ar a ghnúis, ach ba leor a mhéid, a éideadh, agus a chuid gruaige le taispeáint do mo charaid, nuair a thógamar aníos an corp, gurbh é an buitléir a bhí caillte é. Bhí sé marbh le roinnt laetha, ach ní rabh gortú nó brúghadh ar bith ar an cholainn a thaispeánfadh goidé mar a cuireadh deireadh leis. Nuair a thugamar a chorp as an tsoiléar fuaireamar ceist os ár gcoinne a bhí chóir a bheith comh deacair a réiteach leis an cheann a ndeachamar ina cheann ó thús.

“Inseochaidh mé an fhírinne, a Watson, bhí mé cineál meallta leis an dóigh ar éirigh mo chuid lorgaireachta liom go dtí seo. Bhí mé cinnte go mbéadh an t-iomlán liom nuair a gheobhainn an áit a rabh trácht air sa tseanghnás; ach bhí sin agam anois, agus bhí mé fhad agus bhí ariamh ó fhios a bheith agam goidé a bhí i bhfolach comh cúramach sin ag bunadh an teaghlaigh. B’fhíor go bhfuair mé amach goidé ba chinniúint do Bhrunton, ach bhí orm anois a fháil amach goidé mar a bheir an chinniúint sin air, agus goidé an lámh a bhí ins na gnoithí ag an chailín aimsire a d’imigh. Shuigh mé síos ar bhairille bheag sa chúinne agus mhachnaigh mé go cúramach ar an cheist go huile.

“Tá fhios agat mo dhóigh, a Watson, i gcás den tseort. Chuir mé i gcás go rabh mé féin in áit an bhuitléara, agus nuair a bhí mé sásta go rabh tuairim agam don intleacht a bhí ann d’fhéach mé le smaointeadh goidé a dhéanfainn féin, dá mbínn sa chás chéadna. Ní rabh deacracht ar bith anseo, na bhí sárintleacht ag Brunton, agus níor ghádh domh bheith ag smaointeadh go mb’fhéidir nach ndéanfadh sé siud nó seo comh cliste liom féin. Bhí fhios aige go rabh rud éigin luachmhar i bhfolach. Fuair sé amach an áit. Chonaic sé go rabh an leac a bhí os a cheann, go rabh sí róthrom ag fear ar bith le tógáil leis féin. Goidé dhéanfadh sé annsin? Ní thiocfadh leis cuidiú a fháil ó aon duine taobh amuigh, go fiú dá mbíodh duine éigin aige a dtiocfadh leis taobhadh leis, gan na boltaí a bhaint de na doirse, agus é féin a chur i gcontúirt duine éigin a fheiceáil. B’fhearr dó, dá dtigeadh leis, cúntóir a bheith aige taobh istigh den teach. Ach cé bhí sa teach a dtiocfadh leis a chuidiú a iarraidh? Bhíodh cion ag an chailín seo air. Is doiligh le fear a chreidbheáil go bhfuil grádh mná caillte go deo air, dá olcas dá rabh sé daoithe. Bhéarfadh seisean iarraidh a bheith laghach leis an chailín seo, Rachel Howells, agus mór a dhéanamh léithi arís, agus ansin d’iarrfadh sé uirthi cuidiú leis. Rachadh an bheirt aca go dtí an soiléar le chéile i ndiaidh na hoíche agus bhéadh an bheirt acu láidir go leor leis an leac a thógáil. Bhí mé ábalta an méid seo den ghnoithe a thuigbheáil comh maith agus dá mbínn ansin ag amharc orthu.

“Ach obair mhaslach ab éigean a bheith ann do bheirt, go háirithe ós bean a bhí i nduine acu, leac comh trom siúd a thógáil. Bhí síothmhaor urrúnta láidir as Sussex ag cuidiú liomsa dhá tógáil, agus ár sáith i gceart a bhí os ár gcoinne. Goidé dhéanfadh siad le cuidiú leo? An rud céadna, creidim, a dhéanfainn féin. D’éirigh mé agus scrúdaigh mé go cúramach na bloic a bhí ina luí thart fán urlár. Fuair mé an rud a rabh mé ag dréim leis chóir a bheith ar an bhomaite. Bhí píosa amháin thrí dtroigh ar fad, agus bhí ceann de leathnaithe, agus bhí cuid mhór píosaí eile a rabh na taobhanna leathnaithe acu mar a bhéadh siad ina luí faoi rud éigin a mbéadh an-mheáchan ann. De réir chosúlachta, ba é an rud a rinne siad na píosaí adhmaid a chur isteach faoin leic de réir mar a bhí siad dhá tógáil, go dtí go rabh sí tógtha ard go leor sa deireadh le duine a dhul fríd an pholl. Chuirfeadh siad píosa de mhaide trasna ó thaobh go taobh lena coinneáil suas; agus níorbh iontas ceann amháin den mhaide a bheith leathnaithe, nó bhéadh meáchan iomlán na cloiche dhá bhrúghadh síos ar imeall bhéal an phoill. Bhí mé ar an bhealach cheart go fóill sa méid seo.

“Ach, anois, goidé mar d’aithneochainn go fíor goidé an dráma a thárla sa tsoilear ar uair an mheán oíche? Bhí sé soiléir nach dtiocfadh ach le duine amháin aca dhul síos sa pholl, agus ba é Brunton an duine sin. Chaithfeadh an cailín fanacht ar uachtar. Bhain Brunton an glas den bhocsa ansin agus shín sé suas chuicise, creidim, a rabh ann. Sin mar b’éigean a bheith, nó ní rabh na rudaí ann - agus ansin - ’seadh, goidé tharla ansin?

“Goidé an fonn díoltais a bhí i gcroí na mná díomasaí Ceiltí seo? An bhfuair na cathuithe buaidh uirthi go tobann nuair a chonaic sí an fear a rinne éagóir uirthi - éagóir i bhfad níos mó, b’fhéidir, ná a bhí a fhios againne - faoina cumhacht? An de thaisme a shleamhnaigh an píosa adhmaid as faoi an leic, agus an de thaisme a thuit an leac síos agus a rinne sí príosúnach de Bhrunton sa pholl ina bhfuair sé bás? An rabh sise saor ó locht ach amháin gur cheil sí goidé d’éirigh dó? Nó an ise a thug buille go tobann do’n mhaide agus a thug ar an leic tuitim síos ina háit féin? Cibé mar bhí, chonacthas domh go dtiocfadh liom an bhean a fheiceáil agus greim báis aici ar an taisce go fóill ina rith suas go tógtha an staighre cam, agus screadach ghéibheannach Bhrunton dhá cluinstin aici mar a bhéadh sé sin i bhfad uaithi i gcéin.

“Seo é an rud ba chiontach leis an dreach mhílítheach a bhí uirthe, agus leis an dóigh a rabh sí fríd a chéile. Seo é an rud ba chionta leis an dóigh a rabh sí ag gáirí mar a bhéadh gealt ann ar maidin lá arna mhárach. Ach goidé bhí sa bhocsa? Agus goidé a rinne sí leis? Gan amhras, ní rud eile a bhí ann ach na píosaí seanmhiotail agus na méaróga a fuair mo chara sa loch. Chaith sí amach ansin iad an chéad uain a fuair sí, ar eagla go bhfuighthí amach goidé bhí déanta aici.

“Shuigh mé ansin gan bhogadh ar feadh fhichead bomaite ag machnamh liom. Bhí Musgrave ina sheasamh go fóill agus dreach iontach bán air. Bhí a lóchrann anonn agus anall ina láimh aige agus é ag coimheád leis síos sa pholl.

“”Seo cuid de na boinn airgid a bhíodh in úsáid in aimsir an Chéad Séarlas,” ar seisean, ag taispeáint cúpla ceann dá rabh fágtha sa bhocsa domh. “Bhíomar ceart, tchí tú, inár dtuairim fá dháta an tseanghnáis.”

“”Féadaimíd rud éigin eile a bhaineas leis an Chéad Séarlas a fháil, fosta,” arsa mise. Bhí mé i ndiaidh smaointeadh go tobann ar an chiall a d’fhéadfadh a bheith leis an chéad dá cheist den tseanghnás. “Taispeáin domh goidé tá sa mhála sin a fuair tú as an lochán.”

“Chuamar suas go dtí an leabharlann, agus spréigh sé an gramscar uilig amach os mo choinne. An chéad uair a d’amharc mé orthu níorbh iontach liom é a bheith ag déanamh gur bheag ab fhiú iad, na bhí an miotal chóir a bheith dubh, agus ní rabh luisne nó loinnir ins na clocha. Ach chuimil mé ceann acu do mo mhuinchille, agus shoilsigh sé sa deireadh mar a bhéadh dhrithleog ann i gcroí mo bhoise. Bhí an nasc miotail déanta i bhfoirm fáinne dhúbailte, ach bhí sé cam agus casta go rabh sé as a chrot féin ar fad.

“”Caithfidh tú cuimhneamh,” arsa mise, “go rabh dream an ríora láidir i Sasain go fiú i ndiaidh an ama ar cuireadh an Rí chun báis, agus creidim, nuair a theich siad sa deireadh, gur fhág siad a lán de nithe luachmhara a bhí acu i bhfolach ina ndiaidh, ar shéala a theacht ar ais fána gcoinne nuair a bhéadh an tír ní ba suaimhní.”

“”Fear mór de chuid Shéarlais a bhí in mo shinsear, Sir Ralph Musgrave,” arsa mo chara, “agus bhíodh sé leis an Dara Séarlas gach áit dá dtéadh sé.”

“”Tchím, leoga!” arsa mise. “Bhal, anois measaim féin gur chóir go dtabharfadh sin dúinn an pointe deireanach eolais atá de dhíth orainn. Má’s fríd thubaiste féin a tháinig tú uirthi, go mairidh tú an tseilbh seo. Is fiú rud maith í inti féin - ach is fiú i bhfad níos mó ná sin í de bharr na suime a chuirfear sa stair atá ag baint léithi.”

“”Agus goidé rud é?” ar seisean, agus iontas air.

“”Ní dadaidh níos lú ná seanchoróin ríthe Shasana.”

“”An choróin!”

“”‘Seadh. Cuimhnigh ar bhriathraí an tseanghnáis. Goidé seo iad? “Cér leis é?” “Leis an fhear a d’imigh.” Sin i ndiaidh an Rí Séarlas a chur chun báis, tá fhios agat. Ansin, “Cé aige a mbeidh sé?” “Ag an fhear a thiocfas.” B’é sin an Dara Séarlas. Bhítheas ag dréim* leisean cheana féin. Ní dóigh liom go bhfuil ceist ar bith ná go rabh an nasc brúite gan chrot seo fá cheann na Stiubhartach Ríoga uair éigin.”

*) expecting. The verb dréim!/dréim takes the preposition le and means both aspiring to something (Tá mé ag dréim le bheith i mo dhochtúir) and expecting someone or something (Tá na Seacaibítigh ag dréim leis an Stuartach).

“”Agus goidé mar tharla sa lochán é?”

“Á, sin ceist a mbainfidh sé tamall asam a freagar*.” Le sin thoisigh mé agus mhínigh mé** an t-iomlán mar a cheap mé agus mar a chruthaigh mé é in mo intinn féin. Bhí an oíche ann agus bhí an ghealach ag soilsiú go glan sa spéir sula rabh deireadh agam le mo scéal.

*) a is the feminine possessive pronoun; in a less dialectal way, í a fhreagairt. Note that we use the indirect relative, because the object is written out in the relative construction. Note the difference: Sin ceist a mbainfidh sé tamall asam a freagar or sin ceist a mbainfidh sé tamall asam í a fhreagairt. But we use the direct relative if there is no pronoun in the relative clause referring to the word ceist: sin ceist a bhainfidh/bhainfeas sé tamall asam a fhreagairt/fhreagar (Bhainfidh and fhreagairt are here the standard variants, bhainfeas and fhreagar the Ulster variant..
**) What is meant here, is: thoisigh mé a mhíniú, or in more standard Irish, thosaigh mé ag míniú, i.e. “I started to explain”. The expression thoisigh mé agus mhínigh mé is a stylistic finesse called hendiadys (in Irish, einniad), i.e. the use of coordinated words when one would expect subordinated ones.. However, it should be noted that the use of hendiadys with the verb toisigh/toiseacht might be somewhat typical of Ulster Irish. At least the expression ag toiseacht is ag inse - word for word “beginning and explaining”, although the sense is “beginning to explain” - is an established part of the dialect. (Note that in the standard language it would be ag tosú is ag insint.)

“”Agus goidé mar tharla*, mar sin, nach bhfuair Séarlas an choróin nuair a tháinig sé ar ais?” arsa Musgrave, ag cur an iarsma isteach sa mhála línéadaigh arís.

*) cad é mar a tharla, how was it that it happened?

“”Á, tá tú ar pointe anois a bhfuil eagla orm nach bhfuighimid* a réiteach go deo. Creidim féin go bhfuair an Musgrave a bhí i mbun an rúin, go bhfuair sé bás eadar** an dá am, agus nuair a d’fhág sé an teachtaireacht seo don fhear a tháinig ina dhiaidh go ndearna sé dearmad a mhíniú goidé*** ba chiall leis. Ón lá sin go dtí an lá inniu tháinig sé ó athair go mac go dtí go dtáinig**** sé, fá dheoidh, in eolas duine a bhain an rún as a fholach agus a chuir a shaol de dhíth air féin lena linn.”

*) nach bhfaighimid. The faigh- stem is in some dialects pronounced as if written fuí- and in some others as if written fá- or fagh-. As we see here, “pronunciation spellings” were common in old days.
**) idir
***) cad é
****) this is a common variant, but in the standard language it would be gur tháinig

“Sin anois agat, a Watson, scéal Sheanghnás Mhuintir Mhusgrave. Tá an choróin acu thíos ag Hurlstone - d’ainneoin go rabh ceist dlí ann a chuir costas mór orthu sula bhfuair siad cead a coinneáil*. Tá mé cinnte, dá dtráchtfá ar m’ainmse leo, nach mbeadh orthu ach lúcháir a taispeáint** duit. Maidir leis an chailín a d’imigh, níor cluineadh*** iomrádh uirthi**** ariamh ó shin. Is é mo thuairim féin gur fhág sí Sasain*****, agus go dtug sí léithi rún a coire go tír éigin thar sáile.”

*) a coinneáil is Ulster Irish for í a choinneáil. The feminine pronoun refers to an choróin, obviously a feminine.
**) = í a thaispeáint
***) = níor chualathas
****) Níor chualathas iomrá uirthi, as this is put less dialectally, means “nothing was heard of him”, “nobody heard her mentioned”. Iomrá, or dialectally iomrádh, means here more or less “mention”, and could be replaced with trácht. The use of iomrá[dh] in this sense is somewhat dialectal, I’d say. Outside Ulster, the word ha more the sense of reputation rather than just mention.
*****) Traditionally Sasain, in Ulster. The genitive case will take the article. na Sasana.

February 24, 2011

Foclóir Ciclipéideach na Gaeilge, an Chéad Iarracht

aigéad (an t-aigéad, an aigéid; na haigéid, na haigéid) - Is éard atá i gceist leis an aigéad ná substaint atá in ann bun (comhdhúil alcaileach) a neodrú. Is ionann sin is a rá go bhfuil an t-aigéad in ann ian hidrigine a thabhairt uaidh, ian a nglacfaidh an bun leis. De ghnáth, bíonn na haigéid in ann miotail a chreimeadh, nó cuireann an miotal ruaigeadh as an hidrigin i móilín an aigéid le dul ina háit. Is é is toradh don imoibriúchán seo ná salann, is é sin, comhdhúil idir ian deimhneach an mhiotail agus an t-ian diúltach (an t-ainian) a fhágfar de mhóilín an aigéid nuair a imeoidh an hidrigin.

Mar sin, is ocsaídeoirí iad na haigéid, ó tá siad in ann miotail a chlaochlú - a ocsaídiú - go hiain dheimhneacha. Ní hionann sin is a rá go mbeadh gach aigéad in ann gach miotal a ocsaídiú. Na miotail atá níos uaisle ná an hidrigin - is é sin, na miotail a bhfuil póitéinseal leictreach a n-ocsaídithe níos airde ná póitéinseal céanna na hidrigine - ní féidir leis an aigéad is láidre amuigh iad a chreimeadh. Scéal eile ar fad go bhfuil aigéid láidire áirithe ina n-ocsaídeoirí i mbreis ar a n-aigéadacht féin. Mar shampla, ní chreimeann an t-aigéad hidreaclórach HCl an t-airgead geal ar aon nós, nó cé gur aigéad láidir atá ann, ní ocsaídeoir láidir é. Scéal eile ar fad é an t-aigéad nítreach HNO3, nó is ocsaídeoir láidir ann féin é móilín an aigéid sin, i mbreis ar an aigéadacht. Mar sin, tá an t-aigéad nítreach in ann an t-airgead geal a chreimeadh.

ainian (an t-ainian, an ainiain; na hainiain, na n-ainian) - Ian a bhfuil lucht leictreach diúltach aige. Má sháitear leictreoidí i dtuaslagán uisce a bhfuil substaint ianach ann, beidh na hainiain ag tarraingt ar an leictreoid dheimhneach, ar a dtugtar anóid. Deirtear go bhfuil an anóid ag aomadh na n-ainian.

airgead nó airgead geal (an t-airgead [geal], an airgid [ghil]) - Is éard atá san airgead, nó san airgead geal, ná ceann de na miotail trasdultacha, agus is iad na miotail atá in aon ghrúpa leis ná an copar agus an t-ór. Is é an giorrúchán a sheasann don airgead sna foirmlí ceimiceacha ná Ag, agus is é dúil uimhir a 47 é i dtábla peiriadach na ndúl. Miotal geal insínte é an t-airgead, agus é níos fearr ná aon mhiotal eile ag iompar teasa agus leictreachais - deirtear gur seoltóir maith teasa agus leictreachais é. Baintear úsáid fhairsing as an airgead geal sa tseodóireacht, san fhiaclóireacht agus sa leictreonaic.

Creimeann an t-aigéad nítreach airgead, agus is í an chomhdhúil (an salann) a fhaightear ar an dóigh sin ná an níotráit airgid AgNO3. Baintear úsáid as an níotráit airgid sa díghalrú, is é sin, maraítear víris agus baictéir léi. Mar shampla, is féidir tuaslagán uisce na níotráite airgid a chur i súile an linbh nuabheirthe, má chreidtear go bhfuil gónairith ar an máthair. (Galar gnéis é an gónairith ar féidir dó dochar tromchúiseach a dhéanamh do shúile an linbh.) Úsáidtear an níotráit airgid leis na hiain chlóiríde a aithint sna tuaslagáin uisce freisin. An chuid is mó de na clóirídí tá siad sothuaslagtha san uisce, ach is í an chlóiríd airgid an eisceacht mhór. Mar sin, nuair a chuirfear níotráit airgid i dtuaslagán clóiríde, rachaidh na hiain airgid agus na hiain chlóiríde le chéile ar an toirt, ionas go dtiocfaidh deascán bán sa choimeádán - an chlóiríd airgid nach bhfuil intuaslagtha san uisce.

alfa-radaíocht (an alfa-radaíocht, na halfa-radaíochta) - Is éard is alfa-radaíocht ann ná an cineál is laige den radaighníomhaíocht. Tá an alfa-radaíocht comhdhéanta as alfa-cháithníní, agus is ionann an t-alfa-cháithnín, go bunúsach, agus núicléas héiliam den ghnáthchineál, is é sin, cnuas a bhfuil dhá phrótón agus dhá neodrón ann. Ní bhíonn an radaíocht seo ródhainséarach don duine, nó is leor páipéar le hí a stopadh. Ón taobh eile de, is féidir don alfa-radaíocht féin dochar a dhéanamh don orgánach, má tá foinse na halfa-radaíochta suite taobh istigh den cholainn. Na halfa-cháithníní cosmacha a thagann isteach ón spás, áfach, bíonn fuinneamh mór fúthu, agus mar sin, tá siad níos dainséaraí ná na halfa-cháithníní a astaítear as na núicléis radaighníomhacha.

Is é an t-alfa-mheath is cúis leis an alfa-radaíocht. Meath radaighníomhach é a thagann ar na dúile troma radaighníomhacha, ar nós an úráiniam. Bíonn boilgeoga beaga héiliam taobh istigh de na mianraí úráiniam de thoradh an mheatha radaighníomhaigh seo.

Bíonn fuinneamh an alfa-cháithnín chomh híseal, dáiríre, is go bhfuair na fisiceoirí deacair a thuiscint, ar dtús, go bhféadfadh a leithéid éalú ó aon núicléas, nó bíonn na núicléis á gcoinneáil le chéile ag fórsaí láidire núicléacha, fórsaí ar chóir dóibh cáithnín chomh trom, chomh lagfhuinniúil sin a stopadh scun scan. Tá an núicléas thíos i bpoll domhain, mar a déarfá, agus na fórsaí adamhacha ina mballaí ina thimpeall. Seo an tuiscint atá ag an bhfisic chlasaiceach. Má ghlactar leis an alfa-cháithnín mar thonn radaíochta, mar chineál splaince, áfach, is féidir leis, de réir dóchúlachta áirithe, ”tollánú” a dhéanamh tríd na ballaí - éalú as an ”log póitéinsiúil”, mar a thugtar air. Seo an tuiscint atá ag an bhfisic chandamach ar an alfa-mheath, agus ba mhór an dul chun cinn don fhisic é gur éirigh leis na saineolaithe an t-alfa-mheath a mhíniú go sásúil.

alúmanam (an t-alúmanam, an alúmanaim) - Is é an t-alúmanam dúil cheimiceach uimhir a trí dhéag, agus é suite i dtríú príomhghrúpa an tábla pheiriadaigh faoi bhun an bhóróin agus os cionn an ghailliam. Is í an chumraíocht leictreonach atá aige ná trí leictreon ar an tríú sceall, ochtréad iomlán ar an dara sceall, agus leictreondís amháin ar an sceall is cóngaraí don núicléas. Ina chuid comhdhúl, tugann an t-adamh alúmanaim uaidh an trí leictreon sin ar an sceall is faide amuigh, agus mar sin, is í an uimhir ocsaídiúcháin is dual don alúmanam ná +3.

Is é an t-alúmanam an miotal is coitianta i screamh an Domhain. Scéal eile, áfach, nach furasta é a aonrú as a chuid comhdhúl, agus níl sé le fáil mar mhiotal glan sa dúlra. Mar sin, níor éirigh leis na ceimiceoirí an miotal a aonrú roimh an naoú haois déag (bhí an Danmhargach Hans Christian Oersted ar an gcéad duine a bhí ábalta eiseamal alúmanaim a chur os comhair shúile an tsaoil mhóir), agus ar feadh i bhfad, bhí an t-alúmanam ní ba daoire ná an t-ór féin. Nuair a bhí an naoú haois déag ag druidim chun deiridh, áfach, rith leis an Meiriceánach Charles Martin Hall agus leis an bhFrancach Paul Héroult báicsít a thuaslagan i gcrióilít leáite agus an meascán seo a leictrealú. Is í an bháicsít an mianra alúmanaim is tábhachtaí, agus is éard atá ann ná ocsaíd alúmanaim, ach tá a leáphointe chomh hard agus go bhfuil a lán fuinnimh ag teastáil leis an mbáicsít a leá. Mianra eile alúmanaim í an chrióilít - comhdhúil sóidiam, alúmanaim agus fluairín atá ann - a bhfuil a leáphointe i bhfad níos ísle ná leáphointe na báicsíte, agus má thuaslagtar báicsít sa chrióilít, ní bheidh leáphointe an mheascáin mórán níos airde. Mar sin, is féidir an t-alúmanam a bhaint as an mbáicsít i bhfad níos fusa agus níos saoire ar an dóigh seo.

Inniu, tá an t-alúmanam ar ceann de na miotail is mó a úsáidtear sa tionsclaíocht. Mar is eol do chách, tá sé an-éadrom. Nuair a rachaidh an t-alúmanam i dteagmháil le hocsaigin an aeir, imoibreoidh sé léi, i gcruth is go dtiocfaidh brat ocsaíde ar an alúmanam a bhainfidh an loinnir de. Murab ionann agus meirg an iarainn, áfach, ní thitfidh an brat seo den alúmanam, a mhalairt ar fad: fanfaidh sé timpeall an mhiotail mar sciath chosanta. Deir an téarmaíocht go n-éighníomhaíonn an brat an t-alúmanam.

Maidir le comhdhúile an alúmanaim, tá a lán acu ar fáil sa dúlra, mar mhianraí. Samplaí iad na hiathchlocha, ar sileacáití alúmanaim iad; an bheiril, ar cioglaisileacáit alúmanaim agus beirilliam í; an chrióilít, ar fluairíd alúmanaim agus sóidiam í; cineálacha áirithe gairnéid, ar nós almaindín, ar sileacáit alúmanaim agus iarainn é, nó pioróp, ar sileacáit alúmanaim agus maignéisiam é; agus mianraí éagsúla ocsaíde alúmanaim. Ocsaíd alúmanaim atá sa bháicsít, arb í foinse thionsclaíoch an alúmanaim í. Corandam a thugtar ar an ocsaíd alúmanaim is ionghlaine dá bhfuil ar fáil sa dúlra, agus é ar ceann de na mianraí is crua dá bhfuil ann.

Níl dath ar bith sa ghlanchorandam. Fágann iarsmaí na ndúl eile dath sa chorandam, áfach, agus úsáidtear corandam daite sa tseoideoireacht. Tugtar rúibín ar an gcorandam dearg, agus é truaillithe le cróimiam. Saifír a thugtar ar an gcorandam a bhfuil dath éigin eile ann (gorm nó buí, go tipiciúil), agus iad truaillithe le dúile eile (iarann agus tiotáiniam).

anóid (an anóid, na hanóide; na hanóidí, na n-anóidí) - Is éard is anóid ann ná leictreoid atá faoi lucht leictreach deimhneach, ionas go bhfuil na hiain dhiúltacha (na hainiain) á n-aomadh (á dtarraingt) aici.

aonad réalteolaíoch (an t-aonad réalteolaíoch, an aonaid réalteolaíoch; na haonaid réalteolaíocha, na n-aonad réalteolaíoch) - Is é an t-aonad réalteolaíoch ná meánfhad an Domhain ón nGrian, nó timpeall ar céad go leith milliún ciliméadar (níos cruinne, céad daichead naoi milliún agus cúig chéad nócha ocht míle ciliméadar, nó 149,598,000 km).

apaigí (an t-apaigí, an apaigí) - Is é an t-apaigí an cianphointe ón Domhan. An tsatailít atá ag dul timpeall an Domhain - cibé cé acu an Ghealach nó satailít shaorga dhaondéanta atá i gceist - tá déanamh na héilipse ar a fithis, agus an Domhan suite i gceann de dhá fhócas na héilipse. Nuair atá an tsatailít ag an gceann is faide ón Domhan den éilipse sin, deirtear go bhfuil sí sa chianphointe, nó san apaigí.

apaihéilean (an t-apaihéilean, an apaihéilin) nó aiféilean (an t-aiféilean, an aiféilin) - Is é an t-apaihéilean nó an t-aiféilean (úsáidtear an dá leagan sa Ghaeilge) an cianphointe ón nGrian. An pláinéad, an t-astaróideach, an cóiméad nó an taiscéalaí saorga daondéanta atá ag dul timpeall na Gréine, tá déanamh na héilipse ar a fhithis, agus an Ghrian suite i gceann de dhá fhócas na héilipse. Nuair atá an tsatailít ag an gceann is faide ón nGrian den éilipse sin, deirtear go bhfuil sí sa chianphointe, san apaihéilean, nó san aiféilean.

apalár (an t-apalár, an apaláir) nó apaipsis (an apaipsis, na hapaipsise) nó cianphointe (an cianphointe, an chianphointe) - Is é an t-apalár nó an apaipsis an cianphointe ar fhithis éilipseach. Tá dhá fhócas ag an éilipse, agus lár imtharraingte an chórais suite i gceann den dá fhócas. Nuair atá an tsatailít sa phointe is faide ón ”meáchanlár” sin, deirtear go bhfuil sí san apalár nó san apaipsis, nó sa chianphointe. Apaigí a thugtar ar chianphointe na satailíte atá ag timpeallú an Domhain, agus is é an t-apaihéilean cianphointe na satailíte atá ag dul timpeall ar an nGrian.

Balla Mór (an Balla Mór, an Bhalla Mhóir) - Sa réalteolaíocht, tugtar ”An Balla Mór” ar struchtúir áirithe mhórscála a aithnítear ar an ollchruinne, mar atá:

* Balla Mór an Tuaiscirt. Is é seo an rud is réidhe a bhíonn i gceist ag na réalteolaithe agus iad ag trácht ar ”an mBalla Mór”. Sreang nó ”filiméad” de réaltraí atá ann agus í leathmhíle milliún solasbhliain ar fad, nó níos faide fós. Cuireadh an chéad sonrú sa Bhalla Mhór seo thiar sa bhliain 1989.

* Balla Mór Sloan. hAithníodh an filiméad seo an chéad uair sa bhliain 2003, agus fuair sé a ainm ón scéim suirbhéireachta spéire ar a dtugtar Suirbhé Digiteach Spéire Sloan, ó ba iad torthaí na scéime seo a chuidigh leis na saineolaithe fionnachtain an Bhalla seo a dhéanamh. Fuair an suirbhé maoiniú ó Fhundúireacht Alfred P. Sloan, agus as an bhfundúireacht sin a hainmníodh an tionscadal. (Innealtóir agus fear gnó a bhí in Alfred P. Sloan a bhí i gceannas ar General Motors ar feadh i bhfad, agus bhunaigh sé an Fhundúireacht sa bhliain 1934 le taighde agus teicneolaíocht a mhaoiniú.) Tá Balla Mór Sloan i bhfad níos faide fós ná Balla Mór an Tuaiscirt.

bórón (an bórón, an bhóróin) - Is é an bórón an dúil atá sa tábla pheiriadach os cionn an alúmanaim, dúil uimhir a cúig. B an tsiombail a sheasann don bhórón sna foirmlí ceimiceacha. Níl an bórón ar fáil sa dúlra ach i mianraí, agus le fírinne tá sé deacair go leor bórón a aonrú mar dhúil. Dealraíonn sé nár éirigh le haon duine bórón réasúnta glan a tháirgeadh roimh an bhfichiú haois, ach mar sin féin, bhí sé tuigthe ag na saineolaithe roimhe sin féin gur dúil ar leith a bhí ann.

Tá an glanbhórón an-chrua, agus is é a leáphointe ná 2080 (dhá mhíle agus ceithre scór) céim Celsius. Tá ceithre allatróp difriúla ag an mbórón, is é sin, ceithre struchtúr difriúla criostalacha, cosúil leis an dóigh a bhfuil dhá allatróp (diamant agus graifít) ag an gcarbón. Is é an béite-bhórón an t-allatróp is cobhsaí le teocht an tseomra agus faoin ngnáthbhrú. Níl mórán difríochta idir na hallatróip éagsúla ó thaobh an dlúis de, nó tá siad go léir timpeall ar dhá ghrám go leith in aghaidh an cheintiméadair chiúbaigh. Criostail chrua dhubha a bhíonn ann.

Tá dhá leictreon ar an sceall is cóngaraí don núicléas, agus trí leictreon ar an dara sceall. Mar sin, ní féidir leis an mbórón ochtréad iomlán a fháil ar an dara sceall ina chuid comhdhúl. Is í an ghnáth-uimhir ocsaídiúcháin ná +3, agus an t-adamh bóróin ceangailte de na hadaimh eile le naisc chomhfhiúsacha.

Is é an t-aigéad bórach (aigéad bórach, aigéid bhóraigh) an chomhdhúil is tábhachtaí dá bhfuil ag an mbórón. Is í an fhoirmle cheimiceach atá aige ná H3BO3, agus is aigéad lag é. Solad bán atá ann, agus é intuaslagtha san uisce. Baintear úsáid as mar fhrithsheipteán (is é sin, leis na baictéir a mharú), mar fheithidicíd (feithidnimh), mar leasaitheach seithe agus i ndéantús snáithínghloine. Is amhábhar tábhachtach é an t-aigéad bórach sa tionsclaíocht cheimiceach freisin.

Is é an bórás an mianra bóráin is aithnidiúla. Is éard atá ann ná teitreabhóráit an tsóidiam Na2B4O7, agus ceithre mhóilín uisce sa chriostal in aghaidh an aonaid fhoirmle. Baintear éagsúlacht úsáide as an mbórás (sa mhiotalóireacht, sa chosmaid, sa ghloiniú, sa ghlónrú, sa chruanadóireacht agus araile), agus is foinse thábhachtach bóróin é.

Is iad na bóráin, nó na hidrídí bóróin, na comhdhúile is suimiúla dá bhfuil ag an mbórón. Mar a deir an dara hainm - na hidridí bóróin - is éard atá iontu ná comhdhúile hidrigine agus bóróin. Comhdhúile leictreonuireasacha iad, is é sin, ní bhíonn a ndóthain leictreon acu leis na móilíní a choinneáil le chéile, de réir na tuisceana traidisiúnta a bhí ag na saineolaithe ar an nasc ceimiceach. Mar sin, bhí teoiricí agus tuiscintí nua de dhíth leis na naisc idir an bórón agus an hidrigin sna comhdhúile seo a mhíniú. I nasc comhfhiúsach den ghnáthchineál, tá leictreondís amháin ann agus í roinnte idir dhá adamh, ach sna bóráin, bíonn dhá leictreon roinnte idir trí adamh, go minic. Díol mór suime agus ábhar tábhachtach taighde iad na bóráin ag na ceimiceoirí i gcónaí.

Búdachas (an Búdachas, an Bhúdachais) - Is córas creidimh (reiligiún) nó traidisiún spioradálta é an Búdachas a d’fhorbair sa Chian-Oirthear i ndiaidh bhás Siddhartha Gautama, bunaitheoir an reiligiúin, a mhair timpeall na bliana 500 roimh bhreith Chríost. Is é is brí leis an bhfocal Búda ná duine dúisithe, duine múscailte - is é sin, duine a fuair tuiscint cheart ar an saol - agus is é an rud a chreideann lucht an Bhúdachais gurbh é Siddhartha Gautama an chéad Bhúda, an chéad duine ar éirigh leis staid seo na hardtuisceana a bhaint amach.

Is gnách príomh-choincheapanna an Bhúdachais a ainmniú as Sanscrait nó as Pailis, nó is iad an tSanscrait agus an Phailis príomhtheangacha an traidisiúin, agus gaol réasúnta dlúth acu le chéile freisin. Eochairfhocal é karma, a chiallaíonn ”gníomh, obair” sa tSanscrait. Creideann na Búdaithe go bhfuil tionchar ag gníomhartha suáilceacha agus duáilceacha an duine ar a chinniúint, ar a ”karma”, agus go gcaithfidh sé deachú a chuid duáilcí a íoc ar an saol seo nó ar an gcéad saol eile i ndiaidh dó bás a fháil agus athbhreith a dhéanamh. (Cuid de traidisiún an Bhúdachais é an creideamh san athbhreith agus in ath-ionchollú an anama.) Cineál tomhsaire é an ”karma” a thaispeánann, cá mhéad gníomhartha duáilceacha nó suáilceacha atá déanta ag an duine agus cén éiric a chaithfidh sé a íoc as na gníomhartha duáilceacha.

caitian (an caitian, an chaitiain; na caitiain, na gcaitian) - Ian a bhfuil lucht leictreach deimhneach aige. Má sháitear leictreoidí i dtuaslagán uisce a bhfuil substaint ianach ann, beidh na caitiain ag tarraingt ar an leictreoid dhiúltach, ar a dtugtar catóid.

ceirneoir (an ceirneoir, an cheirneora; na ceirneoirí, na gceirneoirí) - Is é an ceirneoir an duine - an láithreoir dioscó nó an craoltóir - a roghnaíonn na popamhráin atá le seinm agus a dhéanann tráchtaireacht éigin idir dhá amhrán. ”Mútálaí ceirníní” a thugtar ar an gceirneoir freisin. Inniu, ar ndóigh, ní bhíonn an ceirneoir ag útamáil le ceirníní, ó tháinig na dlúthdhioscaí agus na fuaimchomhaid ina n-áit.

ceirnín (an ceirnín, an cheirnín; na ceirníní, na gceirníní) - Is éard atá sa cheirnín ná meán stórála fuaime i gcruth diosca a bhfuil eitre bhíseach ann. Is í an eitre seo iompróir na fuaime, agus teastaíonn seinnteoir ceirníní leis an bhfuaim a chloisteáil. Cuirfear an ceirnín ar chaschlár an tseinnteora, agus socraítear luas an chaschláir de réir an cheirnín (78, 45, nó 33 1/3 imrothlú sa nóiméad - is iad na ceirníní is sine is luaithe a chastar). Ansin, ísleofar an fhuaimlámh ar an gceirnín, ionas go bhfaighidh an tsnáthaid (an stíleas) ag ceann na fuaimláimhe greim ar an eitre. Ansin, beidh an tsnáthaid ag crith de réir na gcor san eitre. An gléas i gceann na fuaimláimhe a bhfuil an stíleas feistithe de, is é sin, an glacaire, - tiontóidh sé creathanna na snáthaide go comharthaí leictreacha. Is é an t-aimplitheoir a dhéanfaidh fuaim cheart de na comharthaí seo ansin.

Méan analógach é an ceirnín. Is é sin, tá atáirgeadh na fuaime ón gceirnín bunaithe ar ghluaiseacht leanúnach na snáthaide ar an eitre. Ón taobh eile de, is meán digiteach é an dlúthdhiosca. Is ionann sin is a rá go bhfuil an fhuaim ar an dlúthdhiosca mionghearrtha ina bíoga beaga neamhleanúnacha.

Bhí an-tábhacht leis an gceirnín mar mheán fuaime roimh na nóchaidí, ach d’imigh sin agus tháinig seo: tá na dlúthdhioscaí i bhfad níos coitianta ná na ceirníní inniu, cé nach bhfuil an ceirnín imithe as úsáid go fóill.

As vinil is mó a fháisctear na ceirníní inniu, agus is minic a thugtar ”vinil” ar na ceirníní féin. Giorrúchán é d’fhíorainm an chineál seo plaistigh, is é sin, an chlóiríd pholaivinile, PVC.

comhréir (an chomhréir, na comhréire) - Is í an chomhréir an chuid den ghramadach agus den teangeolaíocht a chardálann an dóigh a mbíonn na focail ag brath ar a chéile agus an t-ordú ar leith a bhíonn orthu agus iad ag teacht sna sálaí ag a chéile. D’fhéadfá a rá gurb í an chraobh teangeolaíochta a dhéanann staidéar ar céard is dul nádúrtha cainte ann. Tá a lán teoiricí éagsúla ann, áfach, a bhíonn ag plé leis an gcomhréir.

Deirtear gurbh é an gramadóir Indiach, Panini, a bhí ina cheannródaí ag plé ceisteanna na comhréire sa tráchtas a scríobh sé faoi ghramadach na Sanscraite thiar sa cheathrú haois roimh bhreith Chríost. Teanga í an tSanscrait a bhfuair a cainteoir deireanach dúchais bás sular scríobhadh litríocht chlasaiceach na teanga, agus mar sin, nuair a bhí an cultúr Sanscraite faoi lán an tseoil, chaithfeadh na scríbhneoirí agus na léitheoirí araon í a fhoghlaim mar theanga iasachta. Dá réir sin, bhí áiseanna cruinne teagaisc de dhíth le go bhféadfaí an teanga a mhúineadh de réir a caighdeáin chlasaicigh. D’ainmnigh Panini a lán feiniméan sa ghramadach, idir mhorfeolaíocht agus chomhréir, roimh aon duine eile, agus úsáidtear téarmaí áirithe Sanscraite dá chuid i mbéarlagair na dteangeolaithe inniu féin.

Maidir leis na teoiricí nua-aoiseacha comhréire, is dócha gurb iad teoiricí Noam Chomsky - gramadach ghiniúnach na dtrasfhoirmithe, teoiric na réire is an cheangail, agus eile - is mó a bhíonn i mbéal an phobail inniu. Tá an ghramadach ghiniúnach bunaithe ar an tuiscint nach bhfuil sa ráiteas i dteanga áirithe ach struchtúr éadrom, agus go bhfuil gramadach uilechoitianta, struchtúr domhain, taobh thiar den struchtúr éadrom. Mar sin, caithfidh an teangeolaí tuiscint a fháil ar an struchtúr domhain, ar an dóigh a mbraitheann na focail ar a chéile go fíor fírinneach, agus ansin, níl i gcomhréir teanga áirithe - comhréir na Gaeilge, cuir i gcás - ach na rialacha a cheadaíonn dúinn an fíorstruchtúr sin - arb ionann é beag beann ar an teanga a labhraímid - a aistriú, nó a ”thrasfhoirmiú”, go Gaeilge. Is é is impleacht dó seo ná gurb ionann, cuir i gcás, an struchtúr domhain don Ghaeilge agus don Bhéarla (nó pé teanga eile is mian leat a lua).

Faigheann a lán teangeolaithe locht ar theoiricí Chomsky, agus iad den bharúil nach bhfuil siad úsáideach acu siúd a bhíonn ag doiciméadú teangacha neamhfhorleathana a bhfuil a gcomhréir an-difriúil leis na teangacha Eorpacha. Is é a mbarúil siúd ná nach bhfuil gramadach ”uilechoitianta” Chomsky in aon neasacht don uilechoitiantacht i ndáiríre.

cróimiam (an cróimiam, an chróimiam) - Is é an cróimiam dúil cheimiceach uimhir fiche a ceathair. Miotal crua é ach tá sé insínte mar sin féin, agus úsáidtear an chuid is mó de leis an iarann a dhíonadh ar mheirg. Dealraíonn sé go bhfuil iarsmaí beaga cróimiam riachtanach leis an orgánach a choinneáil ag imeacht, ach go bunúsach, tá sé sábháilte a rá gur dochar is mó a dhéanann an cróimiam don duine. Is féidir leis ailléirge a chur ort, agus is carcainiginí iad comhdhúile áirithe dá chuid. Tá a lán staideanna ocsaídiúcháin éagsúla ag an gcróimiam, agus a dhath féin ag gach ceann acu sa tuaslagán uisce. Sin é an tuige go dtugtar cróimiam air, nó tá an t-ainm bunaithe ar an bhfocal Gréigise a chiallaíonn ”dath”.

débhéascna (an débhéascna, na débhéascna) - Is éard atá i gceist leis an débhéascna ná dhá theanga a bheith á labhairt go coitianta ag an gcuid is mó de na daoine sa tsochaí chéanna, agus iad ag freastal ar riachtanais éagsúla. Is féidir go bhfuil gaol nó lúb ghaoil idir an dá theanga, nó nach bhfuil gaol ar bith acu le chéile.

Sampla den chéad chineál í an Araibis, nó tá an Araibis chaighdeánaithe bunaithe ar an sórt teanga a bhí á cleachtadh ag na filí Arabacha nuair a bhí an Fáidh Mahamad beo - is é sin, bhí blas na saorgachta is na fileatachta ar an teanga seo san am sin féin. Níl an cineál úd Araibise ag aon duine ó dhúchas, agus dá labhrófá sa tsráid í, bheadh na daoine marbh ag gáire fút. Ní meafar amháin é seo, nó d’inis Éigipteach amháin go raibh sé ag iarraidh a iníon a thógáil le hAraibis Chlasaiceach, ach nuair a chuala na paisinéirí ar an mbus é, lá, agus é ag labhairt na teanga clasaicí leis an gcailín beag, phléasc a ngáire orthu ar an toirt. Sa deireadh ní raibh de rogha aige ach éirí as an iarracht seo agus canúint na hÉigipte a labhairt lena chlann, ar nós gach uile dhuine sa tír. Na canúintí Araibise a bhíonn ag na daoine go nádúrtha, tá siad an-difriúil leis an teanga scríofa, agus bíonn sé iontach deacair ag na cainteoirí dúchais féin an Araibis liteartha a fhoghlaim.

Sampla den dara cineál í Poblacht Pharagua. Is í an Ghuaráinis caint na ndaoine i bParagua, agus is teanga bhundúchasach Mheiriceánach í. Is í teanga na scéilíní magaidh agus na seanfhocal í. Is í an Spáinnis teanga an oideachais agus an ardchultúir, áfach. D’inis bean Pharaguach dom gur le Spáinnis amháin a tógadh í, ó shíl a hathair gur teanga mhadrúil mhíchuibhiúil a bhí sa Ghuaráinis. Ina duine fásta di, áfach, is minic a thagadh uaigneas agus coimhthíos uirthi ina tír dhúchais féin, nó cé go raibh sí ina múinteoir i scoil scothaicme do na daoine saibhre, ba í an Ghuaráinis teanga an ghnáthchaidrimh i seomra scíthe na múinteoirí ansin féin, agus ise dall ar fad ar an teanga.

Bhí débhéascna i bhfeidhm ar feadh i bhfad sa Ghréig. Ba é an cineál Gréigise a bhí le léamh ar na nuachtáin agus ar na doiciméid oifigiúla ná an ghlan-Ghréigis nó katharevousa, teanga shaorga a bhí bunaithe ar ghramadach agus stór focal na sean-Ghréigise. Bhí leagan caighdeánach de chaint na ndaoine ann freisin, Gréigis an phobail nó dhimotiki. Nuair a tháinig deireadh le rialtas míleata na gcoirnéal a bhí i gceannas ar an nGréig sna blianta 1967-1974, áfach, caitheadh an katharevousa i dtraipisí, agus ba í caint na ndaoine a fuair an lámh in uachtar i saol poiblí na tíre.

an Domhan (an Domhan, an Domhain) - Is é an Domhan an pláinéad is dúchas dúinn go léir, agus é ar an gceann is mó den chuid de na pláinéid nach gásfhathaigh iad. Is é an tríú pláinéad is cóngaraí don Ghrian. Tá atmaisféar an Domhain comhdhéanta as nítrigin, ocsaigin agus gáis eile, triathgháis ach go háirithe (is é an t-argón an triathghás is flúirsí san atmaisféar). Tá an chuid is mó de dhromchla an Domhain clúdaithe ag na farraigí, ach tá ilchríocha móra ann freisin: an Eoráis, an dá Mheiriceá, an Afraic agus an Astráil.

Tá satailít nádúrtha amháin ag an Domhan, mar atá, an Ghealach. Tá an Ghealach ar ceann de na gealacha is mó sa Ghrianchóras: níl aon tsatailít eile sa Ghrianchóras chomh mór sin i gcoibhneas a príomhaigh, agus ní sháraíonn ach Ganymede, Callisto, Io agus Tíotán í ar trastomhas. (Gealacha de chuid Iúpatair iad an chéad trí cinn acu, agus is é Tíotán an tsatailít is mó atá ag Satarn.) Bíonn tionchar nach beag ag imtharraingt na Gealaí ar an Domhan, nó cuireann sí an taoide ag tuile is ag trá. Tógann sé beagáinín níos mó ná aon tsoicind amháin ar an solas teacht ón nGealach go dti an Domhan.

Agus sinn ag trácht ar struchtúr inmheánach an Domhain, is gnách linn screamh, maintlín, agus croí a aithint.

Is éard atá i screamh an Domhain, go bunúsach, ná carraig - an cineál bruthcharraig bholcánach ar a dtugtar aindéisít. Is iad comhábhair thipiciúla na haindéisíte ná na plagacláis agus na pirixéiní. Is sileacáití alúmanaim iad na plagacláis agus cailciam nó sóidiam iontu freisin, agus is furasta iad a aithint ar an dóigh ar leith a mbristear iad. Is minic a chuireann dromchla eitrithe na cloiche plagacláis ceirnín den tseanchineál (ceirnín plaisteach ón tréimhse roimh na dlúthdhioscaí) i gcuimhne duit. Tugtar cúpláil pholaisintéiseach ar an struchtúr seo i mbéarlagair na n-eolaithe. Maidir leis na pirixéiní, is sileacáití iad freisin, nó meascáin as sileacáití agus alúmanáití, agus iad saibhir i maignéisiam agus in iarann. Bíonn comhdhéanamh ceimiceach na bpirixéiní an-éagsúil, áfach, toisc go bhfuil struchtúr cineál solúbtha iontu, ionas gur féidir le caitiain a lán miotal difriúil áit a fháil i gcriostail phirixéine.

Is é an Moho, nó dromchla neamhleanúnachais Mohorovičić, an teorainn idir an screamh agus an maintlín, arb é an chuid den Domhan faoin screamh. Fuair an dromchla neamhleanúnachais seo a ainm ón ngeolaí Crótach Andrija Mohorovičić, a rinne taighde ar thonnta seismeacha, is é sin, na tonnta a iompraíonn na talamhchreathanna, agus d’aithin sé go raibh gluaiseacht na dtonnta seo difriúil ar dhá thaobh an dromchla.

Ritheann an Moho cúig chiliméadar déag is fiche faoin talamh tirim, ar meán, ach go praiticiúil bíonn sé an-éagsúil ag brath ar an áit agus ar stair gheolaíoch na háite. Faoi na farraigí móra, ní bhíonn screamh an Domhain ach cúig nó deich gciliméadar ar tiús.

Is iad an screamh agus uachtar an mhaintlín in éineacht an litisféar, nó sféar na cloiche. Tá litisféar an Domhain dealaithe ina bplátaí teicteonacha, agus san áit a bhfuil na plátaí ag cuimilt le chéile nó ag bualadh faoi chéile bíonn bolcánachas agus talamhchreathanna coitianta. Faoin litisféar atá an t-astanaisféar a bhfuil na plátaí teicteonacha ag snámh air. Tá an teorainn idir an litisféar agus an t-astanaisféar níos doimhne ná an Moho, timpeall ar chéad nó dhá chéad ciliméadar, agus sroicheann an t-astanaisféar síos go doimhneacht seacht gcéad ciliméadar. Is í an tslaodacht a dhealaíonn an t-astanaisféar ó na cisil taobh thuas agus taobh thíos de, agus iad i bhfad níos righne ná é.

Faoi bhun an astanaisféir atá íochtar an mhaintlín. Is é an comhdhéanamh an difríocht is suntasaí idir an dá chiseal seo. Peireadóitít is mó atá in uachtar an mhaintlín, is é sin, meascán as pirixéiní agus olaivín. Is éard atá san olaivín ná meascán as sileacáit mhaignéisiam agus sileacáit iarainn - ní dual don mhianra seo alúmanam a bheith ann.

Maidir leis an gcroí, creidtear go bhfuil sé comhdhéanta as iarann agus as nicil, agus gurb é a chruthaíonn réimse maighnéadach an Domhain.

fithiseán (an fithiseán, an fhithiseáin; na fithiseáin, na bhfithiseán) - Is éard is fithiseán ann ná feidhm mhatamaiticiúil a thugann cur síos ar iompraíocht na leictreondíse timpeall an adaimh nó an mhóilín. Is féidir a rá, freisin, gurb é an fithiseán an rannóg den néal leictreoin a thugann ”lóistín” don leictreondís áirithe seo.

Is féidir áit gach leictreon san adamh a shainmhíniú leis na candamuimhreacha is dual dó. Deir an phríomh-chandamuimhir cén leictreonsceall ar a bhfuil an leictreon. Ar an gcandamuimhir asamatach a aithnítear an leibhéal fuinnimh (an ”fo-sceall”) ar a bhfuil an leictreon suite. Léiríonn an chandamuimhir mhaighnéadach, cé acu de na fithiseáin ar an leibhéal fuinnimh sin atá i gceist. Sa deireadh, sainíonn candamuimhir na guairne, cé acu den dá leictreon ar an bhfithiseán sin atá ann.

Nuair a rachaidh dhá fhithiseán ó dhá adamh le chéile, déanfaidh siad dhá fhithiseán nua: an fithiseán nascach agus an fithiseán frithnascach.

gásfhathach (an gásfhathach, an ghásfhathaigh; na gásfhathaigh, na ngásfhathach) - Tugtar gásfhathaigh ar an gceithre phláinéad is mó sa Ghrianchóras, is é sin, Iúpatar, Satarn, Úránas, agus Neiptiún, Glactar leis go bhfuil croí soladach ag na pláinéid seo, ach má tá féin, níl ann ach cloch bheag i gcomparáid leis an gcuid eile den phláinéad. An chuid is mó den phláinéad, is éard atá ann ná hidrigin, héiliam agus substaintí eile a bheadh ina ngáis le teocht an tseomra agus faoin ngnáth-aerbhrú ar an Domhan. Is deacair a rá cá bhfuil ”dromchla” an ghásfhathaigh, ós rud é nach féidir an pláinéad féin a aithint thar a atmaisféar. Ní féidir mapaí a tharraingt de na gásfhathaigh, nó níl geograife ná geolaíocht acu, ach is féidir crioslaigh éagsúla aeráide a aithint orthu, chomh maith le feiniméin fhadsaolacha aimsire, cosúil leis an Spota Mór Dearg ar Iúpatar. Bíonn gaotha móra agus tornádónna millteanacha ag séideadh in atmaisféar na ngásfhathach, agus glactar leis gur tornádó den chineál sin atá sa Spota Mór Dearg féin.

Gearmáinis (an Ghearmáinis, na Gearmáinise) - Ceann de na teangacha Gearmáinice (nó na teangacha Gearmánda) í an Ghearmáinis, agus í á labhairt sa Ghearmáin, san Ostair, san Eilvéis, i Lichtinstéin agus i Lucsamburg. Thairis sin, is féidir teacht ar mhionlaigh eitneacha i dtíortha eile a bhfuil Gearmáinis nó canúint ghaolmhar á labhairt acu san Fhrainc, san Iodáil, sa Danmhairg agus, fiú, in áiteanna san Oileán Úr féin. Ní raibh impireacht mhór choilíneachta ag na Gearmánaigh riamh, agus mar sin, ní dheachaigh an Ghearmáinis ar fud an domhain riamh, mar a rinne an Béarla, an Fhraincis, an Spáinnis agus an Phortaingéilis féin. Ón taobh eile de, glactar leis go coitianta gur ceann de theangacha móra cultúrtha na hEorpa agus an domhain í an Ghearmáinis, agus déantar staidéar agus saothrú éigin uirthi ar fud an domhain.

Tá canúintí Gearmáinice á labhairt i Lár na hEorpa ó Ré na nImircí Móra anuas, ar a laghad - ba iad na himircí seo, go bunúsach, a chuir deireadh le hImpireacht na Róimhe agus tús leis an Meánaois san Eoraip. As na canúintí seo a fáisceadh an Ghearmáinis agus an Ollainnis (an Ísiltíris) araon. Le fírinne, na canúintí a bhí á labhairt go traidisiúnta i dTuaisceart na Gearmáine (an Íseal-Ghearmáinis), bhí siad i bhfad níos cosúla leis an Ísiltíris ná leis an nGearmáinis sa chiall chúng (is é sin, an Ard-Ghearmáinis), nó ní dheachaigh an ”Dara Fuaimaistriú” i bhfeidhm ar an Íseal-Ghearmáinis.

Is é an ”Dara Fuaimaistriú” nó an ”Fuaimaistriú Gearmánach” (die zweite Lautverschiebungdie deutsche Lautverschiebung) a fhágann ”cuma na Gearmáinise” ar na focail. (Ba é an ”Chéad Fhuaimaistriú” nó an ”Fuaimaistriú Gearmáinice/Gearmánda” a dhealaigh na teangacha Gearmánda nó Gearmáinice ó na teangacha Ind-Eorpacha eile - sampla den Chéad Aistriú é go bhfuil f- san fhocal Béarla father nuair atá p- san fhocal Spáinnise padre.) Is é an Dara hAistriú is cúis le crobhaingí consan cosúil le Pf san fhocal Pfad (cosán - cf. path an Bhéarla) nó Z san fhocal Zahn (fiacail - cf. tönn na hÍoslainnise, tand na Sualainnise nó tooth an Bhéarla).

Tugann na Gearmánaigh féin Hochdeutsch, is é sin, an Ard-Ghearmáinis, ar an teanga chaighdeánach a chleachtann siad, toisc go bhfuil sé bunaithe ar na canúintí deisceartacha, ar a dtugtaí Ard-Ghearmáinis go traidisiúnta. Ní féidir a rá, áfach, go mbeadh an Ghearmáinis chaighdeánach bunaithe ar aon chanúint ar leith. Is gnách glacadh leis gurbh é Máirtín Liútar, athair an Reifirméisin, a chuir bun leis an nGearmáinis scríofa mar is aithnid dúinn inniu í, agus is léir go raibh an-tábhacht leis an aistriúchán a rinne sé ar an mBíobla, ó rinne sé a dhícheall le teanga nádúrtha na cosmhuintire - caint na ndaoine - a aithris ina stíl féin. Mar sin féin, bhí traidisiúin áirithe liteartha ann roimh a lá féin, agus é ag tabhairt airde ar nósanna na dtraidisiún seo lena chinntiú go mbeadh glacadh chomh fairsing lena shaothar agus ab fhéidir. I gcoimhthéacs amháin, ar a laghad, dúirt Liútar féin go raibh sé ag baint úsáid as teanga na Seansailéireachta Impiriúla, ar a dtugtaí Gemeines Deutsch nó an Ghearmáinis Choitianta, agus is léir go raibh tionchar nár bheag ag an gcineál seo scríbhneoireachta ar an nGearmáinis a scríobhadh sé. Pé scéal é, chuir sé casadh stíle ar an teanga seo a rinne i bhfad ní b’intuigthe ag an gcosmhuintir í, agus sin é an fáth gur glacadh lena aistriúchán Bíobla go fairsing forleathan.

Tá litríocht agus filíocht á scríobh sa teanga ó ré na Meánaoise i leith, ach is dócha gurb i ré an Sturm und Drang - ”ré na stoirme agus na sainte” - ba túisce a chuaigh litríocht na Nua-Ghearmáinise i bhfeidhm ar an Eoraip go léir. Go bunúsach, is éard a bhí i gceist leis an stoirm seo ná frithghníomh ar an réasúnachas a bhí san fhaisean roimhe sin, i ré na hEagnaíochta. Mar sin, chuir an Sturm und Drang béim ar na mothúcháin mhóra, ar an míréasúntacht. Ba iad Johann Wolfgang von Goethe agus Friedrich Schiller scríbhneoirí móra na linne. D’éirigh siad as an Sturm und Drang, áfach, nó b’fhearr leo smaointí na gluaiseachta seo agus réasúnachas na hEagnaíochta a chomhleá. Mar sin, tugann lucht an léinn Weimarer Klassik nó Clasaiceachas Weimar ar an gcuid aibí de shaothar na scríbhneoirí seo. Chaith siad seal fada dá saol i Weimar, cathair réasúnta beag i gcroílár na Gearmáine a bhfuil clú an ardchultúir uirthi inniu, buíochas le Goethe agus Schiller.

Roimh laethanta Chlasaiceachas Weimar, bhí an Ghearmáinis go mór faoi chois ina tír dhúchais féin, ó b’fhearr leis na maithe is na móruaisle Fraincis a labhairt, agus lucht na gceard is na gcuallachtaí féin ag dul go dtí an Fhrainc ar lorg foghlama agus oiliúna. D’éirigh le Goethe, Schiller agus lucht a gcomhaimsire sracadh nua a chur i litríocht na Gearmáinise, agus mar sin, chuaigh a lán filí agus scríbhneoirí i mbun pinn sna sálaí acu.

I ndiaidh an Chlasaiceachais, ba é an Rómánsachas a tháinig ar an bhfód. Scríbhneoirí tábhachtacha Rómánsacha sa Ghearmáin ab ea na filí Novalis (fíorainm: Friedrich von Hardenberg) agus Ludwig Tieck, chomh maith leis an bprós-scríbhneoir E. T. A. Hoffmann (seasann na litreacha do Ernst Theodor Amadeus). Cuid d’fhaisean liteartha na linne ab ea an tsuim a cuireadh i ndánta agus i scéalta na cosmhuintire. D’fhoilsigh Achim von Arnim agus Clemens Brentano Des Knaben Wunderhorn (”Corn Miorúilteach an Bhuachalla”), bailiúchán amhrán tíre, agus le ré an Rómánsachais a bhaineann díolaim síscéalta Jacob agus Wilhelm Grimm chomh maith. Taobh amuigh den Ghearmáin, is iad na scéalta seo is mó a shamhlaítear leo, ach thairis sin, rinne siad obair thábhachtach foclóiríochta agus gramadóireachta freisin. Scríbhneoir tábhachtach Rómánsach a bhí i mBettina von Arnim fós. Deirfiúr le Brentano a bhí inti agus í pósta ar Achim von Arnim. Gníomhaí sóisialta ab ea í agus í ag éileamh cothrom Féinne do na mná is do na Giúdaigh sa tsochaí.

Ba é Heinrich Heine an file deireanach Rómánsach agus an chéad fhile Réalaíoch. Scríobh sé a lán dánta Rómánsacha, ach san am chéanna, ba mhinic a d’aithneofá dearcadh íorónta ar an Rómánsachas ina chuid saothar. Is é an dán úd Lore-Ley an ceann is clúití leis i mbaile is i gcéin - an dán faoi bhean sí na Réine, Lore-Ley, agus í ag cur draíochta ar na bádóirí lena ceol. (D’aistrigh Proinsias Mac an Bheatha an dán seo go Gaeilge, fiú.) Sa Ghearmáin féin, áfach, is dócha gur mó meas an lucht léinn ar shaothar eile, ar nós Deutschland, ein Wintermärchen (”An Ghearmáin - scéal geimhridh”). Dán fada é a thugann cur síos cuimsitheach ar dhearcadh scoilte an údair ar Ghearmáin a linne: ó thaobh amháin de, bhí grá mór aige dá theanga dhúchais agus do chultúr a thíre, ach ón taobh eile de, bhí sé in umar an éadóchais ag an bpolaitíocht.

Sna blianta 1815-1848, is féidir dhá mhórshruth a aithint i litríocht na Gearmáinise, mar atá, an Biedermeier agus an Vormärz. Ba í Comhdháil Vín sa bhliain 1815 a chuir deireadh leis an tréimhse réabhlóideach san Eoraip a thosaigh le Muirthéacht na Fraince, agus ansin, roghnaigh cuid de na scríbhneoirí Gearmánacha droimh láimhe a thabhairt leis an bpolaitíocht agus díriú ar áilleacht an nádúir agus ar théamaí neamhpholaitiúla eile. Tugtar Biedermeier ar an sruth seo. Ba iad Franz Grillparzer agus Adalbert Stifter scríbhneoirí móra an Biedermeier. Maidir leis an Vormärz, is é is ciall leis an bhfocal féin ná ”an Réamh-Mhárta”, agus is é an Márta atá i gceist ná trioblóidí réabhlóideacha na bliana 1848 (”bliain mire na hEorpa” nó ”Earrach na Náisiún”). Sa Ghearmáin, is gnách ”réabhlóid an Mhárta” a thabhairt ar imeachtaí na bliana sin, ó thosaigh siad i mBeirlín i Mí an Mhárta 1848, agus mar sin, ba iad lucht an ”Réamh-Mhárta” iad siúd a bhí ag ullmhú an ”Mhárta” - na scríbhneoirí radacacha, mar shampla. Ba é an drámadóir Georg Büchner an scríbhneoir ba tábhachtaí de chuid an Vormärz.

I ndiaidh an Vormärz, tháinig an réalachas. Ba iad Gottfried Keller, Theodor Storm, agus Theodor Fontane ceannródaithe an réalachais. Eilvéiseach a bhí in Keller, agus b’as Tuaisceart na Gearmáine do Storm, ach mar sin féin bhí caidreamh maith acu le chéile, agus meas acu ar shaothar a chéile. Scríobhadh Storm gearrscéalta fada nó mionúrscéalta, ach ba é an mórúrscéal úd Der grüne Heinrich (”Annraoi Glas”) a thabhaigh a chlú do Keller, chomh maith leis na gearrscéalta sa chnuasach Die Leute von Seldwyla (”Muintir Seldwyla”). Maidir le Theodor Storm, is dócha gurb é an scéal Der Schimmelreiter (”An Marcach Sí”) an saothar is clúití dár tháinig óna pheann-san.

I dtús na fichiú haoise a thosaigh ré an nua-aoiseachais. Bhí Thomas Mann agus a dheartháir Heinrich ar scríbhneoirí móra na linne, chomh maith le Rainer Maria Rilke, Hermann Hesse, agus, ar ndóigh, Franz Kafka. Ba é an mórúrscéal úd Buddenbrooks (”Muintir Buddenbrook”) a bhain amach clú, cáil, agus Duais Nobel do Thomas Mann. Tugann an t-úrscéal seo cur síos ar theaghlach lucht gnó i Lübeck a dtagann meath air de réir a chéile, agus sliocht sleachta na dtrádálaithe móra ag dul le ceol is le healaíontóireacht beag beann ar thoil na seanghlúine. Mórúrscéal eile le Thomas Mann ón tréimhse seo é Der Zauberberg (”An Sliabh Draíochta”). Sa leabhar seo caitheann an scríbhneoir súil ar shruthanna intleachtúla nó cultúrtha na linne roimh an gCéad Chogadh Domhanda, ach tá an scéal suite i dteach téarnaimh na n-othar eitinne thuas i sléibhte na hEilvéise, in aice le Davos. Ní thiteann mórán amach sa leabhar amach ó chomhráite na n-othar, ach mar sin féin, is dual don úrscéal seo dul i bhfeidhm ar an léitheoir go domhain, nó tá carachtair dhodhearmadta ann, cosúil leis an daonlathach Iodálach Lodovico Settembrini, ionchollú an daonnachais nua-aimseartha, agus Naphta, an tÍosánach frithghníomhach nó fiú réamhfhaisisteach, a sheasann d’fhórsaí scriosacha an antoisceachais agus an dorchadais. (Ní mór cuimhne a choinneáil air gurbh as Tuaisceart na Gearmáine, as ríocht an Phrotastúnachais, do Thomas Mann, agus mar is dual don Phrotastúnach, ní raibh mórán measa aige ar Chumann Íosa.)

Maidir le Heinrich Mann, is dócha gurb é Professor Unrat (”An tOllamh Unrat” is brí leis sin, ar ndóigh, ach is deacair an t-imeartas focal i dteideal an leabhair a aistriú) an t-úrscéal is tábhachtaí dár tháinig óna pheann-san. Scannánaíodh an leabhar sin faoin teideal Der blaue Engel, nó ”An tAingeal Gorm”, agus ba í Marlene Dietrich féin a rinne páirt an phríomhcharachtair mhná. Múinteoir dian é an tOllamh Unrat, agus cnagaois aige cheana féin, ach lá amháin, tugann sé teasghrá do chailín ceabairé, Lola, agus déanann sé dearmad is neamhshuim de nósanna an fhir mheasúil go hiomlán.

grianghaoth (an ghrianghaoth, na grianghaoithe) - Grianghaoth a thugtar ar an sruth cáithníní atá ag teacht as an nGrian. Den chuid is mó, prótóin agus leictreoin atá sa ghrianghaoth agus iad chomh saibhir i bhfuinneamh cinéiteach (is é sin, fuinneamh gluaiseachta) is gur féidir leo éalú ó imtharraingt na Gréine. Aithnítear tionchar na grianghaoithe ar a lán bealaí, mar shampla, is éard atá i gceist leis na Saighneáin (an Chaor Aduaidh, an aurora borealis) ná an ghrianghaoth ag bualadh faoi na hadaimh ocsaigine agus nítrigine in uachtar an atmaisféir.

halaigin (an halaigin, na halaigine; na halaiginí) - Is iad na halaiginí na dúile i seachtú príomhghrúpa an tábla pheiriadaigh. Tá seacht leictreon ar an sceall is faide amuigh acu, agus na scealla is cóngaraí don núicléas tá siad lán. Mar sin, is dual do na dúile seo an t-ochtú leictreon a fháil ar iasacht ó dhúil éigin is leictridheimhní ná iad, le hochtréad iomlán leictreon a fháil ar an sceall is faide amuigh. Is iad na halaiginí an fluairín, an clóirín, an bróimín, an t-iaidín agus an t-astaitín, ach is dúil radaighníomhach éagobhsaí é an t-astaitín nach féidir mórán a fháil amach faoina saintréithe ceimiceacha.

Téann na halaiginí i gcomhdhúil leis an hidrigin le halaiginídí hidrigine a dhéanamh. Is gáis iad na halaiginídí hidrigine, agus iad sothuaslagtha san uisce. Is aigéid láidire iad agus mar sin, is nimheanna dainséaracha iad a dhéanann an-dochar do na scamhóga.

hidrigin (an hidrigin, na hidrigine) - Is í an hidrigin an dúil cheimiceach is éadroime agus is simplí ó thaobh an struchtúir de. Níl in adamh na hidrigine ach aon phrótón amháin agus aon leictreon amháin, go bunúsach, ach amháin go bhfuil dhá iseatóp tearca ag an dúil seo, a bhfuil ainmneacha dá gcuid féin orthu: an deoitéiriam, a bhfuil prótón amháin agus neodrón amháin ina núicléas, agus an tritiam, a bhfuil prótón amháin agus dhá neodrón ina núicléas. Neamhmhiotal í an hidrigin, cé go bhfuil sí in aon ghrúpa leis na miotail alcaileacha i dtábla peiriadach na ndúl. Sna comhdhúile a bhíonn aici leis na neamh-mhiotail eile, ceanglaíonn sí nasc comhfhiúsach leo, agus is í an uimhir ocsaídiúcháin is tipiciúla a bhíonn aici ná +1, ó nach bhfuil sé ar na neamh-mhiotail is leictridhiúltaí amuigh.

Is gás gan dath gan bholadh í an hidrigin le teocht an tseomra agus faoi ghnáthbhrú an aeir, nuair atá sí ina dúil aonraithe. Tá an gás sin comhdhéanta as móilíní dhá adamh. Ní féidir a rá go mbeadh nimh inti i gciall cheart an fhocail, ach is léir go dtachtann an hidrigin ghlan an duine, cosúil le gach gás eile seachas an ocsaigin.

Tá sé de chlaonadh sa hidrigin imoibriú le dúile leictridhiúltacha cosúil leis an ocsaigin, agus mar sin, is dual do mheascán na hidrigine is na hocsaigine pléasc a dhéanamh, chomh fíochmhar is a théann an hidrigin trí thine. Tá lasair na hidrigine beagnach dofheicthe, cé gur féidir beagáinín den chorcra a fheiceáil inti. Cuireann seo leis an dainséar atá i ndóiteán hidrigine: is deacair é a aithint in am.

Is é an t-uisce - ocsaíd na hidrigine - an chomhdhúil is tábhachtaí dá bhfuil ag an hidrigin, gan amhras. Má chuirtear hidrigin trí thine, is é an t-uisce a gheofar. Is ábhar tábhachtach tógála é an t-adamh hidrigine sna comhdhúile orgánacha, ach tá a lán comhdhúile neamhorgánacha ag an hidrigin freisin, ar ndóigh. Na comhdhúile atá ag an hidrigin leis na halaiginí, is gáis nimhe iad le teocht an tseomra, agus iad ina n-aigéid láidire sa tuaslagán uisce. Is í clóiríd na hidrigine an ceann is tábhachtaí acu. Tugtar aigéad hidreaclórach ar a tuaslagán.

ian (an t-ian, an iain; na hiain, na n-ian) - Tugtar ian ar an adamh nó ar an ngrúpa adamh a bhfuil lucht leictreach aige. Tugtar caitiain ar na hiain a bhfuil lucht leictreach deimhneach acu, agus is ainiain iad na hiain a bhfuil lucht leictreach diúltach acu. Aomann an dá shaghas lucht leictreach a chéile, agus mar sin, is dual don dá shórt iain dul le chéile i gcomhdhúile ianacha. Mar shampla, tá an gnáthshalann, an chlóiríd sóidiam, comhdhéanta as iain dhiúltacha chlóiríde agus iain dheimhneacha sóidiam.

iarann (an t-iarann, an iarainn) - Is é an t-iarann dúil cheimiceach uimhir a 26. Miotal liathgheal atá ann, ach tagann meirg (smúid ruadhearg ocsaíde) air go luath faoi thionchar an aeir agus an uisce. Is iad +2 agus +3 na staideanna ocsaídiúcháin is minice a bhíonn ag an iarann, agus is ar an dath ruadhearg a aithnítear an uimhir ocsaídiúcháin is airde acu seo. I gcomhdhúile áirithe, áfach, is féidir staid ocsaídiúcháin eile a bheith ag an iarann. Baintear úsáid fhorleathan as an iarann mar amhábhar, ach de ghnáth, cuirtear breiseáin leis le hé a dhéanamh níos daingne agus a dhíonadh ar mheirg. Go tipiciúil, measctar codán áirithe carbóin tríd an iarann, agus tugtar cruach (an chruach, na cruach) ar an iarann a bhfuil carbón curtha leis. Is féidir, áfach, saintréithe na cruach a athrú ar an dúrud dóigheanna ach an miotal ceart a mheascadh tríthi, agus mar sin a fhaightear cineálacha speisialta cruach le freastal ar éilimh agus riachtanais éagsúla.

Iúpatar (Iúpatar, Iúpatair) - Is é Iúpatar an pláinéad is mó inár ngrianchóras, agus is gásfhathach é. Is féidir sonrú a chur ann gan dul i dtuilleamaí teileascóip, agus bhí aithne ag na sean-Rómhánaigh féin air: ba iadsan a bhaist an t-ainm sin air, ainm an dé is cumhachtaí i seanchreideamh na Róimhe. Tá mais Iúpatair breis is trí chéad oiread níos mó ná mais an Domhain, agus is ionann a thrastomhas agus trastomhas an Domhain méadaithe faoina haon déag. Is ionann mais Iúpatair agus mais na bpláinéad is na ngealach eile sa Ghrianchóras méadaithe faoina dó go leith. Mar sin, tá an pláinéad seo as pabhar mór i gcoibhneas na reann neimhe eile a théann timpeall na Gréine. Tá a lán gealach ag fithisiú Iúpatair féin, agus creidtear gur cóiméid nó astaróidigh a bhí i gcuid mhór acu i dtosach agus gur cheap Iúpatar ar a gcamchuairt iad.

Is é tuairim a lán saineolaithe gurb é Iúpatar ”folúsghlantóir an Ghrianchórais” a ghlacfaidh chuige na cóiméid is na hastaróidigh dhainséaracha sula dtiocfaidh siad ag bagairt ar an Domhan. Níltear ar aon bharúil faoin teoiric seo, ach tá fianaise áirithe phraiticiúil ann: i mí Iúil 1994, bhí na réalteolaithe in ann súil a choinneáil ar an dóigh ar bhuail an cóiméad úd Shoemaker-Levy a Naoi faoin bpláinéad. Stróic imtharraingt Iúpatair an cóiméad as a chéile ar dtús, agus bhí na bloghanna ag dul timpeall an phláinéid ar feadh tamaill sular tháinig siad anuas ón bhfithis ceann i ndiaidh a chéile. Sa mhatalang seo scaoileadh saor le fuinneamh a sháródh buamaí adamhacha an chine dhaonna go léir.

Tá réimse mór maighnéadach ag Iúpatar, agus é an-fhadaithe faoi bhrú na grianghaoithe: deirtear, fiú, go bhfuil ”maighnéadeireaball” ag an bpláinéad, agus é ag sroicheadh thar Shatarn amach. Tarchuradóir láidir raidió é an réimse maighnéadach seo freisin, agus ag minicíochtaí áirithe sáraíonn sé an Ghrian féin.

Mar is dual don ghásfhathach, ní féidir an cheist a fhreagairt go sásúil, cá bhfuil dromchla Iúpatair, nó má théann muid síos ó imeall an atmaisféir, ní thiocfaidh muid ach ar thuilleadh de na gáis chéanna atá le fáil san atmaisféar féin, ach amháin go n-iompóidh siad ina leacht nuair a thiocfaidh muid sách domhain isteach.

leictrealú (an leictrealú, an leictrealaithe) - Is éard atá i gceist leis an leictrealú ná próiseas ina soláthraítear leictreoin don dúil is leictreadheimhní sa chomhdhúil agus ina mbaintear leictreoin den dúil is leictreadhiúltaí acu, ionas go ndealaítear an dá dhúil ó chéile. Is féidir triail a bhaint as an leictrealú sa bhaile féin: má mheasctar cuid mhaith gnáthshalainn, nó clóiríd sóidiam, trí uisce, is féidir hidrigin agus clóirín a tháirgeadh trí leictrealú an tuaslagáin seo. Má sháimid dhá leictreoid isteach ann - is féidir linn leictreoidí a dhéanamh as dhá bharra graifíte a cheanglaítear le sreanga leictreacha de phoil an ghnáthchadhnra - feicfidh muid bolgáin bheaga gháis ag foirmiú timpeall na leictreoidí.

San ócáid áirithe seo, beidh na hiain dheimhneacha sóidiam ag tarraingt ar an gcatóid, nó ar an leictreoid atá faoi lucht diúltach leictreachais, agus na hiain chlóiríde á haomadh ag an leictreoid eile, agus í faoi lucht deimhneach. Bainfidh an anóid na leictreoin bhreise de na hiain chlóiríde, ionas go gcruthaítear clóirín i bhfoirm dúile. Ag an gcatóid, gheobhaidh na hiain sóidiam na leictreoin a iompóidh ina n-adaimh shóidiam iad. Is dual don tsóidiam, ar miotal alcaileach é, imoibriú leis an uisce ar an toirt, ionas go bhfaighfear hiodrocsaíd sóidiam agus hidrigin. Is í an hidrigin an gás a chruthaítear timpeall na catóide, agus clóirín atá i gceist ag an leictreoid eile.

Ní féidir a rá nach mbeadh dainséar áirithe ag roinnt leis an turgnamh seo, áfach. Má bhaineann tú triail as, is fearr duit éirí as chomh túisce is a bheidh tú sásta go bhfuil an trealamh ag obair. Is féidir leis an mbeagán féin den chlóirín dochar a dhéanamh do do scamhóga, go háirithe mura bhfuil aeráid mhaith agat. Thairis sin beidh an tuaslagán uisce saibhir i hiodrocsaíd sóidiam, nó sóid loiscneach, bun láidir a chreimeann an craiceann agus na fíocháin bheo eile.

Úsáidtear leictrealú go forleathan sa tionsclaíocht le dúile a aonrú - alúmanam, mar shampla. Is í an bháicsít an mianra is tábhachtaí mar fhoinse alúmanaim, agus is éard atá ann ó thaobh na ceimice de ná trí-ocsaíd alúmanaim (trí-ocsaíd dé-alúmanaim ab fhearr a rá, ó tá dhá ian alúmanaim ann in aghaidh an trí ian ocsaíde). Má leictrealaítear báicsít, is éard a gheofar ná alúmanam agus ocsaigin, mar sin. Níl an bháicsít intuaslagtha san uisce, áfach, agus dá mbeadh féin, tharlódh an rud céanna do na hadaimh alúmanaim ag an gcatóid agus a tharlaíonn do na hadaimh shóidiam, is é sin, imoibreoidís leis an uisce le gás hidrigine a dhéanamh agus iad ag iompú ina n-iain arís. Tá leáphointe na trí-ocsaíde alúmanaim chomh hard is nach bhfuil sé praiticiúil í a leá le haghaidh leictrealú. Is éard a dhéantar, mar sin, ná an bháicsít a thuaslagan i gcrióilít leáite. Mianra alúmanaim eile í an chrióilít a bhfuil a leáphointe i bhfad níos ísle ná leáphointe na trí-ocsaíde alúmanaim, agus an trí-ocsaíd intuaslagtha inti. Mar sin, is féidir alúmanam a aonrú ón mbáicsít trí mheascán leáite na báicsíte agus na crióilíte a leá. Is í an chomhdhúil cheimiceach atá sa chrióilít ná heicseafluairíd tríshóidiam alúmanaim, nó heicseafluaralúmanáit tríshóidiam, Na3AlF6. Ar na saoltaibh seo, ní úsáidtear crióilít nádúrtha in aonrú alúmanaim a thuilleadh, chomh tearc is atá sí; tá sé níos saoire an heicseafluairíd sin a tháirgeadh as mianraí eile.

leictreon (an leictreon, an leictreon; na leictreoin, na leictreon) - Ceann de na buncháithníní é an leictreon, agus áirítear ar na leaptóin, ar na buncháithníní éadroma, é. In éineacht leis na núicléóin, is é sin, na prótóin is na neadróin, tá na leictreoin riachtanach mar bhloic thógála don damhna mar is aithnid dúinn é. Tá an t-adamh comhdhéanta as an núicléas, a bhfuil na prótóin is na leictreoin ann, agus as an néal leictreon timpeall ar an núicléas.

Tá guairne ag na leictreoin. Is éard atá i gceist leis an nguairne ná ceann de na hairíonna fisiceacha, cineál móiminteam uilleach, a chuirtear in iúl go minic mar ”chineál rothlú timpeall na haise”, cé nach ionann go hiomlán í, ó thaobh na matamaitice de, agus an rothlú timpeall na haise a dhéanfadh réad macrascópach. I néal leictreon na n-adamh, bíonn na leictreoin innealta ina leictreondíseanna, agus guairne an dá leictreon i ndís den chineál seo ag neodrú a chéile. Fithiseán a thugtar ar an gcuid den néal leictreon is ”lóistín” d’aon leictreondís amháin, agus na fithiseáin féin tá siad scaipthe ar leibhéil éagsúla fuinnimh. Na leibhéil fuinnimh seo, arís, is cineál ”fo-scealla” iad do na leictreonscealla, as a bhfuil néal leictreon an adaimh comhdhéanta.

Is í gluaiseacht na leictreon is cúis leis an sruth leictreach. Nuair a thosaigh na daoine ag fáil tuisceana ar an leictreachas, shocraigh na heolaithe go bhfuil an sruth leictreach ag dul ón bpol deimhneach go dtí an pol diúltach. Tá a fhios againn anois go bhfuil sruth na leictreon ag dul a mhalairt de bhealach sa chiorcad leictreach - tá an lucht deimhneach leictreachais agus an lucht diúltach leictreachais ag aomadh a chéile agus ag tarraingt i dtreo a chéile, agus mar sin, is dual do na leictreoin dul ag triall ar an bpol deimhneach, ós rud é go bhfuil lucht diúltach acu féin.

Neodraíonn lucht diúltach an leictreoin lucht deimhneach an phrótóin. Mar sin, is ionann líon na leictreon agus líon na bprótón san adamh, mura bhfuil nasc ceimiceach ar bith ceangailte ag an dúil le haon dúil eile. Má cheanglaíonn an dá dhúil nasc comhfhiúsach le chéile, beidh leictreondís amháin i bpáirt acu. Má cheanglaíonn siad nasc ianach le chéile, gheobhaidh an dúil is leictridhiúltai acu leictreon amháin ar iasacht, ionas go n-iompóidh an t-adamh ina ainian, agus tabharfaidh an dúil is lú leictridhiúltachta leictreon amháin uaidh, ionas go n-iompóidh an t-adamh ina chaitian.

leictridhiúltacht (an leictridhiúltacht, na leictridhiúltachta) - Is éard atá i gceist leis an leictridhiúltacht ná an claonadh atá i ndúil áirithe leictreoin a ghlacadh chuici i gcomhdhúil cheimiceach, ionas go bhfaighidh an dúil lucht diúltach leictreachais sa chomhdhúil. Is iad na neamh-mhiotail, na halaiginí ach go háirithe, is leictridhiúltaí, agus is iad na miotail, na miotail alcaileacha thar aon chineál miotal eile, na dúile is ísle leictridhiúltacht, nó na dúile is leictridheimhní - is é sin, tá sé de chlaonadh iontu leictreoin a thabhairt uathu sna comhdhúile, ionas go bhfaighidh siad lucht deimhneach.

litriú (an litriú, an litrithe) - Is é an litriú nó an ceartlitriú ná an dóigh cheart le fuaimeanna na teanga labhartha a chur in iúl i bhfoirm scríofa. Tugtar litriú foghraíochta nó litriú fóinéimeach ar an gcineál litriú atá ag iarraidh na fuaimeanna a chur in iúl chomh cruinn agus is féidir, ionas go bhfreagraíonn gach litir (gach carachtar san aibítir) d’fhuaim nó d’fhoghar amháin - d’fhóinéim amháin, mar a deir béarlagair na saineolaithe. Litriú sanasaíochta atá i gceist má dhéantar iarracht aird a thabhairt ar bhunús stairiúil na bhfocal (ar shanasaíocht na bhfocal) agus ar an ngaol nó ar an mbaint stairiúil atá ag focail áirithe le chéile, fiú nuair nach bhfuil an gaol sin le cloisteáil sa chaint a thuilleadh. Litriú morfafóinéimeach é an litriú a chuireann béim ar struchtúr inmheánach na bhfocal, ionas gur féidir na hiarmhíreanna, na réimíreanna agus na tamhain a aithint thar a chéile sa teanga scríofa, cé go n-imríonn siad tionchar ar fhuaimniú a chéile sa teanga labhartha. Litriú stairiúil é an litriú a choinníonn cuimhne ar fhoirm stairiúil na bhfocal, beag beann ar na hathruithe a tháinig ar na focail sa chaint.

Go praiticiúil, is dual do litriú na teanga tipiciúla bheith idir eatarthu idir na córais seo go léir. Mar shampla, an litriú a bhí sách fóinéimeach i dtús, is minic a chloítear leis thar na céadta bliain agus an teanga labhartha ag athrú, ionas go mbeidh an litriú sa deireadh níos cosúla le litriú sanasaíochta nó le litriú morfafóinéimeach.

macrascópach - Rudaí macrascópacha iad na rudaí is féidir leat a fheiceáil le do shúile cinn, gan dul i muinín an mhicreascóip.

mearcair (an mearcair, an mhearcair) - Is é an mearcair an t-aon mhiotal amháin atá ina leacht le teocht an tseomra agus faoin ngnáth-aerbhrú. Tugtar airgead beo air freisin. Go dtí le déanaí, d’úsáidtí mearcair go han-choitianta sna teirmiméadair agus sna manaiméadair, is é sin, in ionstraimí tomhaiste aerbhrú agus teochta, ach is amhlaidh atá an mearcair agus comhdhúile an mhearcair chomh nimhiúil don duine agus don dúlra agus go bhfuiltear ag éirí as. Tá an mearcair in aon ghrúpa leis an gcaidmiam agus leis an tsinc i dtábla peiriadach na ndúl.

Tugtar malgaim (an malgam, an mhalgaim; na malgaim, na malgam) ar chóimhiotail an mhearcair, agus baintear úsáid as malgam an airgid ghil san fhiaclóireacht. Is féidir an chuid is mó de na miotail a mhalgamú (a chóimhiotalú leis an mearcair), ach is eisceachtaí iad an t-iarann agus an platanam, ar a laghad.

ocsaigin (an ocsaigin, na hocsaigine) - Is í an ocsaigin dúil cheimiceach uimhir a hocht i dtábla peiriadach na ndúl. Le teocht an tseomra agus faoi gnáthbhrú an aeir, is gás gan dath í, agus í an-fhonnmhar chun imoibriúcháin leis na dúile eile. Is ocsaídeoir láidir í an ocsaigin, ní nach ionadh, ós as an ocsaigin a fuarthas an téarma sin ”ocsaídiú” freisin. Is éard atá i gceist leis an tine agus an dóiteán ná imoibriú na hocsaigine le dúile eile, ionas go gcruthaítear ocsaídí, is é sin, comhdhúile ina bhfuil an ocsaigin ar an dúil is leictridhiúltaí. Níl ach an fluairín níos leictridhiúltaí ná an ocsaigin, agus mar sin, is ocsaídí iad formhór mór na gcomhdhúl ocsaigine.

Tá an ocsaigin ar an dara gás is flúirsí in atmaisféar an Domhain, agus an nítrigin ar an ngás is coitianta. Maolaíonn an nítrigin ar fhonn imoibriúcháin na hocsaigine, nó mura mbeadh san aer ach ocsaigin, d’fhéadfadh na miotail féin dul trí thine. Má chuirtear tairne iarainn, cuir i gcás, i gcoimeádán glanocsaigine, is féidir an tairne sin a dhó mar a bheadh cipín adhmaid ann.
Shílfeá nach féidir don ocsaigin bheith nimhiúil ná dochrach don duine, ós rud é go bhfuil soláthar ocsaigine géar-riachtanach don duine, ach le fírinne, má tá an ocsaigin ag teacht isteach faoi bhrú atá níos mó ná brú na hocsaigine sa ghnáthaer, is féidir di cineál nimhiú a tharraingt ar an duine. Is iad na tumadóirí scúba is mó a bhíonn faoin mbagairt seo, ós rud é go bhfuil siad faoi bhrú ard an uisce a oibríonn ar an ngás a análaíonn siad. Tugtar hipearocsacht ar an nimhiú ocsaigine.

Tá an ghnáthocsaigin comhdhéanta as móilíní dhá adamh - mar sin, tugtar dé-ocsaigin ar an ngnáthocsaigin go minic. Tá allatróp eile ag an ocsaigin, an trí-ocsaigin nó an t-ózón (an t-ózón, an ózóin), a bhfuil a móilíní comhdhéanta as trí adamh ózóin. Is nimh é an t-ózón don duine, cé go bhfuil an ciseal ózóin in uachtar an atmaisféir ina sciath chosanta thábhachtach ar an radaíocht ultraivialait. Greannaíonn an t-ózón na scamhóga, cosúil leis an gclóirín. Tá an glanózón claonta chun pléasctha freisin. Tá dath gorm san ózón, go háirithe nuair atá sé ina leacht nó ina sholad, agus is féidir an t-ózón a aithint ar an mboladh a chuirfeadh an clóirín i gcuimhne duit. Bíonn boladh an ózóin as na gléis leictreacha uaireanta, mar shampla. Baintear úsáid as an ózón nuair a bhíonn ocsaídeoir láidir de dhíth, agus is minic a úsáidtear in íonú uisce é freisin, leis na baictéir a mharú.

ollphléasc (an ollphléasc, na hollphléisce) nó olltailm (an olltailm, na holltailme) - Is í an ollphléasc nó an olltailm an phléasc mhór a chuir tús leis an Ollchruinne.

ózaiceirít (an ózaiceirít, na hózaiceiríte) - Is éard atá san ózaiceirít ná cineál céir nádúrtha atá le fáil sa talamh cosúil leis an artola. Ina lán teangacha tugtar céir thalún uirthi. Tá sí comhdhéanta as hidreacarbóin éagsúla fhadslabhracha (is ionann í agus an pairifín ó thaobh na ceimice de, a bheag nó a mhór), agus boladh láidir aisti. As an Úcráin, as na ceantair timpeall Shléibhte Cairp, a thagann an chuid is mó den ózaiceirít trádála.

pailéagrafaíocht (an phailéagrafaíocht, na pailéagrafaíochta) - Is í an phailéagrafaíocht an brainse léinn a dhéanann taighde ar an dóigh ar athraigh cruth na litreach (cruth na gcarachtar san aibítir) i rith na gcéadta bliain. Bíonn scileanna pailéagrafaíochta de dhíth ar na teangeolaithe agus na focleolaithe agus iad ag iarraidh seanscríbhinní a léamh is a thuiscint. Is féidir leis an bpailéagrafaí lámhscríbhinní brionnaithe a aithint freisin. Má bhain an falsaitheoir úsáid as litreacha a bhaineann le tréimhsí difriúla i stair na haibítre, is é an pailéagrafaí an duine is túisce a chuirfidh sonrú ina leithéid.

platanam (an platanam, an phlatanaim) - Is é an platanam an ceann is mó le rá de na miotail phlatanamchosúla, agus is é Pt an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha. Triathmhiotal atá ann agus é ar fáil ina dhúil sa dúlra. Fuair an platanam a ainm ó na conquistadores Spáinneacha, nó bhí siad ar lorg óir bhuí agus airgid ghil i Meiriceá Theas, agus iad míshásta leis an ”airgidín” (platina, cf. plata, an focal Spáinnise ar ”airgead geal”) a thóg cuid acu in ainriocht an fhíor-airgid.

Le fírinne, áfach, is miotal iontach úsáideach é an platanam. Tá an platanam in ann cuid mhór hidrigine a ”ól” nó a ”shú isteach”, agus mar sin, catalaíonn sé (is é sin, cuireann sé luas faoi) imoibriúcháin cheimiceacha a bhfuil an hidrigin páirteach iontu. Sin é an fáth a gcuirtear i dtiontóirí catalaíocha na ngluaisteán é, ach is féidir úsáid chosúil a bhaint as sna saotharlanna ceimiceacha freisin, ar acht is go bhfuil na ceimiceoirí, nó lucht a n-urraithe, sách saibhir le híoc as na gléis phlatanaim.

príomhach (an príomhach, an phríomhaigh; na príomhaigh, na bpríomhach) - An rinn neimhe a bhfuil satailít ag dul timpeall uirthi, deirtear gurb í príomhach a satailíte í. Is é an Domhan príomhach na Gealaí, agus is í an Ghrian príomhach an Domhain.

réaltra (an réaltra, an réaltra; na réaltraí, na réaltraí) - Is éard is réaltra ann ná crobhaing réaltaí, gáis agus deannaigh sa spás, agus í á coinneáil le chéile ag an imtharraingt. Tá an chuid is mó de dhamhna na hollchruinne comhchruinnithe sna réaltraí, agus an spás eatarthu beagnach folamh. Is é an réaltra ina bhfuil cónaí orainn féin ná Bealach na Bó Finne.

Is gnách na réaltraí a rangú de réir an déanamh atá orthu. Is iad na réaltraí bíseacha agus na réaltraí éilipseacha na cinn is feiceálaí, ach thairis sin, tá cineálacha eile ann, cosúil leis na réaltraí fáinne, nach bhfuil iontu ach fáinne réaltaí ag dul timpeall an núicléis loim, agus na réaltraí lionsacha. Tá réaltraí neamhrialta ann chomh maith, réaltraí nach féidir a gcosúlacht a rangú de réir na ngnáthaicmí. Tá réaltraí abhaic ann freisin, agus iad i bhfad níos lú ná Bealach na Bó Finne agus na réaltraí móra eile. Mar sin féin, creidtear gurb iontu atá an chuid is mó de dhamhna na hOllchruinne, chomh líonmhar is atá siad.

Aicmítear Bealach na Bó Finne mar bhís bharrach, nó réaltra bíseach barrach. Is é sin, dá bhfeicfeá ón taobh amuigh de, is éard an déanamh a bheadh ar an réaltra ná barra mór ramhar a mbeadh núicléas (croí) an réaltra ina lár, agus géaga bíseacha an réaltra ag téacht as dhá cheann an bharra seo. Go dtí le déanaí, chreidtí go raibh ceithre mhórghéag ag ár réaltra, mar atá, Géag Pheirséis, Géag na hEala (ar a dtugtar Géag na Rialach freisin), Géag na Scéithe is na Croise (nó Géag an Cheinteáir), agus Géag an tSaighdeora agus na Cíle. Is é an chuma atá ag teacht ar an scéal inniu, áfach, nach bhfuil ach dhá mhórghéag ann - Géag Pheirséis agus Géag na Scéithe, na Croise is an Cheinteáir. Na géaga eile, is géaga beaga breise iad. Tá ár ngrianchóras féin suite i gceann de na mionghéaga, mar atá, Géag an Bhodaigh.

Creidtear go bhfuil dúpholl mór - an Díothóir Mór - i gcroí Bhealach na Bó Finne, agus ní rud as an ngnáth é ag na réaltraí. Bíonn na dúphoill i gcroíthe na réaltraí ag astú cineálacha éagsúla radaíochta, chomh maith le roiseanna damhna a bhrúchtann amach as poil an dúphoill. Tugtar scairdeanna coibhneasaíocha ar na roiseanna seo, toisc nach féidir a saintréithe a mhíniú gan dul i dtuilleamaí theoiric na coibhneasachta, an teoiric a thabhaigh a mhórchlú d’Albert Einstein. Más féidir roiseanna móra radaíochta nó damhna a aithint ag teacht as croí an réaltra, deirtear go bhfuil núicléas (croí) gníomhach ag an réaltra, agus tugtar réaltraí gníomhacha ar na cinn a bhfuil núicléas gníomhach acu.

Is féidir do dhá réaltra teacht chomh cóngarach dá chéile is go dtosóidh siad ag oibriú is ag dul i bhfeidhm ar a chéile. Is í an imtharraingt is cúis leis an idirghníomhaíocht seo. Dhá réaltra atá curtha as a riocht ag a chéile, is féidir dóibh luas mór a chur le foirmiú na réaltaí nua i scamall gáis a chéile. Tugtar réaltraí réaltroise ar réaltraí ina bhfuil na réaltaí nua ag teacht chun saoil mar sin, i bhfad níos luaithe ná sna gnáthréaltraí.

Rúisis (an Rúisis, na Rúisise) - Is í an Rúisis an teanga atá ó dhúchas ag an gcuid is mó de mhuintir na Rúise, agus í á labhairt sna tíortha iar-Shóivéadacha go forleathan, toisc go mbíonn pobail mhóra Rúiseacha iontu agus cuid den mhuintir dhúchasach féin tar éis líofacht a bhaint amach sa teanga. Ceann de na teangacha Slavacha Oirthearacha í, ach is féidir tionchar láidir ón tSlaivis Dheisceartach a aithint ar a lán de na focail theibí nó léannta, a fuarthas ar iasacht ón tSean-Slaivis Eaglasta. Bhí an Rúisis fáiltiúil riamh roimh na focail iasachta, agus iad ag teacht ón Ollainnis, ón nGearmáinis, ón bhFraincis agus ón mBéarla.

Is í an aibítir Rúiseach an leagan is coitianta den aibítir Choireallach. Treoir réasúnta maith atá ann d’fhuaimniú na teanga, cé nach dtaispeánann sí an siolla faoi bhéim, rud a chuireann go mór mór isteach ar fhoghlaimeoirí na teanga. Bíonn an bhéim ag athrú ó shiolla go siolla, ó thamhan go hiarmhír agus ó iarmhír go tamhan i bhfoirmeacha éagsúla díochlaonta nó réimnithe, agus is deacair rialacha na n-athruithe seo a leagan amach chomh soiléir is go bhféadfadh an foghlaimeoir iad a thabhairt leis trí staidéar teoiriciúil. Mar sin, is fusa aithris a dhéanamh ar an gcaint bheo agus caidreamh na Rúiseach féin a lorg. Mar chuidiú leis na foghlaimeoirí, áfach, bíonn eagráin ”aiceannaithe” de chlasaicigh Rúiseacha le fáil ó fhoilsitheoirí sa Rúis agus sna tíortha eile araon, agus iad ag taispeáint na béime le hagúidí (sínte fada) a chuirtear leis na gutaí faoi bhéim. Sna heagráin atá dírithe ar na Rúisigh féin, ní fheicfeá agúid ach an chorruair, le dhá fhocal nó dhá fhoirm a dhealú ó chéile nach bhfuil de dhifríocht eatarthu ach an bhéim.

Ar feadh i bhfad, ní raibh ach an tSean-Slaivis Eaglasta á saothrú mar theanga liteartha sa Rúis. Teanga Shlavach Dheisceartach a bhí ann go bunúsach, agus í níos gaolmhaire leis an tSeirbea-Chróitis agus leis an mBulgáiris ná leis an Rúisis ó thús. Nuair a chuir an tImpire Peadar Mór a chuid leasuithe i bhfeidhm ar an Rúis leis an tír a thabhairt chun nua-aimsearthachta, tháinig borradh mór faoi shaothrú liteartha na teanga dúchais, nó bhí an tImpire ag iarraidh an Rúisis a chur in áit na Sean-Slaivise mar theanga chultúrtha. Is léir, áfach, gur fhág an tSean-Slaivis a lorg ar stór focal na Rúisise, go háirithe ar an téarmaíocht theibí.

I rith na naoú haoise déag, bhain na scríbhneoirí Rúiseacha amach clú idirnáisiúnta leis an gcineál speisialta réalachais a chleacht siad ina gcuid úrscéalta agus gearrscéalta. Ba é Aleksandr Pushkin (1799-1837) an chéad chlasaiceach. Scríobh sé dánta fada eipiciúla cosúil le Yevgenii Onegin, a bhfuair an saol mór aithne air mar cheoldráma, ach thairis sin, d’fhág sé ina dhiaidh an t-úrscéal Kapitanskaya dochka (Iníon an Chaptaein), úrscéal stairiúil i stíl Walter Scott. Ansin, tháinig Mikhail Lermontov (1814-1841). Saighdiúir agus file a bhí ann, ach is dócha gurb é an t-úrscéal Geroy nashego vremeni (Laoch ár Linne) an chuid is tábhachtaí dá shaothar, mar is dóigh le léitheoir an lae inniu. Ní féidir dearmad a dhéanamh de Nikolay Gogol (1809-1852), ach an oiread. Úcránach a bhí ann, ach ó nár glacadh leis an Úcráinis mar theanga san am - is é an meas oifigiúil a bhí uirthi nach raibh inti ach canúint de chuid na Rúisise, ”Mion-Rúisis” - roghnaigh sé an Rúisis mar mheán liteartha, cé go bhfuil blas na hÚcráine agus na hÚcráinise ar a lán dá chuid luathshaothair. Ba é an t-úrscéal Mërtvye dushi (Na hAnamnacha Marbha) a thabhaigh a cháil dó, áfach. Aoir atá ann a thugann cur síos ar amhantraí aisteach: bíonn laoch (nó frithlaoch) an scéil ag ceannach ”anamnacha marbha”, is é sin, seirfigh atá sna rollaí i gcónaí cé go bhfuil siad tar éis bháis cheana féin. (”Anam” a thugtaí ar sheirfeach sa tsean-Rúis i dtéarmaíocht an daonáirimh - d’fhéadfá a rá gur aonad tomhais a bhí ann - agus ba nós na ”hanamnacha marbha” a bhaint de na rollaí lá an daonáirimh.) Saothar clúiteach eile le Gogol é an dráma úd Revizor (An Cigire).

Sanscrait (an tSanscrait, na Sanscraite) - Is í an tSanscrait teanga chlasaiceach na hIndia, inar chuir lucht léinn na sean-India i míotar miotaseolaíocht agus seanchas a dtíre fadó. Bhí an-tábhacht ag an tSanscrait i stair na teangeolaíochta Ind-Eorpaí, nó nuair a d’aithin na teangeolaithe Iartharacha go raibh lúb ghaoil éigin ag an tSanscrait leis an Laidin agus an tSean-Ghréigis, tuigeadh dóibh an chéad uair go raibh a leithéid de rud ann agus fine na dteangacha Ind-Eorpacha.

Tá dlúthbhaint ag an tSanscrait leis an gcreideamh Hiondúch, agus is dóigh lena lán de lucht leanúna an Hiondúchais go bhfuil fórsaí neamhshaolta sa teanga féin agus gur féidir leat do shláinte a fheabhsú trí théacsanna naofa a reic os ard sa teanga. Mar sin féin, scríobhadh cuid mhór litríochta saolta sa tSanscrait freisin.

Is é is brí le hainm na teanga ná ”imghlan” nó ”ardnósach”, rud a thugann le fios gur teanga ealaíonta chaighdeánaithe chlasaiceach í. Le fírinne, scríobhadh litríocht chlasaiceach na teanga, nó an chuid is mó di, i ndiaidh don chainteoir dheireanach dúchais bás a fháil. Na teangacha a bhí á labhairt ag an gcosmhuintir san am chéanna, thugtaí ”Pracraití” orthu. As na Pracraití a d’fhorbair an Hiondúis, an Urdais agus na teangacha nua-aimseartha eile a labhraítear i dtuaisceart na hIndia.

Is í an aibítir Dhéiveanágrach is mó a shamhlaítear leis an tSanscrait, ach tá aibítrí eile in úsáid san India, go háirithe ag lucht labhartha na dteangacha Dráivideacha i ndeisceart na tíre - ag na Tamalaigh, mar shampla. Hiondúigh iad an chuid is mó acu seo freisin, agus cé nach bhfuil an Tamailis gaolmhar leis an tSanscrait ar aon nós, tá meas mór ag a lán Tamalach ar an teanga sin ar chúiseanna reiligiúnacha. Mar sin, níl sé as an ngnáth Sanscrait a scríobh nó a chlóbhualadh leis an aibítir Thamalach.

saobhdhiallas (an saobhdhiallas, an tsaobhdhiallais) - Is é an saobhdhiallas an ghluaiseacht dhealraitheach, an ghluaiseacht a aithníonn tú le súile do chinn, trasna réimse do radhairc. Na rudaí atá in aice leat, feictear níos mó duit iad ná na cinn atá i bhfad uait - sin é an rud is peirspictíocht ann. Ar an dóigh chéanna, na rudaí atá ag gluaiseacht trasna, má tá siad in aice leat, feictear an fad a chuireann siad díobh níos mó duit ná an fad céanna a chuireann na rudaí i bhfad uait díobh. Sin é an rud is saobhdhiallas ann.

Tomhaistear an saobhdhiallas mar stua, agus is iad na haonaid a úsáidtear ná na céimeanna, na nóiméid agus na soicindí.

scitsibhéascna (an scitsibhéascna, na scitsibhéascna) - Tugtar scitsibhéascna ar an staid ina bhfuil pobal labhartha na teanga idir eatarthu faoin gcineál caighdeán ar chóir dóibh cloí leis ina gcuid scríbhneoireachta foirmeálta nó oifigiúla. Deirtear go minic go bhfuil scitsibhéascna ag luí ar chuid mhór de lucht na Gaeilge, ós rud é nach bhfuil siad siúráilte faoi cé acu ba chóir dóibh aithris a dhéanamh ar an gcaighdeán oifigiúil, nó ar ”chaighdeán” neamhoifigiúil na scríbhneoirí canúnacha.

struchtúr mórscála (an struchtúr mórscála, an struchtúir mhórscála; na struchtúir mhórscála, na struchtúr mórscála) - Tá na réaltaí ordaithe ina réaltraí, cosúil le Bealach na Bó Finne, ach níl na réaltraí féin scaipthe ar fud na hollchruinne gan eagar nó inneall de shórt éigin a bheith orthu. Tá na réaltraí ordaithe ina mbraislí, agus na braislí féin ina bhforbhraislí. Tugtar struchtúir mhórscála ar na forbhraislí agus ar struchtúir eile ar aon mhéid nó ar aon diminsiún leo. Struchtúir mhórscála iad an Balla Mór agus an tOllaomthóir, mar shampla. Bíonn na struchtúir seo dealaithe óna chéile le folúis mhóra nach bhfuil ach an corr-réaltra le fáil iontu.

teirpéin (an teirpéin, na teirpéin; na teirpéiní, na dteirpéiní) - Tugtar teirpéiní ar na hidreacarbóin a bhfuil an tuirpintín comhdhéanta astu agus uaireanta, ar chomhdhúile dlúthghaolmhara nach hidreacarbóin iad, ach is fearr teirpéineoidigh a thabhairt orthu siúd. Is féidir gach teirpéin a mhíniú mar pholaiméir isipréine. Comhdhúil cheimiceach í an isipréin a bhfuil cúig adamh carbóin agus ocht n-adamh hidrigine ina móilín - CH2=C(CH3)CH=CH2. Má mhéadaítear na huimhreacha seo faoin tslánuimhir chéanna, is é an toradh a gheofar ná líon na n-adamh carbóin agus na n-adamh hidrigine i móilíní na dteirpéiní. Mar shampla, tá deich n-adamh carbóin agus sé adamh déag hidrigine i móilín na pínéine, arb í an teirpéin is tábhachtaí. Deirtear go bhfuil dhá aonad isipréine sa phínéin. Is féidir a rá gur cineál teirpéine é an rubar nádúrtha freisin, nó tá sé comhdhéanta as móilíní móra a bhfuil na céadta aonad isipréine iontu. Teirpéin í an scuailéin freisin, cé nach bhfuil sí le fáil sa tuirpintín. Is í an scuailéin an chomhchuid is tábhachtaí in ola ae siorc, agus creidtear gur cosaint nádúrtha ar an ailse atá sa scuailéin. Níl anseo ach cúpla sampla i ndáiríre, áfach, nó is grúpa mór comhdhúl orgánach iad na teirpéiní agus na teirpéineoidigh, agus a lán acu le fáil sna hainmhithe, sna plandaí agus sa duine féin.

tuirpintín (an tuirpintín, an tuirpintín) - Meascán as hidreacarbóin é an tuirpintín a dhriogtar as roisín an chrainn phéine. Tugtar teirpéiní ar na hidreacarbóin a bhfuil an tuirpintín comhdhéanta astu agus ar hidreacarbóin eile a bhfuil struchtúr cosúil acu. Is í an phínéin an teirpéin is tábhachtaí agus is mó atá le fáil sa tuirpintín. Úsáidtear an tuirpintín mar thuaslagóir, agus is amhábhair thábhachtacha don tionsclaíocht cheimiceach iad na teirpéiní.

uisce (an t-uisce, an uisce; na huiscí, na n-uiscí) - Is é an t-uisce ocsaíd na hidrigine, agus dhá adamh hidrigine is aon adamh ocsaigine amháin i ngach móilín uisce. Tá an t-uisce ina leacht le teacht an tseomra agus faoi ghnáthbhrú an aeir, rud is annamh ag comhdhúil chomh héadrom leis an uisce. Mar shampla, is gáis é an chlóiríd hidrigine faoi na himthoscaí céanna, cé go bhfuil adamh an chlóirín níos troime ná adamh na hocsaigine. Is é an gnáthmhíniú a thugtar air seo ná gur déphol é móilín an uisce - is é sin, tá sé de chlaonadh sna hadaimh hidrigine cuid den lucht deimhneach leictreach a ghlacadh, agus an t-adamh ocsaigine ag sú chuige na leictreoin fhiúsacha lena lucht diúltach leictreach - agus go mbíonn adaimh hidrigine móilín amháin ag aomadh adaimh ocsaigine na móilíní eile, ionas go bhfuil naisc hidrigine (mar a thugtar orthu) idir na móilíní éagsúla, comhaomadh nach ligeann do na móilíní éalú ó chéile chomh héasca. Ar ndóigh, is déphol é móilín na clóiríde hidrigine fosta, ach ós rud é nach bhfuil ach aon adamh hidrigine amháin ann, ní féidir leis an gclóiríd hidrigine na struchtúir chasta chraobhacha a chruthú a choinníonn na móilíní uisce greamaithe dá chéile.

Go ginearálta, glactar leis nach bhfuil dath ar bith san uisce, ach, le fírinne, ní mar sin atá. Tá an t-uisce gorm nó gormghlas, rud a thabharfar faoi deara má líontar tobán le huisce. Mar sin, tá an fharraige gorm i ndáiríre - is é dath nádúrtha an uisce is cúis leis. Tá an dath sin chomh lag, áfach, nach n-aithnítear é i ngloine ná i mbuidéal atá lán uisce.

Tá an t-uisce riachtanach leis an mbeo a choinneáil leis an duine, na hainmhithe agus na plandaí, ar ndóigh. Thairis sin, is tuaslagóir tábhachtach é: bíonn na comhdhúile ianacha agus polacha sothuaslagtha san uisce. Na comhdhúile ianacha, tá siad comhdhéanta as iain dheimhneacha agus iain dhiúltacha, agus is féidir le taobh deimhneach an mhóilín uisce (na hadaimh hidrigine) greim a fháil ar ian diúltach, agus an taobh diúltach ag aomadh an iain dheimhnigh. Na comhdhúile polacha, arís, tá siad cosúil leis an uisce, toisc go bhfuil pol diúltach agus pol deimhneach sa mhóilín acu. Mar sin, bíonn móilíní den chineál seo á meascadh trí na móilíní uisce go furasta. Ní féidir leis an uisce an chuid is mó de na comhdhúile orgánacha a thuaslagadh, áfach. Níl mórán difríochta idir an carbón agus an hidrigin ó thaobh na leictridhiúltachta de, agus mar sin, ní féidir a rá go mbeadh an nasc idir an dá dhúil seo dépholach. Mar sin, ní féidir leis an uisce greim a fháil leis na hadaimh hidrigine agus carbóin i gcomhdhúile tipiciúla orgánacha. Ní féidir na hidreacarbóin, mar shampla, a thuaslagadh san uisce, agus má dhéanann tú iarracht peitreal nó tuirpintín a mheascadh tríd an uisce, ní éireoidh leat: fanfaidh an peitreal nó an tuirpintín os cionn an uisce, toisc go bhfuil sé níos éadroime ná é.

vanaidiam (an vanaidiam, an vanaidiam) - Is é an vanaidiam dúil cheimiceach uimhir fiche a trí. Ceann de na miotail thrasdultacha é. Miotal bog airgeadgheal insínte atá ann, agus é díonta go maith ar an gcreimeadh, cé go dtagann brat ocsaíde air i dteagmháil leis an aer. Tá a lán staideanna ocsaídiúcháin éagsúla aige, agus dath difriúil ag dul le gach uimhir ocsaídiúcháin i dtuaslagán uisce, Baintear úsáid as na staideanna ocsaídiúcháin i gcadhnraí (batairí) vanaidiam, ach is dócha go n-úsáidtear an chuid is mó den vanaidiam mar bhreiseán a chuirtear le cruach nó le hiarann. Cuireann an vanaidiam teacht aniar agus daingne san iarann, agus bíonn vanaidiam éigin sna cromfhearsaidí agus sna hacastóirí, mar shampla.

voltas (an voltas, an voltais) - Is é an voltas difríocht an phoitéinsil leictrigh idir dhá phointe, agus is é an volta an t-aonad a thomhaiseann é. Tá voltas éigin de dhíth le go bhféadfadh sruth leictreach a bheith ann idir an dá phointe seo, nó is éard is sruth leictreach ann, go bunúsach, ná iarracht an nádúir an difríocht phoitéinsil sin a laghdú. Is minic a chuirtear an ciorcad leictreach i gcomparáid le heas uisce: is é an voltas airde na heasa, agus is é an sruth leictreach sruth an uisce. Má ardaítear an voltas, laghdófar an sruth leictreach a fhreagraíonn don fhuinneamh chéanna. Úsáidtear voltais arda sna línte cumhachta, nó mar sin, is féidir an sruth leictreach a íosmhéidiú. Is féidir dearcadh ar na línte cumhachta mar fhriotóirí a tháirgeann teas, agus is leis an teas seo a chailltear fuinneamh. Tá an caillteamas sin ag brath ar an sruth, agus mar sin, is féidir an caillteamas a íosmhéidiú tríd an sruth a laghdú. Scéal eile áfach go mbíonn sé thar a bheith dainséarach don duine baint don líne ardvoltais, nó maróidh an turraing leictreach é ar an toirt.

xeanón (an xeanón, an xeanóin) - Is é an xeanón an dara ceann is troime de na triathgháis, agus an ceann is troime a bhfuil iseatóip chobhsaí aige. Le fírinne, tá naoi n-iseatóp nádúrtha ag an dúil seo, ach ar ndóigh, is féidir iseatóip radaighníomhacha a tháirgeadh go saorga. Tá iarsmaí beaga xeanóin san atmaisféar, timpeall ar 0.9 milliúnú cuid, agus nuair a scartar ocsaigin agus nítrigin an aeir ó chéile, faightear xeanón mar sheachthoradh in éineacht leis na triathgháis eile. Níl an xeanón araiciseach chun imoibriú leis na dúile ceimiceacha eile, ach is féidir leis an bhfluairín - an t-ocsaídeoir is láidire de na dúile ar fad - é a ocsaídiú, ionas go bhfaighfear fluairídí éagsúla xeanóin. D’éirigh leis na saineolaithe xeanón agus ocsaigin a cheangal d’ocsaídí xeanóin freisin. Tríd is tríd, áfach, bíonn comhdhúile an xeanóin éagobhsaí sophléasctha, go háirithe le teocht an tseomra. Úsáidtear xeanón sna lampaí xeanóin agus i ngléasra léasair.

zónóis (an zónóis, na zónóise; na zónóisí, na zónóisí) - Is é is ciall le zónóis ná galar ar féidir leis an duine é a tholgadh ó ainmhí. Zónóisí iad an t-antrasc, an confadh, an tsisteasóimiáis, an calar, an einceifileapaite spúinseach bhólachta (”galar na bó mire”, galar Creutzfeldt-Jakob) agus a lán eile.

January 2, 2011

Sliocht as “Banphrionsa Mharsa”

Aicmithe sna catagóirí: Literature

(According to Wikipedia, the original text is in public domain, thus no need to keep this translation protected either. Deir an Vicipéid - an ceann Béarla - go ndeachaigh cóipcheart an téacs seo as feidhm, agus mar sin bhain mé an glas den aistriúchán.)

BANPHRIONSA MHARSA

le
hEdgar Rice Burroughs

Do Jack, mo mhac, a thiomnaím

RÉAMHFHOCAL
Do Léitheoir an tSaothair seo:
Anois, agus mé ag cur lámhscríbhinn aisteach an Chaptaein Carter faoi do bhráid faoi chlúdach leabhair, creidim nach miste cupla focal a bhreacadh síos i dtaobh na pearsan neamhghnáiche seo.
An chéad rud is cuimhin liom ón gCaptaen Carter is ea an tréimhse cupla mí a chaith sé i dteach m’athar i Virginia, go gairid roimh thús an Chogaidh Chathartha. Ní raibh ionam ach leanbh cúig bliana d’aois, ach is maith is féidir liom pictiúr an fhir aird dhuibh mhín scafánta a fheiceáil os comhair shúil m’intinne a dtugainn ”Uncail Jack” air.
Ba dóigh leat nár stad sé riamh den gháire ba dual dó. Bhí sé ag súgradh leis na páistí chomh fonnmhar agus a bhí sé ag dul le caitheamh aimsire a chomhaoiseanna, agus bheadh sé chomh maith aige uair an chloig a chaitheamh ag ársaí téamaí le mo sheanmháthair faoin saol fiáin a bhí aige fud fad an domhain. Bhí an-ghrá againn go léir dó, agus ár gcuid ag adhradh an talaimh féin a bhí sé a shiúl.
Eiseamláir iontach fir a bhí ann, nó bhí sé breis is dhá orlach thar shé troighe ar airde, leathanghuailleach, caolchorrógach, agus siúl an tsaighdiúra oilte faoi. Bhí cuma rialta shnoite ar a cheannaithe, agus coinnle a meanman dílse daingne dásachtaí ar lasadh i súile liathghorma a chinn. Bhí sé chomh múinte béasach agus a bhí fear uasal an Deiscirt riamh.
Is é an Deisceart tír na marcach mór, ach ansin féin ba díol iontais agus ábhar ardmheasa an dóigh a bhí aige ar an gcapall. Ba mhinic a chuala mé m’athair ag tabhairt rabhaidh dó faoi chomh ceanndána a bhí sé agus é ar muin capaill, ach is é an gáire magúil an t-aon fhreagra a thugadh ár nUncail, agus é dianbharúlach nár saolaíodh an beithíoch go fóill a chaithfeadh dá mhuin é.
Nuair a phléasc an cogadh amach, thréig an tUncail sinn, agus ní fhaca muid teimheal de ar feadh cúig nó sé bliana déag. Lá amháin, áfach, d’fhill sé gan choinne, agus ba mhór an stangadh a baineadh asam nuair a fuair mé radharc air, nó níor fhág na blianta fada lorg ná rian air. Bhí an fear chomh hóg ina cholainn agus chomh hógánta ina aigne is a bhí riamh. Nuair a bhí an chuid eile againn ina chuideachta, ba é an fear lách cineálta céanna é, ach nuair a chreid sé nach raibh aon duine á fheiceáil, chaith sé na huaireanta fada ag breathnú amach sa spás, agus cuma na cumha is an mhí-ádha dholeigheasta air. Sin é an dóigh a gcaitheadh sé na hoícheanta féin, agus ní bhfuair mé amach cúis na réadóireachta sin ach na blianta ina dhiaidh sin, nuair a léigh mé a lámhscríbhinn.
Nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh, - a d’inis sé dúinn, - chuaigh sé go hArizona ar lorg óir, agus ó bhí tarraingt ar an airgead aige anois, ba léir gur éirigh leis. Ní raibh fonn air, áfach, a dhath a rá i dtaobh an tsaoil a bhí aige idir an dá linn.
D’fhan sé ar lóistín inár dteach-ne conablach bliana. Ina dhiaidh sin, thug sé aghaidh ar Nua-Eabhrac. Ansin dó, cheannaigh sé teach beag chois Abhainn Hudson. Bhí mise agus m’athair ag reáchtáil sreinge siopaí ar fud Virginia san am, agus nuair a théinn go Nua-Eabhrac le freastal ar chúrsaí ár ngnóthais, ba mhinic a thugainn cuairt ar an teach ar mo chamchuairt. Bothán cluthar compordach a bhí ag an gCaptaen ansin, agus é suite ar fhargán a thug radharc thar an abhainn dó. I ngeimhreadh na bliana 1885, thug mé ceann de na cuairteanna deireanacha ar an áit, agus chuir mé sonrú san obair scríbhneoireachta ina raibh an Captaen sáite. Ba é an saothar seo leanas a bhí idir lámhaibh aige, mar a thuigtear dom inniu.
San am seo, dúirt sé liom gur mhian leis go nglacfainn coimirce ar a eastát, dá n-éireodh a dhath dó, agus thug sé eochair dom a bhainfeadh an glas de rannóg amháin sa taisceadán ina sheomra oibre. Mhínigh sé dom gurb ansin a thiocfainn ar a thiomna, chomh maith le treoracha pearsanta ar leith a gcaithfinn cloí leo go dílis lena chuid gnóthaí iarbháis a shocrú.
I ndiaidh dom dul isteach chugam le mo chodladh a fháil, d’fhéach mé amach an fhuinneog agus cé a d’fheicfinn amuigh faoi sholas na gealaí ach eisean, agus é ina sheasamh ar imeall na coille bige os comhair Abhainn Hudson. Bhí sé ag síneadh a dhá lámh amach i dtreo na spéire, mar a bheadh sé ag impí ar chumhachtaí neimhe. Is é an tátal a bhain mé as an radharc seo gur ag guí a bhí sé, siúd is nár shíl mé riamh gur duine reiligiúnach nó cráifeach a bhí ann i gciall cheart an fhocail.
Na míonna i ndiaidh dom filleadh abhaile ón gcuairt dheireanach a thug mé air, - an chéad lá de Mhí an Mhárta, 1886, is dóigh liom, - fuair mé sreangscéal uaidh, agus é ag iarraidh orm teacht chuige a thúisce agus ab fhéidir. Bhí sé ní ba cheanúla orm riamh ná ar aon duine eile den ghlúin óg i dteaghlach Carter, agus mar sin, rinne mé a achainí gan mhoill.
Tháinig mé a fhad leis an stáisiún beag, faoi mhíle slí dá chuid tailte, go moch ar an 4 Márta 1886, agus nuair a d’iarr mé ar an ngíománach mé a thabhairt go teach an Chaptaein, is é an freagra a thug sé dom ná, más cara de chuid an Chaptaein a bhí ionam, go raibh drochscéala aige dom. Ar an maidin chéanna, le bodhránacht an lae, tháinig faireoir oíche an chomharsan ar an gCaptaen agus é marbh.
Ar chúis nó ar éigin, níor tháinig an nuacht seo aniar aduaidh orm ar aon nós. Bhrostaigh mé liom go dtína theach, ionas go bhféadfainn freastal ar a chorpán agus ar a chuid gnóthaí mar ba chuí.
An faireoir a rinne an fhionnachtain ar maidin, chomh maith le póilín na háite agus cuid mhaith de mhuintir na háite, fuair mé iad go léir romham, agus iad cruinnithe i staidéarlann bheag an Chaptaein. D’inis an faireoir dom an beagán a bhí le rá aige, agus dúirt sé go raibh an corpán te i gcónaí nuair a d’aimsigh sé é. Bhí an Captaen ina luí sa sneachta agus na lámha sínte uaidh, agus an ceann le himeall na coille bige. Nuair a thaispeáin an faireoir an áit dom, rith liom gurb ansin a chonaic mé an Captaen ag impí ar na spéartha, i bhfad roimhe sin.
Ní raibh aithne an fhoréigin ar an gcorpán. I ndiaidh do dhochtúir na háite é a thaighde agus a thuairim a thabhairt, bhí coiste an chróinéara sásta a shocrú gur taom croí a mharaigh an fear bocht. Nuair a bhí na cuairteoirí imithe, agus mise i m’aonar sa staidéarlann ina ndiaidh, d’oscail mé an taisceán agus tharraing mé amach na treoracha a d’fhág sé agam, mar a bhí geallta aige. Treoracha aisteacha a bhí ann i ndáiríre, ach mar sin féin, chomhlíon mé iad chomh dílis agus ab fhéidir liom.
D’ordaigh sé dom a chorpán a thabhairt go Virginia gan é a bhalsamú, agus é a chur i gcoifín oscailte sa tuama a thóg sé roimhe sin dó féin. Mar a fuair mé amach ina dhiaidh sin, bhí aeráil mhaith ansin. Chaithfinn féachaint chuige go pearsanta nach ndéanfaí scinneadh ar bith ó na treoracha, agus, fiú, súil a choinneáil ar na fir oibre ar chúla téarmaí, mura raibh an dara rogha ann.
De réir an tiomna, gheobhainn iomlán an úis go ceann cúig bliana fichead, agus ina dhiaidh sin, rachadh an bunairgead féin dom. Bhain na treoracha eile leis an lámhscríbhinn seo thíos. Bhí mé le hí a choinneáil faoi shéala, díreach mar a fuair mé romham í, go ceann aon bhliain déag, gan mé ná aon duine eile í a léamh, agus ní raibh mé le hábhar na lámhscríbhinne a nochtadh d’aon duine ach aon bhliain fichead i ndiaidh lá báis an Chaptaein.
Tá a chorpán ina luí san uaigh ina gcónaí. Níl ach aon ghlas amháin ar dhoras trom téagartha an tuama - glas mór millteanach órphlátáilte é, agus aisteach go leor, ní féidir é a oscailt ach ón taobh istigh.
Is mise le meas,
Edgar Rice Burroughs.

CAIBIDIL A hAON
SNA SLÉIBHTE IN ARIZONA
Fear thar a bheith sean mé, nó níl a fhios agam féin m’aois. Is féidir go bhfuil mé céad bliain, is dócha gur sine mé ná sin. Níl fúm mo chuid blianta a chuntas, nó ní dheachaigh mé in aois mar is dual do na daoine eile, agus ní cuimhin liom blianta mo chéad óige ach an oiread. A fhad is a théann mo chuimhne ar ais, ní raibh ionam riamh ach fear fásta tríocha bliain d’aois. Tá an chuma chéanna orm inniu agus a bhí dhá scór bliain ó sin, ach mar sin féin, feictear dom nach féidir liom fanacht beo go deireadh an domhain. Is dóigh liom, mar sin, go dtiocfaidh an lá a fhágfaidh marbh gan aiséirí mé. Níl a fhios agam an fáth go bhfuil eagla orm roimh an mbás, nó básaíodh faoi dhó mé cheana féin, agus mé beo bíogúil i gcónaí. Ach is é an eagla seo féin is cruthúnas dó, dar liom, go bhfuil mé chomh duthain leis an gcuid eile den chine dhaonna, dá fhad mo shaol.
Ó chreidim gur duine básmhar mé, chinn mé ar scéal suimiúil mo shaoil, mo bháis is m’aiséirí a bhreacadh síos. Ní féidir liom na himeachtaí seo a mhíniú ná ní féidir liom ach cur síos a thabhairt ar gach dár bhain dom le linn an deich mbliana a chaith mo chorpán ina luí maol marbh i gcúl na huaimhe in Arizona.
Níor inis mé an scéal seo d’aon neach beo roimhe seo, ná ní bhfaighidh duine daonna nó deoraí radharc ar an lámhscríbhinn seo sula mbeidh mé ar shlí na fírinne. Tá a fhios agam nach féidir le hintinn an ghnáthdhuine an rud a chreidiúint nach dtuigeann sí, agus mar sin, ní maith liom míchlú an bhréagadóra mhóir a tharraingt orm os comhair an tsaoil, nuair nach bhfuil mé ach ag insint gnáthfhíricí a gheobhaidh cruthúnas na heolaíochta an lá is faide anonn. Is féidir go gcuideoidh mo chuimhní cinn agus an tuiscint a fuair mé féin ar Mhars le lucht an léinn éirí eolach ar bhealaí rúndiamhracha an phláinéid is comharsa dúinn: nó ní rúndiamhrachtaí iad i mo shúile féin, a thuilleadh.
Eoin Mac Artúir atá orm, ach is é an t-ainm is fearr leis na daoine a thabhairt orm ná an Captaen Jack Carter ó Virginia. Nuair a tháinig deireadh le Cogadh Cathartha na Stát Aontaithe, ní raibh d’fháltas ná de mhaoin shaolta agam ach roinnt céad míle dollar de chuid an Deiscirt agus céim an Chaptaein i marcshlua an airm nach raibh ann a thuilleadh. An stát ar mhionnaigh mé dílseacht dó, chuaigh sé ar neamhní, agus bhí deireadh le cúis an Deiscirt. Ní raibh tiarna ná teaghlach agam, ná fiú an tslí bheatha ba dual dom, agus ní raibh le déanamh agam ach mo bhealach a dhéanamh siar ó dheas, áit a bhféachfainn le héiric m’fhortúin chaillte a bhaint as tír an óir.
Chaith mé conablach bliana ar lorg an óir in éineacht le hiar-oifigeach eile de chuid an Deiscirt, mar atá, an Captaen Séamas C. Ap Hywel ó Richmond. Bhí an t-ádh agus an dearg-ádh linn, nó nuair a bhí an geimhreadh ag druidim chun deireanais, thiar sa bhliain míle ocht gcéad a cúig is trí scór, agus sinn i ndiaidh teacht trí chruatán i ndiaidh cruatáin, fuair muid boladh de shíog ghrianchloiche a bhí chomh saibhir san ór is gur sháraigh sé an chuid ab fhiáine dár mbrionglóidí. Ó bhí oideachas agus oiliúint an innealtóra mianadóireachta ar Ap Hywel, bhí sé ábalta an breithiúnas a thabhairt go mbeadh an milliún dollar ar fáil dúinn ach trí mí a chur isteach ag obair ar an bpoll mianaigh.
Ó nach raibh againn ach uirlisí tútacha láimhe, chomhairligh muid go gcaithfeadh duine againn aghaidh a thabhairt ar an áitreabh daonna leis na hinnill a cheannach agus an lucht oibre a fhostú a cheadódh dúinn an poll mianaigh a oibriú mar ba chóir.
Ó bhí Ap Hywel ní b’eolaí ar na bólaí seo ná mise, gan aon trácht a dhéanamh ar na hinnill a bhí de dhíobháil orainn, bhí muid ar aon bharúil gurbh fhearr dósan an turas a dhéanamh. D’fhanfainn féin thiar ag coinneáil súile ar an ngabháltas, ar eagla go dtiocfadh sirtheoir taistil éigin eile trasna air ar a chamchuairt ar lorg an tsaibhris.
Ar an tríú lá de Mhí na Márta, míle ocht gcéad a sé is trí scór, luchtaigh muid ár dhá n-asal leis an lón a choinneodh an bheatha leis. Ansin, d’fhág mo chara slán agus beannacht agam agus chuaigh ar muin chapaill le dul síos an slios i dtreo an gleann, a thrasnódh sé leis an gcéad dreas eile dá thuras a chur isteach.
An mhaidin a d’imigh Ap Hywel, is geal gléigeal a tháinig an ball bán ar an lá, agus ní shamhlófá a mhalairt le hArizona. Ní bhfuair mé deacair ná doiligh mo chara agus a chuid ainmhithe a aithint i bhfad amach uaim, agus iad ag déanamh a mbealaigh anuas an sliabh go dtí an gleann. An chéad chuid den lá, d’fhaighinn corr-radhairc orthu agus iad ag dul ar aghaidh i measc na ndronn cnoic agus na n-ardchlár. Ar an trí a chlog iarnóna a chonaic mé an deireadh de mo chara, nuair a d’imigh sé ar mo shúile i measc na scáth, ar an taobh eile den ghleann.
Leath uair an chloig ina dhiaidh sin, rith liom súil a chaitheamh trasna an ghleanna, agus bhain sé geit asam trí phonc bheaga a thabhairt faoi ndeara san áit ina bhfaca mé mo chara agus a chuid ainmhithe an uair dheireanach roimhe sin. Ní dual dom buaireamh gan chúis, ach má bhí mé ag áitiú orm go raibh Ap Hywel ceart go leor, agus nach raibh ach antalóip nó capaill ar strae á leanúint, níor éirigh liom m’imní a mhaolú.
Ón lá a tháinig muid isteach thar teorainn, ní fhaca muid teimheal d’Indiach den chineál naimhdeach, rud a d’fhág gan aire gan airdeall sinn ar fad. Bhí sé de chlaonadh ionainn ár ngáire a dhéanamh faoi na scéalta sceimhle is uafáis a chuala muid faoi na sluaite síoraí acu a bhí, dar leis an scéalaí, ag coinneáil a súile ar na cosáin, agus iad ag marú is ag céasadh aon duine den chine gheal a gheobhadh é féin i mbraighdeanas ag na fáiteallaithe fiáine seo.
Bhí a fhios agam go raibh Ap Hywel gléasta chun troda leis na hIndiaigh ar gach bealach, an taithí a bhí aige ar an obair sin san áireamh. Bhí mé féin, áfach, i ndiaidh na blianta fada a chur isteach ag cogaíocht le Sioux an Tuaiscirt, agus thuig mé nach raibh mórán dóchais ann dó dá bhfaighfeadh sé é féin faoi léagar ag na hApaisigh chliste. Sa deireadh thiar thall, ghlac mé an cinneadh, thug liom an dá ghunnán Colt chomh maith le raidhfil mhór, agus chuaigh mé in airde ar mhuin chapaill le cosán Ap Hywel a leanúint.
A thúisce is a shroich mé an talamh mín, bhain mé bogshodar maith as mo chapall, agus mé ag leanúint liom mar sin, an áit a gceadódh an tírdhreach é. Nuair a bhí an lá ag tosú is ag diúltú dá sholas, tháinig mé a fhad leis an mball ina bhfaca mé rian na gcapall eile sna sálaí ag Ap Hywel. Níor tairneáladh aon chrú ar na capaill fhiáine sin riamh. Bhí siad ag cos in airde, agus triúr acu ann.
Lean mé liom go gasta, go dtí gur rug an oíche orm. Ansin, b’éigean dom fanacht leis an ngealach a solas a chaitheamh ar an gcosán romham amach. Ansin, fosta, a bhí d’uain agam mo mharana a dhéanamh, an raibh maith ar bith san obair seo. Is dócha nach raibh ann ach speabhraídí de mo dhéantús féin, agus gáire scigiúil i ndán dom ó Ap Hywel, a thúisce is a thiocfainn suas leis. Mar sin féin, b’fhearr liom riamh an tarcaisne ba mheasa a sheasamh ná mo dhualgas a fhágáil gan chomhlíonadh. Is dócha gurb é sin is bunúdar leis na honóracha a bhronn an trí phoblacht orm, gan aon trácht ar chomh mór is a d’éirigh mé leis an sean-Impire cumasach cumhachtach agus leis na ríthe is na ruirí eile a fuair áis mo láimhe agus iasacht mo chlaímh.
Faoina naoi a chlog, bhí mé in ann leanúint liom le solas na gealaí. Ní raibh sé deacair súil a choinneáil ar an lorg, agus siúl sách sciobtha fúm. Faoin meán oíche, bhain mé amach an tobar a bhí ceaptha mar áit champála ag Ap Hywel. Tháinig mé ar an mball seo beagnach i nganfhios dom féin, agus ní raibh sé le haithint air go ndearna aon duine stad nó cónaí ansin le déanaí.
Ba suim liom lorg na gcapall a bhí ag teacht sna sálaí ag Ap Hywel. De réir chosúlachta, níor stop lucht a ghéarleanúna ach ar feadh tamaillín, le sásamh a dtarta a tharraingt as an tobar, agus an chuma ar an scéal nach raibh sé in ann iad a chroitheadh de.
B’fhollasach dom anois gurb iad na hApaisigh a bhí ar lorg mo charad, agus iad dírithe ar breith air le sult a chéasta a bhaint as. Anois, chuir mé coiscéim chomh luath faoi mo chapall agus go raibh sé díreach contúirteach, agus mé ag áitiú orm in ainneoin na bhfíricí go mbeinn ábalta teacht suas leis na ruifínigh ruachraicneacha sula n-ionsóidís é.
Tháinig deireadh leis an áitiú sin, nuair a chuala mé macalla fannlag dhá urchar a scaoileadh i bhfad romham amach. Thuig mé go raibh mo lámh is mo ghunna ag teastáil ó Ap Hywel ní ba ghéire ná riamh, agus anois, chuir mé mo chapall ag rith chomh sciobtha agus a bhí sé in ann, suas na fargáin ar an gcosán cúng aistreánach seo.
Tar éis mo bhealach a streachailt ar aghaidh ar feadh corradh is míle gan tuilleadh a chloisteáil, tháinig mé gan choinne ar ardchlár beag oscailte, cóngarach don chuid is airde den chosán. Bhí mé díreach tar éis teacht trí fhothar scáthach, agus nuair a fuair mé romham an talamh réidh seo, tháinig alltacht agus uafás orm.
An beagán de thalamh mhín a bhí ann, bhí sé dubh le botháin de chuid na nIndiach, agus leathmhíle curadh rua ina gcruinneagán timpeall ar rud éigin faoi lár an champa. Bhí a n-aird ar fad ar an díol suime seo, ionas nár thug siad faoi deara mise, agus bheadh sé furasta agam aghaidh a thabhairt ar dhorchadas an fhothair arís le seangú liom as an áit slán sábháilte. Níor rith an smaoineamh sin liom ach ar an lá arna mhárach, agus mar sin, is ar éigean is féidir liom a rá gur fear mór laochais mé, cibé éacht a d’éirigh liom ar an lá sin.
Ní chreidim go bhfuil comhábhair an laoich ionam, nó siúd is gurb iomaí uair a fuair mé mé féin in aice an bháis, ní cuimhin liom aon ócáid amháin den chineál sin ina rithfeadh an t-éalú liom mar rogha ach tamall fada i ndiaidh an iomláin. Caithfidh sé go bhfuil sé greamaithe go smior i m’anam bealach an dualgais a roghnú thar bhealach an éalaithe, ós é sin an bealach is lú a luíonn ar m’intinn. Cibé faoi sin, ní raibh mé riamh in aiféala faoi nár rith liom cladhaireacht a chleachtadh in áit an chatha.
San ócáid áirithe seo, bhí mé, ar ndóigh, suite siúráilte gurbh é Ap Hywel ab ábhar suime dóibh, ach níl a fhios agam cé acu a bhí mo ghníomh ní ba luaithe ná mo smaoineamh, nó a mhalairt. A thúisce is a d’aithin mé cad é a bhí ar cois, rug mé ar an dá ghunnán agam, agus mé ag tabhairt ruathar ionsaí faoin treibh ar fad, ag lámhach romham go gasta agus ag búirfigh an méid a bhí i mo scamhóga. Ba é sin an cleas cogaidh ab fhearr a d’fhéadfadh rith liom, nó nuair a tháinig mé aniar aduaidh ar na fir chogaidh, chuir mé táinrith agus scaipeadh na mionéan iontu ar an toirt, ó shíl siad go raibh reisimint iomlán de shaighdiúirí anuas orthu. D’éalaigh siad i ngach treo ag triall ar a gcuid boghaí, saighead, agus raidhfilí.
An radharc a d’fhág siad ina ndiaidh chomh luath is a theith siad leo, má chuir sé faitíos orm, chuir sé ar buile mé chomh maith. Bhí Ap Hywel ina ghillire spréite faoi ghealach gheal Arizona, agus a chorp criathraithe ar fad le saighde na gcuradh rua. Ní raibh amhras ar bith ann go raibh sé marbh cheana féin, ach bhí mé chomh fonnmhar chun an marbhán a shábháil ón lot i lámha na nApaiseach is a bheinn chun an fear beo a shábháil ón mbás.
Ar mhuin mo chapaill dom, tháinig mé chomh cóngarach dó is gur shroich mé anuas ó mo dhiallait é. Rug mé ar a chrios cartús agus tharraing mé suas é trasna dhronnóga mo chapaill. Chaith mé súil ar mo chúl agus thuig mé go mbeadh sé i bhfad ní ba dainséaraí dul i bhfrithing ná leanúint liom trasna an mhachaire. Mar sin, shaighid mé faoi mo ghearrán bocht ruathar a thabhairt faoi bhéal an bhearnais a d’aithin mé ar an taobh eile den ardchlár uaim.
Faoin am seo, bhí a fhios ag na hIndiaigh go raibh mé i m’aonar. Chrom siad ar mé a leanúint, agus iad ag caitheamh mionna móra i mo dhiaidh chomh maith le saighde agus le piléir raidhfile. Ní bhíonn sé furasta, áfach, aimsiú maith a fháil le solas na gealaí. Thairis sin, bhí siad tógtha ó lár agam agus an dóigh ar tháinig mé aniar aduaidh orthu. Rud eile fós bhí mé ag marcaíocht go sciobtha. Mar sin, níor bhuail aon cheann de na diúracáin mharfacha mé, agus bhí mé imithe as radharc a súl faoi scáth na sléibhte máguaird sula raibh de sheal acu teacht ar mo lorg i gceart.
Bhí mo chapall ag déanamh a bhealaigh roimhe gan mise mórán tarraingt a bhaint as na srianta, nó shíl mé go raibh an t-ainmhí féin ní b’fhearr ag aithint cá mbeadh an bearnas. Is é an rud a tharla, áfach, gur tháinig sé ar chonair a bhí ag dul i dtreo mhullach an tsléibhe, seachas i dtreo an bhearnais a thabharfadh go dtí an gleann mé, áit a mbeinn slán sábháilte. Is dócha, áfach, gurbh amhlaidh ab fhearr dom. Mura roghnódh an capall an bealach contráilte, is féidir go maródh na hApaisigh mé, agus ar aon nós, ní bhainfeadh na heachtraí dom a bhí i ndán dom i rith an deich mbliana eile.
Fuair mé amach nach raibh mé ar an gcosán ceart, nuair a d’aithin mé go raibh gutha na nApaiseach ag éirí ní ba laige i bhfad ar an lámh chlé uaim.
Bhí a fhios agam ansin go raibh siad tar éis dul timpeall na gcarraigeacha mantacha ar imeall an ardchláir, ar deis ón áit ar thug an capall mise agus corpán Ap Hywel.
Theann mé srian ar rinn bheag leibhéalta áit a raibh radharc agam ar an gcosán thíos. Ar chlé uaim chonaic mé na hApaisigh a bhí ar mo lorg roimhe seo, agus iad ag imeacht uaim taobh thiar den chéad bhinn eile.
Bhí a fhios agam nach mbeadh na hIndiaigh i bhfad ag fáil amach go raibh siad ag dul ar strae agus go dtiocfaidís ar mo thóir sa treo ceart arís nuair a chuirfidís sonrú sa lorg a d’fhág mé i mo dhiaidh.
Ní raibh ach beagán slí curtha isteach agam ón áit sin nuair a d’aithin mé bóithrín iontach ag dul timpeall aghaidh ardcharraige. Bealach leibhéalta a bhí ann agus é leathan go maith. Bhí sé ag dreapadh suas an fánán agus do mo thabhairt sa treo a bhí ag teastáil uaim, a bheag nó a mhór. Bhí an aill ar an taobh deas díom na céadta troigh ar airde, agus ar an taobh clé, chuaigh an duibheagán an oiread céanna síos go tóin an altáin chlochaigh.
Tar éis dom timpeall ar chéad slat den bhóithrín sin a chur isteach fuair mé romham béal na huaimhe móire i ndiaidh cor géar bealaigh. Bhí an craos seo ceithre troighe ar airde agus trí nó ceithre troighe ar leithead, agus ba é deireadh an bhóithrín é.
Bhí an mhaidin ann faoin am seo. Mar is dual d’Arizona, iontach go leor, rug an lá úr orm gan súil gan choinne.
Thuirling mé de mhuin an chapaill agus chuir mé Ap Hywel ina luí ar an talamh. Rinne mé diantaighde ar an bhfear bocht, ach níor aithin mé léaró na beatha air a thuilleadh. D’fháisc mé deoir uisce as mo cheaintín isteach idir a liopaí marbha, nigh mé a aghaidh agus chuimil mé a lámha. Chaith mé uair an chloig, beagnach, ag iarraidh aiséirí a bhaint as, cé go raibh a fhios agam, i ndiaidh an iomláin, go raibh sé marbh.
Bhí mé ceanúil agus rócheanúil ar Ap Hywel. Fear den chéad scoth a bhí ann ar gach aon dóigh. Fear uasal ón Deisceart a bhí ann, agus é ina chara dhílis gan a leithéid eile. Mar sin, ba leasc liom deireadh súile a bhaint de agus éirí as an iarracht chiotach a rinne mé é a athbheochan.
D’fhág mé corpán Ap Hywel san áit a raibh sé ar an bhfargán agus chuaigh mé isteach san uaimh le súil a chaitheamh timpeall. Fuair mé romham seomra mor a bhí céad troigh ar trastomhas agus tríocha nó dhá scór troigh ar airde. Bhí an t-urlár slim sleamhain ag na mílte cos a shiúil é i rith na gcianta, agus ba léir ar a lán dóigheanna eile fosta go raibh daoine ina gcónaí ansin, anallód. Bhí cúl an tseomra dubh le dorchadas, ionas nach raibh mé in ann a aithint, an raibh comhlaí agus seomraí eile ansin freisin.
Ag déanamh mo thaighde ar fud na háite dom, mhothaigh mé toirchim thaitneamhach suain ag teacht orm. De réir chosúlachta, bhí tuirse orm i ndiaidh an turas fada a chur díom ar muin chapaill, gan aon trácht a dhéanamh ar sceitimíní na troda agus na tóraíochta. Bhí mé réasúnta sábháilte mar a raibh mé, ó bhí a fhios agam go mbeadh aon duine amháin ábalta an uaimh seo a chosaint ar na sluaite síoraí féin.
Go gairid ina dhiaidh sin, áfach, thosaigh mo chodladh ag titim orm. Tháinig fonn láidir orm mé féin a chaitheamh i mo luí ar urlár na huaimhe le cúpla nóiméad scíthe a ligean, ach san am chéanna, bhí mé cinnte gurbh é mo chabhóg é, nó d’fhéadfadh na hIndiaigh a bheith anuas orm ar an toirt. Nuair a chuir mé caol orm le cúpla coiscéim a thógáil i dtreo bhéal na huaimhe, theip orm go hiomlán, nó ní dhearna mé ach taca a bhaint as an taobh-bhalla mar a bheinn ar meisce. Ansin, shleamhnaigh na cosa uaim, ionas gur fágadh i mo spréiteachán ar an urlár mé.

CAIBIDIL A DÓ
MAR A THÁINIG MÉ SLÁN ÓN mBÁS
Ghabh mothú deas brionglóideachta mé, agus mo chuid matán ag cailleadh an teannais. Bhí mé ar tí géilleadh don chodladh, nuair a chuala mé trostal na gcapall ag teacht i mo chóngar. Thriail mé seasamh suas, ach ansin, tuigeadh dom nach raibh mo chorp ag freagairt do mo thoil, rud a bhain scanradh thar na bearta asam. Bhí mé i mo dhúiseacht anois, ach ní raibh mé in ann oiread is aon mhatán amháin a bhogadh - shílfeá gur cloch a bhí ionam. Ba ansin a thug mé faoi deara an chéad uair go raibh sórt gal san aer ar fud na huaimhe. Gal iontach éadrom a bhí ann nach raibh le feiceáil ach amháin le solas an lae a bhí ag teacht isteach ó bhéal na huaimhe. D’aithin mé boladh cineál géar i mo shrón, agus is é an chéad mhíniú a rith liom gur gás nimhe éigin a chnag as mo sheasamh mé, ach níor thuig mé conas a bhainfeadh an nimh lúth mo ghéag díom gan néal a chur ar m’intinn.
Mar a raibh mé i mo luí bhí m’aghaidh le béal na huaimhe agus radharc agam ar an raon gairid den chosán a bhí idir an uaimh agus an áit a raibh an aill ag casadh, agus an cosán ag dul ina timpeall. Ní raibh torann na gcapall le cloisteáil a thuilleadh, agus shíl mé go raibh na hIndiaigh ag teacht i mo threo ar chúla téarmaí timpeall ar feadh an fhargáin bhig. Is cuimhin liom go raibh dóchas agam go maróidís ar an toirt mé, nó níor theastaigh uaim go gcéasfaidís mé ar na dóigheanna éagsúla a rithfeadh leo dá mbeadh an fonn sin orthu.
Go gairid ina dhiaidh sin, chuala mé torann beag a thug rabhadh dom go raibh na hIndiaigh chugam. Ansin, chonaic mé an chéad aghaidh a raibh stríoca den dath cogaidh trasna uirthi agus an cafarr os a cionn, agus na súile fiáine fiachmhara ag freagairt mo radhairc. Bhí mé suite siúráilte go raibh sé in ann mé a aithint, dorcha is uile mar a bhí sé istigh ansin, nó bhí bodhránacht an lae ag taitneamh orm trí bhéal na huaimhe.
Cheapfá go ndéanfadh an buachaill seo ruathar orm, ach ní dhearna sé a dhath den chineál sin. D’fhan sé mar a raibh sé, agus é ag stánadh is ag starógacht leis. Rinneadh caora móra dá shúile, agus thit a smig síos. Ansin, tháinig tuilleadh acu, an dara fear, an tríú agus an ceathrú agus an cúigiú duine acu, agus gach duine acu ag iarraidh a mhuineál a shíneadh amach thar ghuaille na bhfear eile, ó nach dtiocfaidís timpeall ar a chéile ar an bhfargán caol. Bhí coinnle sceimhle agus scanraidh i súile gach duine, ach ní raibh a fhios agam cén fáth, agus níor fhoghlaim mé fios fátha ná siocair an scéil seo ach i gceann deich mbliana eile. Bhí Indiaigh eile taobh thiar díobh seo, nó ba léir go raibh na ceannasaithe ag labhairt i gcogar leo.
Go tobann, tháinig cineál liú as duibheagáin na huaimhe taobh thiar díom, agus más lag féin a bhí sé, chloisfeá go soiléir é. D’iompaigh na hIndiaigh ar shiúl uaim a thúisce is a d’aithin siad é, agus tháinig táinrith iontu le teann sceimhle. Bhí siad chomh scanraithe ag déanamh a n-éalú ón áit is gur thit fear acu de na fargáin agus treascraíodh in éadan na gcloch thíos é. Chuaigh macalla a scréacharnaí timpeall an chainneoin ar feadh tamaillín, agus ansin, bhí an saol ciúin ar fad arís.
An fhuaim a chuir ruaigeadh ar na hIndiaigh níor chualathas in athuair í, ach ba leor a raibh cloiste agam le mé a chur ag déanamh mo mharana ar pé uafás a bhí folaithe sa dorchadas taobh thiar. Rud coibhneasta é an faitíos, agus ní féidir liom cur síos a thabhairt ar na mothúcháin a chuaigh tríom an uair sin ach mé iad a chur i gcomparáid leis an dóigh a ndeachaigh mo chuid eachtraí i gcion orm roimhe sin agus ina dhiaidh. Is é an t-aon rud a thig liom a rá, ná, más eagla a bhí ann, go nguím trócaire Dé ar gach cladhaire, nó fuair sé pionós a chladhaireachta má bhí sé riamh chomh scanraithe is a bhí mise an uair sin.
An fear a chaith a shaol ag cur catha ar a shon, agus é i dtuilleamaí a chuid matán láidir riamh, is ar éigean is féidir leis a bheith in aon fhaopach ba scanrúla ná seo, is é sin, pairilis a bheith air a cheanglaíonn go dlúth den talamh é, agus arrachtach dofheicthe aineoil éigin ag bagairt air atá chomh huafásach is go gcuireann a radharc féin na hApaisigh chalma chogúla ag teitheadh lena n-anam.
Uair i ndiaidh a chéile, d’aithin mé tormán lag taobh thiar díom mar a bheadh duine éigin ag bogadh leis go ciúin cúramach, ach sa deireadh, ní raibh an oiread seo féin le cloisteáil, agus fágadh mé ag déanamh mo mharana ar an gcruachás ina raibh mé. Ní raibh mé in ann ach ballaíocht tuairime a thabhairt ar chúis na pairilise, agus ní raibh de dhóchas agam ach go mbainfí díom í chomh luath is a tháinig sí orm.
D’fhan mo chapall ar feadh i bhfad os comhair na huaimhe agus é ag tarraingt na srianta ina dhiaidh, ach nuair a thosaigh an tráthnóna ag druidim chun deireanais, d’iompaigh an capall ar ais ar an gcosán, agus é ag teannadh uaim go malltriallach. Is dócha go raibh uisce agus bia ag teastáil uaidh. D’fhág sé i m’aonar mé, gan de chuideachta agam ach an t-arrachtach diamhair dofheicthe agus corpán marbh mo chara, corpán a bhí beagnach as radharc mo shúl ar an bhfargán mar ar chuir mé é go luath ar maidin.
Fágadh an saol i mo thimpeall ina thost, chomh ciúin leis an mbás féin, go dtí gur tháinig an meán oíche. Nó ba ansin, a bheag nó a mhór, a thosaigh an liú ba chuimhin liom ón maidin arís, ag teacht aniar aduaidh orm ar fad. D’aithin mé tormán na gluaiseachta sna scáilí dubha arís, chomh maith le siosarnach fhannlag na nduilleog dreoite. Má bhí mo chuid néaróg á streachailt as a chéile cheana féin, ba drochbhuille gan a leithéid eile é seo, agus rinne mé iarracht a thuillfeadh clú agus cáil don osduine féin leis na geimhle seo a chroitheadh díom. Iarracht anama a bhí ann, iarracht na néaróg is na tola, seachas iarracht na matán, nó ní raibh mé ábalta oiread is an mhéar bheag a ardú. Mar sin féin, ba mhillteanach an iarracht a bhí ann, agus bhí toradh uirthi. Nó is amhlaidh a ghéill rud éigin dom. Tháinig samhnas orm ar feadh soicinde, ansin chuala mé cnag géar mar a bheadh sreang cruach á briseadh, agus ina dhiaidh sin fuair mé mé féin i mo sheasamh droim le fraigh le haghaidh a thabhairt ar mo námhaid aineoil.
Agus ansin las an uaimh suas le solas na gealaí. Is éard a chonaic mé os mo chomhair ná mo chorp féin díreach mar a bhí sé ina luí roimhe sin. Bhí na súile ag starógacht ar an bhfargán oscailte agus na lámha spréite ar an talamh faoi mar nach mbeadh lúth ar bith fágtha iontu. Chaith mé súil ar an gcorpán maol marbh ar an urlár ar dtús, ansin d’amharc mé anuas orm féin, agus an dubhiontas orm. Nó bhí mé i mo luí thall ansin faoi mo chuid éadaí go léir, agus san am chéanna, bhí mé i mo sheasamh i mo chraiceann dearg anseo, direach mar a bheadh páiste nuabheirthe ionam.
Ní raibh súil ná coinne agam lena leithéid. Ar feadh nóiméid, ní raibh mé in ann ach iontas a dhéanamh den traschlaochlú aisteach seo. Ba é an chéad rud a rith liom gurbh é seo an bás agus go raibh mé go fírinneach tar éis an léim a ghearradh ón saol seo go dtí an saol eile. Ach ní raibh mé in ann an scéal seo a chreidiúint i gceart, nó mhothaigh mé mo chroí ag bualadh buillí troma taobh istigh de mo chuid easnacha i ndiaidh na n-iarrachtai a rinne mé slabhraí na pairilise a chaitheamh díom. Bhí an anáil i mbarr mo ghoib agam agus an fuarallas ag tonnadh as gach póir ionam ó bhearradh go diúra. Bhain mé liomóg asam féin, agus chruthaigh an turgnamh seanársa seo go raibh mé chomh beo bíogúil is a bhí riamh.
Ansin, áfach, chuala mé an liú aisteach arís as duibheagáin na huaimhe, rud a tharraing m’aird ar an saol i mo thimpeall ar an toirt. Ó nach raibh mé faoi arm ná faoi éadaí, níor theastaigh uaim dúshlán an arrachtaigh dhofheicthe a thabhairt.
Bhí mo ghunnáin ceangailte de mo chorpán mharbh nach bhfuair mé ó mo chroí baint dó. Bhí mo chairbín istigh sa truaill, bhí an truaill ceangailte de mo dhiallait, agus an capall imithe leis an diallait. Mar sin, ní raibh gléas mo chosanta féin agam. Bhí an chuma ag teacht ar an scéal nach raibh de rogha agam ach teitheadh le m’anam. Spreagadh breise dó seo ab ea é gur chuala mé an tsiosarnach arís, nó is é an tátal a bhain mé as go raibh an t-arrachtach ag téaltú a bhealaigh i mo threo faoi choim an dorchadais.
Ó nach raibh seasamh na gcathuithe ionam a thuilleadh, phreab mé amach ar bhéal na huaighe ar an bhfargán. Oíche ghlan réabhghealaí a bhí ann mar is minic in Arizona, agus nuair a tharraing mé lán mo scamhóg d’aer glan na sléibhte, ba ola ar mo chroí é, nó mhothaigh me beo nua agus misneach úr ag sní tríom. D’fhan mé i mo sheasamh ar bhruach an fhargáin agus aiféaltas orm as an eagla a ghlac mé istigh san uaimh gan fios fátha ná siocair, mar a chonacthas dom anois. D’áitigh mé orm féin gur chaith mé na huaireanta fada istigh ansin i mo ghillire gan oiread is ardú aon mhéire amháin ionam, agus nach ndearna duine beo ná beithíoch dochar ná damaiste ar bith dom san am sin. Mar sin, shocraigh mé liom féin, de réir na loighice ba dual d’fhear chiallmhar, go raibh cúis nádúrtha neamhdhíobhálach éigin leis an liú a chuala mé. B’fhéidir go raibh a leithéid de dhéanamh ar an uaimh agus go mbainfeadh soinneán beag gaoithe an liú géibhinneach sin aisti.
Chinn mé ar mo thaighde féin a dhéanamh air sin, ach roimhe sin, d’ardaigh mé mo cheann le mo scamhóga a líonadh le haer glan spreagúil na sléibhte. Nuair a rinne, chonaic mé taobh thíos díom radharc álainn an altáin chreagaigh agus an mhachaire lán cactais. Iontach is uile mar a bhí an radharc sin de ló, d’iompaigh an oíche ina mhiorúilt niamhrach dhraíochtúil é.
Is beag iontas in Iarthar Mheiriceá a thugann a leithéid d’inspioráid don duine agus fiántas álainn Arizona faoi sholas na gealaí: na sléibhte geala ag fíor na spéire, na soilse agus na scáilí aisteacha ar an dronn cnoic agus i bhfearsaid thirim an ghaotha, agus mionsonraí áille aisteacha na gcactas righin. Shílfeá go mbeifeá suite ar domhan eile, domhan marbh dearmadta, domhan difriúil lenár ndomhan féin.
Agus mé i mo shuí ansin ag déanamh mo mharana, d’ardaigh mé mo shúile i dtreo na mílte réaltaí a bhí ag glioscarnaigh os mo chionn, agus iad ag cur le háilleacht an radharcra go cuí is go cuibhiúil. Bhí réalta mhór dhearg ar crochadh in aice leis an léaslíne i gcéin, réalta a tharraing m’aird uirthi féin, agus nuair a bhreathnaigh mé uirthi, chuir sí draíocht dhochloíte orm. Ní réalta cheart a bhí ann ach pláinéad, Mars féin, nó Dia an Chogaidh, agus ós fear mór catha agus cogaidh a bhí ionamsa, bhí luí ar leith agam leis an bpláinéad dearg riamh. Nuair a bhí mé ag amharc air an oíche úd i bhfad bhfad ó shin, mhothaigh mé go raibh sé ag scairteadh orm trasna na bhfolús dochuimsitheach, go raibh sé ag iarraidh mé a bhréagadh chuige, go raibh sé do m’aomadh mar a aomann an maighnéad iarann.
An chumha a tháinig orm ní raibh mé in ann í a chloí. Dhún mé mo shúile, agus mé ag síneadh amach mo lámh i dtreo dhia mo ghairme. Go tobann, mhothaigh mé go raibh mé do mo tharraingt trí fhairsinge an spáis. Ar feadh meandair ní raibh ann ach fuacht millteanach agus dorchadas dubh.

CAIBIDIL A TRÍ
MAR A THÁINIG MÉ AR DHROIM MHARSA
Nuair a d’oscail mé mo shúile arís, chonaic mé radharcra ait aisteach romham. Bhi a fhios agam go raibh mé ar Mhars, go raibh mé i seilbh mo chéille, agus go raibh mé i mo dhúiseacht. Ní raibh mé i mo chodladh, agus ní raibh gá le cleas na liomóige a thuilleadh. Bhí mé ar Mhars, agus bhí a fhios agam é chomh suite siúráilte agus atá a fhios agatsa go bhfuil tú ar dhroim an Domhain. Níl amhras ar aon duinne againn faoin bpláinéad ar a bhfuilimid.
Fuair mé mé féin i mo luí ar mo bholg ar thalamh a bhí clúdaithe le fásra donnbhuí nó liathbhuí agus é ag síneadh amach i ngach treo na mílte slí amach uaim. Ba dóigh liom go raibh mé suite in imchuach mhór dhomhain ar déanamh fáinne, agus d’aithin mé cnocáin ísle neamhrialta timpeall na himchuaiche sin.
Meán lae a bhí ann, agus an ghrian ag scaladh ar mo cholainn lom le hiomlán a fuinnimh, ionas go raibh teaspach ag teacht orm, ach le fírinne, ní raibh sé ní ba mheasa ná mar a bheadh i bhfásach Arizona. Anseo agus ansiúd a chonaic mé carraig ghrianchloiche ar bharr lasrach le solas na gréine. Píosa maith ar chlé uaim, cead slat ar fad b’fhéidir, a bhí clós nó bábhún íseal, ceithre troighe ar airde, is dócha. Ní raibh uisce ar bith le feiceáil, ná fásra ar bith eile seachas an caonach liathbhuí, agus ó bhí an tart ag breith orm, chinn mé ar shúil a chaitheamh i mo thimpeall.
Nuair a d’éirigh mé i mo sheasamh, tháinig imthoscaí Mharsa aniar aduaidh orm an chéad uair, nó cé nár chuir mé mo chuid matán thar an iarracht a d’ardódh as mo luí mé ar an Domhan, is é an rud a rinne mé i m’ainneoin ná preabadh suas go hairde trí slata. I ndiaidh na léime, áfach, thuirling mé go bog ar an talamh, agus níor mhothaigh mé turraing ná pian. Anois, b’éigean dom cúrsa oiliúna a chur díom a fuair mé fíoraiféiseach san am sin féin: chaithfinn siúl mo chos a fhoghlaim in athuair. An saothar a chaithfinn a chur ar mo chuid matán le mo bhealach a dhéanamh go siúráilte sábháilte ar dhroim an Domhain, is aisteach ar fad an phocléimneach a bhainfeadh sé asam ar Mhars.
In áit a bheith ag máirseáil ar aghaidh go stuama ciallmhar, is éard a tharla dom agus mé ag iarraidh coisíocht a dhéanamh, ná gur ghearr mé sraith léimeanna a thóg mo shála dhá nó trí troithe ón talamh ag gach coiscéim, agus i ndiaidh an dara nó an tríú léim, fuair mé mé féin i mo spréiteachán ar mo bholg nó ar fhleasc mo dhroma. Bhí mo chuid matán i dtaithí an Domhain, ach anois, chaithfinn iad a chur in oiriúint do Mhars, áit a bhfuil an imtharraingt níos laige agus brú an aeir níos ísle.
Bhí mé dírithe, áfach, scrúdú éigin a dhéanamh ar an gcró íseal, ó ba é an t-aon leid go raibh áitreabh ann ar aon nós. Mar sin, rith an smaoineamh maith liom cromadh ar ais ar an dóigh a ndéanann na páistí a mbealach sula bhfuil siúl na gcos foghlamtha acu. Is é sin, thosaigh mé ag snámh ar an talamh. D’éirigh an iarracht seo liom maith go leor, agus i ndiaidh cúpla nóiméad, bhí an balla íseal timpeall an chlóis sroichte agam.
De réir dealraimh, ní raibh doras ná fuinneog ar bith sa taobh den bhalla a bhí iompaithe in aice liom, ach ós rud é nach raibh an balla ach ceithre troithe ar airde, d’éirigh mé i mo sheasamh go cúramach agus chaith mé spléachadh isteach thar an mballa. An radharc a chonaic mé ansin, sháraigh sé a bhfaca mé riamh, chomh coimhthíoch is a bhí sé.
Bhí díon an chlóis déanta as gloine dhaingean a bhí ceithre nó cúig orlaí ar tiús, agus taobh thíos den díon sin a bhí na céadta ubh mhóra, iad ar déanamh an mhill agus chomh bán le sneachta. Bhí na huibheacha beagnach mar a chéile ar a méid, nó bhí gach ceann acu timpeall is dhá throigh go leith ar trastomhas.
Tháinig cúig nó sé cinn acu as an ubh cheana féin, agus iad ina suí ar an talamh ag caochadh a súl in aghaidh na gréine. Torathair uafásacha a bhí iontu, le fírinne, chomh huafásach is gur shíl mé go raibh mé ag dul as mo mheabhair. Ní raibh in aon cheann acu ach cloigeann mhór a raibh colainn bheag sheang aici. Bhí muineál fada acu, chomh maith le sé chos - nó, mar a d’fhoghlaim mé ní ba déanaí, dhá lámh, dhá chos agus dhá ghéag idir eatarthu a bhféadfaidís úsáid na lámh nó na gcos a bhaint astu. Bhí na súile suite ar dhá thaobh na cloigne beagáinín ní b’airde ná an lárphointe, agus iad ag gobadh amach ionas go raibh sé indéanta iad a dhíriú ar aghaidh nó ar gcúl, agus iad ag casadh beag beann ar a chéile. Mar sin, bhí an t-ainmhí aisteach seo ábalta spléachadh a chaitheamh ar gach taobh, nó fiú ar dhá thaobh san am chéanna, gan a mhuineál a chasadh.
Bhí na cluasa suite traidhfil bheag ní b’airde ná na súile, agus iad ní ba chóngaraí dá chéile. Ní raibh iontu ach dhá aeróg ar déanamh cupáin agus iad ag gobadh orlach amháin amach ón mblaosc ag na ceanna beaga seo. Maidir leis an tsrón, ní raibh inti ach dhá scoilt fhada i lár na haghaidhe, agus iad leath bhealaigh ón mbéal go dtí na cluasa.
Ní raibh clúmh ar bith ar a gcolainneacha, agus má bhí dath ar bith iontu, bhí siad idir bhuí agus uaine. Mar a fuair mé amach go gairid ina dhiaidh seo, bíonn na ceanna fásta ar ghlaise na holóige, agus an dath seo níos dorcha ag na fireannaigh ná ag na baineannaigh. Thairis sin, ní bhíonn cloigneacha na gceann fásta chomh mór sin i gcoibhneas na colainne.
Tá imreasc na súile chomh dearg le fuil, mar a bhíonn ag an mbánaí, ach tá a mhac dubh dorcha ar fad. Tá meall na súile geal gléigeal, chomh maith leis na fiacla. Agus maidir leis na fiacla, ní dhéanann siad ach tuilleadh fíochmhaireachta a chur le cuntanós atá scanraitheach cheana féin, nó sroicheann starrfhiacla cuaracha an drandail íochtaraigh suas go dtí an áit ina mbeadh súile an daonnaí ón Domhan. Tá na fiacla chomh geal is go bhfuil siad níos cosúla leis an bpoirceallán ná leis an eabhar. Nuair a fheicfidh tú na starrfhiacla gealbhána os comhair an chraicinn uaine, bainfidh an radharc féin geit as, agus is eagal duit mar ghléas catha iad.
Níor thug mé an chuid ba mhó de na mionsonraí ach i bhfad ina dhiaidh sin, nó ní raibh d’uain agam mórán marana a dhéanamh ar an bhfionnachtain seo san am chéanna. Bhí sé aitheanta agam go raibh na huibheacha díreach ag aibiú, agus nuair a bhí mé ag déanamh iontais de na torathair bheaga agus iad ar tí teacht chun saoil, níor thug mé faoi deara go raibh scór iomlán de na ceanna fásta ag téaltú i mo threo ó mo chúl.
Ó rinne siad a mbealach trasna an bhogaigh bhoig chiúin a chlúdaíonn an chuid is mó de dhromchla Mharsa amach ón leac oighir ag an dá phol agus na limistéir scaipthe churadóireachta, d’fhéadfaidís mé a cheapadh agus príosúnach a dhéanamh díom in iompú na boise, ach le fírinne bhí fuadar i bhfad ní ba duairce fúthu. An rud a thug rabhadh dom ná an ghliogarnach a rinne feisteas an chéad fhear acu.
Díol iontais dom féin go bhfuil mé i mo bheo i gcónaí, agus rud chomh beag sin idir mé agus an bás. Murach gur bhog raidhfil an cheann feadhna de na ceangail, ionas gur bhuail sí faoi bhun a shleá móire a raibh bianna miotail uirthi, is dócha go marófaí ar an mball sin mé, agus nach mbeadh a fhios agam riamh mé a bheith i gcontúirt an bháis. Ach nuair a chuala mé an chliotaráil bheag, d’iompaigh mé sna sálaí agam, agus céard a d’fheicfinn ach an tsleá mhillteanach sin, dhá scór troigh ar fad, agus gan oiread is deich dtroithe idir í agus mo bhrollach. Bhí rinn na sleá déanta as miotal a bhí ag glioscarnaigh faoi sholas an lae, agus an t-arrachtach a bhí á coinneáil, bhí sé ina oidhre ar na diabhail bheaga a raibh mé ag amharc orthu roimhe sin.
Más torathair féin a bhí iontu siúd, ní raibh iontu ach geospail gan urchóid i gcomparáid le hionchollú abhalmhór uafásach seo na gránach, an díoltais agus an bháis. An fear féin, más ceadmhach dom fear a thabhairt air, bhí sé cúig troithe déag ar airde, agus dá n-aistreofaí ar dhroim an Domhain é, bheadh sé ceithre chéad punt ar mheáchan. Bhí sé ar muin ar bheithíoch aisteach marcaíochta díreach mar a bheadh duine againn ar muin chapaill, agus é ag breith greama ar chabhail an bheithígh lena ghéaga íochtaracha. Bhí an dá lámh dheasa ag coinneáil na sleá millteanaí thíos le taobh an bheithígh, agus an dá lámh chlé sínte amach lena mheáchan a chothromú, ó nach raibh srianta ar bith aige.
Maidir leis an mbeithíoch marcaíochta, m’anam don diucs más féidir liom cur síos a thabhairt air le focail an Domhain s’againn! Bhí sé deich dtroithe ar airde ag an ngualainn, agus ceithre chos ar gach taobh de. Bhí eireaball leata aige agus é ní ba mhó ag a rinn ná ag a bhun, agus é á dhíriú amach ag an ainmhí nuair a bhí sé ag rith. Bhí craos béil ag an ainmhí a scoiltfeadh a cheann ó smut go muineál, agus ba mhór téagartha an muineál é.
Ní raibh clúmh ar bith ar an mbeithíoch, ach oiread leis an marcach, ach bhí sé dorcha slinnliath, agus mothú slim sleamhain ina chraiceann. Bhí a bholg bán, ach d’éirigh an cneas ábhairín ní ba dorcha ag dul anuas na cosa, nó bhí dath láidir buí iontu ag na rúitíní. Bhí lapaí boga móra faoi na cosa, ach ní raibh ingne ann, rud a chuidigh leis an ainmhí a bhealach a dhéanamh go ciúin. Saintréithe tipiciúla iad seo ag ainmhithe Mharsa. Níl ingne forbartha ach ag an duine agus ag ainmhí amháin eile, an t-aon mhamach ar Mhars, agus níl ainmhithe crúbacha ar bith ann.
Bhí naoi ndiabhal déag eile den tsaghas chéanna ag teacht sna sálaí ag an gcéad cheann seo. Ní aithneoinn thar a chéile iad san am, ach ní ba deireanaí, d’fhoghlaim mé go bhfuil saintréithe indibhidiúla ag na neacha seo chomh maith le daoine dár gcineál féin. Nuair a d’iompaigh mé i leith an radhairc seo - tromluí na súl oscailte seo ba chirte dom a rá - ar thug mé cur síos chomh fadaraíonach sin air, ní raibh ann ach aon imprisean sciobtha scanrúil, mar a chonaic mé le súile mo chinn os mo chomhair é.
Ó nach raibh léine ar mo dhroim ná arm i mo lámh, ba í an chéad fhuascailt a rith liom ná an tsleá bhagrach a sheachaint. Mar sin, ghearr mé léim den chineál osdaonna ba dual do dhuine ón Domhan ar Mhars, agus mé ag iarraidh teacht sa mhullach ar an ngoradán - nó tuigeadh dom gur goradán ab ea an clós aisteach a ndearna mé staidéar air.
Ní raibh súil agam le chomh maith a d’éirigh an iarracht seo liom, nó má bhain sé geit asam féin tháinig sé aniar aduaidh ar na curaí a bhí do mo thóraíocht, nó d’eitil mé deich dtroithe fichead ar fad in airde agus thuirling mé céad troigh ar shiúl ón áit a raibh mé, glan oscartha ar an taobh eile den ghoradán.
Tháinig mé anuas ar an gcaonach bog gan tuairt gan turraing, agus nuair a d’iompaigh mé le súil a chaitheamh ar mo chuid náimhde, chonaic mé ina scuaine iad ar feadh an bhalla ar an taobh thall díom. An chuma a bhí ar chuid acu d’fhoghlaim mé ina dhiaidh sin gurbh í gnúis an dubhiontais í, agus an chuid eile ní raibh siad ach sásta a thabhairt faoi deara nach ndearna mé dochar ná díobháil do na ceanna óga.
Bhí siad ag caint le chéile os íseal, ag comharthú dá chéile agus ag pointeáil méar i mo threo. Nuair a fuair siad amach nach ndearna mé a dhath as cosán do na ceanna óga agus nach raibh mé armtha, is dócha gur bhain sin cuid mhór dá bhfearg liom. Nó sin mar a chonacthas an scéal dom san am. Ní ba deireanaí, áfach, d’fhoghlaim mé gurbh é an taispeántas cliathreathaíochta sin a shábháil mé, thar aon rud eile.
Tá téagar agus toirt i muintir Mharsa, agus cnámha troma acu. Na matáin atá acu, ní fhreagraíonn siad ach don bheagán imtharraingthe a chaithfidh siad a sheasamh ar an bpláinéad seo. Mar sin, i gcoibhneas a meáchain féin níl siad leath chomh lúfar ná láidir agus an fear ón Domhan, agus ní chreidim go mbeadh ceann d’arrachtaigh uaine Mharsa in ann oiread agus a mheáchan féin a ardú ón talamh, dá bhfaigheadh sé é féin ar dhroim ár bpláinéid fein.
Mar sin, an rud a rinne mé, cuid súl agus díol iontais a bhí ann ar Mhars díreach mar a bheadh ar an Domhan. Ar dtús, bhí siad meáite ar mé a mharú, ach anois, tháinig athrú barúla acu: is é an meas a bhí acu orm anois ná gur fionnachtain neamhghnách a bhí ionam agus gur chóir mé a chuibhriú agus a thaispeáint dá gcuid cairde.
An cairde a bhain an aclaíocht gan choinne sin amach dom, cheadaigh sé dom a bheartú cad é a dhéanfainn feasta, agus staidéar a dhéanamh ar chuma is chúntanós na gcuraí, nó rachadh sé rite liom gan iad a chur i gcomparáid leis na hApaisigh a bhí do mo thóraíocht an lá roimhe sin, sular tháinig mé go Mars.
D’aithin mé go raibh gach neach acu ag iompar roinnt arm eile seachas an tsleá shuaithní ar thug mé cur síos uirthi cheana féin. Nuair a chonaic muid go raibh cineál raidhfilí acu chomh maith, chinn mé ar an éalú a chaitheamh as mo smaointe, nó ar bhealach mhothaigh mé go mbeadh ceann de na raidhfilí sin as pabhar éifeachtach i lámha an aimsitheora a raibh fios a ghnó aige.
Bhí na raidhfilí déanta as miotal geal, agus an t-adhmad a bhí sna stoic, mar a d’fhoghlaim mé ní ba deireanaí, ba adhmad crua éadrom de chineál nár chuala aon duine ar ár bpláinéad féin iomrá air riamh, cé go bhfuil meas mór ag muintir Mharsa air mar amhábhar. Maidir leis an mbairille, is é an saghas miotail a bhí ann ná cóimhiotal a raibh idir chruach agus alúmanam ann, thar aon dúil eile. Tá muintir Mharsa ábalta faghairt chomh crua a chur sa mhiotal seo is go sáraíonn sé saothar na miotalóirí ar ár bpláinéad féin. Níl na raidhfilí seo chomh trom is a shílfeá, agus nuair a choinnímid cuimhne ar an gcalabra cúng, ar na diúracáin phléascacha raidiam a úsáidtear agus ar chomh fada is a shíneann an bairille, is éard atá i gceist le harm tine Mharsa ná gléas thar a bheith marfach, agus é in ann a obair scriosach a dhéanamh ar raon nach samhlófá lena leithéid de bhréagán ar an Domhan ar aon nós. Go teoiriciúil, is féidir le ceann de na raidhfilí seo amas a fháil ar thargaid atá trí chéad míle slí ar shiúl ón lámhachóir, ach go praiticiúil, más féidir gléasra ceart aimsitheoireachta a úsáid, is é an raon is faide ná dhá chéad míle, nó beagáinín sa bhreis air.
Is leor sin lena chur i bhfeidhm orm gur fearr do chách arm tine Mharsa a sheachaint, agus caithfidh sé gur thug fórsa neamhshaolta éigin rabhadh dom gan a bheith ag iarraidh éalú ó scór curadh agus gach duine acu ag iompar gléas báis den chineál seo leis, gan trácht air go bhfágfadh solas an lae amas maith acu.
Chaith na curaidh tamall beag ag caint le chéile, agus ansin, d’iompaigh siad uaim le marcaíocht a dhéanamh ar shiúl uaim, gan ach duine amháin acu a fhágail ag coinneáil súile ar an gclós goradáin. Tar éis dhá chéad slat slí a chur díobh, stad siad, agus d’iompaigh siad ar ais inár dtreo le breathnú go grinn ar an gcuradh a bhí ina sheasamh ag an gclós.
Ba eisean an fear acu ar dhóbair dó a shleá a chur tríom, agus ba léir gurbh eisean a bhí i gceannas ar an bhfeadhain, nó mar a chonaic mé, ba eisean a thug comhartha don chuid eile acu bogadh uainn. Nuair a bhí a dhíorma stoptha arís agus iad ag faire orainn, thuirling an ceann urra den bheithíoch marcaíochta, chaith sé uaidh an tsleá agus na hairm bheaga, agus tháinig sé ionsorm timpeall an ghoradáin. Ní raibh gléas catha ar bith fágtha aige, le fírinne bhí sé chomh nocht liom féin, amach ó na hornáidí a bhí ceangailte dá cheann, dá ghéaga is dá bhrollach.
Nuair a bhí sé faoi dheich dtroithe is dhá scór díom, bhain sé bráisléad mór millteanach de agus shín sé i mo threo é ar a bhos leathan. Chaintigh sé liom i nguth glan glórach, ach, ar ndóigh, ní raibh mé in ann bun ná barr a dhéanamh den teanga a bhí á labhairt aige. D’éist sé ansin, mar a bheadh sé ag fanacht le freagra. Bhioraigh sé a chluasa, an dá aeróg bheaga sin, agus sháigh sé radharc a dhá shúl aisteach ionam.
Nuair a chuaigh an tost an iomarca i bhfad, chinn mé ar chomhrá beag a sheansáil, mé féin, nó ba léir dom go raibh sé ar lorg síochána uaim. Bhí sé tar éis a chuid arm a chaitheamh uaidh, agus d’ordaigh sé dá dhíorma cúlú uainn, sular tháinig sé anall chugam. I ngach ball de dhroim an Domhain, ba é an chéad tátal a bhainfí as gur ar son na síochána a bhí sé, agus ba doiligh a chreidiúint nárbh é an rud céanna a bheadh i gceist ar Mhars.
Chuir mé lámh le mo chroí agus d’umhlaigh mé don Mharsach. Mhínigh mé dó nár thuig mé a theanga, ach san am sin, gur aithin mé ar a iompraíocht go raibh sé ag tairiscint síochána agus cairdis dom, an dá rud ab ansa le mo chroí san am agus san áit seo. Ar ndóigh, bheadh sé chomh maith agam a bheith ag labhairt siollaí folmha gan chiall, ach thuig sé na comharthaí a rinne mé a thúisce is a bhí an focal deireanach ráite.
Shín mé mo lámh ionsair, thug mé coiscéim ina threo agus ghlac mé an bráisléad dá bhos oscailte. Dhún mé timpeall mo láimhe os cionn na huillinne é, chuir mé meangadh gáire orm agus d’fhan mé leis i mo sheasamh. Tháinig aoibh gháire ar a bhéal féin mar fhreagra, agus shnaidhm sé ceann den dá ghéag idir eatarthu a bhí aige i leathlámh liom féin. Ansin, d’iompaigh muid ar ais agus sinn ag siúl go malltriallach chuig a bheithíoch marcaíochta. Chomharthaigh sé do lucht a leanúna teacht ar aghaidh. Ar dtús, thug siad ruathar millteanach chugainn, ach ansin, bhagair sé orthu a siúl a mhoilliú. Is dócha go raibh eagla air go léimfinn as radharc a shúl ar fad dá scanródh a chuid fear mé.
Bhí cúpla focal aige lena chuid curadh, agus thaispeáin sé dom go mbeinn ag marcaíocht ar cúlóg in éineacht le fear acu. Chuaigh an ceann feadhna in airde ar a bheithíoch féin ansin, agus an fear ar ordaigh sé dó mé a thabhairt leis shín sé anuas chugam dhá nó trí lámh agus d’ardaigh sé mé ar muin mé. Ansin, fuair mé greim ar na criosanna agus na stropaí a bhí ag iompar a chuid arm agus ornáidí agus rinne mé mo dhícheall gan titim de dhroim sleamhain an bheithígh.
D’iompaigh an marcra go léir ansin lena mbealach a dhéanamh i dtreo na sléibhte i gcéin, cos in airde.

CAIBIDIL A CEATHAIR
I MO PHRÍOSÚNACH DOM
Bhí deich míle slí curtha isteach againn, a bheag nó a mhór, nuair a thosaigh an talamh ag ardú go géar romhainn. Mar a d’fhoghlaim mé ní ba deireanaí, bhí muid ag teacht ar imeall na farraige triomaithe, ceann de na haigéin mharbha ar Mhars, agus an áit ar casadh na Marsaigh uaine orainn, is éard a bhí ann fadó ná grinneall na farraige sin.
Bhain muid amach bun na sléibhte go sciobtha, agus i ndiaidh dúinn tamall slí a dhéanamh trí mhám cúng d’oscail gleann fairsing os ár gcomhair. Bhí ardchlár íseal ag ceann eile an ghleanna, agus cathair mhór mhaorga ina seasamh ar an ardchlár. Ba í an chathair ba cheann scríbe dúinn, agus chuaigh muid ansin ag baint úsáide as seanbhóthar a bhí imithe chun donais le fada. Tháinig deireadh leis an mbóthar seo go tobann ag imeall an ardchláir, áit nach raibh ach rith staighrí leathana.
Sa chathair dúinn chonaic mé go raibh foirgnimh na cathrach tréigthe ar fad, agus cé nach raibh siad go ródhona, ba léir nach raibh aon duine ina chónaí i gceart iontu leis na blianta, nó leis na céadta bliain, fiú. Ag dul i dtreo chroílár na cathrach dúinn bhain muid amach cearnóg mhór, agus naoi nó deich míle Marsach tar éis a neadú a dhéanamh sa chearnóg féin agus sna tithe ina timpeall. Neacha den chineál chéanna ab ea iad agus an díorma a chimigh mé - nó tuigeadh dom gur príosúnach a bhí ionam, séimh cineálta is uile mar a caitheadh liom nuair a mealladh isteach sa ghaiste mé.
Bhí na Marsaigh go léir beagnach lomnocht, amach ó na hornáidí a bhí orthu. Ba bheag idir na fir agus na mná ar a gcosúlacht, ach amháil go raibh starrfhiacla na mban i bhfad ní b’fhada i gcoibhneas a n-airde féin, agus iad beagnach ag sroicheadh na gcluas, ag cuid acu. Bhí na mná ní ba lú, agus a lí ní ba ghile ar a dath, agus d’aithneofá iarsmaí na n-ingne ar mhéara a lámh is a gcos, rud nach bhféadfá a rá i dtaobh na bhfear. Bhí na mná fásta ó dheich dtroithe go dhá throigh déag ar airde.
Bhí na páistí ní ba ghile fós ná na mná, agus ní raibh mé in ann difríocht a aithint eatarthu ach amháin go raibh cuid acu ní b’airde ná an chuid eile - is dócha go raibh siad ní ba sine.
Ní fhaca mé seanóirí i measc na Marsach dearg, nó is doiligh comharthaí na haoise móire a fheiceáil orthu i ndiaidh dóibh teacht i mbun a mhéide in aois an dá scór bliain. Nuair a bhainfidh siad amach aois míle bliain, a bheag nó a mhór, rachaidh siad ar a n-oilithreacht aisteach síos Abhainn Iss. Níl a fhios ag aon Mharsach i gceart cá bhfuil ceann scríbe na n-oilithreach seo. Aon duine acu siúd a thosaigh ar a thuras deireanach ar uiscí fuara dorcha Iss, níor tháinig sé ar ais lena scéal a insint, nó má tháinig, cuireadh chun báis é sula raibh de sheal aige a dhath a rá i dtaobh a bhfaca sé.
Ní fhaigheann ach Marsach as gach míle bás le galar nó le haicíd, agus níl sé i ndán ach do scór acu an oilithreacht a dhéanamh. An chuid eile acu, naoi gcéad naonúr déag is trí scór, is é an t-anbhás atá daite dóibh: maraítear i gcomhrac aonair iad, nó scaoiltear urchar an daill faoin abhaill leo le linn na sealgaireachta, nó teipeann an t-eitleán orthu, nó téann siad ar mhachaire an áir ar lorg bhás an churaidh chogúil, ach is ar na páistí is mó a shiúlann an t-éag, nó is gnách d’ápaí móra bána Mharsa a ndeachú féin a ghearradh de chlann na Marsach uaine.
I ndiaidh dó aois a aibíochta a shroicheadh, is féidir leis an Marsach glacadh leis go mairfidh sé trí chéad bliain ar meán, ach bheadh an t-ionchas saoil ní ba chóngaraí don mhíle bliain, murach na cineálacha éagsúla anbháis a bhagraíonn air. Tá an-scileanna ag na Marsaigh i gcúrsaí leighis, ach ó tá acmhainní an phláinéid ag dul i laghad, fuarthas riachtanach bacainn éigin a chur ar an bhfadsaolaí is toradh d’fhorbairt na dochtúireachta. Mar sin, is beag meas a bhíonn ag muintir Mharsa ar bheatha an duine aonair, rud is léir ó na cluichí dainséaracha lúthchleasaíochta agus ón tsíorchogaíocht idir na pobail éagsúla.
Tá cúiseanna nádúrtha ann a bhíonn ag fabhrú do laghdú an daonra, ach is é an chúis is mó atá ann ná na hairm mharfacha is cuid do ghnáth-threalamh an Mharsaigh, cibé cé acu fear nó bean é, nó is beag Marsach a bheadh sásta a chuid arm a chur uaidh faoi chroí mhór mhaith.
Agus sinn ag teacht i gcóngar na cearnóige, cuireadh sonrú ionam. Ar an toirt, fuair muid sinn féin timpeallaithe ag na céadta neacha uaine, agus iad i bpianpháis mé a phiocadh aníos de dhroim an bheithígh. Chuir an ceann feadhna spraic orthu go giorraisc, agus ansin, rinne muid ár sodar trasna na cearnóige go dtí an foirgneamh ab ollásaí dá bhfaca súil an duine riamh.
Ní raibh an foirgneamh ró-ard, ach bhí achar mór talún faoi, chomh fairsing is a bhí sé. Bhí sé déanta as marmar geal gléigeal a bhí maisithe le hór is le seoda daora a bhí ag splancarnaigh agus ag glioscarnaigh faoi sholas na gréine. Bhí an príomhbhealach isteach céad troigh, a bheag nó a mhór, ar leithead, agus é ag gobadh amach ón bhfoirgneamh ina fhorscáth abhalmhór os cionn an fhorhalla. Ní raibh staighre ar bith ann ach fánán séimh suas go dtí an chéad urlár, áit a bhfaighfeá thú féin i mórsheomra agus é timpeallaithe ag áiléir.
Bhí urlár an tseomra seo lán deasca agus cathaoireacha as adhmad snoite, agus dhá scór nó caoga Marsach, fir ar fad, cruinnithe timpeall ar na céimeanna staighre os comhair sórt leibhinn nó rostraim. Bhí an curadh ba mhó, ba téagartha acu tar éis a neadú a dhéanamh ar an rostram féin. Bhí an fear seo trom torrach le hornáidí miotail, cleití ildaite gáifeacha, agus stríopaí dea-oibrithe dea-sheodaithe leathair. Thairis sin, bhí cába bán giortach fionnaidh ag crochadh dá ghuaille, agus é líneáilte le síoda lonrach scarlóide.
Ba é an rud ba mhó a bhain stangadh asam nuair a chonaic mé an comhthionól seo ná nach raibh na Marsaigh uaine i gcoibhneas ceart na ndeasc, na mbord ná na dtroscán eile, nó bhí an trioc i bhfad ní b’fhóirsteanaí do mo leithéid. Ní bheadh na Marsaigh iad féin a fháscadh isteach sna cathaoireacha seo, agus dá bhfáiscfidís féin, ní bheidís in ann a gcosa fada a chur faoi aon cheann de na táblaí. Mar sin, bhí cónaí ar mhuintir éigin eile seachas na neacha allta anchúinseacha a bhfuair mé mé féin ina measc. Ón taobh eile de, áfach, bhí cuma na seanársaíochta ar gach uile shórt i mo thimpeall. Iad siúd a thóg na foirgnimh seo, ba dóchúla ná a mhalairt go ndeachaigh a gcine féin in éag is i ndearmad anallód.
D’fhan an dream s’againn os comhair na slí isteach, agus nuair a thug ceann ár bhfeadhna comhartha, ligeadh anuas ar an talamh mé. Bhí greim láimhe ag fear mo cheaptha orm arís, nuair a rinne muid ár mbealach isteach sa seomra mór. Ní raibh mórán nós imeachta le cur de ag an té ar theastaigh uaidh éisteacht an taoisigh mhóir a fháil. Ní dhearna fear mo cheaptha ach an rostram a bhaint amach, agus na fir eile ag fágáil an bhealaigh aige de réir mar a bhí sé ag teacht. Sheas an taoiseach mór suas agus ghlaoigh sé ar fhear mo cheaptha ina ainm, agus ansin, stad an fear eile seo agus d’aithris sé ainm agus céim an taoisigh.
San am sin, ní raibh mé in ann bun ná barr a dhéanamh den tsearmanas seo, ach ní ba deireanaí, fuair mé amach gurbh é seo an dóigh a mbeannódh beirt Mharsach uaine dá chéile ar an bpláinéad seo. Más strainséirí a bheadh iontu, ionas nach mbeadh a fhios acu ainmneacha a chéile, dhéanfaidís iomlaoid ornáide le síocháin a shocrú, agus dá mbeadh cogadh i gceist acu, rachaidís i dtuilleamaí an chlaímh nó ceann eile dá gcuid arm éagsúil le hiad féin a chur in aithne dá chéile.
Tars Tarkas ab ainm don fhear a rug orm. Bhí sé ar an dara taoiseach ab airde céim sa phobal, agus é chomh sciliúil mar státaire is a bhí sé cróga i machaire an chatha. Ba léir gur mhínigh sé don fhear eile cad é a d’éirigh dó le linn a shluaíochta, agus é ag trácht ar an dóigh ar casadh mise air. Nuair a bhí sé críochnaithe ag caint, labhair an taoiseach mór liomsa, agus é ag baint faid mheasartha as.
D’fhreagair mé inár dteanga féin lena chur in iúl dó go raibh mé chomh dall ar a chuid focal agus eisean ar a raibh á rá agam féin. Nuair a chuir mé meangadh gáire orm ar feadh tamaillín i ndeireadh mo chainte, thug mé faoi deara gur tháinig an ghnúis chéanna airsean. Roimhe seo, agus mé ag taisteal i gcuideachta Tars Tarkas, chuir mé sonrú ann go raibh seisean ábalta meangadh gáire a chur ar a bhéal freisin, agus is é an tátal a bhain mé as an mbeirt fhear go raibh gáire agus greann ag na Marsaigh chomh maith. In imeacht ama, áfach, d’fhoghlaim mé gur rud sleamchúiseach é an meangadh gáire acu, agus maidir leis an ngreann, chuirfeadh gáire an Mharsaigh uaine an lí ag iompú san fhear is cróga amuigh.
An dóigh a dtuigeann fir uaine an phláinéid dheirg coincheap an ghrinn, rachadh sé rite le duine againn féin mórán suilt a bhaint as a gcuid magaidh. Má fheiceann fear acu neach beo ag foghlaim an bháis go pianmhar, fágfaidh an radharc seo sna trithí gáire é, agus is é an caitheamh aimsire is ansa lena gcroíthe ná a gcuid príosúnach a chéasadh chun báis ar dhóigheanna éagsúla, chomh huafásach agus is féidir.
Na farairí agus na taoisigh a bhí cruinnithe san áit, tháinig siad do mo ghrinnscrúdú, agus iad ag baint do mo chuid matán is ag méaradradh mo chraicinn. Ansin, de réir chosúlachta, tháinig fonn ar an taoiseach mór mé a fheiceáil ag déanamh mo chuid cleasaíochta, nó thug sé aghaidh ar an bplás oscailte in éineacht le Tars Tarkas, agus é ag comharthú dom leanúint.
An chéad iarracht coisíochta a rinne mé, theip sí orm go hiomlán, agus ina dhiaidh sin, níor bhain mé an dara triail as, ach amháin nuair a bhí mé ag baint taca as lámh Tars Tarkas. Anois, bhí mé ag preabarnaigh is ag léimnigh timpeall idir na deasca is na cathaoireacha díreach mar a bheadh dreoilín teaspaigh ionam. I ndiaidh dom mé a ghortú ag bualadh faoin troscán - rud a bhain an-gháire as na fir uaine - b’éigean dom dul ar na ceithre bonnacha in athuair, ach ní cheadóidís dom snámh ar an talamh. Tháinig duine de na Marsaigh ba mhó a rinne gáire fúm, tháinig an díolúnach suaithní seo a fhad liom le mé a ardú ón talamh le lámh láidir agus a chur i mo sheasamh arís.
Nuair a bhí sé ag bualadh mo chos ar an talamh, chuir sé a aghaidh in aice láimhe dom, agus ansin, rinne mé an rud is dual d’fhear uasal a dhéanamh i bhfianaise an chineál sin madrúlachta, brúidiúlachta, agus easpa tuisceana do chearta an duine eile: thug mé dorn sa drandal dó agus thit sé as a sheasamh mar a raibh sé. Nuair a bhuail sé an t-urlár, chuaigh mé ar foscadh na deisce in aice liom, nó bhí mé suite siúráilte go mbainfeadh a chuid cairde sásamh a bháis asam. Ní bheadh agam ach caolseans in aghaidh na breise sin, ach mar sin féin bhí mé meáite ar chath maith a chur ar mo shon fad is a mhairfeadh an dé ionam.
Ní raibh cúis eagla agam, áfach. Ar dtús, d’fhág mé na Marsaigh eile balbh ar fad le teann iontais, ach sa deireadh phléasc a ngáire orthu, agus iad ag bualadh bos. Is é sin, bhí siad ag déanamh comharthaí arb ionann iad agus an bualadh bos ar Mhars ó thaobh na céille de. Nuair a chuir mé eolas ceart ar a gcuid nósanna, tuigeadh dom gurbh é a meas agus a ndea-bharúil a bhí siad a thabhairt le fios dom, rud nach raibh siad fial ná flaithiúil á thál ar aon duine coimhthíoch.
An díolúnach a d’fhág mé ina ghillire, d’fhan sé mar ar thit sé, agus ní dheachaigh aon duine dá chuid cairde ag fiafraí conas a bhí sé. Tháinig Tars Tarkas ionsorm agus é ag síneadh láimhe chugam, agus ansin, rinne muid ár mbealach go dtí an plás gan aon mhíthapa eile. Ní raibh a fhios agam, ar ndóigh, céard a bhí le déanamh agam ansin os comhair an tsaoil mhóir, ach ní raibh mé i bhfad á fhoghlaim. I dtús báire dúirt siad an focal úd ”sak” ina dteanga féin cúpla uair. Ansin, thosaigh Tars Tarkas ag preabadh leis, agus é ag rá an fhocail chéanna roimh gach léim. Sa deireadh, thiontaigh sé chugam agus dúirt sé: ”Sak!” Tuigeadh dom cad é a bhí ag teastáil, agus ansin thiomsaigh mé iomlán mo nirt le ”sak” a ghearradh, agus d’éirigh liom chomh gleoite agus céad go leith troigh a chur díom tríd an aer. An iarracht seo choinnigh mé an chothromaíocht, ionas gur bhuail mé an talamh go séimh gan titim as mo sheasamh. Ansin, d’fhill mé ar na preabanna furasta nach raibh ach cúig troithe fichead nó tríocha troigh i gceann acu, agus ar an dóigh seo a tháinig mé ar ais a fhad leis an dornán gaiscíoch a bhí ag breathnú orm.
Chonaic na céadta Marsach an taispeántas seo, lucht na hísealchéime san áireamh, agus thosaigh siad ag éileamh tuilleadh. Chomharthaigh an taoiseach mór dom mian an daoscarshlua a shásamh, ach faoin am seo bhí an fear gortach ag teacht orm, agus thuig mé go stiúgfainn le hocras is le tart mura lorgfainn ó na neacha seo an rud nach raibh siad sásta a thabhairt as a stuaim féin. Mar sin, rinne mé neamhshuim den ”sak” feasta, agus mé ag cuimilt mo bhoilg agus ag pointeáil ar mo bhéal mar fhreagra ar an bhfocal sin.
Bhí cúpla focal ag Tars Tarkas leis an taoiseach mór, agus ansin, ghlaoigh an chéad fhear acu ar Mharsach óg mná a bhí ina seasamh i measc an tslua. Thug sé orduithe di agus chomharthaigh sé dom an cailín a leanúint. Rug mé greim ar lámh Tars Tarkas arís agus ansin thrasnaigh muid an plás ag dul i dtreo an fhoirgnimh mhóir ar an taobh ab fhaide uainn.
Bhí an cailín timpeall ar ocht dtroithe ar airde, agus cé go raibh sí ina bean fhásta ó thaobh na haoise de, níor tháinig sí i mbun a méide i gceart go fóill. Bhí sí ar dath na holóige, agus loinnir ina craiceann. Mar a d’fhoghlaim mé ina dhiaidh sin, is é an t-ainm a bhí uirthi ná Sola, agus í ar na mná a bhí ag tionlacan Tars Tarkas. Thug sí go seomra spásúil mé i gceann de na foirgnimh timpeall an phláis. Bhí a lán éadaí síoda agus fionnaidh leata ar an urlár. Bhíodh roinnt Mharsach ina gcodladh ann, mar a tuigeadh dom.
Bhí an seomra soilsithe go maith, ó bhí fuinneoga móra ann, agus na ballaí maisithe go hálainn le múrphictiúir agus le mósáic. Bhí blas na seanársaíochta ar an iomlán, agus ní fhéadfá aon tátal eile a bhaint as an áit ná nach raibh baint dá laghad ag ailtirí na cathrach ná ag lucht a tógála leis na leatharrachtaigh bhrúidiúla a raibh na foirgnimh sealbhaithe acu inniu.
Sméid Sola orm suí síos ar mholl mór éadaí síoda faoi lár an tseomra. Thiontaigh sí ina sálaí ansin agus í ag siosarnaigh go haisteach mar a bheadh sí ag tabhairt comhartha do neach éigin sa chéad seomra eile. Fuair sí freagra, nó ansin chonaic mé iontas nua de chuid Mharsa ag teacht isteach. Sórt ainmhí a bhí ann agus deich gcos bheaga faoi, agus mar a bheadh coileán dílis madra ann shoiprigh sé é féin os comhair an chailín. Bhí an t-arrachtach ar aon mhéid le gearrchapall nó sealtaí, ach ní raibh d’oidhre ar cheann an neacha seo ach ceann an fhroig, ach amháin nach raibh a leithéid de dhrandal ag aon fhrog: trí shraith de starrfhiaclaí móra géara a bhí ann ar fad.

CAIBIDIL A CÚIG
MAR A D’ÉALAIGH MÉ ÓN MADRA FAIRE
Chaith Sola tamall ag starógacht i súile drochmhúinte an neacha, labhair sí focal nó dhó os íseal mar a bheadh sí ag tabhairt orduithe dó, agus dhírigh sí méar orm. Ansin, d’imigh sí léi agus d’fhág sí i gcuideachta an ainmhí mé. Ní raibh a fhios agam céard a rithfeadh leis an torathar mallaithe seo a dhéanamh liom agus mise fágtha faoina chúram, nó ba dóigh liom nach mbeadh ionam, dar leis, ach greim blasta bia. Ní raibh cúis eagla agam i ndeireadh na dála, áfach, nó ní dhearna an t-ainmhí ach mé a scrúdú go dian ar feadh nóiméidín. Ina dhiaidh sin chuaigh sé trasna an dorais uaim go dtí an t-aon bhealach amach a bhí ann ar thaobh na sráide, agus luigh sé síos an fad a bhí ann ar an tairseach.
Ba é seo an chéad aithne a fuair mé ar an ainmhí a dhéanann gnó an mhadra faire ar Mhars, ach níorbh é deireadh ár n-aitheantais é. A fhad is a mhair mé i measc na Marsach Uaine, choinnigh an cara seo diansúil orm. Faoi dhó, tháinig sé chun tarrthála orm nuair a bhí mé i nguais mo bháis, agus a fhad is a bhí neart aige air, ní thréigfeadh sé mé.
Nuair a bhí Sola ar shiúl, thosaigh mé ag mionscrúdú áit mo phríosúnachta. Bhí na ballaí breac le múrphictiúir, agus ní minic a d’fheicfeá a dhath chomh hálainn sin: sléibhte, aibhneacha, locha, farraigí móra, míodúin mhéithe, crainn agus bláthanna, bóithre ag caismearnaigh, gairdíní a raibh an ghrian ag taitneamh orthu. D’fhéadfá a chreidiúint gur radharcraí ón Domhan a bhí ann, ach amháin go raibh dathanna aisteacha ar na plandaí agus ar an bhfásra. Pé hé féin a tharraing is a phéinteáil na pictiúir seo, ba léir go raibh máistreacht ar a cheird aige, chomh huasal is a bhí atmaisféar na bpictiúr, chomh foirfe is a bhí lorg láimhe an ealaíontóra. Ní raibh duine ná deoraí, ainmhí ná arrachtach ann, áfach, agus mar sin, ní raibh mé in ann tuairim a thabhairt cén chuma nó cén chosúlacht a bhí ar an ealaíontóir féin, nó orthu siúd ar díobh é - an cine uasal seo a chuaigh in éag roimh mo lá féin, mar ab eagal liom.
Bhí mé díreach ag déanamh mo mharana ar conas ab fhéidir na hiontais is na huafáis a mhíniú a bhí feicthe agam ar Mhars, tháinig Sola ar ais, agus í ag iompar bia agus deoch dom. Chuir sí an t-ualach seo ar an urlár i m’aice agus shuigh sí síos faoi chúpla coiscéim díom le lán a súl a bhaint asam. Is é an bia a bhí ann ná timpeall ar phunt meáchain d’ábhar soladach a chuirfeadh cáis i gcuimhne duitm agus is ar éigean a d’aithin mé blas ar bith ann. Maidir leis an deoch, is é an chéad tátal a bhain mé as ná gur bainne ó ainmhí éigin a bhí ann. Bhí sé cineál searbh, ach tríd is tríd ní raibh sé go dona, agus ní raibh mé i bhfad ag fáil dea-bhlais air. Mar a fuair mé amach ina dhiaidh sin, níorbh ó aon ainmhí a tháinig sé. Le fírinne níl ach aon chineál ainmhí amháin fágtha ar dhroim an phláinéid a bhféadfá mamach a thabhairt air, agus é féin an-tearc inniu. Is éard is foinse don bhainne bhlasta sin ná planda mór atá in ann déanamh beagnach in uireasa uisce, agus an chuma ar an scéal nach bhfuil ach an ithir féin, fliuchras an aeir agus solas is teas na gréine de dhíth ar an bplanda leis an deoch seo a dhriogadh. Tugann planda amháin ocht nó deich gcárt bainne in aghaidh an lae.
Bhain an séire seo an t-ocras is an tart díom, ach mar sin féin, bhí tuirse ag teacht orm. Luigh mé síos ar na héadaí síoda, agus thit mo chodladh orm go sciobtha. Is dócha gur chaith mé na huaireanta fada i dtoirchim suain, nó nuair a dhúisigh mé arís, bhí sé dorcha, agus chuaigh an fuacht uafásach go smior ionam. Thug mé faoi deara go raibh éadach fionnaidh caite orm, ach má bhí, bhí sé leath tite díom, agus ní raibh mé ábalta é a shoipriú ar ais orm, ó nach raibh a dhath le feiceáil sa dorchadas sin. Go tobann shín lámh i mo threo leis an bhfionnadh a tharraingt orm arís, agus go gairid ina dhiaidh sin cuireadh fionnadh eile orm le mé a dhíonadh ar an bhfuacht.
Ghlac mé leis gurbh í Sola a bhí ag tabhairt aire chomh maith sin dom, agus bhí an ceart agam. Ba í an cailín seo an t-aon duine de na Marsaigh Uaine dár casadh orm a raibh báúlacht, cineáltas agus dáimhiúlacht inti. Bhí sé ag freastal ar riachtanaisí mo bheatha gan teip, agus is iomaí trioblóid a spáráil sí orm chomh cúramach is a bhí sí.
Rud a d’fhoghlaim mé go gairid ina dhiaidh sin, bíonn oícheanta Mharsa creathnach fuar, agus ó nach bhfuil camhaoir ná clapsholas ann, is dual don teocht titim nó dul i méadaíocht idir thobann agus mhíchompordach, díreach cosúil le chomh sciobtha is a thiocfadh an dorchadas i leaba sholas an lae. Nuair nach mbíonn oíche réabghealaí ann bíonn dorchadas dubh duairc ann. Is é sin, nuair nach bhfuil aon cheann de dhá ghealach Mharsa ar an spéir, bíonn sé chomh dubh le pic, ó tá atmaisféar Mharsa chomh tanaí is nach scaipeann sé solas na réaltaí ach ar éigean. Ón taobh eile de, caitheann an dá ghealach in éineacht an-solas ar dhromchla an phláinéid nuair a bhíonn siad ann.
Tá an dá ghealach sin i bhfad níos cóngaraí do Mhars ná mar atá ár nGealach féin don Domhan. Níl an ceann is cóngaraí ach cúig míle de mhílte slí ar shiúl, agus an ceann is cianmhaire féin níl sé ach ceithre mhíle déag de mhílte slí uainn. Cuir an méid sin i gcomparáid leis an gceathrú cuid den mhilliún míle, beagnach, atá idir an Domhan agus a ghealach féin! Cuireann an ghealach is cóngaraí imrothlú amháin de i rith seacht go leith d’uaireanta an chloig, nó beagáinín sa bhreis air sin, ionas gur féidir leat í a fheiceáil ag réabadh leis trasna na spéire mar a bheadh dreige ann faoi dhó nó trí in aghaidh na hoíche. Thairis sin, thig leat gach céim, idir lánré, nuaré agus bhéal ceathrún, a aithint uirthi le linn gach trasdul spéire.
An ghealach eile, téann sí timpeall ar Mhars turas amháin in aghaidh ceathrú agus tríocha uair an chloig, agus fágann an dá shatailít seo radharcra oíche Mharsa chomh hálainn agus atá sé aisteach. Agus is maith an rud go bhfuil na gealacha ag tál a solais chomh flúirseach sin ar an bpláinéad, nó ní raibh mórán céille do na lampaí ag na Marsaigh Uaine riamh. Cine fáin iad nárbh í a n-aireag a thuill a gclú dóibh. Le haghaidh solas oíche, bíonn siad i dtuilleamaí tóirsí agus coinnle, más féidir coinnle a thabhairt orthu. Thairis sin, tá sórt lampa ola acu ina ngintear gás agus é á dhó gan bhuiceas ar bith. Tugann sé solas geal láidir a fheictear i bhfad ón ngléas féin, ach tá sé ag brath ar shaghas ola nádúrtha, agus níl an ola sin le fáil ach trí mhianadóireacht in áiteanna scaipthe iargúlta. Mar sin, is annamh a bhaineann na Marsaigh Uaine úsáid as an lampa. Ní bhuaireann siad a gcloigne leis an todhchaí, agus is í an chogaíocht an t-aon obair nach fuath leo. Sin é an tuige nach bhfuil ach saol leathbharbartha acu leis na cianta cairbreacha anuas.
I ndiaidh do Sola caoi a chur ar mo réleaba thit mo chodladh orm arís, agus níor mhúscail mé roimh sholas an lae. Mná iad na Marsaigh a bhí in aon seomra liom, cúigear acu ar fad, agus iad i dtoirchim suain go fóill i dtranglam na n-éadaí síoda agus fionnaidh. Bhí an madra faire ina luí trasna na tairsí i gcónaí, áit a bhfaca mé é an lá roimhe, agus de réir dealraimh níor dhún sé súil ná níor bhog sé matán idir an dá linn. Bhí sé ag starógacht orm gan stad, agus ní raibh mé cinnte céard a d’éireodh dom dá dtabharfainn iarracht ar éalú as an áit.
Ós fear mór eachtraí mé, ba dual dom riamh dul sa seans nuair ab fhearr le fir níos críonna ná mise gan bacadh leis. Mar sin, rith liom, dá mba mhian liom a fháil amach cad é mar a thaitin mé leis an ainmhí sin i ndáiríre, gur chóir dom féachaint leis an seomra a fhágáil. Bhí mé sách cinnte, dá rachadh sé sa tóir orm, go dtiocfainn glan uaidh chomh túisce is a bheinn taobh amuigh den fhoirgneamh, nó bhí mé ag éirí bródúil as chomh dochloíte is a bhí mé ag gearradh léimeanna ó tháinig mé go Mars. Thairis sin, is é an tátal a bhain mé as chomh híseal is a bhí cosa an ainmhí ná nach raibh maith ar bith ann ag léimnigh ná, b’fhéidir, ag rith.
Mar sin, sheas mé suas go mall cúramach, agus an madra faire ag leanúint mo shampla. Chuaigh mé ina threo go cúramach, agus fuair mé amach go raibh mé ábalta mo chothromaíocht a choinneáil agus ascnamh réasúnta luath a dhéanamh má bhí mé ag tarraingt na gcos i mo dhiaidh. Chúlaigh an beithíoch go faicheallach romham agus mé ag teacht ina ghaire, agus ansin bhog sé ar leataobh uaim le go bhféadfainn dul thart leis. Ansin, luigh sé isteach liom agus lean sé ón gcúl mé timpeall is deich gcoiscéim uaim, agus mise ag déanamh mo bhealaigh ar an tsráid fholamh.
Is é an tátal a bhain mé as seo ná nach raibh de thasc aige ach mé a chosaint ar naimhde. D’athraigh an scéal, áfach, nuair a tháinig muid go himeall na cathrach. Ansin dúinn léim sé de ruathar romham agus é ag ligean fuaimeanna aisteacha as is ag drannadh a chuid starrfhiacla gránna fíochmhara liom. Rith liom spochadh faoi agus thug mé féin rúchladh reatha faoi. Nuair a bhí mé beagnach anuas air, ghearr mé léim agus thuirling mé i bhfad ar shiúl uaidh, glan taobh amuigh den chathair. Chas an t-ainmhí i mo threo ar an toirt agus é ag tabhairt ruathair i mo dhiaidh chomh géar gasta is a chonaic mé aon neach beo ag gluaiseacht riamh. Shíl mé nach mbeadh sé in ann mórán luais a dhéanamh ar na stumpaí cos sin, ach bhí mé sa mhícheart, nó dá mbeadh mo mhadra faire ag dul i gcomórtas le cú rásaíochta an Domhain, d’fhágfadh sé an cú ina dhiaidh chomh glan oscartha is go gceapfá nach cú a bhí ann ach mata tairsí. Mar a chuala mé ní ba deireanaí, is é an madra faire seo an t-ainmhí is luaithe rith ar Mhars, agus chomh dílis, chomh cliste, chomh fiain is atá sé, tagann sé isteach úsáideach ag an Marsach i bpáirc an áir, sa tsealgaireacht agus mar chosantóir.

November 28, 2010

Good translations for public notices

Aicmithe sna catagóirí: Learning and Teaching Irish, Gaeilge

(This entry will be expanded)

“New junction layout ahead” = ACOMHAL ATHRAITHE ROMHAT

“Watch your step” = TOGH DO CHOISCÉIM






















Get free blog up and running in minutes with Blogs.ie
Theme designed by Minz Meyer